Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta15 Samhain 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 9 nóiméad

Bearta nua maidir le scileanna agus tallann molta ag an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais chriticiúla lucht saothair

Tá an Coimisiún ag cur i láthair inniu sraith tionscnamh nua i bpacáiste um Shoghluaisteacht Scileanna agus Tallainne chun an tAontas a dhéanamh níos tarraingtí do dhaoine tréitheacha ó lasmuigh den Aontas, agus chun an tsoghluaisteacht a éascú laistigh de.

Vice President Margaritis Schinas with Commissioners Ylva Johansson and Iliana Ivanova at the press conference presenting the package on skills and talent mobility

Áirítear ar bhearta an lae inniu Linn Tallann nua de chuid an Aontais chun fostóirí san Aontas agus cuardaitheoirí poist i dtríú tíortha a thabhairt le chéile, sin agus bearta chun aitheantas cáilíochtaí agus soghluaisteacht foghlaimeoirí a chur chun cinn.  Is príomhspriocanna inbhainte amach iad sin de chuid na Bliana Eorpaí um Scileanna.

Tá ganntanas scileanna fós ann ar fud an Aontais, i réimse earnálacha, agus ar leibhéil éagsúla scileanna.  Is san Eoraip féin a thosaíonn feachtas an Aontais ganntanais lucht saothair san Aontas a líonadh: trí iarracht gan staonadh a dhéanamh daoine a uas-sciliú agus a athsciliú, agus trí úsáid a bhaint as acmhainneacht neamhshaothraithe lucht saothair baile an Aontais, rud a rachaidh chun socair don mhargadh aonair. Ach chun dul i ngleic leis na ganntanais atá os comhair na mBallstát, beidh ar an Aontas scileanna agus daoine tréitheacha a mhealladh ó gach cearn den domhan chomh maith. Chun go n-éireoidh leis an gcur chuige sin, ní mór don Aontas a bheith in ann tallann a mhealladh agus an tallann is gá a choinneáil. Comhar a fhorbairt le tríú comhpháirtithe i réimse na himirce lucht saothair, d'fhéadfadh sin buntáistí a thabhairt don dá thaobh, sa mhéid go gcuirfeadh sé le saineolas agus tacaíocht airgeadais i ngeilleagar na tíre tionscnaimh chomh maith.

Agus éileamh mór ar scileanna ar fud an domhain, beidh iomaíochas an Aontais amach anseo ag brath ar an gcumas atá ag ár dtionscal baill foirne a chur ar fáil dá ghnólachtaí. Is sa bhaile is gá dúinn tús a chur leis an iarracht na bearnaí sa mhargadh saothair a líonadh, le bearta láidre chun tacú leis an lucht saothair san Aontas. Ach is féidir le himirce lucht saothair a bheith ina modh comhlántach tábhachtach chun bearnaí leanúnacha a líonadh. Athrú cinniúnach chun feabhais a bheidh sa Linn Tallann nua de chuid an Aontais: an chéad ardán uile-Aontais ar a ndéantar fostóirí san Aontas a mheaitseáil go díreach le cuardaitheoirí poist ar gach leibhéal scileanna, ar fud an domhain.

Margaritis Schinas, an Leas-Uachtarán um Ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn

Tacóidh na tionscnaimh seo a leanas leis na Ballstáit sa rás domhanda chun tallann a mhealladh:

Linn Tallann an Aontais Eorpaigh – Earcaíocht ó thíortha lasmuigh den Aontas a dhéanamh níos éasca

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Linn Tallann an Aontais a bhunú chun earcú cuardaitheoirí poist ó thíortha lasmuigh den Aontas a éascú i ngairmeacha ina bhfuil ganntanais oibrithe ar fud an Aontais. Is beart nuálach é an Linn Tallann, a bheidh ar an gcéad ardán AE dá chineál, agus déanfaidh sé earcaíocht idirnáisiúnta níos éasca agus níos tapúla chun cabhrú le fostóirí teacht ar líon níos leithne de scileanna agus de dhaoine tréitheacha. Is ar bhonn deonach a ghlacfaidh na Ballstáit páirt i Linn Tallann an Aontais, agus tacóidh siad le bainistiú an ardáin. Cuirfidh an t-ardán eolas ar fáil freisin maidir le nósanna imeachta earcaíochta agus imirce sna Ballstáit agus beidh coimircí láidre ann chun earcaíocht chothrom agus dálaí oibre cothroma a chinntiú.

Ina theannta sin, tacóidh Linn Tallann an Aontais le cur chun feidhme Comhpháirtíochtaí Tallainne. Is comhpháirtíochtaí saincheaptha iad sin le tíortha nach bhfuil san Aontas, comhpháirtíochtaí lena gcuirfear soghluaisteacht ar fáil ar mhaithe leis an obair agus leis an oiliúint. Cuardaitheoirí poist a mbeidh forbairt déanta acu ar a gcuid scileanna faoi Chomhpháirtíocht Tallainne, gheobhaidh siad Pas Comhpháirtíochta Tallainne, a dheimhneoidh a gcáilíochtaí agus a bheidh infheicthe ag na fostóirí rannpháirteacha. Is féidir a bheith ag súil leis go ndíspreagfar an imirce neamhrialta leis na deiseanna a bheidh ann don imirce dhleathach, agus ní mór iad a bheith fite fuaite le comhar neartaithe maidir leis an athligean isteach.  

Cáilíochtaí a fuarthas i dtríú tíortha a aithint níos éasca agus níos tapúla

Éascaíocht a dhéanamh ar aitheantas cáilíochtaí agus bailíochtú scileanna a fuarthas i dtíortha nach bhfuil san Aontas, is príomhchumasóir é sin d'fhostóirí atá ag lorg oibrithe oilte, agus do náisiúnaigh tríú tíortha atá ag iarraidh teacht isteach i margadh fostaíochta an Aontais agus lánpháirtiú sna sochaithe óstacha.

Tá an Coimisiún ag moladh sraith beart chun aitheantas scileanna agus cáilíochtaí náisiúnach tríú tíortha a shimpliú agus a bhrostú. Leis na bearta sin, dhéanfaí nuachóiriú ar chóras aitheantais reatha an Aontais agus thabharfaí níos gaire é don chóras a bunaíodh le haghaidh náisiúnaigh den Aontas a aistríonn go Ballstát eile.

Is é an aidhm atá ann forbairt a dhéanamh ar acmhainneacht na n-údarás náisiúnta aitheantais chun nósanna imeachta a shimpliú agus a bhrostú, trí fheabhas a chur ar inchomparáideacht cáilíochtaí tríú tíortha agus ar an dóigh le measúnú a dhéanamh ar scileanna cuardaitheoirí poist. Leis sin beifear in ann cinntí aitheantais a dhéanamh go tapa agus go muiníneach chun folúntais a líonadh i ngairmeacha ina bhfuil ganntanais oibrithe ar fud an Aontais, go háirithe i ngairmeacha rialáilte tosaíochta.

An tsoghluaisteacht foghlama a chur ar fáil do chách

Is é is aidhm don Mholadh ón gComhairle atá beartaithe dar teideal ‘An Eoraip ag Gluaiseacht – deiseanna soghluaisteachta foghlama do chách' borradh a chur faoin tsoghluaisteacht i ngach réimse den oideachas agus den oiliúint. Iarrtar ann ar na Ballstáit an tsoghluaisteacht foghlama laistigh den Aontas a dhéanamh ina dlúthchuid de na conairí oideachais agus oiliúna uile, ón oideachas scoile agus ón ngairmoideachas agus ón ngairmoiliúint, go háirithe printíseachtaí, go dtí an t-ardoideachas agus an t-oideachas aosach agus malartuithe ógra.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún spriocanna uaillmhianacha nua a leagan síos do 2030: sciar na ndaoine ag a mbeidh eispéireas soghluaisteachta a mhéadú go 25% ar a laghad de chéimithe ardoideachais, 20% ar a laghad d'fhoghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu, agus 15% ar a laghad d'fhoghlaimeoirí gairmiúla. Ina theannta sin, cuirtear chun cinn leis an togra tarraingteacht an Aontais mar cheann scríbe foghlama do dhaoine tréitheacha ó thríú tíortha, i gcomhréir leis an ngné gheopholaitiúil den Limistéar Eorpach Oideachais. Cuireann sé leis na moltaí nithiúla a d'ullmhaigh an Painéal Saoránach Eorpach a dhírigh ar an ábhar. Áirítear sa togra gealltanas ón gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na Ballstáit agus tacú leo pleananna gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt chun na spriocanna a chur i bhfeidhm go nithiúil.

Na Chéad Chéimeanna Eile

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an togra ón gCoimisiún maidir le Linn Tallann an Aontais a chaibidil anois. Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit an Moladh maidir le haitheantas cáilíochtaí náisiúnach tríú tíortha a chur chun feidhme, agus iarrfaidh sé orthu tuairisc a thabhairt ar thionscnaimh náisiúnta, ar athchóirithe, ar dhea-chleachtais agus ar staidreamh. Cuirfear an Moladh ‘An Eoraip ag Gluaiseacht' faoi bhráid na Comhairle lena bhreithniú agus lena ghlacadh.

Cúlra

Tá ganntanais leanúnacha lucht saothair san Aontas in earnálacha éagsúla agus ar gach leibhéal scileanna. Tá an ráta dífhostaíochta fós íseal (6.0 % i mí Mheán Fómhair 2023), agus d'ardaigh an ráta folúntais poist go 2.9 % anuraidh, ráta atá níos mó ná dhá oiread níos airde ná leibhéal 2012. Cuirfidh an t-athrú déimeagrafach leis na dúshláin sa mhargadh saothair. Tiocfaidh laghdú ar dhaonra an Aontais atá in aois oibre ó 265 mhilliún in 2022 go 258 milliún in 2030. Gan gníomhaíocht chomhbheartaithe, d'fhéadfadh na treochtaí atá ann faoi láthair an bonn a bhaint den aistriú glas agus den aistriú digiteach, iomaíochas an Aontais a mhaolú, agus seirbhísí poiblí a lagú i réimsí ina bhfuil easpa oibrithe cheana féin, amhail an cúram sláinte agus an cúram fadtéarmach.

Tá meaitseáil idirnáisiúnta post fós casta agus costasach do náisiúnaigh tríú tíortha agus d'fhostóirí araon. Is bacainn shuntasach ar shoghluaisteacht tallainne agus scileanna é easpa tuisceana agus muiníne na bhfostóirí i leith na scileanna agus na gcáilíochtaí a fhaightear i dtríú tíortha. Ní hamháin go ndéanann sé sin difear do tharraingteacht an Aontais ach bíonn ‘cur amú éirime' mar thoradh air – is é sin nuair a bhíonn náisiúnaigh tríú tíortha ag obair faoi bhun a leibhéil cáilíochta, rud a tharlaíonn go minic.

Cé gur taithí an-luachmhar í an tsoghluaisteacht foghlama ina bhfaigheann daoine an t-eolas agus na scileanna is gá le haghaidh forbairt phearsanta, oideachasúil agus ghairmiúil, agus le haghaidh rannpháirtíocht shibhialta agus cuimsiú sóisialta, is íseal fós sciar na nEorpach atá rannpháirteach i ngníomhaíocht foghlama i dtír eile seachas a dtír féin.

Leanann an pacáiste um shoghluaisteacht tallainne an t-aitheasc a thug an tUachtarán von der Leyen ar Staid an Aontais in 2022, inar leagadh béim ar na dúshláin a bhaineann le haitheantas cáilíochtaí náisiúnach tríú tíortha, dúshláin a bhíonn ina ndíspreagadh praiticiúil go minic maidir leis an imirce dhleathach. Cuireann sé leis an obair atá ar bun faoin bpacáiste ‘Scileanna agus Tallann' agus faoin gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, agus cuireann sé leis an mBliain Eorpach um Scileanna atá ann faoi láthair tríd an mbéim a leagann sé ar chur chuige straitéiseach chun na ganntanais lucht saothair agus scileanna a réiteach.

Tuilleadh eolais

Bileog eolais

Ceisteanna & Freagraí

Teachtaireacht maidir le soghluaisteacht scileanna agus tallainne

Togra le haghaidh Rialachán maidir le Linn Tallann de chuid an Aontais a bhunú

Moladh maidir le haitheantas cáilíochtaí náisiúnach tríú tíortha

Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le creat soghluaisteachta foghlama

Bileog eolais: An Painéal Saoránach Eorpach um shoghluaisteacht foghlama

Sonraí

Dáta foilsithe
15 Samhain 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn