Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta4 Iúil 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 10 nóiméad

Comóradh Ráiteas na Gaillimhe: 10 mbliana de chomhar taighde mhuirí ó cheann ceann an Aigéin Atlantaigh

Inniu, tá an Aontas Eorpach, Ceanada agus na Stáit Aontaithe ag ceiliúradh go bhfuil Ráiteas na Gaillimhe 10 mbliana ar an bhfód.

Marine image with text: Celebrating 10 year anniversary of the Galway Statement: A decade of marine cooperation along and across the Atlantic Ocean. 2013-2023/ 10 years of the Galway Statement.

Is comhaontú comhair é Ráiteas na Gaillimhe chun dul i gcomhar le chéile i réimse an taighde ar an Aigéan Atlantach, cur leis an eolas ar an Aigéan Atlantach agus conair choiteann a réiteach chun an acmhainn chomhroinnte seo a bhainistiú go hinbhuanaithe. Bhí ról lárnach ag an méid sin maidir le taighde comhoibríoch agus iarrachtaí trasdisciplíneacha a chothú, rud a d'athraigh ó bhonn an bealach a ndéanaimid staidéar ar éiceachórais aigéin, domhain na farraige san áireamh, agus an bealach a dtéimid i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta.

Le 10 mbliana anuas, tá aitheantas domhanda faighte ag Ráiteas na Gaillimhe agus bhí sé ina spreagadh le sruth tionscnamh, tionscadal agus forbairtí beartais arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna is práinní i réimse eolaíocht na n-aigéan. Ina measc tá:

  • Borradh a chur faoi athbhunú na n-éiceachóras muirí, rud a thugann cosaint do phobail chósta atá i mbaol an ardaithe ar leibhéal na mara;
  • Eolaíocht, taighde agus córais breathnóireachta a chur chun cinn i réimse na n-aigéan chun cuidiú le speicis agus gnáthóga leochaileacha;
  • Cláir agus ionstraimí a ailíniú chun gníomhaíochtaí comhpháirteacha straitéiseacha a shaothrú agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin choiteanna a bhaineann le hacmhainní muirí a úsáid ar bhealach níos inbhuanaithe.    

Anuas ar na táirgí insoláthartha taighde praiticiúla, spreag Ráiteas na Gaillimhe Ráitis agus comhaontuithe breise ar ábhar an Atlantaigh, ina measc Ráiteas Belem maidir le Comhar Taighde agus Nuálaíochta san Aigéan Atlantach, agus Comhghuaillíocht an Atlantaigh Uile um Thaighde agus Nuálaíocht Aigéin.

Beidh na gníomhaíochtaí ceiliúrtha ar siúl inniu i dTeach Uíbh Eachach, Baile Átha Cliath (Éire), áit a dtabharfaidh an Tánaiste Micheál Martin TD, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus an tAire Cosanta, ionadaithe ardleibhéil na sínitheoirí uile le chéile arís, ina measc Mairead McGuinness, an Coimisinéir Eorpach um Sheirbhísí Airgeadais, Cobhsaíocht Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil, roinnt Airí ó thíortha ar an dá thaobh den Atlantach, Ambasadóirí, eolaithe iomráiteacha agus aíonna idirnáisiúnta, chun torthaí an chomhair agus an bealach chun cinn a phlé. Leanfar leis na gníomhaíochtaí an 5 agus 6 Iúil i nGaillimh le himeachtaí a bheidh oscailte don phobal, agus á n-eagrú ag an Aontas, ag Foras na Mara agus ag Ollscoil na Gaillimhe.

Tá an-dul chun cinn déanta againn ó shínigh an tAontas Eorpach, Ceanada agus na Stáit Aontaithe Ráiteas na Gaillimhe in 2013. Sa lá atá inniu ann, is féidir linn brath ar chomhar fónta i réimse an taighde mhuirí idir an dá thaobh den Atlantach. Ní féidir ár spriocanna uaillmhianacha maidir le hathchóiriú an dúlra, an comhrac i gcoinne an truaillithe, agus geilleagar gorm inbhuanaithe a bhaint amach mura féidir linn an comhar tairbheach sin a mhéadú, agus sineirgí á bhforbairt idir an iliomad tionscnamh a forbraíodh laistigh agus lasmuigh den Aontas. Ní bhaineann teorainneacha leis an taighde, rud atá cruthaithe ag Comhghuaillíocht an Atlantaigh Uile um Thaighde ar an Aigéan.

Is é a dúirt Virginijus Sinkevičius, an Coimisinéir um an gComhshaol, um na hAigéin agus um an Iasca

Le linn na 10 mbliana seo a chuaigh thart, éiríodh leis an taidhleoireacht agus comhar eolaíochta agus tá na mílte taighdeoirí tar éis teacht le chéile chun dul i gcomhar le chéile ar thaighde agus nuálaíocht mhuirí, rud a d’fhág gur aimsíodh speicis nua agus gur thángthas ar thuiscint níos fearr ar aeráid na n-aigéan - go háirithe ar an ról ríthábhachtach atá ag an Aigéan Atlantach. Táim an-bhródúil as an obair atá ar siúl ag an gCoimisiún lenár gcomhpháirtithe, rud a leanann ar aghaidh agus tús á chur againn leis an dara 10 mbliana den aistear eolaíochta urghnách seo.

Mairead McGuinness, an Coimisinéir um Sheirbhísí Airgeadais, um Chobhsaíocht Airgeadais agus um Aontas na Margaí Caipitil

Bhí lúcháir orm fáilte a chur roimh aíonna iomráiteacha go Teach Uíbh Eachach inniu chun ceiliúradh a dhéanamh ar rath Ráiteas na Gaillimhe. Ba éacht tábhachtach den Uachtaránacht s’againn ar an gComhairle Eorpach in 2013 é agus anois is samhail dhomhanda é le haghaidh na taidhleoireachta eolaíochta agus an chomhair iltaobhaigh chun dul i ngleic le dúshláin chomhroinnte. Is léiriú é líon na dtíortha a tháinig isteach le Ráiteas Belém in 2017 agus le Dearbhú Washington in 2022 ar ráth an tionscnaimh. Is fíor-chomhar uile-Atlantach é seo anois a bhfuil ról lárnach ag Éirinn ann i gcónaí.

Micheál Martin, Tánaiste, Minister for Foreign Affairs, and Minister for Defence of Ireland

Rannchuidiú an Aontais le taidhleoireacht idirnáisiúnta maidir le heolaíocht na n-aigéan 

Ó thaobh an Aontais de, is maith an t-aitheantas atá faighte ag an iarracht taidhleoireachta eolaíochta sin mar shampla dearfach de Chur Chuige Domhanda an Aontais i leith Taighde agus Nuálaíochta, agus is í an colún idirnáisiúnta agus taighde i Straitéis an Aontais um an Atlantach.

Le 10 mbliana anuas, tá breis agus EUR 300 milliún infheistithe ag an Aontas i dtionscadail chun comhar a chur chun cinn idir eolaithe Eorpacha agus idirnáisiúnta ó gach cearn den limistéar Atlantach. Bhí an mhian chéanna sin ag an Aontas nuair a sheol sé tionscnaimh stairiúla nua freisin, amhail an Misean ‘Ár nAigéin agus ár nUiscí a Athbhunú faoi 2030', a bhfuil teach solais Atlantach Artach ina chuid de, agus an Chomhpháirtíocht um Gheilleagar Gorm Inbhuanaithe.

Léiríonn na gealltanais agus na torthaí sin go bhfuil an tAontas agus a chomhpháirtithe ar fud an Atlantaigh an-tiomanta agus go dtacaíonn siad le 10 mBliana na Náisiún Aontaithe maidir le hEolaíocht na nAigéan, agus ar bhonn níos leithne le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe.

Rinne Foras na Mara in Éirinn an Ghníomhaíocht Chomhordúcháin agus Tacaíochta i ndáil le Comhghuaillíocht an Atlantaigh um Thaighde ar an Aigéan a chomhordú suas le 2020, is comhpháirtí é in a lán tionscnamh de chuid Mhisean na nAigéan agus tá sé ag tnúth le ról lárnach a bheith aige i gcur i bhfeidhm Chomhghuaillíocht an Atlantaigh Uile um Thaighde agus Nuálaíocht Aigéin. Le déanaí, sheol Foras na Mara a straitéis chorparáideach nua 5 bliana (2023-2027), ina leagtar amach ocht dtosaíocht straitéiseacha atá dírithe ar athrú ó bhonn a dhéanamh ar eolas, comhairle agus seirbhísí an Fhorais ar mhaithe le daoine, leis an mbeartas agus leis an bpláinéad. In Eolas faoin Aigéan a Mhúsclaíonn Feasacht agus a Spreagann Fiosracht, leagtar amach treochlár chun é a chur ar a chumas d'Éirinn spriocanna beartais náisiúnta agus AE a bhaint amach maidir le táirgeadh inbhuanaithe bia mara, eolaíocht agus bainistiú na n-aigéan, an comhshaol agus an bhithéagsúlacht, iompar muirí, fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta agus gníomhaíocht ar son na haeráide.

Féachann Ollscoil na Gaillimhe, ina ndéanfar cuid de cheiliúradh Gaillimh 10, ar Chothú ár bPláinéid agus ár nDaoine mar chuid lárnach dá tírdhreach taighde le béim ar ghníomhaíocht ar son na haeráide, fuinneamh glan, éiceachórais aigéin, fionnuisce agus talún, bithgheilleagar inbhuanaithe agus cineálacha cur chuige na hAon Sláinte Amháin.

Cúlra

Braitheann an Eoraip agus an domhan ar an aigéan agus ar na farraigí chun bia a fháil, mar chosaint ar thionchair an téimh dhomhanda agus chun deiseanna le haghaidh gníomhaíochtaí nua daonna a chur ar fáil.

Tá bruscar muirí, an truailliú muirí, athrú aeráid na mara agus róshaothrú na mara ag bagairt ar an gcumas s'againn an t-aigéan, na farraigí agus na cóstaí a úsáid ar bhealach inbhuanaithe.

Tá an taighde agus an nuálaíocht ríthábhachtach ionas gur féidir linn monatóireacht níos fearr a dhéanamh ar ár n-aigéan agus ár bhfarraigí, mar aon le hiad a thuiscint, a chosaint, a chaomhnú agus leas a bhaint astu ar bhealach níos fearr. Is féidir linn luach inbhuanaithe a chruthú freisin as luachshlabhraí agus earnálacha muirí agus uisceacha, idir thraidisiúnta agus nua.

Shínigh an tAontas Eorpach, na Stáit Aontaithe agus Ceanada Ráiteas na Gaillimhe i mí na Bealtaine 2013, in Éirinn.

Síníodh Ráitis agus comhaontuithe breise ar ábhar an Atlantaigh, ina measc Ráiteas Belem maidir le Comhar Taighde agus Nuálaíochta san Aigéan Atlantach a shínigh an tAontas Eorpach, an Bhrasaíl agus an Afraic Theas in 2017. Leis sin, tugadh isteach dearcadh an Atlantaigh Theas. Ghlac tíortha nua páirt sna gníomhaíochtaí ar tugadh fúthu faoi chuimsiú chur i bhfeidhm Ráiteas na Gaillimhe agus Ráiteas Belem, rud a d'fhág iarracht idirnáisiúnta níos láidre a mbaineann gné Pol-go-Pol léi, agus a raibh comhar leathnaithe ar fud an Atlantaigh ina thoradh uirthi.

De thoradh na gcomhaontaithe idirnáisiúnta sin, tháinig méid nua comhair chun cinn i réimse eolaíocht na n-aigéan, rud a d'fhág gur síníodh an Dearbhú Aireachta maidir le Comhghuaillíocht an Atlantaigh Uile um Thaighde agus Nuálaíocht Aigéin in Washington D.C. an 13 Iúil 2022, dearbhú a shínigh an tAontas i gcomhar leis an Afraic Theas, an Airgintín, an Bhrasaíl, Cabo Verde, Ceanada, Maracó agus na Stáit Aontaithe.

Ó síníodh Ráiteas na Gaillimhe, a comhaontaíodh faoi Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tá taighdeoirí agus institiúidí Éireannacha ar thús cadhnaíochta sa chomhar sin, is é sin roinnt tionscadal de chuid Fís 2020 agus Fís Eorpach a fuair agus a fhaigheann maoiniú ón Aontas a chomhordú, agus tacú, mar shampla trí rannpháirtíocht a soithí taighde, leis an gcomhar níos leithne i dtaighde ar an aigéan idir an tAontas Eorpach, na Stáit Aontaithe agus Ceanada, comhar atá leathnaithe anois chun roinnt comhpháirtithe nua ó cheann ceann an Atlantaigh a chumhdach.

Tuilleadh eolais

Ceiliúradh: Ráiteas na Gaillimhe 2013-2023 10 mbliana ar an bhfód

Comhghuaillíocht an Atlantaigh Uile um Thaighde ar an Aigéan. Scéal ratha i dtaidhleoireacht eolaíocht na n-aigéan

Preaseisiúint (2013) - Comhghuaillíocht um taighde á lainseáil ag an AE, SAM, agus Ceanada

Ráiteas Belem maidir le Comhar Taighde agus Nuálaíochta san Aigéan Atlantach

Comhghuaillíocht an Atlantaigh Uile um Thaighde agus Nuálaíocht Aigéin

Straitéis an Aontais um an Atlantach

Comhar idirnáisiúnta sa taighde agus sa nuálaíocht

Cur chuige domhanda an Aontais i leith taighde agus nuálaíochta

Taighde agus Nuálaíocht – Aigéin agus Farraigí

Misean an Aontais: Ár nAigéan agus ár nUiscí a Athbhunú

Comhpháirtíochtaí Eorpacha i gclár Fís Eorpach

An Chomhpháirtíocht um Gheilleagar Gorm Inbhuanaithe

Straitéis Fhoras na Mara (2023-2027) Eolas faoin Aigéan a Mhúsclaíonn Feasacht agus a Spreagann Fiosracht

Ollscoil na Gaillimhe

Sonraí

Dáta foilsithe
4 Iúil 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn