Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta7 Nollaig 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 8 nóiméad

Rialacha nua molta ag an gCoimisiún chun leas ainmhithe a fheabhsú

Mar a fógraíodh inár Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc', clár oibre an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir le talmhaíocht inbhuanaithe agus táirgeadh bia, mhol an Coimisiún inniu an t-athchóiriú is mó le 20 bliain anuas ar rialacha leasa ainmhithe an Aontais agus iad á n-iompar. .

Maroš Šefcovic, Executive Vice-President of the European Commission in charge of the European Green Deal, Interinstitutional Relations and Foresight, and Stella Kyriakides, European Commissioner for Health and Food Safety, at the press conference on animal welfare.


Tá an Coimisiún ag moladh, den chéad uair riamh, rialacha nua an Aontais maidir le leas agus inrianaitheacht na madraí agus na gcat a dhéantar a phórú, a choinneáil agus a thrádáil, mar ainmhithe coimhdeachta, chun críoch eacnamaíoch.

San áireamh sa phacáiste tá ollchóiriú ar rialacha reatha an Aontais maidir le hainmhithe agus iad á n-iompar, rud a chuirfidh feabhas ar dhea-bhail an 1.6 billiún ainmhí a iompraítear isteach san Aontas agus amach as gach bliain. Léiríonn na rialacha nua an fhianaise eolaíoch agus na léargais eolaíocha is déanaí chomh maith leis na forbairtí teicneolaíochta is déanaí.

Leis na rialacha nua maidir le leas agus inrianaitheacht madraí agus cat, bunófar den chéad uair caighdeáin aonfhoirmeacha an Aontais maidir le pórú, tithíocht agus láimhseáil madraí agus cat i mbunaíochtaí pórúcháin agus i siopaí peataí, chomh maith le tearmainn ainmhithe. Déanfar inrianaitheacht madraí agus cat a threisiú freisin trí shainaithint agus clárú éigeantach i mbunachair sonraí náisiúnta chun an trádáil neamhdhleathach a chomhrac agus chun rialú níos fearr a dhéanamh ar dhálaí leasa ainmhithe sna bunaíochtaí.

Ar deireadh, tá an Coimisiún ag moladh níos mó céimeanna chun tabhairt faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh' ina n-iarrtar go gcuirfí cosc ar fud an Aontais ar fheirmeoireacht fionnaidh agus ar dhíol táirgí ina bhfuil fionnadh dá shórt ar an Margadh Aonair. Is díol sásaimh é an tionscnamh don Choimisiún agus aithníonn sé go bhfuil tábhacht mhór le leas ainmhithe do shaoránaigh na hEorpa go fóill.

Tá níos mó ná 80% de shaoránaigh an Aontais ag iarraidh cosaint níos fearr a bheith ann d’ainmhithe. Inniu, tá pacáiste an-tábhachtach de rialacha á ghlacadh againn lena gcinntítear leas ainmhithe níos fearr agus iad á n-iompar. Déanfar fad ama taistil, spás taistil agus teochtaí taistil a oiriúnú chun a bhfolláine a fheabhsú. Ina theannta sin, cuirimid rialacha i láthair den chéad uair a chuirfidh feabhas ar an dóigh a gcaitheann póraitheoirí agus siopaí peataí leis na cairde is fearr dá bhfuil againn: na cait agus na madraí. Is maith an léiriú é an bealach a gcaithimid leis an dúlra, ainmhithe san áireamh, orainne mar dhaoine daonna, agus tá áthas orm go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn inniu ar mhaithe le leas na n-ainmhithe.

Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um an gComhaontú Glas don Eoraip, um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus um Fhadbhreathnaitheacht


Rialacha níos fearr maidir le hainmhithe a iompar

Rialacha reatha an Aontais maidir le hainmhithe atá á n-iompar, tá siad ann le 20 bliain anuas. Ní léiríonn siad réaltachtaí reatha, na léargais eolaíocha agus an chomhairle eolaíoch is déanaí, spriocanna inbhuanaitheachta ná ábhair imní dhlisteanacha ár saoránach a mhéid a bhaineann le leas ainmhithe. Dá bhrí sin, díríonn togra an lae inniu ar phríomhréimsí atá ríthábhachtach chun leas maith ainmhithe a chinntiú agus iad á n-iompar:

  • Déanfar na faid ama taistil a ghiorrú, agus le linn turais fhada ní mór na hainmhithe a dhíluchtú le haghaidh tréimhsí sosa, beathaithe agus uisce. Beidh feidhm ag rialacha speisialta maidir le hainmhithe lena marú, agus maidir le hainmhithe leochaileacha amhail laonna nach bhfuil bainte den diúl agus ainmhithe torracha.
  • Méadófar na lamháltais chun íosmhéid spáis a chinntiú do na hainmhithe éagsúla agus déanfar an méid sin a oiriúnú do gach speiceas.
  • Is faoi réir coinníollacha dochta a bheidh an t-iompar i dteochtaí foircneacha, iompar san oíche amháin san áireamh má théann teochtaí níos airde ná 30 céim. Ina theannta sin, nuair atá teochtaí faoi bhun 0°C ann, déanfar feithiclí bóthair a chumhdach agus déanfar aerchúrsaíocht a rialú in urrann na n-ainmhithe, chun ainmhithe a chosaint ar ghoimh na gaoithe le linn an turais. Má tá teocht faoi bhun -5°C ann, le cois na mbeart a luadh roimhe seo, níor cheart an t-achar a bheith níos faide ná 9 n-uair an chloig.
  • Déanfar na rialacha a dhéanamh níos doichte maidir le hainmhithe beo a easpórtáil ón Aontas, agus orthu sin beidh rialuithe níos fearr i dtíortha nach den Aontas iad chun caighdeáin atá coibhéiseach leo siúd san Aontas a chomhlíonadh.
  • Bainfimid an leas is mó is féidir as uirlisí digiteacha chun forfheidhmiú rialacha iompair a éascú (e.g. suíomh fíor-ama feithiclí; bunachar sonraí lárnach).

Leas níos fearr do mhadraí agus cait

Tá peata ag thart ar 44% de na teaghlaigh san Aontas Eorpach. Tá fás suntasach tagtha ar thrádáil madraí agus cat leis na blianta beaga anuas, trádáil a bhfuil luach bliantúil €1.3 billiún ag gabháil léi. Mar sin féin, ní hionann na caighdeáin leasa ainmhithe ó Bhallstát go chéile maidir le madraí agus cait a phórú, a choinneáil agus a dhíol go gairmiúil. Tá fianaise fhairsing ann maidir le cleachtais faoi bhun an chaighdeáin agus mí-úsáid chomh maith.

Ina theannta sin, tá méadú as cuimse tagtha ar thrádáil neamhdhleathach madraí agus cat, margadh atá ag dul i méid mar gheall ar mhargadh ar líne ina bhfuil 60% de dhíolacháin madraí agus cat san Aontas Eorpach. I dtuarascáil nua a foilsíodh inniu, cáintear fairsinge thrádáil neamhdhleathach na madraí agus na gcat, chomh maith leis na bealaí éalaithe atá ann faoi láthair lenar féidir tabhairt faoin trádáil sin.

Ní chuirtear rialacháin nua do shaoránaigh ná d'úinéirí peataí i láthair i dtogra an lae inniu. Bunaítear rialacha aonfhoirmeacha an Aontais ann maidir le leas na madraí agus na gcat a dhéantar a phórú nó a choinneáil i mbunaíochtaí pórúcháin, i siopaí peataí agus i dtearmainn ainmhithe chomh maith:

  • Den chéad uair riamh, beidh caighdeáin íosta i bhfeidhm maidir le pórú, cóiríocht, cúram agus cóireáil na n-ainmhithe sin ar fud an Aontais.
  • Cabhróidh diancheanglais inrianaitheachta, mar aon le seiceálacha uathoibrithe ar dhíolacháin ar líne, leis na húdaráis rialú a dhéanamh ar phórú agus trádáil madraí agus cat agus ar cheannaitheoirí chun a sheiceáil go bhfuil a sainaitheantas agus a gclárú ceart.
  • Beidh ar na Ballstáit oiliúint a chur ar fáil do láimhseálaithe ainmhithe, agus aon duine a cheannaíonn madra nó cat, cuirfear ar an eolas iad faoi thábhacht na húinéireachta freagraí.
  • Beidh ar iompórtálacha madraí agus cat caighdeáin leasa choibhéiseacha a chomhlíonadh.

Freagra ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh'

Thug an Coimisiún freagra inniu freisin ar Thionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Leis an tionscnamh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh', iarrtar ar an gCoimisiún beart a dhéanamh chun an méid seo a leanas a thoirmeasc: (i) ainmhithe a choinneáil agus a mharú d'aon toisc amháin nó dar príomhaidhm fionnadh a tháirgeadh agus (ii) fionnadh ó ainmhithe feirmshaothraithe agus táirgí a bhfuil fionnadh dá shórt iontu a chur ar mhargadh an Aontais. Chomh maith leis sin, ardaíonn an tionscnamh saincheisteanna tábhachtacha maidir le sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte an chomhshaoil a chosaint, saincheisteanna a ndéanfaidh an Coimisiún measúnú orthu de réir chur chuige na hAon Sláinte Amháin, arb é a chroíphrionsabal a aithint go bhfuil dlúthbhaint ag sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte an chomhshaoil lena chéile.

Chuir an Coimisiún de chúram ar EFSA tuairim eolaíoch a thabhairt maidir le leas ainmhithe a dhéantar a shaothrú le haghaidh fionnaidh. I ndiaidh don Choimisiún cur leis an ionchur eolaíoch sin, agus tar éis measúnú a dhéanamh ar na tionchair eacnamaíocha agus shóisialta, cuirfidh sé an ghníomhaíocht is iomchuí in iúl.

Na chéad chéimeanna eile

Cuirfear an dá thogra reachtacha faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, cuirfidh EFSA tús lena mheasúnú eolaíoch ar bhonn an iarratais ón gCoimisiún agus tabharfaidh sé a thuairim eolaíoch uaidh faoi mhí an Mhárta 2025.

Leanfaidh an Coimisiún dá chuid oibre ullmhúcháin ar thograí eile maidir le leas ainmhithe, mar a fógraíodh sa Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc'.

Tuilleadh eolais

Ceisteanna agus Freagraí maidir le leas ainmhithe agus iad á n-iompar

Ceisteanna agus Freagraí maidir le leas madraí agus cat

Ceisteanna agus Freagraí maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh'

Bileog eolais maidir le leas ainmhithe agus iad á n-iompar

Bileog eolais maidir le leas madraí agus cat

An tSláinte Phoiblí: An Coimisiún Eorpach

An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia

Sonraí

Dáta foilsithe
7 Nollaig 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn