Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta7 Meitheamh 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 5 nóiméad

An tAontas Sláinte Eorpach: cur chuige cuimsitheach nua i leith na meabhairshláinte

Inniu, agus gealltanas an Uachtaráin von der Leyen san Aitheasc ar Staid an Aontais 2022 á chomhlíonadh, cuireann an Coimisiún colún nua le hAontas Sláinte na hEorpa: cur chuige cuimsitheach nua i leith na meabhairshláinte.

EU Health Commissioner Stella Kyriakides addressing the press conference on a global approach in terms of mental health.

Is éard atá sa chur chuige seo an chéad chéim thábhachtach chun an mheabhairshláinte a chur ar aon dul leis an tsláinte choirp agus chun cur chuige nua tras-earnála a chinntiú i leith fadhbanna meabhairshláinte. Le 20 tionscnamh suaitheanta agus maoiniú ón Aontas dar luach €1.23 billiún ó ionstraimí airgeadais éagsúla, tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit tús áite a thabhairt do dhaoine agus dá meabhairshláinte.

Tá teachtaireacht an lae inniu tráthúil: roimh phaindéim COVID-19, bhí tionchar cheana féin ag fadhbanna meabhairshláinte ar dhuine amháin as gach seisear san Aontas Eorpach. Tá an staid sin tar éis dul in olcas de bharr na ngéarchéimeanna nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo leis na blianta beaga anuas. Is suntasach an costas a bhaineann le neamhghníomhaíocht, is é sin €600 billiún gach bliain.

Ní sláinte go meabhairshláinte agus ní féidir Aontas Sláinte Eorpach a bheith ann gan rochtain chomhionann thráthúil ar chosc, ar chóireáil agus ar chúram dár meabhairshláinte. Inniu is tús nua atá ann le haghaidh cur chuige cuimsitheach il-gheallsealbhóra ar leibhéal an Aontais i leith na meabhairshláinte atá dírithe ar chosc. Ní mór dúinn deireadh a chur leis an stiogma agus leis an idirdhealú ionas gur féidir leo siúd atá i ngátar teagmháil a dhéanamh agus an tacaíocht atá de dhíth orthu a fháil. Tá sé ceart go leor gan bheith ceart go leor, agus tá sé de dhualgas orainn a chinntiú go mbíonn rochtain ag gach duine ar chuidiú má tá sé ag teastáil.

Stella Kyriakides, an Coimisinéir um Shláinte agus um Shábháilteacht Bia

Tá tábhacht leis an meabhairshláinte: príomhghnéithe chun dul i ngleic le fadhbanna meabhairshláinte

I bhfianaise athruithe suntasacha ó thaobh na teicneolaíocha, an chomhshaoil agus na sochaí de, athruithe a dhéanann difear do chumas déileála daoine, díreoidh gníomhaíocht an Aontais maidir leis an meabhairshláinte ar thrí cinn de threoirphrionsabail:

  1. cosc leordhóthanach éifeachtach,
  2. rochtain ar chúram sláinte agus cóireáil mheabhairshláinte ar ardchaighdeán agus ar phraghas réasúnta, agus
  3. ath-imeascadh sa tsochaí tar éis téarnaimh.

Féachtar sa chur chuige cuimsitheach sin ar an meabhairshláinte sna beartais uile chun na tosca riosca ilghnéitheacha a aithint a bhaineann leis an tsláinte mheabhrach. De réir an chur chuige sin, cumhdófar réimse leathan beartas le gníomhaíochtaí nithiúla agus beidh iarrachtaí san áireamh ann chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • An dea-mheabhairshláinte a chur chun cinn trí chosc agus luathbhrath, lena n-áirítear trí thionscnamh Eorpach um dhúlagar agus féinmharú a chosc, trí Chód Eorpach um Meabhairshláinte agus trí thaighde neartaithe ar shláinte na hinchinne.
  • Infheistíocht a dhéanamh san oiliúint agus i bhforbairt acmhainní lena dtreisítear an mheabhairshláinte i mbeartais éagsúla agus lena bhfeabhsaítear rochtain ar chóireáil agus ar chúram. Ar na gníomhaíochtaí sin beidh cláir oiliúna agus cláir mhalartaithe do ghairmithe agus tacaíocht theicniúil le haghaidh athchóirithe meabhairshláinte ar an leibhéal náisiúnta.
  • An dea-mheabhairshláinte a chinntiú ag an obair trí fheasacht a mhúscailt agus trí chosc a fheabhsú. Déanfar é sin, mar shampla, trí fheachtais múscailte feasachta uile-Aontais ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) agus trí thionscnamh de chuid an Aontais a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le rioscaí síceasóisialta ag an obair.
  • Leanaí agus daoine óga a chosaint le linn na mblianta is leochailí agus is múnlaithí i gcomhthéacs an bhrú agus na ndúshlán atá ag dul i méid. Ar na bearta tá líonra meabhairshláinte do leanaí agus do dhaoine óga, sraith straitéisí um chosc do leanaí lena dtugtar aghaidh ar chinntithigh thábhachtacha sláinte ó thaobh na meabhairshláinte agus na sláinte coirp de, agus cosaint níos fearr ar líne agus ar na meáin shóisialta.
  • Aghaidh a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha trí thacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil dóibh siúd is mó atá i ngátar, amhail daoine scothaosta, daoine i gcásanna deacra eacnamaíocha nó sóisialta agus pobail imirceach/dídeanaithe. Díreofar go speisialta ar phobail atá thíos leis an gcoinbhleacht, go háirithe daoine (leanaí go speisialta) a easáitíodh as an Úcráin agus leanaí san Úcráin a bhfuil tráma na cogaíochta ag cur isteach orthu.
  • dea-shampla a thabhairt ar an leibhéal idirnáisiúnta trí fheasacht a mhúscailt agus trí thacaíocht ardchaighdeáin don mheabhairshláinte a chur ar fáil i gcásanna éigeandála daonnúla.

Cúlra

Fiú roimh phaindéim COVID-19 bhí fadhbanna meabhairshláinte ag thart ar 84 mhilliún duine san Aontas, agus tá na figiúirí sin ag dul in olcas ó shin i leith. Tá brú breise ar an meabhairshláinte de dheasca na paindéime, go háirithe i measc daoine óga agus ina measc siúd a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu cheana féin. San aitheasc uaithi ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2022, d'fhógair an tUachtarán Ursula von der Leyen tionscnamh nua maidir leis an meabhairshláinte.

Tugtar aghaidh sa tionscnamh freisin ar ghlaonna ó Pharlaimint na hEorpa, agus ar thogra ó na saoránaigh i gcomhthéacs na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa. Is suntasach an costas a bhaineann le neamhghníomhaíocht maidir leis an meabhairshláinte agus meastar go dtiocfaidh méadú air, i bhfianaise na ndúshlán domhanda a bhaineann le hathruithe sóisialta, polaitiúla agus comhshaoil, leis an digitiú méadaithe, le brúnna eacnamaíocha agus le hathruithe radacacha i margadh an tsaothair. Meastar gur 4% den OTI ar fud thíortha an Aontais (is é sin os cionn €600 billiún in aghaidh na bliana[1]) atá sna costais iomlána a bhaineann le saincheisteanna meabhairshláinte. Orthu sin tá costais a bhaineann le córais sláinte agus cláir slándála sóisialta, chomh maith le costais a bhaineann le fostaíocht níos ísle agus táirgiúlacht oibrithe níos ísle.

Tuilleadh eolais

Teachtaireacht

An mheabhairshláinte (europa.eu)

Físeán faoin Meabhairshláinte

[1] Health at a Glance – Europe 2018: https://health.ec.europa.eu/system/files/2020-02/2018_healthatglance_rep_en_0.pdf

Sonraí

Dáta foilsithe
7 Meitheamh 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn