Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta4 Samhain 2022An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 6 nóiméad

COP27: Iarrann an tAontas ar na Páirtithe uile céimeanna nithiúla a ghlacadh chun an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C

Ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide COP27 atá ag tosú in Sharm el-Sheikh, an Éigipt, iarrfaidh an Coimisiún ar na Páirtithe uile gníomhaíocht phráinneacha dhéanamh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus na gealltanais a thug siad faoi Chomhaontú Pháras agus i gComhshocrú Aeráide Ghlaschú a glacadh anuraidh ag COP26 a urramú.

An 7-8 Samhain, déanfaidh an tUachtarán von der Leyen ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin ag Cruinniú Mullaigh na gCeannairí Domhanda, lena n-osclófar COP27 go hoifigiúil. Ón 14-18 Samhain, beidh an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Frans Timmermans i gceannas ar fhoireann chaibidlíochta an Aontais. Glacfaidh an Coimisinéir um Fhuinneamh, Kadri Simson, an Coimisinéir um an gComhshaol, um Ghnóthaí Muirí agus um Iascach, Virginijus Sinkevičius, agus an Coimisinéir Talmhaíochta, Janusz Wojciechowski páirt freisin in imeachtaí ag COP27.

Glacfaidh an tUachtarán von der Leyen páirt i gCruinniú na gCeannairí amháin maidir le hInfheistíocht a dhéanamh i dTodhchaí an Fhuinnimh ar an dara lá. Tabharfaidh sí Ráiteas Comhpháirteach an Aontais Eorpaigh ag Seisiún Iomlánach in éineacht le hUachtarán na Comhairle Eorpaí. Glacfaidh sí páirt freisin i roinnt imeachtaí agus síneoidh sí dearbhuithe déthaobhacha le roinnt comhpháirtithe, ag díriú go háirithe ar chomhpháirtíochtaí foraoise agus aeráide agus ar an aistriú chuig fuinneamh glan.

Ag COP27, déanfaidh foireann caibidlíochta an Choimisiúin éileamh ar chur chun feidhme na ngealltanas atá ann cheana chun bogadh ó fhocail uaillmhianacha go gníomhaíochtaí nithiúla, lena n-áirítear trí Chlár Oibre um Maolú a ghlacadh chun uaillmhian agus cur chun feidhme an mhaolaithe a mhéadú go práinneach le linn na ndeich mbliana criticiúla seo. Maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, tá an tAontas tiomanta dul chun cinn soiléir a dhéanamh i dtreo na Sprice Domhanda maidir le hOiriúnú. Tá ról ríthábhachtach ag réitigh dhúlra-bhunaithe, mar a léiríodh i gComhshocrú Aeráide Ghlaschú anuraidh, maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a chumasú agus maidir leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú, rud a bheidh ina phríomhábhar ag COP15 maidir leis an mBithéagsúlacht níos déanaí i mbliana. Maidir le ceist an chaillteanais agus an damáiste, féachfaidh an tAontas le réitigh éifeachtacha a fháil chun freastal ar riachtanais éagsúla na dtíortha leochaileacha ar fud an domhain atá ag dul i ngleic le héifeachtaí an athraithe aeráide. Tacaíonn an tAontas le mír oifigiúil ar an gclár oibre maidir le caillteanas agus damáiste a sheachaint, a íoslaghdú agus maidir le haghaidh a thabhairt orthu chun cur ar chumas na bPáirtithe plé a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun rochtain ghasta ar mhaoiniú a éascú agus chun tacaíocht a mhéadú do thíortha agus do phobail leochaileacha. Oibreoimid le tíortha forbartha chun a chinntiú go ndéanfaidh siad an maoiniú don oiriúnú a dhúbailt faoi 2025 i gcomparáid le leibhéil 2019, agus go méadóidh siad ranníocaíochtaí maoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide chun an sprioc bhliantúil $100 billiún ar thug an tAontas Eorpach €23.04 billiún di in 2021 – ranníocaíocht sheasta agus an ranníocaíocht is mó gan amhras – a bhaint amach.

Le linn na comhdhála, déanfaidh an Coimisiún os cionn 125 imeacht eile ar an imeall a óstáil ag Pailliún an Aontais in Sharm el-Sheikh agus ar líne. Leis na himeachtaí sin, tabharfar aghaidh ar raon leathan saincheisteanna a bhaineann leis an aeráid, amhail cosaint na bithéagsúlachta agus athbhunú an dúlra, an tslándáil fuinnimh agus an t-aistriú glas, airgeadas inbhuanaithe, slándáil bia agus uisce, agus taighde agus nuálaíocht. Ós rud é go dtreisíonn cailliúint na bithéagsúlachta agus an t-athrú aeráide a chéile, leagfaidh imeachtaí éagsúla béim freisin ar an nasc idir COP27 agus COP15 atá ar na bacáin a bheidh dírithe ar an mbithéagsúlacht.

Cúlra

Faoi Chomhaontú Pháras 2015, chomhaontaigh 194 thír Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta (NDCanna) a thíolacadh arb ionann iad agus a spriocanna aonair maidir le hastaíochtaí a laghdú. I dteannta a chéile, ba cheart do na NDCanna sin rannchuidiú leis an meánathrú teochta domhanda a choinneáil faoi bhun 2 °C agus chomh gar agus is féidir do 1.5 °C faoi dheireadh an chéid. Tugadh rabhadh i dtuarascálacha 2022 ó Phainéal Idir-Rialtasach na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IPCC) go bhfuil an domhan chun an leibhéal 1.5 °C a bhaint amach laistigh den fiche bliain atá amach romhainn agus nach gcabhródh ach na ciorruithe is déine ar astaíochtaí carbóin as seo amach le tubaiste comhshaoil a chosc. Bheadh éifeachtaí thar a bheith díobhálach ag an leibhéal sin d'ardú teochta, rud a bheadh ina dhúshlán eiseach.

Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le gníomhú ar son na haeráide, agus tá a chuid astaíochtaí gás ceaptha teasa laghdaithe cheana faoi níos mó ná ceathrú aige ó bhí 1990 ann cé go bhfuil fás níos mó ná 60 % tagtha ar a gheilleagar le linn na tréimhse céanna. Leis an gComhaontú Glas don Eoraip a cuireadh i láthair i mí na Nollag 2019, d'ardaigh an tAontas a uaillmhian aeráide trí ghealltanas a thabhairt neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050. Bhí an cuspóir sin ceangailteach ó thaobh dlí de le glacadh agus teacht i bhfeidhm an Dlí Aeráide Eorpaigh, i mí Iúil 2021. Leagtar amach sprioc idirmheánach sa Dlí Aeráide freisin chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Cuireadh an sprioc 2030 sin in iúl do UNFCCC i mí na Nollag 2020 mar NDC an Aontais faoi Chomhaontú Pháras. In 2021, chuir an tAontas pacáiste tograí i láthair chun go mbeidh a bheartais aeráide, fuinnimh, úsáide talún, iompair agus chánachais oiriúnach chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030. Thángthas ar an gcéad chomhaontú maidir le gluaisteáin agus veaineanna astaíochtaí nialasacha an 27 Deireadh Fómhair. Tabharfaidh an tAontas a NDC cothrom le dáta, de réir mar is iomchuí, a luaithe is féidir tar éis ghlacadh na dtograí sin go léir.  

Tá an maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide ríthábhachtach chun tacú le pobail leochaileacha chun iad féin a chosaint ar thionchair an athraithe aeráide agus chun tacú le fás eacnamaíoch inbhuanaithe. Tá gealltanas tugtha ag tíortha forbartha $100 billiún san iomlán de mhaoiniú idirnáisiúnta don troid i gcoinne an athraithe aeráide a shlógadh in aghaidh na bliana ó 2020 go 2025 chun cabhrú leis na tíortha is leochailí agus leis na stáit oileánacha bheaga go háirithe ina n-iarrachtaí maidir le maolú agus oiriúnú. Is é an tAontas Eorpach an deontóir is mó le rannchuidiú atá ag dul i méid de réir a chéile go thart ar cheathrú den sprioc. Mar sin féin, ní mór do thíortha eile is deontóirí dlús a chur lena n-iarrachtaí agus dul i ngleic leis an easnamh atá ann faoi láthair.

Tuilleadh eolais

Ceisteanna agus freagraí maidir leis an Aontas Eorpach ag COP27

Clár maidir leis an Aontas Eorpach ag Imeachtaí COP27 ar an Imeall

Bileog eolais maidir le ranníocaíocht Fhoireann na hEorpa le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide

Bileog eolais maidir le taighde agus nuálaíocht an Aontais maidir le gníomhú ar son na haeráide

Sonraí

Dáta foilsithe
4 Samhain 2022
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn