Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta4 Iúil 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 7 nóiméad

Rialacha nua glactha ag an gCoimisiún chun forfheidhmiú níos láidre RGCS a chinntiú i gcásanna trasteorann

Inniu molann an Coimisiún dlí nua chun an comhar idir údaráis cosanta sonraí (ÚCSanna) a chuíchóiriú agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí á fhorfheidhmiú i gcásanna trasteorann.

Data protection visual

Leis an rialachán nua, bunófar rialacha nós imeachta nithiúla do na húdaráis agus RGCS á chur i bhfeidhm acu i gcásanna a dhéanann difear do dhaoine aonair atá lonnaithe i níos mó ná Ballstát amháin. Mar shampla, tabharfar isteach leis oibleagáid ar an bPríomhúdarás Cosanta Sonraí ‘achoimre ar phríomh-shaincheisteanna' a sheoladh chuig a gcontrapháirtithe lena mbaineann, ar achoimre í ina shainaithneofar príomhchodanna an imscrúdaithe agus tuairimí an Phríomhúdaráis i leith an cháis, agus ar an gcaoi sin, beidh sé in ann a thuairimí i dtaca leis a chur in iúl luath. Cuideoidh an togra le heasaontais a laghdú agus éascóidh sé comhthoil i measc na n-údarás ó chéimeanna tosaigh an phróisis.

I gcás daoine aonair, tabharfar soiléiriú sna rialacha maidir leis an méid is gá dóibh a chur isteach agus gearán á dhéanamh acu agus cinnteoidh siad go mbeidh siad rannpháirteach go cuí sa phróiseas. I gcás gnólachtaí, tabharfar soiléiriú leis na rialacha nua maidir lena gcearta próisis chuí nuair a dhéanann ÚCS imscrúdú ar shárú féideartha ar RGCS. Dá bhrí sin, leis na rialacha, beidh réiteach níos tapúla ann ar chásanna, rud a chiallaíonn leigheasanna níos tapúla do dhaoine aonair agus deimhneacht dhlíthiúil níos mó do ghnólachtaí. I gcás na n-údarás cosanta sonraí, déanfaidh na rialacha nua an comhar a éascú agus éifeachtúlacht an fhorfheidhmithe a fheabhsú.

Cé go bhfuil obair ollmhór á déanamh ag na húdaráis neamhspleácha, is mithid dúinn a chinntiú gur féidir linn oibriú níos tapúla agus ar bhealach níos cinntithí. Go háirithe i gcásanna tromchúiseacha ina bhféadfadh a lán íospartach ar fud an Aontais a bheith thíos le haon sárú amháin. Leagtar síos sa togra seo rialacha chun comhar rianúil a chinntiú i measc na n-údarás cosanta sonraí, rud a thacóidh le forfheidhmiú níos fuinniúla, agus a rachaidh chun tairbhe do dhaoine agus do ghnólachtaí araon.

Věra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht

Rialacha nós imeachta a chomhchuibhiú i gcásanna trasteorann

Leis an rialachán nua, cuirtear rialacha mionsonraithe ar fáil chun tacú le feidhmiú rianúil an tsásra comhair agus comhsheasmhachta arna bhunú ag RGCS, lena gcomhchuibhítear rialacha sna réimsí seo a leanas:

  • Cearta na ngearánach: Leis an togra, déantar comhchuibhiú ar na ceanglais maidir le gearán trasteorann a bheith inghlactha, rud a fhágann go mbaintear na bacainní atá ann faoi láthair a thagann ó ÚCSanna de réir rialacha éagsúla. Bunaítear leis cearta coiteanna do ghearánaigh chun éisteacht a fháil i gcásanna ina ndiúltaítear a gcuid gearán go hiomlán nó i bpáirt. I gcásanna ina ndéantar imscrúdú ar ghearán, sonraítear sa togra rialacha chun go mbeidh siad páirteach i gceart sa chás.
  • Cearta na bpáirtithe atá faoi imscrúdú (rialaitheoirí agus próiseálaithe): Leis an togra, tugtar an ceart do na páirtithe atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil ag céimeanna tábhachtacha den nós imeachta, lena n-áirítear le linn díospóidí a bheith á réiteach ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB), agus soiléirítear ann inneachar an chomhaid riaracháin agus cearta rochtana na bpáirtithe ar an gcomhad.
  • Comhar agus réiteach díospóidí a chuíchóiriú: Faoin togra, beidh ÚCSanna in ann a dtuairimí a chur in iúl go luath in imscrúduithe, sub agus úsáid a bhaint as na huirlisí comhair go léir a sholáthraíonn RGCS, amhail imscrúduithe comhpháirteacha agus cúnamh frithpháirteach. Cuirfidh na forálacha sin feabhas ar thionchar ÚCSanna ar chásanna trasteorann, éascóidh siad cothú luath comhdhearcaidh san imscrúdú, agus laghdóidh siad easaontais níos déanaí. Sonraítear sa togra rialacha mionsonraithe chun shásra réitithe díospóidí RGCS a thabhairt chun críche go tapa a éascú, agus soláthraítear sprioc-amanna coiteanna maidir le comhar trasteorann agus réiteach díospóidí.

Tacóidh comhchuibhiú na ngnéithe nós imeachta sin le himscrúduithe a thabhairt chun críche go tráthúil agus le leigheasanna tapa a chur ar fáil do dhaoine aonair.

Cúlra

Mar atá feicthe againn, oibríonn RGCS. Ní dhéanann Rialachán an Choimisiúin difear d'aon ghnéithe substaintiúla de RGCS, amhail cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí, oibleagáidí rialaitheoirí agus próiseálaithe sonraí, ná na forais dhleathacha chun sonraí pearsanta a phróiseáil mar atá leagtha síos ag RGCS. Ó tháinig RGCS i bhfeidhm, cruthaíodh os cionn 2,000 cás ‘ionaid ilfhreastail' i gclár cásanna an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí, agus rinneadh 711 chinneadh deiridh. I gcásanna áirithe, gearradh fíneálacha arbh fhiú na céadta milliún euro iad. Tá an chéad tuarascáil eile maidir le cur i bhfeidhm RGCS le teacht in 2024.

Is iad ÚCSanna náisiúnta neamhspleácha, chomh maith le cúirteanna náisiúnta a dhéanann RGCS a fhorfheidhmiú. I gcásanna a bhaineann le próiseáil a dhéantar i níos mó ná Ballstát amháin nó a dhéanann difear substaintiúil do dhaoine is ábhar do na sonraí i níos mó ná Ballstát amháin, tá feidhm ag córas forfheidhmithe ‘ionad ilfhreastail' RGCS. Ciallaíonn sé sin go ndéanann ÚCS san áit a bhfuil an t-eintiteas atá faoi imscrúdú bunaithe an t-imscrúdú i gcomhar le ÚCSanna eile lena mbaineann. Faoi RGCS, comhoibríonn ÚCSanna chun teacht ar chomhthoil maidir le cur i bhfeidhm RGCS i gcásanna trasteorann. I gcás nach bhfuil ÚCSanna in ann teacht ar chomhthoil, déanann RGCS foráil maidir le réiteach díospóide ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB).

Agus RGCS á fhorfheidhmiú, cuireann ÚCSanna rialacha nós imeachta náisiúnta i bhfeidhm. Ina thuarascáil in 2020 maidir le cur i bhfeidhm RGCS, thug an Coimisiún dá aire go gcuireann difríochtaí nós imeachta arna gcur i bhfeidhm ag ÚCSanna bac ar fheidhmiú rianúil éifeachtach shásraí comhair agus réitigh díospóidí RGCS. I mí Dheireadh Fómhair 2022, sheol an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí ‘mianliosta' chuig an gCoimisiún, ina raibh moltaí chun roinnt gnéithe nós imeachta a chuíchóiriú agus a fheabhsú chun comhar a neartú agus chun cabhrú le leigheas níos tapúla a chur ar fáil do na daoine is ábhar do na sonraí.

Tugann togra an lae inniu aghaidh ar an ionchur ó réimse leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, ionadaithe ón tsochaí shibhialta, ó ghnólachtaí, ón saol acadúil, agus ó lucht dlí, chomh maith leis na Ballstáit. Ó mhí Feabhra go mí an Mhárta 2023, d'fhoilsigh an Coimisiún glao ar fhianaise, agus fuair sé aiseolais ó réimse leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta agus comhlachais tionscail. Thionóil an Coimisiún cruinnithe déthaobhacha freisin maidir leis an togra arna iarraidh, le hionadaithe na sochaí sibhialta, le húdaráis náisiúnta agus le heagraíochtaí ionadaíocha tionscail.

Tuilleadh eolais

Rialachán Nós Imeachta RGCS

Keynote speech by Commissioner McGuinness at the event, "2013–2023: 10 years of the Galway Statement. Celebrating a decade of marine research cooperation along and across the Atlantic Ocean – Our Shared Resource"

Rialachán Nós Imeachta RGCS: Ceisteanna agus Freagraí

Cosaint sonraí san Aontas Eorpach (europa.eu)

Déanann rialacha cosanta sonraí an Aontais saoránaigh a chumhachtú (europa.eu)

‘Mianliosta' an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí lena sainaithnítear nósanna imeachta comhair idir údaráis um chosaint sonraí a d'fhéadfaí a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais

Comóradh cúig bliana an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (europa.eu)

Rialacha nós imeachta a bhaineann le forfheidhmiú an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (europa.eu) a shonrú tuilleadh

Sonraí

Dáta foilsithe
4 Iúil 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn