Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta13 Nollaig 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 9 nóiméad

Comhaontú bainte amach ag idirbheartaithe AE le linn COP28 chun dlús a chur leis an aistriú domhanda ó bhreoslaí iontaise, fuinneamh in-athnuaite a mhéadú faoi thrí agus éifeachtúlacht fuinnimh a dhúbailt sna deich mbliana amach romhainn

Ag deireadh COP28, Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, in Dubai, d'éirigh le hidirbheartaithe an Aontais Eorpaigh, in éineacht le comhpháirtithe ó gach cearn den domhan, an deis a choinneáil beo maidir leis an ngealltanas i gComhaontú Pháras chun an méadú ar an meánteocht dhomhanda a theorannú do 1,5 Celsius os cionn na leibhéal réamhthionsclaíochta a chomhlíonadh.

Image with general view of COP 28. Also featuring two screens with images of President von der Leyen.

Agus béim ar leith á leagan ar earnáil an fhuinnimh sna cainteanna, chomhaontaigh na Páirtithe dlús a chur leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise sna deich mbliana amach romhainn, gníomhaíocht a dhéanamh chun astaíochtaí a laghdú 43 % faoi 2030, agus an domhan a chur ar chonair chun astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir leis an eolaíocht is fearr atá ar fáil.

Is éard a bhí in COP28 an chéad Athbhreithniú Domhanda faoi Chomhaontú Pháras. Spriocanna an Ghealltanais Dhomhanda maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus Éifeachtúlacht Fuinnimh, a chuir an Coimisiún chun cinn, tá siad le feiceáil i dtoradh an Athbhreithnithe Dhomhanda. Tá gealltanas tugtha ag na Páirtithe uile acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite dhomhanda a mhéadú faoi thrí agus ráta na bhfeabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhúbailt faoi 2030. Cuireann sé sin go mór leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise. Tá comhaontú ann freisin chun dul i ngleic le hastaíochtaí meatáin agus astaíochtaí neamh-CO2 eile sna deich mbliana amach romhainn, agus deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais le haghaidh breoslaí iontaise neamhéifeachtúla a luaithe is féidir, ar fóirdheontais iad nach dtugann aghaidh ar bhochtaineacht fuinnimh ná ar an aistriú cóir.

Aithnítear san Athbhreithniú Domhanda nach bhfuil an domhan ar an mbóthar ceart chun astaíochtaí a laghdú faoin leibhéal is gá chun an méadú teochta a theorannú do 1,5 Celsius. Mar thoradh air sin, tháinig na Páirtithe ar chomhaontú maidir le conair chun filleadh ar an mbóthar ceart, lena n-áirítear trí phróiseas chun spriocanna agus bearta náisiúnta a ailíniú le Comhaontú Pháras. Ba cheart do na páirtithe a rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta (NDCanna) le haghaidh 2035 a chur isteach faoi COP30, i gceann dhá bhliain, agus ba cheart iad sin a bheith ailínithe leis an eolaíocht is fearr atá ar fáil agus le torthaí an Athbhreithnithe Dhomhanda.

Tugann an tAthbhreithniú Domhanda aghaidh ar na bealaí chun an t-aistriú is gá a chur chun feidhme freisin. Thángamar ar chomhaontú maidir leis na céimeanna deiridh chun an sprioc nua chainníochtaithe chomhchoiteann maidir le maoiniú don aeráid a leagan síos ag comhdháil na bliana seo chugainn. Is céim mhór chun cinn é an creat don Sprioc Dhomhanda maidir le hOiriúnú, agus tá cinntí ceannródaíocha maidir le maoiniú don oiriúnú ag gabháil leis agus aithnítear ann nach mór an maoiniú don oiriúnú a mhéadú go mór thar an dúbailt shainordaithe le haghaidh 2025. Cuireann an toradh athchóiriú an ollstruchtúir airgeadais idirnáisiúnta chun cinn, rud a fhágann go bhfuil sé oiriúnach don fheidhm chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil aeráide. Go sonrach, chuir an tAontas go mór le comhaontú agus oibríochtú ciste nua a fhreagraíonn do chaillteanas agus do dhamáiste, agus tá breis agus EUR 400 milliún tugtha ag an Aontas agus a chuid Ballstát, os cionn dhá thrian de na gealltanais mhaoiniúcháin tosaigh.

Príomhimeachtaí agus príomhfhógraí a rinneadh ag COP28

Tagann torthaí idirbheartaithe deiridh COP28 anuas ar an iliomad comhaontuithe ar thángthas orthu le coicís anuas, lena n-áirítear ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda maidir le Gníomhú ar son na hAeráide ar fhreastail an tUachtarán von der Leyen air. An 2 Nollaig, sheol an tUachtarán an Gealltanas Domhanda maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus Éifeachtúlacht Fuinnimh in éineacht le hUachtaránacht COP28, chun acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite a mhéadú faoi thrí agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh a dhúbailt faoi 2030, rud a chuir bonn láidir le toradh idirbheartaithe ar an tsaincheist sin. D'fhógair an tUachtarán von der Leyen go ndéanfadh an tAontas EUR 2,3 billiún a infheistiú ó bhuiséad an Aontais chun tacú leis an aistriú fuinnimh i gcomharsanacht na hEorpa agus ar fud an domhain, as seo go ceann dhá bhliain.

D'fhógair an tUachtarán freisin EUR 175 mhilliún de thacaíocht airgeadais ón Aontas agus óna Bhallstát chun astaíochtaí meatáin a laghdú. In Dubai, d'fhreastail sí ar sheoladh thionscnamh an Luasaire um an Aistriú ó Ghual agus ar sheoladh an Chlub Aeráide. D'fhormhuinigh sí freisin Plean um Shlógadh Acmhainní Vítneam, an chéad chéim eile chun a Chomhpháirtíocht um Aistriú Fuinnimh Cóir a chur chun feidhme.

D'fhógair an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Maroš Šefčovič tacaíocht an Choimisiúin do phrionsabail agus do chuspóirí an dearbhaithe ó Chomhghuaillíocht COP28 maidir le Comhpháirtíochtaí Il-leibhéil Ard-Uaillmhéine (CHAMP) le linn an chéad Chruinnithe Mullaigh maidir le Gníomhú Áitiúil ar son na hAeráide. D'fhógair sé freisin an chéad dá thionscadal Eorpacha a dtabharfaidh an Chomhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach agus an clár Catalyst tacaíocht dóibh, agus ranníocaíocht EUR 20 billiún leis an Tionscnamh um Fhuinneamh Glas idir an Afraic-AE ó Fhoireann na hEorpa. Thar ceann an Aontais, d'fhormhuinigh sé Dearbhú COP28 maidir leis an Aeráid agus an tSláinte, agus shínigh sé Meabhrán Tuisceana le Hondúras chun Comhpháirtíocht straitéiseach Foraoise a chur ar bun chun 1,3 milliún heicteár foraoise a athbhunú.

Shínigh an Coimisinéir Sinkevičius dearbhú comhpháirteach maidir le comhpháirtíocht uisce inbhuanaithe leis an Éigipt agus d'fhormhuinigh an Coimisinéir Lenarčič Dearbhú COP28 maidir leis an Aeráid, an Fhóirithint, an Téarnamh agus an tSíocháin thar ceann an Aontais. Le linn COP28, sheol an tAontas tionscnamh de chuid Fhoireann na hEorpa maidir le Slabhraí Luacha atá Saor ó Dhífhoraoisiú. Gheall an Coimisiún freisin EUR 1 mhilliún a thabhairt do Chomhpháirtíocht na Meánmhara Goirme a bunaíodh le déanaí.

D'óstáil an Coimisiún beagnach 100 Imeacht ar an Imeall ag Pailliún an Aontais in Dubai agus ar líne maidir le raon leathan saincheisteanna amhail cosaint na bithéagsúlachta agus athbhunú an dúlra, an tslándáil fuinnimh agus an t-aistriú glas, iompar glan, margaí carbóin, slándáil bia agus uisce, agus taighde agus nuálaíocht. Ina measc siúd, bhí idirphlé idir an Coimisinéir Hoekstra agus ionadaithe óige ó gach cearn den domhan, ócáid ardleibhéil maidir le margaí carbóin a reáchtáil an tUachtarán von der Leyen le CAI, EDT agus an Banc Domhanda, agus dhá Lá Fuinnimh AE leis an gCoimisinéir Simson.

Cúlra

Faoi Chomhaontú Pháras 2015, chomhaontaigh 194 thír Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta (NDCanna) a thíolacadh, ar léiriú iad ar a spriocanna aonair maidir le hastaíochtaí a laghdú. I dteannta a chéile, ba cheart na NDCanna sin rannchuidiú leis an gcuspóir an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil faoi bhun 2 °C agus a ghaire is féidir do 1,5 °C faoi dheireadh an chéid. Tugtar rabhadh i dtuarascálacha ó Phainéal Idir-Rialtasach na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IPCC) go bhfuil an domhan chun méadú 1,5 °C ar an meánteocht a bhaint amach cheana féin laistigh den fiche bliain atá amach romhainn agus nach gcabhródh ach na ciorruithe is déine ar astaíochtaí gás ceaptha teasa as seo amach le tubaiste comhshaoil a chosc. Bheadh éifeachtaí thar a bheith díobhálach ag ardú teochta ar an leibhéal sin, rud a bheadh ina dhúshlán ó thaobh shábháilteacht an duine agus an domhain de.

Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le gníomhú ar son na haeráide, agus tá a chuid astaíochtaí gás ceaptha teasa laghdaithe cheana faoi 32,5 % aige ó bhí 1990 ann, agus fás níos mó ná 60 % tagtha ar a gheilleagar le linn na tréimhse céanna. Leis an gComhaontú Glas don Eoraip a cuireadh i láthair i mí na Nollag 2019, chuir an tAontas lena uaillmhian aeráide trí ghealltanas a dhéanamh aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Rinneadh ceangal ó thaobh dlí den chuspóir sin tar éis ghlacadh agus theacht i bhfeidhm an Dlí Aeráide Eorpaigh, i mí Iúil 2021. Leis an Dlí Aeráide, leagtar amach freisin sprioc idirmheánach chun na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Rinneadh an sprioc 2030 sin a chur in iúl do UNFCCC i mí na Nollag 2020 mar NDC an Aontais faoi Chomhaontú Pháras.

In 2021 chuir an tAontas pacáiste tograí i láthair chun go mbeadh a bheartais aeráide, fuinnimh, úsáide talún, iompair agus chánachais oiriúnach chun na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030. Agus formhór na dtograí sin glactha go hiomlán anois, tá an tAontas agus a Bhallstáit tar éis díriú ar na beartais sin a chur chun feidhme chun an t-aistriú glas a chur chun cinn. Chuir an tAontas Eorpach nuashonrú isteach ar a NDC an 16 Deireadh Fómhair chun a léiriú go bhfuil sé ar bhealach chun an laghdú 55 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a shárú faoi 2030 ó leibhéil 1990. De réir mheastacháin an Choimisiúin, tiocfaidh laghdú 57 % ar chur chun feidhme iomlán na reachtaíochta ‘Oiriúnach do 55'. Ba cheart an chéad bhabhta eile de NDCanna a chur isteach faoi 2025, le haghaidh laghduithe astaíochtaí tar éis 2030.

Tá an maoiniú don aeráid ríthábhachtach chun tacú le pobail leochaileacha iad féin a chosaint ar thionchair an athraithe aeráide agus chun tacú le fás eacnamaíoch inbhuanaithe. Tá gealltanas tugtha ag tíortha forbartha $ 100 billiún san iomlán de mhaoiniú idirnáisiúnta don aeráid a shlógadh in aghaidh na bliana ó 2020 go 2025 chun cabhrú leis na tíortha is leochailí, agus leis na stáit oileánacha bheaga go háirithe, ina n-iarrachtaí i dtaca le maolú an athraithe aeráide agus oiriúnú dó. Tá an tAontas Eorpach ar an deontóir is mó le rannchuidiú atá ag dul i méid de réir a chéile go thart ar thrian den sprioc.

Tuilleadh eolais

Ráiteas maidir le toradh COP28 ón Uachtarán Ursula von der Leyen
Ráiteas tosaigh ón gCoimisinéir Hoekstra ag seisiún iomlánach deiridh COP28
An tAontas Eorpach ag Clár Imeachtaí ar an Imeall COP28
Bróisiúr maidir le ranníocaíocht Fhoireann na hEorpa le maoiniú don aeráid

Sonraí

Dáta foilsithe
13 Nollaig 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn