An ghéarchéim fuinnimh a spreag ionradh na Rúise ar an Úcráin, chuir sí i dtábhacht a riachtanaí atá sé an margadh leictreachais a oiriúnú chun tacaíocht níos fearr a thabhairt don aistriú glas agus rochtain leathan ar leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite agus neamh-iontaise, ar phraghas inacmhainne, a thabhairt do thomhaltóirí fuinnimh, idir theaghlaigh agus ghnólachtaí.
Leis an athchóiriú atá beartaithe tá sé i gceist leasú a dhéanamh ar roinnt codanna den reachtaíocht AE – go háirithe ar an Rialachán Leictreachais, ar an Treoir maidir le Leictreachas, agus ar an Rialachán maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh. Tugtar isteach bearta lena dtabharfar dreasacht i leith conarthaí is faide téarma le haghaidh táirgeadh cumhachta ó fhoinsí neamh-iontaise agus lena gcuirfear breis réitigh ghlana sholúbtha leis an gcóras a bheidh in-iomaíochta leis an ngás, réitigh amhail freagairt don éileamh agus stóráil. Laghdóidh sé sin tionchar na mbreoslaí iontaise ar bhillí leictreachais na dtomhaltóirí, agus cinnteofar go bhfaighfear buntáiste sna billí sin ón ísliú ar chostas an fhuinnimh in-athnuaite. Ina theannta sin, cuirfidh an t-athchóiriú atá beartaithe borradh faoin iomaíocht oscailte chóir i margaí mórdhíola fuinnimh na hEorpa trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar shláine an mhargaidh.
Córas fuinnimh a thógáil a bheidh bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite, sin rud a bhfuil ríthábhacht leis ar mhaithe le billí na dtomhaltóirí a ísliú, ach is rud é a bhfuil ríthábhacht leis freisin ar mhaithe lena chinntiú go mbeidh soláthar fuinnimh inbhuanaithe, neamhspleách, ag an Aontas, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an bplean REPowerEU. An t-athchóiriú seo, athchóiriú atá ina chuid de Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, fágfaidh sé go mbeidh an tionscal Eorpach in ann rochtain a bheith aige ar sholáthar cumhachta inacmhainne ó fhoinsí in-athnuaite, neamh-iontaise, rud atá ar cheann de na nithe is tábhachtaí i dtaca le bheith in ann an dícharbónú agus an t-aistriú glas a chur chun cinn. Le go mbainfimis amach ár gcuid spriocanna fuinnimh agus aeráide, ní mór an méid foinsí in-athnuaite a úsáidimid a mhéadú faoi thrí, faoi dheireadh na deacáide seo.
Is a bhuí le dearadh an mhargaidh leictreachais, mar atá faoi láthair, atá margadh dea-chomhtháite, éifeachtúil ann le roinnt mhaith deacáidí, ach ó d’éirigh an soláthar domhanda gann agus ó rinne an Rúis cúbláil ar ár margaí fuinnimh, tá mórán dár gcuid tomhaltóirí ag streachailt le harduithe ollmhóra ar a gcuid billí fuinnimh. Tá bearta á moladh againn inniu lena bhfeabhsófar cobhsaíocht agus intuarthacht na gcostas fuinnimh ar fud an Aontais. Trí dhlús a chur leis an infheistíocht i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite, is fearr a bheimid in ann spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach agus is fearr a éireoidh linn an tAontas a chlaochlú ina chumhachtlann fuinnimh ghlain le haghaidh na ndeacáidí seo romhainn.
Kadri Simson, an Coimisinéir um Fhuinneamh
Tuilleadh eolais
Doiciméad Inmheánach Oibre maidir leis an athchóiriú ar dhearadh an mhargaidh leictreachais
Moladh agus Doiciméad Inmheánach Oibre maidir le stóráil
Dearadh mhargadh an leictreachais
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 14 Márta 2023
- Údar
- An Ionadaíocht in Éirinn