Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta18 Meitheamh 2021Am léitheoireachta: 6 nóiméad

In aghaidh trustaí: Chuir an Coimisiún Ráiteas Agóidí chuig Insurance Ireland mar gur chuir sé srian leis an rochtain ar chóras comhroinnte sonraí

Chuir an Coimisiún Insurance Ireland, comhlachas d'árachóirí Éireannacha, ar an eolas faoina réamhdhearcadh gur sháraigh sé rialacha an Aontais in aghaidh trustaí trí shrian a chur leis an iomaíocht i margadh mótarárachais na hÉireann.

Vice President Margrethe Vestager

Níl an Coimisiún sásta le coinníollacha áirithe maidir le rochtain ar ardán InsuranceLink, córas comhroinnte sonraí, arb é Insurance Ireland a riarann é. Measann an Coimisiún gur chuir Insurance Ireland moill gan chúis ar rochtain cuideachtaí a raibh leas dlisteanach acu i mballraíocht sa chóras nó gur dhiúltaigh sé de facto rochtain a thabhairt dóibh, agus go bhfuil baic ann fós arbh fhéidir go ndéanfaidís difear do chuideachtaí a bheadh ag iarraidh dul isteach i margadh mótarárachais na hÉireann.

Seo mar a labhair Margrethe Vestager, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin a bhfuil na beartais iomaíochta faoina cúram: ‘Costas mór i mbuiséad teaghlaigh is ea an mótarárachas. Tá an rochtain ar shonraí ríthábhachtach d'árachóirí le gur féidir leo an riosca atá i gceist a mheas agus coinníollacha conartha iomaíocha a thairiscint do chustaiméirí. Tá amhras orainn go bhfuil míbhuntáiste iomaíochta ar árachóirí áirithe agus a ngníomhairí mar gur dhiúltaigh Insurance Ireland rochtain ar a chóras comhroinnte sonraí, lena dtiomsaítear faisnéis luachmhar faoi éilimh árachais, nó gur dhiúltaigh sé rochtain a thabhairt dóibh. Dá thoradh sin coisceadh gníomhairí nua ar dhul isteach sa mhargadh go hiomaíoch agus, dá bhrí sin, ba lú an rogha polasaithe mótarárachais ar phraghsanna iomaíocha a bhí le fáil ag tiománaithe na hÉireann. Tá sé tábhachtach go mbeidh rochtain neamh‑idirdhealaitheach ar chórais comhroinnte sonraí chun go gcothófar iomaíocht i margaí atá ag brath ar shonraí.

Ráiteas Agóidí maidir le coinníollacha Insurance Ireland maidir le rochtain ar InsuranceLink.

Is comhlachas de chuideachtaí atá gníomhach san earnáil árachais in Éirinn é Insurance Ireland agus cumhdaíonn sé 90 % den mhargadh árachais mótarfheithiclí. Riarann Insurance Ireland InsuranceLink, comhthiomsú sonraí i ndáil le héilimh árachais neamhshaoil agus saoráid lena bhféadann úsáideoirí InsuranceLink sonraí áirithe i ndáil le héilimh den chineál sin a iarraidh. Socraíonn InsuranceLink, chomh maith leis sin, na coinníollacha maidir le rochtain ar InsuranceLink. Cuireann InsuranceLink ar a gcumas dá úsáideoirí – cuideachtaí a thairgeann árachas mótarfheithiclí – riosca a mheas níos fearr agus calaois is féidir a bheith ann a bhrath agus iad féin a chosaint uirthi.

Léiríonn réamhthorthaí an Choimisiúin gur chuir Insurance Ireland moill gan chúis ar rochtain árachóirí áirithe agus a ngníomhairí ar InsuranceLink nó gur dhiúltaigh sé de facto rochtain a thabhairt dóibh. Ó bhí 2009 ann, ar a laghad, go dtí an lá inniu, tá an rochtain nasctha le ballraíocht sa chomhlachas. Dá bhrí sin, ní mór d'iarratasóirí, i dtosach báire, a bheith incháilithe do bhallraíocht, na critéir bhallraíochta a chomhlíonadh agus dul faoi phróiseas iarratais dothuartha. Le roinnt blianta anuas, bhí cineálacha áirithe árachóirí agus a ngníomhairí neamh-incháilithe do bhallraíocht agus, dá bhrí sin, diúltaíodh rochtain a thabhairt dóibh. Cuireadh moill ar rochtain cuideachtaí áirithe ar feadh roinnt blianta de bharr na gcritéir maidir le ballraíocht éigeantach.

Is é réamhdhearcadh an Choimisiúin, rud a bhfuil achoimre air sa Ráiteas Agóidí uaidh, gurb amhlaidh, de bharr nach bhfuil rochtain ag cuideachtaí áirithe ar InsuranceLink, atá míbhuntáiste orthu i margadh árachais mótarfheithiclí na hÉireann i gcomparáid le cuideachtaí a bhfuil rochtain acu ar an mbunachar sonraí. Bíonn drochthionchar aige sin ar chostais, ar an gcáilíocht seirbhíse agus ar phraghsáil. De bhreis air sin, is bacainn é ar chuideachtaí a dhul isteach sa mhargadh agus, dá bharr sin, laghdaíonn sé an dóchúlacht go mbeidh praghsanna níos iomaíche ann agus rogha soláthróirí níos leithne. Chomh maith leis sin, imríonn an easpa rochtana ar shonraí ábhartha atá in InsuranceLink tionchar ar an trádáil trasteorann idir na Ballstáit, sa chaoi gur féidir go ndéanfar an Margadh Aonair a dheighilt.

Dá ndeimhneofaí sin, bheadh sé ina shárú ar Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ní réamhbhreith ar thoradh imscrúdaithe é Ráiteas Agóidí a sheoladh.

An cúlra le socruithe i leith comhthiomsú sonraí agus comhroinnt sonraí

De réir an dearaidh atá orthu, is féidir go gcuirfidh socruithe i leith comhroinnt sonraí le feidhmiú éifeachtúil margaí árachais. I ré seo an digitithe agus an spleáchais ar shonraí, is féidir go gcuirfidh socruithe i leith comhthiomsú agus comhroinnt sonraí le hiomaíocht éifeachtach in earnálacha eile chomh maith. Dá bhrí sin, tá tábhacht lena chinntiú go mbeidh socruithe den chineál sin i gcomhréir leis na rialacha iomaíochta. Tá na prionsabail sin léirithe sa straitéis Eorpach maidir le sonraí. D'fhógair an Coimisiún le déanaí go bhfuil sé ar intinn aige treoir a chur sa treochlár um an measúnú tionchair ar an athbhreithniú ar na Treoirlínte um Infheidhmeacht Airteagal 101 CFAE maidir le Comhaontaithe um Chomhar Cothrománach, treoir a bheadh ina cúnamh do pháirtithe leasmhara agus iad ag déanamh féinmheasúnú ar shocruithe i leith comhthiomsú sonraí agus comhroinnt sonraí.

An cúlra leis an nós imeachta

Le hAirteagal 101 CFAE, toirmisctear comhaontuithe frithiomaíocha agus cinntí de chuid comhlachas gnóthas lena gcoisctear, lena sriantar nó lena saobhtar iomaíocht laistigh de Mhargadh Aonair an Aontais Eorpaigh.  Tá cur chun feidhme na forála sin sainithe sa Rialachán in aghaidh Trustaí (Rialachán Uimh. 1/2003 ón gComhairle), Rialachán ar féidir leis na húdaráis inniúla náisiúnta é a chur i bhfeidhm freisin.

Chuir an Coimisiún tús leis an imscrúdú domhain ar chóras comhroinnte sonraí Insurance Ireland ar an 14 Bealtaine 2019.

Is céim fhoirmiúil é Ráiteas Agóidí in imscrúduithe an Choimisiúin ar sháruithe amhrasta ar rialacha an Aontais in aghaidh trustaí. Cuireann an Coimisiún na páirtithe lena mbaineann ar an eolas i scríbhinn maidir leis na hagóidí atá á ndéanamh ina n‑aghaidh. Is féidir leo siúd ar seoladh an ráiteas chucu scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid i gcomhad imscrúdaithe an Choimisiúin, freagra a thabhairt i scríbhinn agus éisteacht ó bhéal a iarraidh chun a mbarúlacha faoin gcás a chur i láthair os comhair ionadaithe ón gCoimisiún agus ó na húdaráis inniúla náisiúnta. Ní réamhbhreith ar thoradh imscrúdaithe é tús a chur le himscrúdú foirmiúil in aghaidh trustaí agus Ráiteas Agóidí a sheoladh.

Níl aon sprioc‑am dlíthiúil le himscrúdú in aghaidh trustaí a thabhairt chun críche. Bíonn fad imscrúdaithe in aghaidh trustaí ag brath ar thosca éagsúla, amhail a chastacht atá an cás, a mhéid a chomhoibríonn na gnóthais lena mbaineann leis an gCoimisiún agus an leas a bhaintear as na cearta cosanta.

Tá tuilleadh eolais faoin imscrúdú le fáil ar shuíomh gréasáin iomaíochta an Choimisiún, sa chlár cásanna poiblí faoin gcásuimhir AT.40511.

Sonraí

Dáta foilsithe
18 Meitheamh 2021