Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta14 Meán Fómhair 2022An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 11 nóiméad

Praghsanna fuinnimh: Idirghabháil éigeandála sa mhargadh molta ag an gCoimisiún chun billí a laghdú do mhuintir na hEorpa

Tá idirghabháil éigeandála i margaí fuinnimh na hEorpa á moladh ag an gCoimisiún chun dul i ngleic leis na harduithe as cuimse a tháinig ar phraghsanna le déanaí.

Visual with images of energy generation and couple checking energy bill with text: Emergency market intervention to reduce bills for Europeans

Tá an tAontas ag dul i ngleic leis na héifeachtaí a bhaineann leis an neamhréir ghéar idir éileamh agus soláthar fuinnimh, de dheasca den chuid is mó acmhainní fuinnimh a bheith á n-úsáid ar bhonn leanúnach mar uirlis troda ag an Rúis. Chun an brú méadaithe a chuireann sé sin ar theaghlaigh agus gnólachtaí na hEorpa, tá an chéad chéim eile á glacadh ag an gCoimisiún chun dul i ngleic leis an tsaincheist sin trí bhearta eisceachtúla a mholadh chun an t-éileamh ar leictreachais a laghdú, rud a chuideoidh le costas an leictreachais a laghdú do thomhaltóirí, agus bearta chun ioncam barrachais na hearnála fuinnimh a athdháileadh ar chustaiméirí deiridh. Leanann sé sin ó na bearta a comhaontaíodh roimhe seo maidir leis an stóráil gáis a líonadh agus an t-éileamh ar ghás a laghdú chun ullmhú don gheimhreadh atá romhainn. Tá an Coimisiún ag leanúint lena obair freisin chun leachtacht a fheabhsú d'oibreoirí margaidh, praghas an gháis a laghdú agus dearadh an mhargaidh leictreachais a athchóiriú don fhadtéarma. 
Is é an chéad fhreagra chun dul i ngleic le praghsanna arda ná an t-éileamh a laghdú. Is féidir leis sin tionchar a imirt ar phraghsanna leictreachais agus tionchar foriomlán suaimhneach a bhaint amach ar an margadh. Chun díriú ar na huaireanta tomhaltais leictreachais is costasaí, nuair a bhíonn tionchar mór ag giniúint cumhachta gásadhainte ar an bpraghas, molann an Coimisiún oibleagáid chun an tomhaltas leictreachais a laghdú faoi 5 % ar a laghad le linn buaicuaireanta roghnaithe. Beidh sé de cheangal ar na Ballstáit an 10 % de na huaireanta lena mbaineann an praghas ionchasach is airde a shainaithint agus an t-éileamh a laghdú le linn na mbuaicuaireanta sin. Molann an Coimisiún freisin gur cheart é a bheith d'aidhm ag na Ballstáit an t-éileamh foriomlán ar leictreachas a laghdú faoi 10 % ar a laghad go dtí an 31 Márta 2023. Is féidir leo na bearta iomchuí a roghnú chun an laghdú éilimh sin a bhaint amach, a bhféadfaidh cúiteamh airgeadais a áireamh iontu. Thiocfadh laghdú 1.2 bcm ar an tomhaltas gáis i caitheamh an gheimhridh tríd an éileamh a laghdú le linn buaicuaireanta. Dlúthchuid maidir lenár ngealltanais aeráide faoin gComhaontú Glas don Eoraip a chomhlíonadh is ea an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú.

uasteorainn shealadach ioncaim maidir le táirgeoirí leictreachais ‘infrimeallacha' á moladh ag an gCoimisiún freisin, eadhon teicneolaíochtaí a bhfuil costais níos ísle ag baint leo, amhail foinsí in-athnuaite, fuinneamh núicléach agus lignít, lena soláthraítear leictreachas don eangach ar chostas níos ísle ná an leibhéal praghsanna arna leagan síos ag na táirgeoirí ‘immealacha' is costasaí. Tá ioncam as cuimse déanta ag na táirgeoirí infrimeallacha sin agus tá costais oibriúcháin réasúnta cobhsaí acu, de bharr gur mhéadaigh na gléasraí cumhachta gáis daora an praghas mórdhíola leictreachais a fhaigheann siad. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an uasteorainn ioncaim infrimeallaigh a shocrú ag EUR 180/MWh. Cuirfidh sé sin ar chumas táirgeoirí a gcostais infheistíochta agus oibriúcháin a chumhdach gan dochar a dhéanamh don infheistíocht in acmhainneachtaí nua i gcomhréir lenár spriocanna fuinnimh agus aeráide le haghaidh 2030 agus 2050. Baileoidh rialtais na mBallstát ioncaim os cionn na huasteorann agus úsáidfear iad chun cabhrú le tomhaltóirí fuinnimh a mbillí a laghdú. De mheon na dlúthpháirtíochta, moltar do na Ballstáit a bhfuil leictreachas á thrádáil acu, comhaontuithe déthaobhacha dlúthpháirtíochta a thabhairt i gcrích chun cuid de na hioncaim infrimeallacha arna mbailiú ag an Stát táirgeachta a roinnt chun leas na n-úsáideoirí deiridh sa Bhallstát a bhfuil giniúint íseal leictreachais aige. Tabharfar comhaontuithe den sórt sin i gcrích faoin 1 Nollaig 2022 i gcás ina bhfuil glanallmhairiú leictreachais 100 % ó thír chomharsanachta ag Ballstát.

Ar an tríú dul síos, tá ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach á moladh ag an gCoimisiún ar iarmhéid an bhrabúis arna ghiniúint ó ghníomhaíochtaí in earnálacha na hola, an gháis, an ghuail agus na scaglanna nach gcumhdaítear leis an uasteorainn ioncaim infrimeallaigh. Leis an rannchuidiú sin a bhfuil teorainn ama leis, choinneofaí dreasachtaí infheistíochta don aistriú glas. Bhaileodh na Ballstáit é ó bhrabúis 2022 ina bhfuil méadú os cionn 20 % ar mheánbhrabúis na dtrí bliana roimhe sin. Dhéanfadh na Ballstáit na hioncaim a bhailiú agus iad a atreorú chuig tomhaltóirí fuinnimh, go háirithe chuig teaghlaigh leochaileacha, cuideachtaí atá buailte go dona, agus tionscail dianfhuinnimh. Is féidir leis na Ballstáit tionscadail trasteorann a mhaoiniú freisin i gcomhréir le cuspóirí REPowerEU nó cuid den ioncam a úsáid chun comhmhaoiniú a dhéanamh ar bhearta chun an fhostaíocht a chosaint nó chun infheistíochtaí i bhfoinsí in-athnuaite agus in éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn.

Mar idirghabháil bhreise i rialacha an mhargaidh leictreachais, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin an Bosca Uirlisí um Praghsanna Fuinnimh atá ar fáil a leathnú chun cabhrú le tomhaltóirí. Leis na tograí, cheadófaí praghsanna leictreachais rialáilte faoi bhun leibhéal an chostais den chéad uair , agus mhéadófaí praghsanna rialáilte chun fiontair bheaga agus mheánmhéide a chumhdach freisin. 

Mar a d'fhógair Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen an 7 Meán Fómhair, leanfaidh an Coimisiún de thabhairt faoi bhealaí eile chun praghsanna a laghdú do thomhaltóirí agus tionscail na hEorpa agus chun an brú ar an margadh a mhaolú. Déanfaidh an Coimisiún a phlé leis na Ballstáit a dhoimhniú maidir leis na bealaí is fearr chun praghsanna gáis a laghdú, déanfaidh sé anailís freisin ar uasteorainneacha ar phraghsanna agus cuirfidh sé feabhas ar ról Ardán Fuinnimh an Aontais maidir le comhaontuithe ar phraghas níos ísle le soláthróirí trí chomhcheannach deonach. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair ar uirlisí chun leachtacht ar an margadh d'fhóntais fuinnimh a fheabhsú, agus déanfaidh sé athbhreithniú ar an gCreat Sealadach Géarchéime um Státchabhair chun a chinntiú go leanfaidh sé de chur ar chumas na mBallstát tacaíocht riachtanach agus chomhréireach a chur ar fáil don gheilleagar agus cothrom iomaíochta a chinntiú san am céanna. Ag an gcruinniú Urghnách den Chomhairle Fuinnimh an 9 Meán Fómhair, d'fhormhuinigh Airí Fuinnimh na mBallstát obair leanúnach an Choimisiúin sna réimsí sin.

Cúlra

Tá an Coimisiún ag dul i ngleic leis an tsaincheist maidir leis an ardú ar phraghsanna fuinnimh le bliain anuas, agus chuir na Ballstáit roinnt beart i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta, bearta a chuir an Coimisiún ar fáil tríd an mBosca Uirlisí Praghsanna Fuinnimh a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus a leathnaíodh in Earrach 2022 leis an Teachtaireacht maidir le hidirghabhálacha gearrthéarmacha sa mhargadh agus feabhsuithe fadtéarmacha ar dhearadh an mhargaidh leictreachais agus leis an bPlean REPowerEU. Tá staid an mhargaidh fuinnimh ag dul in olcas go mór ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin agus ós rud é go bhfuil acmhainní fuinnimh á n-úsáid aici mar uirlis troda chun dúmhál a dhéanamh ar an Eoraip, rud a chuir go mór le staid an tsoláthair ghann a bhí ann cheana tar éis phaindéim COVID-19. Mhol an Coimisiún cheana féin oibleagáidí nua íosta stórála gáis agus spriocanna maidir leis an éileamh a laghdú chun an chothromaíocht idir soláthar agus éileamh san Eoraip a éascú, agus ghlac na Ballstáit na tograí sin go tapa roimh an samhradh.

Ó tharla gur lean an Rúis de thionchar a imirt ar sholáthairtí gáis, trí dheireadh a chur le seachadtaí chuig an Eoraip ar chúiseanna nach bhfuil údar leo, d'éirigh na margaí níos doichte agus níos neirbhísí. Tháinig méadú breise ar phraghsanna le linn an tsamhraidh, ina bhfacthas dálaí adhaimsire, arb é an t-athrú aeráide is cúis leo. Bhí tionchar ag triomaigh agus teas foircneach go háirithe ar an leictreachas arna ghiniúint ag hidreachumhacht agus fuinneamh núicléach, rud a laghdaíonn an soláthar a thuilleadh. Is é sin an fáth a bhfuil idirghabháil éigeandála á mholadh ag an gCoimisiún anois, i bhfoirm Rialacháin ón gComhairle atá bunaithe ar Airteagal 122 den Chonradh, sa mhargadh leictreachais, le huirlisí coiteanna Eorpacha chun dul i ngleic le praghsanna arda agus chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí sa chóras idir soláthróirí agus úsáideoirí deiridh an leictreachais, agus feidhmiú foriomlán an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh á chaomhnú san am céanna agus slándáil an tsoláthair rioscaí a chosc.  

Sleachta athfhriotail ó Chomhaltaí Choláiste na gCoimisinéirí

Is é seo a dúirt an tUachtarán Ursula von der Leyen: ‘Tá tionchar ag ionsaí agus ionramháil na Rúise ar mhargaí fuinnimh an domhain mhóir agus na hEorpa, agus ní mór dúinn a bheith diongbháilte inár bhfreagairt. Tá tograí breise á moladh ag an gCoimisiún inniu, ar tograí iad is féidir leis na Ballstáit a ghlacadh agus a chur chun feidhme go tapa, chun an brú ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí a éascú. Leanaimid de sheasamh le chéile i bhfianaise gás a bheith á úsáid ag Putin mar uirlis troda agus de chinntiú go n-íoslaghdóimid an tionchar atá ag praghsanna arda gáis ar ár gcostais leictreachais le linn na tréimhse eisceachtúla seo.'

Seo mar a labhair an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Frans Timmermans: ‘Is freagairt riachtanach iad na bearta sin nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ar an nganntanas soláthair fuinnimh agus ar phraghsanna arda fuinnimh atá ag dul i bhfeidhm ar an Eoraip. Tá an laghdú ar éileamh ríthábhachtach chun go n-éireoidh tríd is tríd leis na bearta sin: laghdaíonn sé billí fuinnimh agus cuidíonn sé deireadh le cumas Putin a acmhainní fuinnimh a úsáid mar uirlis troda, laghdaíonn sé astuithe agus cuidíonn sé leis an margadh fuinnimh a athchothromú. Trí uasteorainn a chur le hioncaim ollmhóra, léireoidh cuideachtaí fuinnimh a bhfuil brabúis thar a bheith ard acu dlúthpháirtíocht lena gcustaiméirí atá ag streachailt.. Mar sin féin, thar aon ní eile, cuireann an ghéarchéim seo chun suntais go bhfuil deireadh le ré na mbreoslaí iontaise saora agus nach mór dúinn dlús a chur leis an aistriú i dtreo fuinneamh in-athnuaite dár gcuid féin.'

Seo mar a labhair an Coimisinéir um Fhuinneamh, Kadri Simson: ‘Tá idirghabháil éigeandála á déanamh againn i ndearadh mhargadh na cumhachta, lena gcuirtear uasteorainn ar ioncaim le haghaidh táirgeoirí leictreachais ar chostas níos ísle agus lena gceadaítear bearta eisceachtúla maidir le rialáil praghsanna do ghnólachtaí agus do theaghlaigh. Leis sin, cuirfear ar chumas na mBallstát na hioncaim a ardú agus a atreorú chuig na daoine atá i ngátar sa tréimhse dheacair seo, gan an bonn a bhaint d'fheidhmiú an mhargaidh san fhadtéarma.'

Seo mar a labhair Paolo Gentiloni, an Coimisinéir um an nGeilleagar: ‘Lenár togra maidir le rannchuidiú dlúthpháirtíochta ó thionscail na mbreoslaí iontaise, cinnteofar go dtabharfar aghaidh ar an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair de mheon na cothroime. Sa tréimhse thar a bheith deacair seo don oiread sin daoine, tá cuideachtaí breosla iontaise ag baint leas as cíosanna thar a bheith ard. Is ríthábhachtach, mar sin, go n-íocfaidh siad a gcion cothrom chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha agus d'earnálacha atá buailte go dona, agus i dtreo ualach na n-infheistíochtaí i bhfoinsí in-athnuaite agus in éifeachtúlacht fuinnimh atá romhainn. I bhfianaise fuinneamh a bheith á úsáid ag Putin mar uirlis troda, ní mór dúinn comhiarracht dlúthpháirtíochta a dhéanamh chun Eoraip níos sláine agus níos inbhuanaithe a thógáil'

Tuilleadh eolais

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh

Ceisteanna agus Freagraí – Meabhrán

Bileog eolais

Aitheasc an Uachtaráin von der Leyen ar Staid an Aontais 2022 

Ráitis tosaigh ón Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Timmermans agus ón gCoimisinéir Simson [beidh fáil air sin níos déanaí]

Sonraí

Dáta foilsithe
14 Meán Fómhair 2022
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn