Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta26 Eanáir 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 6 nóiméad

Tá an Coimisiún chun sé Bhallstát a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais toisc nár chuir siad cosc ar speicis choimhthíocha ionracha a dhéanann dochar do dhúlra na hEorpa

Chinn an Coimisiún inniu an Bhulgáir, Éire, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, agus an Phortaingéil a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh toisc nár chuir siad chun feidhme forálacha éagsúla de Rialachán 1143/2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (an Rialachán maidir le Speicis Choimhthíocha Ionracha nó Rialachán IAS).

Invasive species: water hyacinth

Is é atá i speicis choimhthíocha ionracha plandaí agus ainmhithe a thugtar isteach de thimpiste nó d'aon ghnó i limistéar nach mbíonn siad inti de ghnáth. 

Cosc a chur ar dhíobháil do bhithéagsúlacht na hEorpa

Tá speicis choimhthíocha ionracha ar cheann de na cúig mhórchúis le cailliúint na bithéagsúlachta san Eoraip agus ar fud an domhain. Is é atá sna speicis sin plandaí agus ainmhithe a thugtar isteach de thimpiste nó d'aon ghnó, de thoradh ar idirghabháil an duine, i dtimpeallacht nádúrtha nach mbíonn siad inti de ghnáth. Is bagairt mhór iad ar phlandaí agus ainmhithe dúchasacha san Eoraip, agus déanann siad damáiste do gheilleagar na hEorpa a meastar luach EUR 12 bhilliún in aghaidh na bliana a bheith leis. Aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a chruthaíonn siad, is gné thábhachtach é sin d'aidhm an Aontais stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta, mar a chuirtear in iúl sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030.

Áirítear i Rialachán IAS bearta atá le déanamh ar fud an Aontais i ndáil le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas. Ní dhearna na sé Bhallstát plean gníomhaíochta (nó sraith pleananna gníomhaíochta) a chur ar bun, a chur chun feidhme ná a chur in iúl don Choimisiún chun aghaidh a thabhairt ar na conairí is tábhachtaí maidir le tabhairt isteach agus leathadh na speiceas coimhthíoch ionrach sin. Ina theannta sin, níl córas faireachais ar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas curtha ar bun ag an mBulgáir ná ag an nGréig go fóill, ná níl a leithéid curtha san áireamh acu sa chóras atá acu faoi láthair, cé gurbh é mí Eanáir 2018 an sprioc-am a bhí ann chuige sin. Thairis sin, níl na struchtúir i bhfeidhm ag an nGréig chun na rialuithe oifigiúla is gá a dhéanamh ionas nach dtabharfar speiceas coimhthíoch ionrach isteach d'aon ghnó. 

Gníomhaíocht forfheidhmiúcháin an Choimisiún

Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún litreacha fógra foirmiúla chuig 18 mBallstát i mí an Mheithimh 2021 (an Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic), agus ina dhiaidh sin tuairimí réasúnaithe chuig 15 díobh sin (an Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, Éire, an Ghréig, an Fhrainc, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic) i mí Feabhra 2022. Ó shin i leith, tá 11 Bhallstát tar éis a n-oibleagáidí a chomhlíonadh agus glacfaidh ceann acu na céimeanna atá in easnamh go pras. Cé go ndearnadh roinnt dul chun cinn, áfach, níor thug na sé Bhallstát eile (an Bhulgáir, an Ghréig, Éire, an Iodáil, an Laitvia agus an Phortaingéil) aghaidh iomlán ar na casaoidí. Measann an Coimisiún go bhfuil na hiarrachtaí a rinne údaráis na sé Bhallstát sin go dtí seo míshásúil agus nach bhfuil siad leormhaith agus dá bhrí sin, tá siad á gcur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh aige.

Cúlra

Tháinig Rialachán IAS i bhfeidhm an 1 Eanáir 2015 agus díríonn sé ar na speicis a meastar gur ‘ábhar imní don Aontas' iad. Tá 88 speiceas ar an liosta sin faoi láthair, mar shampla plandaí ar nós na hiasainte uisce agus ainmhithe ar nós na cornfhoiche Áisí nó an racúin, a bhfuil gá le gníomhaíocht ina leith ar leibhéal na hEorpa. Tá sé d'oibleagáid ar na Ballstáit bearta éifeachtacha a dhéanamh chun cosc a chur ar thabhairt isteach na speiceas sin san Aontas, bíodh sé sin d'aon ghnó nó de thaisme, chun iad a bhrath agus chun bearta díothaithe tapa a dhéanamh nuair a bheidh an t-ionradh fós ina thús nó, má tá na speicis bunaithe go forleathan cheana féin, bearta a dhéanamh chun iad a dhíothú, a smachtú nó gan ligean dóibh leathadh a thuilleadh.

Tá 12 000 speiceas coimhthíoch ar a laghad i gcomhshaol na hEorpa, agus is speicis ionracha 10-15 % acu. Is féidir le speicis choimhthíocha ionracha a bheith ina gcúis le díothú áitiúil na speiceas dúchasach, mar shampla trí iomaíocht ar acmhainní teoranta ar nós an bhia nó na ngnáthóg, tríd an gcrosphórú nó trí scaipeadh na ngalar. Tarlaíonn go n-athraíonn siad feidhmiú éiceachóras iomlán sa chaoi gur baol don chumas atá iontu seirbhísí luachmhara a chur ar fáil, ar nós pailniú, rialú uisce nó rialúchán tuilte. I gcás na cornfhoiche Áisí, mar shampla, speiceas a tugadh isteach san Eoraip de thimpiste in 2005, creachann sí nead na mbeach meala dúchasach,
laghdaíonn sí bithéagsúlacht na bhfeithidí dúchasacha go háitiúil agus imríonn sí tionchar ar na seirbhísí pailnithe go ginearálta.

Is minic a imríonn na speicis choimhthíocha ionracha tionchair eacnamaíocha mhóra, nó laghdaítear barra na talmhaíochta, na foraoiseachta agus an iascaigh. An smugairle cíorach Meiriceánach, mar shampla, speiceas a tugadh isteach sa Mhuir Dhubh de thimpiste, is é ba chúis le laghdú géar ar 26 stoc éisc thráchtála sa Mhuir Dhubh, lena n-áirítear an t-ainseabhaí agus an ronnach Seapánach. Tarlaíonn go ndéanann na speicis ionracha damáiste don bhonneagar, go gcuireann siad bac ar an iompar, nó go laghdaíonn siad an fháil ar an uisce trí uiscebhealaí a bhlocáil nó píopaí uisce tionsclaíocha a phlúchadh.

Is féidir leis na speicis choimhthíocha ionracha a bheith ina bhfadhb mhór do shláinte an duine freisin, agus iad ina gcúis le hailléirgí agus fadhbanna craicinn tromchúiseacha (e.g. dónna arb é an feabhrán capaill is cúis leo) agus is veicteoirí iad le haghaidh pataiginí agus galair chontúirteacha (e.g. traschuireann na racúin galair chuig ainmhithe agus daoine).

Sa chomhthéacs sin, is infheistíocht riachtanach é beart coisctheach, atá faoi réir chinntí an lae inniu maidir le tarchur chuig an gCúirt, ós rud é go bhfuil sé i bhfad níos éifeachtaí agus níos saoire teacht isteach na speiceas ionrach a chosc ná aghaidh a thabhairt ar an díobháil, agus í a mhaolú, nuair a bheidh siad forleathan.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint maidir le speicis choimhthíocha ionracha — Feabhra 2022

Bunachar sonraí na gcinntí maidir le sárú

Nós imeachta an Aontais um sháruithe

Nasc chuig an bpacáiste maidir le sáruithe, mí Eanáir 2023

Sonraí

Dáta foilsithe
26 Eanáir 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn