Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Bileog eolais2 Samhain 2022An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Treoirlínte eiticiúla d'oideoirí maidir le húsáid na hintleachta saorga agus sonraí sa teagasc agus san fhoghlaim

D'fhoilsigh an Coimisiún na Treoirlínte Eiticiúla inniu d'oideoirí maidir le hÚsáid na hIntleachta Saorga (IS) agus sonraí sa teagasc agus san fhoghlaim.

Tugtar aghaidh sna Treoirlínte ar an gcaoi a n-úsáidtear an intleacht shaorga i scoileanna, chun tacú le múinteoirí agus le daltaí ina dteagasc agus ina bhfoghlaim, agus chun tacú le tascanna riaracháin i suíomhanna oideachais. Tá na Treoirlínte mar chuid den Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027) agus d'fhorbair Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin iad ina dtugtar le chéile raon leathan cleachtóirí ó shaol an oideachais agus na hoiliúna, ón saol acadúil, ón earnáil phríobháideach agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta.

De réir mar a bhíonn córais intleachta saorga ag síorathrú agus de réir mar a théann úsáid sonraí chun cinn, is gá tuiscint níos fearr a fhorbairt ar an tionchar a bhíonn acu, lena n-áirítear an tionchar ar an oideachas agus ar an oiliúint. Mar gheall ar an méadú tapa ar úsáid na hintleachta saorga, ní mór tuiscint bhunúsach a bheith ag oideoirí agus ag mic léinn ar an intleacht shaorga agus ar úsáid sonraí chun go mbeidh siad in ann dul i ngleic leis an teicneolaíocht sin go dearfach, go criticiúil agus go heiticiúil agus leas iomlán a bhaint as a hacmhainneacht.

Cabhróidh na Treoirlínte le múinteoirí ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal oideachais, beag beann ar a dtaithí san oideachas digiteach. Is é an cuspóir míthuiscintí coitianta agus forleathana faoin intleacht shaorga a shoiléiriú, míthuiscintí a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis mearbhaill nó imní maidir lena húsáid, go háirithe san oideachas. Tugtar aghaidh freisin ar bhreithnithe eiticiúla agus ar cheanglais trí chomhairle phraiticiúil a chur ar fáil d'oideoirí agus do cheannairí scoile maidir le conas úsáid éifeachtach a bhaint as IS agus sonraí i scoileanna a phleanáil. Mar shampla, leis na treoirlínte tugtar comhairle maidir le conas teicneolaíochtaí a úsáid chun teagasc a chur in oiriúint do chumas gach foghlaimeora nó conas idirghabhálacha pearsantaithe a ullmhú do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu. Ar deireadh, is bonn láidir iad chun inniúlachtaí atá ag teacht chun cinn a phlé maidir le húsáid eiticiúil na hintleachta saorga agus sonraí i measc múinteoirí agus oideoirí agus moltar bealaí chun feasacht a mhúscailt agus chun dul i dteagmháil leis an bpobal.

Is príomhthosaíocht de chuid an Choimisiúin é barr feabhais agus muinín san intleacht shaorga a chur chun cinn, agus i mí Aibreáin 2021, mhol an Coimisiún an chéad chreat dlíthiúil riamh maidir leis an intleacht shaorga (an Gníomh um an Intleacht Shaorga). Leantar leo cur chuige rioscabhunaithe agus éilítear leo, i measc nithe eile, oibleagáidí diana ar chórais intleachta saorga a úsáidtear san oideachas nó sa ghairmoiliúint a d'fhéadfadh rochtain ar oideachas agus cúrsa gairmiúil shaol duine a chinneadh (e.g. scrúduithe a scóráil). Comhlánóidh na Treoirlínte, arna bhfoilsiú inniu, an obair atá á déanamh ag an gCoimisiún Eorpach cheana féin chun an intleacht shaorga agus sonraí san oideachas agus san oiliúint a chur chun cinn trína Chlár Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Ríomhnascadh.

Na chéad chéimeanna eile

Le Clár Oibre Bliantúil 2023 Erasmus+, cuirfear cistiú ar fáil do thionscadail réamhbhreathnaitheacha ar mhórscála a bhfuil tosaíocht dhigiteach acu. Ina theannta sin, foilseoidh an Coimisiún Eorpach sraith alt maidir leis an intleacht shaorga san oideachas agus cuirfidh sé cúrsa ar líne ar fáil do mhúinteoirí maidir leis an ábhar ar an Ardán Eorpach um Oideachas Scoile (ESEP).

Cúlra

Le blianta fada, tá comhar maidir leis an intleacht shaorga á éascú agus á fheabhsú ag an gCoimisiún ar fud an Aontais chun borradh a chur faoina iomaíochas agus chun muinín atá bunaithe ar luachanna an Aontais a chinntiú. I bPáipéar Bán an Choimisiúin maidir leis an Intleacht Shaorga, a foilsíodh in 2020, leagadh amach fís shoiléir don intleacht shaorga san Eoraip: éiceachóras barr feabhais agus muiníne, ag leagan amach an chomhthéacs le haghaidh thogra an lae inniu. I mí Aibreáin 2021, chuir an Coimisiún a thogra ar aghaidh le haghaidh an Gníomh um an Intleacht Shaorga agus Plean Comhordaithe nua leis na Ballstáit. Tá an chaibidlíocht maidir leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga fós ar siúl leis na comhreachtóirí.

Is gníomhaíocht de chuid an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 iad na Treoirlínte Eiticiúla maidir le hÚsáid na hIntleachta Saorga agus Sonraí sa Teagasc agus san Fhoghlaim d'Oideoirí a glacadh an 30 Meán Fómhair 2020. Chun tacú le forbairt na dTreoirlínte, sheol an Coimisiún grúpa saineolaithe neamhfhoirmiúil maidir leis an intleacht shaorga agus sonraí san oideachas agus san oiliúint. Rinne an Grúpa a chuid oibre idir an 8 Iúil 2021 agus an 14 Meitheamh 2022.

Mar chuid dá thogra Bliain Eorpach na Scileanna a dhéanamh de 2023, cuirfidh an Coimisiún foghlaim ar feadh an tsaoil chun cinn trí infheistíocht a dhéanamh in oiliúint agus in uas-sciliú. Ceann de na cuspóirí a bheidh ann ná ardmhianta agus tacair scileanna daoine a mheaitseáil ar dhóigh níos fearr le deiseanna ar an margadh fostaíochta, lena n-áirítear deiseanna maidir leis an aistriú digiteach.

Le haghaidh tuilleadh eolais

Naisc úsáideacha:

Treoirlínte eiticiúla d'oideoirí maidir le húsáid na hintleachta saorga agus sonraí sa teagasc agus san fhoghlaim

Achoimre feidhmiúcháin ar an Tuarascáil Chríochnaitheach ó Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir leis an Intleacht Shaorga agus sonraí san oideachas agus san oiliúint

Bileog eolais

Grafaic faisnéise

Físeán

An Gníomh um an Intleacht Shaorga: Togra ón gCoimisiún maidir le barr feabhais agus muinín san Intleacht Shaorga

Sonraí

Dáta foilsithe
2 Samhain 2022
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn