Aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a rinne Fionnán. Is í seo an dara bliain as a chéile a ghnóthaigh dalta ó Choláiste Chroí Mhuire duais na hÉireann - ba í Maitilde Warsop ón scoil chéanna buaiteoir na hÉireann in 2022.
Agus ba iad daltaí na Gaillimhe a bhuaigh 6 cinn de na 7 ‘moladh speisialta’ a bhronn na moltóirí ar rannpháirtithe ó Éirinn i mbliana freisin.
Tugadh moladh speisialta do na haistriúcháin idir Béarla agus Gaeilge a rinne Róisín Ní Churraoin ó Choláiste Chroí Mhuire agus Rebecca Breathnach, Róisín Ní Lionaird, Katie Ní Lochlainn agus Seán Ó Laoghaire ó Choláiste na Coiribe i gCnoc na Cathrach, Cathair na Gaillimhe.
Fuair Renato Brule, ó Choláiste Éinde i mBóthar an Trá i nGaillimh moladh speisialta as an aistriúchán a rinne sé ó Spáinnis go Béarla.
Bronnadh moladh speisialta eile ar Zuzanna Lacka, ó Choláiste Fhlannáin Naofa in Inis, Co. an Chláir, as aistriúchán ó Pholainnis go Béarla.
Ghlac 58 ndalta ó 13 mheánscoil Éireannacha páirt sa chomórtas tras-Eorpach seo i mbliana. Ba é ‘misneach a bheith agat difríocht a dhéanamh’ ábhar na bliana seo.
Ar fud na hEorpa, thriail 3,056 rannpháirtí díograiseacha a gcuid scileanna teanga nuair a bheartaigh siad téacs a aistriú idir aon dá theanga de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Cé go bhfuil ról suntasach ag an mBéarla, ar na 552 theaglaim teangacha atá ar fáil, bhain daltaí ó 701 scoil úsáid as 155 theaglaim, mar shampla Rómáinis go Sualainnis agus Seicis go Danmhairgis.
Roghnaigh aistritheoirí an Choimisiúin Eorpaigh buaiteoir amháin ó gach tír san Aontas, chomh maith leis na 247 ndalta a bhfuil moladh speisialta ag dul dóibh as an aistriúchán sármhaith a rinne siad.
An 21 Márta 2024 sa Bhruiséil a reáchtálfar an searmanas bronnta.
Thréaslaigh Johannes Hahn, an Coimisinéir um Buiséad agus um Riarachán, leis na daltaí:
Comhghairdeas leis na buaiteoirí i gcomórtas Juvenes Translatores an Aontais Eorpaigh 2023! Agus comhghairdeas leis na 3,056 aistritheoir óg a ghlac páirt ann – is buaiteoirí sibh uile! Sa lá atá inniu ann, tá sé níos tábhachtaí ná riamh tuiscint níos fearr a fháil ar chultúir agus ar dhearcthaí a chéile. Le scileanna teanga, is féidir ciall agus brí a bhaint as an saol agus cabhrú le daoine an bhearna eatarthu a líonadh. Go háirithe i bhfianaise na dtoghchán Eorpach atá ar na bacáin, is mian leis an Aontas go mbeidh guth láidir ag daoine óga agus go dtabharfar éisteacht dóibh.
Cúlra:
Tá an comórtas Juvenes Translatores á eagrú ag Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh gach aon bhliain ó 2007 i leith, agus é á mhaoiniú ag an gclár Erasmus+ chun an t-aistriúchán agus an t-ilteangachas a chur chun cinn. I rith an ama sin, is comórtas é a chuir cor sa chinniúint i gcás go leor iarrthóirí agus buaiteoirí a ghlac páirt ann. Shocraigh cuid acu dul le léann an aistriúcháin san ollscoil, agus tá tuilleadh acu ag obair ina n-aistritheoirí lánaimseartha nó ina n-aistritheoirí faoi oiliúint sa Choimisiún Eorpach.
Is é is aidhm don chomórtas Juvenes Translatores foghlaim na dteangacha a chur chun cinn sna scoileanna, agus blaiseadh de ghairm an aistritheora a thabhairt do dhaoine óga. Tá an comórtas oscailte do dhaltaí meánscoile atá 17 mbliana d’aois, agus is in aon am amháin a bhíonn sé ar siúl ar fud an Aontais Eorpaigh i ngach scoil dá roghnaítear.
Ó cruthaíodh na Comhphobail Eorpacha an chéad lá, is gné lárnach den Aontas Eorpach atá san ilteangachas agus i gcúrsaí aistriúcháin dá réir. Is rud é a cumhdaíodh sa chéad Rialachán a glacadh in 1958. Ó shin i leith, de réir mar a glacadh le tíortha eile san Aontas, tá an líon teangacha oifigiúla san Aontas méadaithe ó 4 go 24.
Tuilleadh eolais:
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 8 Feabhra 2024
- Údar
- An Ionadaíocht in Éirinn