Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta6 Meán Fómhair 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 7 nóiméad

An Gníomh um Margaí Digiteacha: Tá 6 gheatóir ainmnithe ag an gCoimisiún

Inniu, d'ainmnigh an Coimisiún, den chuid uair, 6 gheatóir láidre, faoin nGníomh um Margaí Digiteacha (DMA) ­ Alphabet, Amazon, Apple, ByteDance, Meta, Microsoft - faoin nGníomh um Margaí Digiteacha (DMA).

San iomlán, ainmníodh 22 croísheirbhís ardáin atá á gcur ar fáil ag geatóirí. Beidh 6 mhí ag na geatóirí anois chun comhlíonadh iomlán na n-oibleagáidí faoin nGníomh um Margaí Digiteacha a chinntiú maidir le gach ceann dá gcroísheirbhísí ardáin ainmnithe.

Faoin nGníomh um Margaí Digiteacha is féidir leis an gCoimisiún Eorpach ardáin dhigiteacha a ainmniú mar ‘gheatóirí' má chuireann siad geata tábhachtach ar fáil idir gnóthlachtaí agus tomhaltóirí i ndáil le croísheirbhísí ardáin. Rinneadh cinntí ainmniúcháin an lae inniu tar éis próiseas athbhreithnithe 45 lá a rinne an Coimisiún tar éis do Alphabet, Amazon, Apple, ByteDance, Meta, Microsoft agus Samsung fógra a thabhairt maidir leis an stádas geatóra a d'fhéadfadh a bheith acu. Go háirithe, bhunaigh an Coimisiún stádas geatóra i ndáil leis na croísheirbhísí ardáin seo a leanas:

Digital Markets Act - visual listing the gatekeepers

San am céanna, chuir an Coimisiún tús le 4 imscrúdú margaidh chun tuilleadh athbhreithnithe ar thíolacthaí Microsoft agus Apple agus maíonn sé, d'ainneoin go gcomhlíonann siad na tairseacha, nach gcáilíonn roinnt dá gcroísheirbhísí ardáin mar gheatóirí:

  • Microsoft: Bing, Edge agus Microsoft Advertising
  • Apple: iMessage

Faoin nGníomh um Margaí Digiteacha, is é is aidhm do na himscrúduithe seo a chinneadh an dtaispeántar go leordhóthanach leis an bhfrisnéis chuí-réasúnaithe a chur na cuideachtaí isteach nár cheart na seirbhísí i gceist a ainmniú. Ba cheart an t-imscrúdú a thabhairt i gcrích laistigh d'uastréimhse 5 mhí.

Ina theannta sin, chuir an Coimisiún tús le himscrúdú margaidh lena na mheas a thuilleadh ar cheart iPadOS Apple a ainmniú mar gheatóir, cé nach gcomhlíontar na tairseacha leis. Faoin nGníomh um Margaí Digiteacha, ba cheart an t-imscrúdú a thabhairt i gcrích laistigh d'uastréimhse 12 mhí.

Ina theannta sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, cé go gcomhlíonann Gmail, Outlook.com agus Samsung Internet Browser na tairseacha faoin nGníomh um Margaí Digiteacha chun cáiliú mar gheatóirí, chuir Alphabet, Microsoft agus Samsung argóintí a bhí cuí-réasúnaithe go leordhóthanach lena léirítear nach gcáilíonn na seirbhísí sin mar gheatóirí do na croísheirbhísí ardáin faoi seach. Dá dheasca sin, chinn an Coimisiún gan Gmail, Outlook.com agus Samsung Internet Browser a ainmniú mar chroísheirbhísí ardáin. Is é a thagann as sin nach n-ainmnítear Samsung mar gheatóir i ndáil le croísheirbhís ardáin ar bith.

Na chéad chéimeanna eile ag geatóirí ainmnithe

Tar éis a n-ainmnithe, tá 6 mhí ag geatóirí anois chun an liosta iomlán ‘déan' agus ‘ná déan' faoin nGníomh um Margaí Digiteacha a chomhlíonadh, rud a fhágann go bhfuil rogha agus saoirse níos mó ag úsáideoirí deiridh agus úsáideoirí gnó úsáid a bhaint as seirbhísí geatóra. Mar sin féin, beidh feidhm ag cuid de na hoibleagáidí ón uair a dhéanfar an t-ainmniúchán, an oibleagáid an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon chomhdhlúthú atá beartaithe. Is faoi na cuideachtaí ainmnithe atá sé comhlíontacht éifeachtach a chinntiú agus a léiriú. Chuige sin, tá 6 mhí acu chun tuarascáil mhionsonraithe maidir le comhlíontacht ina leagfaidh siad amach an chaoi a gcomhlíonfaidh siad gach oibleagáid faoin nGníomh um Margaí Digiteacha.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí sin. I gcás nach gcomhlíonann geatóir na hoibleagáidí a leagtar síos sa Ghníomh um Margaí Digiteacha, is féidir leis an gCoimisiún fíneálacha suas le 10 % de láimhdeachas domhanda iomlán na cuideachta a ghearradh, agus féadfaidh méadú go 20 % a bheith ann i gcás sáruithe a dhéantar arís agus arís eile. I gcás sáruithe córasacha, tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin leigheasanna breise a ghlacadh amhail oibleagáid a chur ar gheatóir gnólacht nó codanna de ghnólacht a dhíol nó toirmeasc a chur ar an ngeatóir seirbhísí breise a éadáil a bhfuil baint acu leis an neamhchomhlíonadh sistéamach.

Amach anseo, d'fhéadfadh níos mó cuideachtaí fógraí a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin nGníomh um Margaí Digiteacha, fógraí a bheadh bunaithe ar fhéinmheasúnú na gcuideachtaí sin maidir leis na tairseacha ábhartha. Sa chomhthéacs sin, coinníonn an Coimisiún plé fiúntach ar bun leis na cuideachtaí ábhartha uile.

Descriptive visual depicting the DMA timeline

Cúlra

Is é is aidhm don Ghníomh um Margaí Digiteacha cosc a chur ar na geatóirí coinníollacha éagóracha a fhorchur ar ghnólachtaí agus ar úsáideoirí deiridh agus oscailteacht a chinntiú maidir le seirbhísí digiteacha tábhachtacha.

In éineacht leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, i mí na Nollag 2020, mhol an Coimisiún an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha freisin chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí diúltacha a eascraíonn as iompraíocht áirithe de chuid na n-ardán ar líne a bhíonn ag gníomhú mar gheatóirí digiteacha mhargadh aonair an Aontais.

Is é is aidhm don Ghníomh um Margaí Digiteacha, a tháinig i bhfeidhm i mí na Samhna 2022 agus a bhfuil feidhm aige ó bhí mí na Bealtaine 2023 ann, margaí inchoimhlinte cothroma a chinntiú san earnáil dhigiteach. Leis an nGníomh, rialaítear na geatóirí, is é sin, ardáin mhóra ar líne a chuireann tairseach thábhachtach ar fáil idir úsáideoirí gnó agus tomhaltóirí, agus a dtugann an seasamh atá acu de chumhacht dóibh bac a chruthú sa gheilleagar digiteach.

Cuideachtaí a chuireann ceann amháin ar a laghad de na deich gcroísheirbhís ardáin ar fáil a shonraítear sa Ghníomh um Margaí Digiteacha, glactar leis gur geatóirí iad má chomhlíonann siad na critéir a liostaítear thíos. Is iad seo a leanas na croísheirbhísí ardáin sin: seirbhísí idirghabhála ar líne amhail aipmhargaí, innill chuardaigh ar líne, seirbhísí líonraithe shóisialta, seirbhísí teachtaireachtaí áirithe, seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, cúntóirí fíorúla, brabhsálaithe gréasáin, seirbhísí néalríomhaireachta, córais oibriúcháin, margaí ar líne, agus seirbhísí fógraíochta. Is féidir an chuideachta chéanna a ainmniú mar gheatóir le haghaidh roinnt croísheirbhísí ardáin.

Tá trí phríomhchritéar chainníochtúla ann lena gcruthaítear an toimhde gur geatóir í cuideachta mar a shainítear sa Ghníomh um Margaí Digiteacha: (i) i gcás ina mbaineann an chuideachta láimhdeachas bliantúil áirithe amach sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus ina gcuireann sí croísheirbhís ardáin ar fáil i dtrí Bhallstát den Aontas ar a laghad; (ii) i gcás ina gcuireann an chuideachta croísheirbhís ardáin ar fáil do níos mó ná 45 mhilliún úsáideoir deiridh gníomhach in aghaidh na míosa, agus iad bunaithe nó lonnaithe san Aontas, agus do bhreis agus 10,000 úsáideoir gnó gníomhach in aghaidh na bliana, agus iad bunaithe san Aontas; agus (iii) i gcás ina bhfuil an dara critéar á chomhlíonadh ag an gcuideachta le 3 bliana anuas.

Leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, sainítear sraith oibleagáidí sonracha a mbeidh ar na geatóirí iad a urramú, lena n-áirítear toirmeasc a chur orthu dul i mbun iompraíocht áirithe a shonraítear i liosta iomlán na rudaí is ceart agus nach ceart a dhéanamh.

Leis an nGníomh um Mhargaí Digiteacha, tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin imscrúduithe margaidh a dhéanamh chun an méid seo a leanas a bhaint amach: (i) cuideachtaí a ainmniú mar gheatóirí ar fhorais cháilíochtúla; (ii) na hoibleagáidí atá ar gheatóirí a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá; (iii) leigheasanna a dhearadh chun dul i ngleic le sáruithe córasacha ar rialacha an Ghnímh um Margaí Digiteacha.

Tuilleadh eolais

Cuirfear leagan neamhrúnda na gcinntí ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ghnímh um Margaí Digiteacha an Choimisiúin a luaithe a réiteofar saincheisteanna rúndachta.

Téacs Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

An Gníomh um Margaí Digiteacha Ceisteanna agus Freagraí 

An Gníomh um Margaí Digiteacha- leathanach fíricí

Maidir le geatóirí

Sonraí

Dáta foilsithe
6 Meán Fómhair 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn