Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta6 Meán Fómhair 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 7 nóiméad

I dtreo comhordú slándála sóisialta níos digití: Molann an Coimisiún bearta chun é a dhéanamh níos éasca do mhuintir na hEorpa dul chun cónaí, dul i mbun oibre agus taisteal thar lear

The European Commission has proposed concrete steps to further digitalise the coordination of social security systems in Europe, in a dedicated Communication.

Visual with text: Digitalisation in social security coordination

Leagtar amach inti gníomhaíochtaí chun rochtain ar sheirbhísí slándála sóisialta a dhéanamh níos tapa agus níos simplí thar theorainneacha trí leas iomlán a bhaint as uirlisí digiteacha, rud a laghdóidh an t-ualach riaracháin ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí.

Leis sin cuirfear feabhas ar na malartuithe faisnéise idir institiúidí náisiúnta slándála sóisialta agus cuirfear dlús le haithint agus deonú sochar incháilithe thar theorainneacha. Dá bhrí sin, beidh sé níos éasca do mhuintir na hEorpa dul chun cónaí, dul i mbun oibre agus taisteal thar lear, níos éasca do chuideachtaí gnó a dhéanamh i dtíortha eile san Aontas, agus níos éasca do riaracháin náisiúnta slándáil shóisialta a chomhordú thar theorainneacha.

In ainneoin na dtionscnamh a rinneadh roimhe seo chun feabhas a chur ar shreabhadh trasteorann na faisnéise slándála sóisialta, bíonn deacrachtaí fós ag institiúidí náisiúnta, soláthraithe cúraim sláinte agus cigireachtaí saothair sonraí a rochtain agus a chomhroinnt, mar gheall ar idir-inoibritheacht neamhleor idir na córais náisiúnta. Tabhaítear costais freisin, mar shampla, nuair a bhíonn doiciméid teidlíochtaí á n-eisiúint agus á bhfíorú.

I dTeachtaireacht an lae inniu, déantar áireamh ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le comhordú na slándála sóisialta a dhigitiú, cuirtear i láthair na tionscnaimh leanúnacha sa réimse sin, agus moltar gníomhaíochtaí don am atá le teacht chun leas iomlán a bhaint as na tairbhí a bhfuil an digitiú in ann a chur ar fáil.

Tá na milliúin daoine ón Aontas ina gcónaí, ag obair nó ag staidéar i mBallstát eile. Le teachtaireacht an lae rannchuidítear chun saol na ndaoine sin a shimpliú trína n-idirghníomhaíochtaí le húdaráis náisiúnta a éascú agus trí rochtain níos tapúla a thabhairt dóibh ar a sochair shóisialta incháilithe ó thar lear, amhail pinsin nó cúram sláinte. Ag an am céanna, beidh tionchar ollmhór aige, ó thaobh coigilt ama agus costais, ar ghnólachtaí, údaráis náisiúnta agus cigireachtaí saothair, mar sin is bua do chách atá ann. Tá na huirlisí curtha ar bun againn; Táimid ag brath anois ar na Ballstáit chun leas maith a bhaint astu, agus an t-ualach riaracháin a laghdú dá réir.

Nicolas Schmit, an Coimisinéir um Poist agus um Chearta Sóisialta

Na príomhbhearta a mholtar

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Dlús a chur le cur chun feidhme náisiúnta an chórais um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) ionas go mbeidh sé ag feidhmiú go hiomlán faoi dheireadh 2024 ar fud na hEorpa. Le EESSI déantar digitiú ar na malartuithe idir institiúidí náisiúnta slándála sóisialta, chun bogadh chun siúil ó nósanna imeachta páipéarbhunaithe anásta trína n-ídítear go leor ama.
  • Níos mó nósanna imeachta slándála sóisialta comhordaithe a chur ar fáil go hiomlán ar líne, chun é a dhéanamh níos éasca do dhaoine bogadh thar lear agus dul i mbun oibre ann, agus chun a chinntiú go mbeidh rochtain thapa acu ar a gcuid sochair incháilithe. Is féidir leis na Ballstáit cur leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach, lena bhforáiltear go ndéanfar roinnt nósanna imeachta tábhachtacha riaracháin a sheachadadh go hiomlán ar líne ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí faoin 12 Nollaig 2023 ar a dhéanaí.
  • Páirt iomlán a ghlacadh i ngníomhaíochtaí píolótacha Phas Slándála Sóisialta na hEorpa (ESSPASS), lena bhféachtar le fáil amach conas eisiúint agus fíorú theidlíochtaí slándála sóisialta na saoránach a shimpliú thar theorainneacha.
  • Oibriú chun tiachóga Fhéiniúlacht Dhigiteach an Aontais (EUDI) a thabhairt isteach, rud a chuirfidh ar chumas shaoránaigh an Aontais leaganacha digiteacha de dhoiciméid teidlíochta a iompar, amhail an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (EHIC), rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca ag institiúidí slándála sóisialta, cigireachtaí saothair agus soláthraithe cúraim sláinte na doiciméid sin a fhíorú ar an toirt.

Tacóidh an Coimisiún le Ballstáit den Aontas Eorpach le linn na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme trí chúnamh teicniúil a sholáthar, lena n-áirítear an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, agus trí chistiú ón Aontas a chur ar fáil, mar shampla tríd an gclár don Eoraip Dhigiteach, InvestEU, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, agus trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus.

Beidh ról gníomhach ag an Údarás Eorpach Saothair freisin trí shamplaí dea-chleachtais a bhailiú agus trí mhalartuithe rialta i measc na n-údarás náisiúnta a éascú.

Na chéad chéimeanna eile

Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an cur chuige a leagtar amach sa Teachtaireacht seo a fhormhuiniú agus iarrann sé ar na Ballstáit agus ar na páirtithe leasmhara uile oibriú le chéile chun a chuid gníomhaíochtaí a chur chun feidhme. Tacóidh an Coimisiún le cur chun feidhme na Teachtaireachta seo agus déanfaidh sé faireachán air ag cruinnithe bliantúla le hionadaithe náisiúnta.

Tá sé tábhachtach freisin digitiú an chomhordaithe slándála sóisialta a chur chun cinn i gcomhthéacs na caibidlíochta atá ar siúl faoi láthair ag na comhreachtóirí maidir leis an athbhreithniú ar rialacha comhordaithe slándála sóisialta an Aontais. Iarrann an Coimisiún ar Parlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle teacht ar chomhaontú go pras maidir leis an athbhreithniú, an creat dlíthiúil sin a nuachóiriú, agus leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do chomhreachtóirí an cuspóir sin a bhaint amach.

Cúlra

Tá náisiúnaigh an Aontais i dteideal taisteal, dul i mbun oibre agus dul chun cónaí i dtír eile san Aontas. In 2021, bhí 16 mhilliún duine ón Aontas, ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE)/ó Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) agus ón Eilvéis ina gcónaí agus/nó ag obair i dtír eile AE, LEE/CSTE agus san Eilvéis. Leis na rialacha Aontais (Rialachán Uimh. 883/2004 agus Rialachán Uimh. 987/2009 maidir lena chur chun feidhme), cosnaítear cearta slándála sóisialta daoine agus iad ag bogadh laistigh den Eoraip, mar shampla maidir le cúram sláinte, sochair theaghlaigh agus pinsin, agus cinntíonn na rialacha go mbeidh rochtain acu ar a gcuid sochar incháilithe a luaithe is féidir ar fud an Aontais.

In 2021, bhí Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (EHIC) i seilbh thart ar 235 mhilliún duine san Eoraip, rud a chuidigh leo tacaíocht leighis riachtanach gan choinne a fháil agus iad thar lear. Chomh maith leis sin, eisíocadh 6 mhilliún pinsean le pinsinéirí a bhfuil cónaí orthu i dtír eile. Ina theannta sin, fuair riaracháin náisiúnta 3.6 milliún iarratas ar chruthúnas ar chumhdach slándála sóisialta i gcásanna trasteorann.

A bhuí leis an gcóras um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI), rinne institiúidí slándála sóisialta sna Ballstáit láimhseáil níos tapa agus níos sláine ar 16.5 milliún cás slándála sóisialta de chuid daoine a bhí ag taisteal, ina gcónaí, ag staidéar agus/nó ag obair i dtír eile de chuid an Aontais ó bhí 2019 ann. Malartaítear 2.5 milliún teachtaireacht leictreonach gach mí.

Faoi láthair, tá píolótú ESSPASS ar siúl ag 12 institiúid de chuid na mBallstát chun teidlíochtaí slándála sóisialta na saoránach a eisiúint agus a fhíorú thar theorainneacha, amhail ‘Doiciméad Iniompartha A1' chun críocha oibre agus EHIC i réimse an chúraim sláinte.

Tuilleadh eolais

Ceisteanna agus freagraí: an digitiú i gcomhordú na slándála sóisialta

Cumarsáid maidir leis an digitiú i gcomhordú na slándála sóisialta: an tsaorghluaiseacht sa Mhargadh Aonair a éascú

An digitiú i gcomhordú na slándála sóisialta

Liostáil le haghaidh nuachtlitir ríomhphoist saor in aisce an Choimisiúin Eorpaigh maidir le fostaíocht, gnóthaí sóisialta agus ionchuimsiú.

Sonraí

Dáta foilsithe
6 Meán Fómhair 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn