Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta13 Márta 2024An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Tá cinneadh déanta ag an gCoimisiún ÉIRE a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an AE toisc go bhfuil ag teip uirthi a cuid portach móna a chosaint

Rinne an Coimisiún cinneadh inniu Éire a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh toisc go bhfuil ag teip uirthi an Treoir maidir le Gnáthóga a chur i bhfeidhm chun láithreáin atá ainmnithe mar ghnáthóga portaigh ardaithe agus bratphortaigh a chosaint ar bhaint móna.

Bogland, Ireland

Rinne an Coimisiún cinneadh inniu Éire (INFR(2010)2161) a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh toisc go bhfuil ag teip uirthi an Treoir maidir le Gnáthóga (Treoir 92/43/CEE) a chur i bhfeidhm chun láithreáin atá ainmnithe mar ghnáthóga portaigh ardaithe agus bratphortaigh a chosaint ar bhaint móna.

Leis an Treoir maidir le Gnáthóga, ceanglaítear ar na Ballstáit a ngnáthóga nádúrtha is luachmhaire a ainmniú agus iad a chosaint ar ghníomhaíochtaí díobhálacha. Tá na láithreáin sin in Éirinn á ndíghrádú i gcónaí trí ghníomhaíochtaí draenála agus bainte móna, agus ní leor an ghníomhaíocht atá á déanamh chun na láithreáin a athbhunú. Is teophointí bithéagsúlachta iad na limistéir sin a bhfuil speicis thábhachtacha feithidí agus éan iontu. Mar gheall ar a dtréithe uathúla, déantar iad a chatagóiriú mar ghnáthóga ‘tosaíochta' faoin Treoir. Is linnte carbóin ríthábhachtacha iad portaigh mhóna freisin nuair a bhíonn siad sláintiúil, agus measadh i dtuarascáil de chuid na Náisiún Aontaithe go n-astaítear as tailte portaigh díghrádaithe na hÉireann 21.5 milliún tona de choibhéis CO2 in aghaidh na bliana.

Sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig Éireann i mí Eanáir 2011, agus thug sé tuairim réasúnaithe ina dhiaidh sin i mí an Mheithimh 2011. D'ainneoin dul chun cinn éigin, níl aghaidh tugtha go hiomlán ag údaráis na hÉireann ar na heasnaimh. Mar shampla, cé go bhfuil roinnt oibre athbhunaithe déanta ar láithreáin phortaigh ardaithe, níl aon ghníomhaíocht déanta maidir le láithreáin bhratphortaigh, agus níl córas éifeachtach rialála curtha i bhfeidhm ag Éirinn chun na láithreáin phortaigh uathúla sin a chosaint. Dá bhrí sin, sheol an Coimisiún tuairim réasúnaithe eile i mí Mheán Fómhair 2022. Measann an Coimisiún nach leor na hiarrachtaí atá déanta ag údaráis na hÉireann go dtí seo, agus dá bhrí sin, tá Éire á hatreorú aige chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Cúlra

Léiríonn an Comhaontú Glas don Eoraip agus an Straitéis Bhithéagsúlachta le haghaidh 2030 go bhfuil sé ríthábhachtach don Aontas stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta tríd an mbithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú. Tá cuid de na láithreáin portaigh ardaithe gníomhacha is uathúla san Aontas suite in Éirinn, chomh maith le limistéir mhóra de bhratphortach atá gníomhach fós.

Cosaint agus athbhunú na bportach sin, d'fhéadfadh sé cabhrú le hÉirinn a spriocanna maidir leis an athrú aeráide a bhaint amach, ní hamháin trí mhóin shláintiúil a choinneáil sa talamh ach freisin trí astaíochtaí a sheachaint le linn do mhóin a bheith á dó mar bhreosla. Cé go mbíodh móin á baint de láimh ag teaghlaigh san am ata thart, is trí innealra a dhéantar an bhaint sin inniu, rud a dhéanann damáiste breise do struchtúr na láithreán sin. Mar thoradh ar thochailt agus draenáil, baintear an bonn go bunúsach dá hidreolaíocht, rud a fhágann go bhfuil sé dúshlánach iad a athbhunú. Ní mór d'Éirinn dlús a chur lena hiarrachtaí chun innealra bainte móna a bhaint de na láithreáin sin sula mbeidh an t-athbhunú dodhéanta de dheasca an damáiste atá déanta.

Tuilleadh eolais

Nós imeachta an Aontais um shárú

Bunachar sonraí na gcinntí maidir le sárú 

Nasc do phacáiste sáruithe mhí an Mhárta 2024

Nós imeachta um sháruithe maidir le hÉirinn (INFR(2010)2161)

Léarscáil idirghníomhach de sháruithe comhshaoil

 

Sonraí

Dáta foilsithe
13 Márta 2024
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn