Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta9 Feabhra 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 1 nóiméad

27 mbuaiteoir na bliana seo fógartha ag Comórtas Aistritheoirí Óga an Aontais - Is í Maitilde Warsop ó Choláiste Chroí Mhuire gan Smál buaiteoir na hÉireann

Déanann an Coimisiún Eorpach comhghairdeas leis na 27 mbuaiteoir sa 16ú eagrán den chomórtas aistriúcháin Juvenes Translatores do lucht meánscoile.

Image with background of young people and text: Juvenes translatores, Congratulations winners!"

Thriail 2,883 rannpháirtí a gcuid scileanna teanga i mbliana nuair a bheartaigh siad téacs a aistriú idir aon dá theanga de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Ar na 552 theaglaim teangacha atá ar fáil, bhain daltaí ó 681 scoil úsáid as 141 theaglaim, lena n-áirítear Spáinnis go Slóivéinis agus Polainnis go Danmhairgis. Tá na torthaí ar fáil inniu!

Bhain na daltaí a ghlac páirt sa chomórtas taitneamh as an deis blaiseadh a fháil den aistriúchán. Mar a dúirt daltaí i scoil sa Spáinn: ‘Iaraistritheoir atá inár múinteoir Béarla agus thaitin gach céim den phróiseas ullmhúcháin go mór linn – cleachtadh le téacsanna ó bhlianta roimhe seo agus foghlaim faoi na dúshláin a bhaineann le cúrsaí aistriúcháin in institiúidí an Aontais. Tá sé beartaithe againn cuairt a thabhairt ar ollscoil, fiú amháin, ina reáchtáiltear céim san aistriúchán chun tuilleadh a fháil amach faoin réimse sin.'

Roghnaigh aistritheoirí an Choimisiúin Eorpaigh na 27 mbuaiteoir, duine amháin ó gach tír san Aontas, chomh maith leis na 287 ndalta a bhfuil moladh ar leith ag dul dóibh as an aistriúchán sármhaith a rinne siad.

An 31 Márta 2023 sa Bhruiséil a reáchtálfar an searmanas bronnta le haghaidh na 27 mbuaiteoir.

Tá an comórtas Juvenes Translatores (‘aistritheoirí óga' sa Laidin) á eagrú ag Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh gach aon bhliain ó 2007 i leith. I rith an ama sin, is comórtas é a chuir cor sa chinniúint i gcás go leor iarrthóirí agus buaiteoirí a ghlac páirt ann. Shocraigh cuid acu dul le léann an aistriúcháin san ollscoil, agus tá tuilleadh acu ag obair ina n-aistritheoirí lánaimseartha nó ina n-aistritheoirí faoi oiliúint sa Choimisiún Eorpach.

Tuilleadh eolais

Preasráiteas

Juvenes Translatores: suíomh gréasáin

Sonraí

Dáta foilsithe
9 Feabhra 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn