Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta15 Márta 2024An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 13 nóiméad

Athbhreithniú spriocdhírithe ar an gComhbheartas Talmhaíochta molta ag an gCoimisiún chun tacú le feirmeoirí an Aontais

Agus é ag comhlíonadh a thiomanta atá sé an t-ualach riaracháin ar fheirmeoirí an Aontais a mhaolú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach inniu athbhreithniú a dhéanamh arfhorálacha áirithe den Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT), arb é is aidhm dóibh simplithe a chur ar fáil agus, ag an am céanna,beartas láidir, inbhuanaithe agus iomaíoch a choinneáilar bun le haghaidh thalmhaíocht agus bhia an Aontais.

Is é is aidhm do na tograí sin, a bhaineann le coinníollacht agus le Pleananna Straitéiseacha CBT, an t-ualach a bhaineann le rialuithe ar fheirmeoirí an Aontais a laghdú, agus níos mó solúbthachta a thabhairt dóibh chun coinníollachtaí comhshaoil áirithe a chomhlíonadh. Bainfidh riaracháin náisiúnta tairbhe freisin as níos mó solúbthachta chun caighdeáin áirithe a chur i bhfeidhm.

Is freagairt dhíreach é togra reachtach an lae inniu ar na céadta iarratas a fhaightear ó eagraíochtaí ionadaíocha feirmeoirí agus ó na Ballstáit,agus comhlánaíonn sé gníomhaíochtaí gearrthéarmacha an Choimisiúin atá ar siúl cheana féin chun an t-ualach riaracháin ar fheirmeoirí a laghdú.

Tá an chothromaíocht cheart sa togra idir an gá atá le ról CBT a choinneáil i ndáil le tacú le haistriú thalmhaíocht na hEorpa chuig feirmeoireacht níos inbhuanaithe, ionchais na bhfeirmeoirí agus na mBallstát, agus an cuspóir chun teacht ar chomhaontú go tapa idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle.

Tá sé calabraithe go cúramach agus spriocdhírithe chun ardleibhéal uaillmhéine comhshaoil agus aeráide a choinneáil sa CBT reatha.

Chun freagairt do na hábhair imní uile a cuireadh in iúl le roinnt seachtainí anuas, tá páipéar machnaimh á sheoladh ag an gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa ina leagtar amach roinnt beart chun feabhas a chur ar sheasamh na bhfeirmeoirí i slabhra an tsoláthair bia. Pléifearan liosta sin de ghníomhaíochtaí féideartha leis na hairí talmhaíochta ag an gcéad chruinniú eile de chuid na Comhairle.

Déanann pacáiste tacaíochta an lae inniu d'fheirmeoirí an Aontais beart de réir a bhriathair maidir leis na conclúidí deireanacha ón gComhairle Eorpach inar iarradh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair earnáil talmhaíochta an Aontais.

Seo mar a labhair Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh:

“Tá gníomhaíocht láidir ghasta á déanamh ag an gCoimisiún chun tacú lenár bhfeirmeoirí tráth a bhfuil siad ag déileáil leis an iliomad dúshlán agus ábhar imní. Cuireann moltaí an lae inniu — a cuireadh i dtoll a chéile i ndlúthchomhar le feirmeoirí, príomhpháirtithe leasmhara, ár mBallstáit agus Feisirí Eorpacha — solúbthacht spriocdhírithe ar fáil chun cabhrú le feirmeoirí a gcuid oibre ríthábhachtach a dhéanamh le muinín agus cinnteacht níos fearr. Tá teachtaireacht shoiléir á cur in iúl againn go dtéann an beartas talmhaíochta in oiriúint do réaltachtaí atá ag athrú agus, ag an am céanna, go bhfuil sé dírithe ar an bpríomhthosaíocht maidir leis an gcomhshaol a chosaint agus oiriúnú don athrú aeráide. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag seasamh go diongbháilte lenár bhfeirmeoirí, feirmeoirí a choinníonn slándáil bia an Aontais agus a fhónann ag túslíne ár ngníomhaíochta aeráide agus comhshaoil.”

Coinníollachtaí a chur in oiriúint do réaltachtaí nua

Sa chéad bhliain de chur chun feidhme CBT reatha (2023-2027), bhí dúshláin roimh fheirmeoirí an Aontais cloí go hiomlán le cuid de na caighdeáin a théann chun tairbhe don chomhshaol agus don aeráid ar a dtugtar “dálaí maithe talmhaíochta agus comhshaoil” (GAECanna). Ós rud é go bhfuil formhór na n-íocaíochtaí CBT a fhaigheann feirmeoirí nasctha leis an tacar de naoi gcaighdeán sin, tagraítear dóibh freisin mar choinníollachtaí.

Dá bhrí sin, molann an Coimisiún athbhreithniú spriocdhírithe a dhéanamh ar choinníollachtaí áirithe sa Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha CBT. Baineann an t-athbhreithniú leis na coinníollachtaí seo a leanas:

  • GAEC 8 maidir le gnéithe neamhtháirgiúla: Beidh ar fheirmeoirí anAontais gnéithe tírdhreacha atá ar a dtalamh cheana féin a choinneáil ach ní bheidh oibleagáid orthu a thuilleadh cuid íosta dá dtalamh arúil a thiomnú do limistéir neamhtháirgiúla, amhail talamh branair. Ina ionad sin, féadfaidh siad rogha a dhéanamh, ar bhonn deonach, sciar dá dtalamh arúil a choinneáil neamhtháirgiúil — nó gnéithe tírdhreacha nua a bhunú (amhail fálta nó crainn) — agus ar an gcaoi sin tacaíocht airgeadais bhreise a fháil trí éiciscéim a bheidh ar na Ballstáit uile a thairiscint ina bPleananna Straitéiseacha CBT. Déanfar feirmeoirí uile an Aontais a dhreasú chun limistéir neamhtháirgiúla atá tairbheach don bhithéagsúlacht a choinneáil gan eagla go gcaillfear ioncam.
  • GAEC 7 maidir le huainíocht barr: Beidh feirmeoirí an Aontais in ann an ceanglas sin a chomhlíonadh trí rogha a dhéanamh a mbarr a rothlú nó a éagsúlú, ag brath ar na dálaí atá rompu agus má chinneann a dtír an rogha maidir le héagsúlú barr a chur san áireamh ina bPlean Straitéiseach CBT. Leis an tsolúbthacht chun éagsúlú barr a chur i gcrích in ionad uainíocht na mbarr amháin, beidh sé níos éasca d'fheirmeoirí a ndéanann triomach rialta nó báisteach iomarcach difear dóibh an ceanglas sin a chomhlíonadh.
  • DRTC 6 maidir le cumhdach ithreach le linn tréimhsí íogaire: Beidh i bhfad níos mó solúbthachta ag na Ballstáit maidir leis an méid a shainmhíníonn siad mar thréimhsí íogaire a shocrú, agus maidir leis na cleachtais a cheadaítear chun an ceanglas sin a chomhlíonadh, i bhfianaise a ndálaí náisiúnta agus réigiúnacha, agus i gcomhthéacs na hinathraitheachta aimsire atá ag dul i méid.

I dteannta na n-athruithe sonracha sin, molann an Coimisiún go bhféadfaidh na Ballstáit barra, cineálacha ithreach nó córais feirmeoireachta áirithe a dhíolmhú ó cheanglais a chomhlíonadh maidir le curaíocht, clúdach ithreach agus uainíocht/éagsúlú barr (GAECS 5, 6, 7 faoi seach). D'fhéadfadh díolúintí spriocdhírithe a bheith ann freisin chun treabhadh a cheadú chun féarthailte buana a athbhunú i láithreáin Natura 2000 i gcás ina ndéantar damáiste dó mar gheall ar chreachadóirí nó speicis ionracha (GAEC 9). Féadfarna díolúintí sin a shocrú i bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh thréimhse iomlán CBT. Níor cheart iad a bheith teoranta ó thaobh limistéir de agus níor cheart iad a bhunú ach amháin i gcás ina bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sonracha. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach athbhreithniú ar na leasuithe is gá chun na díolúintí a bhailíochtú agus chun comhsheasmhacht le cuspóirí comhshaoil foriomlána na bPleananna a choinneáil ar bun.

I gcásanna adhaimsire a chuireann cosc ar fheirmeoirí oibriú i gceart agus ceanglais GAEC a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit maoluithe sealadacha a thabhairt isteach freisin. Ba cheartna maoluithe sin a bheith teoranta ó thaobh ama de agus níor cheart feidhm a bheith acu ach amháin maidir leis na tairbhithe dá ndéantar difear.

Chun a chinntiú gur féidir le tíortha an Aontais a bPleananna Straitéiseacha CBT a chur in oiriúint níos minice do dhálaí athraitheacha, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún líon na leasuithe a cheadaítear gach bliain a dhúbailt. Ní mór aon chleachtadh simpliúcháin rathúil a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na riaracháin náisiúnta.

Agus ar deireadh, molann an Coimisiún feirmeacha beaga faoi bhun 10 heicteár a dhíolmhú ó rialuithe agus ó phionóis a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas coinníollachta. Laghdóidh sé sin go suntasach an t-ualach riaracháin a bhaineann le rialuithe d'fheirmeoirí beaga arb ionann iad agus 65 % de thairbhithe CBT.

Leithdháiltear 32 % de bhuiséad iomlán CBT (thart ar EUR 98 mbilliún) sna Pleananna Straitéiseacha faoi CBT ar ghníomhaíochtaí deonacha lena gcuirtear chun cinn na cuspóirí comhshaoil, aeráide agus leasa ainmhithe. Leis na hathruithe sin atá beartaithe, coinnítear an buiséad sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus cuirtear solúbthacht bhreise ar fáil chun cuspóirí comhshaoil CBT a bhaint amach.

Ina theannta sin, beidh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a bPleananna Straitéiseacha CBT faoin 31 Nollaig 2025 má thugtar gníomhartha sonracha comhshaoil agus aeráide (mar shampla maidir le héin fhiáine agus gnáthóga nádúrtha fauna agus flora fiáine a chaomhnú, agus maidir le huiscí a chosaint) cothrom le dáta ar leibhéal an Aontais.

Luach saothair feirmeoirí agus a seasamh i slabhra an tsoláthair bia a fheabhsú

Ceann de phríomhchuspóirí CBT is ea seasamh na bhfeirmeoirí i slabhra an tsoláthair bia a threisiú. Tá roinnt beart i bhfeidhm cheana ar leibhéal an Aontais chun tuilleadh cothroime a chinntiú agus chun feirmeoirí a chosaint ar chleachtais éagóracha trádála. Cé go bhfuil méid na muiníne agus an chomhair idir gníomhaithe sa slabhra ag dul i méid, tógann sé tamall na huirlisí beartais atá ar fáil a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ina n-iomláine, agus ní mór tuilleadh a dhéanamh.

Chun cur leis an bplé leanúnach leis na hairí talmhaíochta agus le Parlaimint na hEorpa, chuir an Coimisiún roinnt roghanna i láthair maidir le gníomhaíochtaí a d'fhéadfaí a thabhairt chun cinn sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma.

Ar an gcéad dul síos, mar chuid de bheart insoláthartha láithreach, seolfaidh an Coimisiún faireachlann de chostais táirgthe, corrlaigh agus cleachtais trádála i slabhra an tsoláthair agraibhia. Comhdhéanta d'ionadaithe ó gach earnáil feadh shlabhra an tsoláthair bia agus d'ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún, méadóidh an fhaireachlann sin an trédhearcacht maidir le costais agus corrlaigh sa slabhra trí shonraí a phoibliú, agus trí fhaisnéis a mhalartú, d'fhonn muinín a chothú idir na geallsealbhóirí agus diagnóis choiteann a bhunú ar an gcás. Táthar ag súil go mbeidh an chéad chruinniú aici an samhradh seo.

Ar an dara dul síos, molann an Coimisiún roghanna le haghaidh feabhsuithe spriocdhírithe ar an gcreat dlíthiúil reatha atá leagtha síos sa Rialachán lena mbunaítear comheagrú na dtáirgí talmhaíochta (CEM). Áirítear arna roghanna sin na rialacha is infheidhme maidir le conarthaí a thugann feirmeoirí i gcrích le ceannaitheoirí i dtionscal an bhia nó i dtionscal an mhiondíola a threisiú, agus eagraíochtaí táirgeoirí a neartú chun go mbeidh feirmeoirí in ann comhoibriú agus gníomhú i gcomhar le chéile ar bhealach níos éifeachtaí maidir le gníomhaithe eile i slabhra an tsoláthair bia. Is é an aidhm atá ann cabhrú le míchothromaíochtaí sa slabhra a cheartú agus bunphrionsabal an treoshuímh ar an margadh á chaomhnú ag an am céanna. Ar an gcaoi chéanna, molann an Coimisiún go bhféadfaí rialacha nua a chur i bhfeidhm maidir le forfheidhmiú trasteorann in aghaidh cleachtais éagóracha trádála. Faoi láthair, tagann ar a laghad 20 % de na táirgí talmhaíochta agus bia a chaitear i mBallstát ó Bhallstát eile. Is gá comhar na n-údarás náisiúnta forfheidhmiúcháin a fheabhsú, go háirithe trí mhalartú faisnéise agus bailiú pionós a fheabhsú.

Ar an tríú dul síos, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chríochnúil ar an Treoir maidir le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia, atá i bhfeidhm ó 2021 i leith. Cuirfear an chéad tuarascáil ar fáil in Earrach 2024 ina leagfar amach staid chomhdhlúite na himeartha maidir le cur chun feidhme na Treorach seo ag na Ballstáit. Cuirfear an tuarascáil sin san áireamh ansin i meastóireacht níos mionsonraithe a thíolacfaidh an Coimisiún in 2025, a bhféadfadh tograí reachtacha a bheith ag gabháil léi, más iomchuí.

Déanfar plé leis na Ballstáit maidir leis na bearta sin a d'fhéadfadh a bheith ann i roinnt formáidí, go háirithe an Chomhairle Talmhaíochta a bheidh ar siúl an 26 Márta.

Cúlra

D'oibrigh an Coimisiún go dian chun gníomhaíochtaí tráthúla nithiúla a chur ar fáil chun freagairt d'ábhair imní na bhfeirmeoirí chun an t-ualach riaracháin a laghdú. Rinneadh an obair sin i ndlúthchomhar le hionadaithe na bhfeirmeoirí agus leis na Ballstáit, le cabhair luachmhar ó Uachtaránacht na Beilge ar an Aontas Eorpach. Tá sé ríthábhachtach anois go dtiocfaidh na comhreachtóiríar chomhaontú gotráthúil maidir le togra reachtach an lae inniu chun a chur in iúl d'fheirmeoirí gur féidir leis na bearta nua sin a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir.

Tá an córas coinníollachta agus imfhálú buiséadach, in éineacht le sraith príomhuirlisí eile d'ollstruchtúr glas CBT, fós i bhfeidhm chun leibhéal uaillmhéine foriomlán níos airde sa CBT reatha a áirithiú i gcomparáid leis an am a chuaigh thart. Mar thoradh ar na hathruithe atá beartaithe inniu, beidh beartas níos intuartha ann nach n-éileoidh maoluithe bliantúla agus iarrachtaí díréireacha ó fheirmeoirí.

Anuraidh, léirigh an Coimisiún cur chuige solúbtha pragmatach cheana féin trí mhaoluithe a thabhairt ar an gcoinníollacht maidir le huainíocht barr (GAEC 7) agus ar thalamh a fhágtar bán (GAEC 8). I mbliana, deimhníodh an maolú páirteach ar thalamh a fhágtar bán d'fheirmeoirí an Aontais le haghaidh 2024 an 13 Feabhra. Sa bhreis ar an maolú sin, sheol an Coimisiún réimsegníomhaíochtaí gearrthéarmachaan 22 Feabhra atá ar siúl faoi láthair nó atá curtha chun feidhme cheana féin. Mar shampla, glacadh an t-athrú ar ríomh limistéar an fhéaraigh bhuain an 12 Márta chun cás na bhfeirmeoirí atá ag aistriú ó bheostoc go barra curaíochta a chur san áireamh.

An 7 Márta, sheol an Coimisiún suirbhé maidir le simpliú atá dírithe go díreach ar fheirmeoirí an Aontais chun an chastacht a eascraíonn as rialacha CBT a shainaithint chomh maith le rialacha eile de chuid an Aontais maidir le bia agus talmhaíocht. Ag an am céanna, tá suirbhé ar líne ar siúl ina mbailítear tuairimí feirmeoirí agus soláthraithe beaga maidir le cleachtais éagóracha trádála agus dúnadh é inniu, an 15 Márta.

Tá ról lárnach ag na Ballstáit maidir leis an ualach riaracháin ar fheirmeoirí a choinneáil teoranta agus comhréireach chun cuspóirí reachtaíocht an Aontais a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach nach bhforchuirfear aon cheanglais a théann thar a n-iarrtar i reachtaíocht CBT. Sin an fáth nach mór aon chleachtadh simplithe rathúil a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na riaracháin náisiúnta agus leis na feirmeoirí féin. Leanfaidh an Coimisiún de mhalartú dea-chleachtas a éascú.

Tuilleadh eolais

Togra reachtach

Ceisteanna agus Freagraí

Chuir an Coimisiún Eorpach roghanna i láthair maidir le simpliú chun an t-ualach ar fheirmeoirí an Aontais a laghdú

Iarrann an Coimisiún Eorpach ar fheirmeoirí páirt a ghlacadh i suirbhé ar líne maidir le simpliú

Feirmeoirí Eorpacha díolmhaithe ó rialacha maidir le talamh a fhágtar bán

Cleachtais éagóracha trádála a chomhrac: Bailíonn an Coimisiún Eorpach tuairimí ó fheirmeoirí agus ó oibreoirí i slabhra an tsoláthair bia

Sonraí

Dáta foilsithe
15 Márta 2024 (An uair dheiridh a nuashonraíodh: 15 Márta 2024)
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn