Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta29 Márta 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 6 nóiméad

Óráid ón Uachtarán von der Leyen ag seisiún iomlánach de chuid Pharlaimint na hEorpa cothrom an ama a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta 25 bliana ó shin

Óráid ón Uachtarán von der Leyen ag seisiún iomlánach de chuid Pharlaimint na hEorpa cothrom an ama a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta 25 bliana ó shin

"Is í an óráid mar a tugadh í agus í sin amháin atá barántúil"

Go raibh maith agaibh, a Uachtarán Roberta Metsola,

a Uachtarán Charles Michel,

a Ionadaithe na hÉireann, na Ríochta Aontaithe, agus Thuaisceart Éireann,

a Chomhaltaí Onóracha,

25 bliana go ham seo, d'éirigh le ceannairí Thuaisceart Éireann, ceannairí na hÉireann agus ceannairí na Ríochta Aontaithe réiteach dofhála a bhaint amach. Ar feadh na mblianta, theip ar gach iarracht a tugadh ar idirbheartaíocht a chuirfeadh an tsíocháin i réim. An t-am a cuireadh togra nua chun tosaigh um Cháisc in 1998, bhí na cainteanna ar tí cliseadh arís eile. Bhí an chuma ar an scéal go bhféadfadh sé go mbeadh an foréigean le feiceáil i dTuaisceart Éireann an athuair. Ní bhainfí ceann scríbe amach murach an misneach agus an uaillmhian a bhí ag roinnt ceannairí ar leith. Mar sin féin, níorbh é an bord caibidlíochta, i gcaisleán Hillsborough cuir i gcás, an t-aon láthair amháin ar ar baineadh an t-éacht sin amach. Ag an am, lasmuigh den chaisleán, bhí slua beag páistí scoile bailithe le chéile, iad féin, a dtuismitheoirí agus a gcuid múinteoirí. Bhí páistí ann a bhain le teaghlaigh Chaitliceacha, agus bhí páistí ann a bhain le teaghlaigh Phrotastúnacha. Agus ina lámha acu bhí balúin agus comharthaí a raibh dhá fhocal shimplí scríofa orthu: ‘Peace, please'. Léiriú lom láidir ba ea é sin ar impleachtaí na caibidlíochta: ní hamháin go raibh féiniúlachtaí, idéil agus dílseachtaí éagsúla i gceist – bhí todhchaí páistí i dTuaisceart Éireann idir chamáin freisin. Tá Comhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste) tar éis beart a dhéanamh de réir éileamh simplí na bpáistí sin. An saol atá i réim le 25 bliana, is é saol na síochána é, agus saol na bhféidearthachtaí. Tá ceannairí misniúla á gceiliúradh againn inniu, mar sin. John Hume agus David Trimble, cuir i gcás, beirt ar de thaobhanna contrártha iad, agus ar roinneadh Duais Síochána Nobel eatarthu sa deireadh. Agus tá sé ina cheiliúradh freisin ar mhuintir na hÉireann agus Thuaisceart Éireann ar geal leo an tsíocháin – sin iad laochra neamh-aitheanta Chomhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste).

Ní hamháin gur chuir Comhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste) deireadh leis na Trioblóidí a mhair ar feadh tríocha bliain. Chuir sé tús le ré nua chomhair freisin. Mar a deir an chéad líne den Chomhaontú, is ‘deis ar thús nua' a bhí ann don dá phobal agus don dá oileán. Agus go deimhin féin, tapaíodh an deis sin. Le 25 bliana, tá dul chun cinn ollmhór déanta ag Tuaisceart Éireann, dul chun cinn ar thacaigh an Eoraip leis freisin. Tá ionaid spóirt agus scoileanna curtha in áit seicphointí. Le déanaí, leagadh balla in Iarthar Bhéal Feirste chun spás a chur ar fáil d'ionad pobail atá maoinithe ag an Aontas. Ar ndóigh, is iomaí balla nár leagadh fós. Ní hé gach créacht atá cneasaithe. Cé nach dteastaíonn ach scríobadh den pheann chun socrú síochána a shíniú, is rud é an t-athmhuintearas a éilíonn obair na nglúnta i gcónaí. Ach mar a dúirt Van Morrison, duine de laochra Thuaisceart Éireann: ‘For the healing, go on with the dreaming.' Agus sin é an fáth a bhfuil an oiread sin tábhachta ag baint le Comhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste). Is é an gealltanas atá ann, de thairbhe an téacs, agus an mheoin as ar fáisceadh é, gur fearr a bheadh an saol ag muintir Thuairsceart Éireann go léir san am a bhí le teacht.

Ar an drochuair, d'fhág reifreann Brexit gur tháinig dúshláin nua chun cinn ó thaobh théacs, mheon, agus ghealltanas Chomhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste). Ó 2016 i leith, d'oibrigh gach duine san Aontas seo againne go dícheallach chun a chinntiú nach dris chosáin a bheadh in Brexit ar an gconair chun athmhuintearais ar oileán na hÉireann. Ní turas réidh a bhí ann riamh. Ach táimid anois ag druidim le ceann scríbe. Sraith de chomhréitigh faoin gComhaontú um Tharraingt Siar atá i gCreat Windsor, agus leanann sé de thacaíocht a thabhairt do théacs, do mheon, agus do ghealltanas Chomhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste). Is cosaint atá ann ar an Margadh Aonair fíorluachmhar seo againne. Is cosaint atá ann ar áit lárnach Thuaisceart Éireann i margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe. Agus thar aon rud eile, is cosaint atá ann ar bhunchloch na síochána, trí theorainn chrua a sheachaint ar oileán na hÉireann. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Príomh-Aire na Breataine, Rishi Sunak, as a chur chuige dearfach. Agus sinn ag obair as lámh a chéile, táimid ag cloí le gealltanas Aoine an Chéasta: Go brách arís ní bheidh teorainn chrua ar oileán na hÉireann.

Is deis ollmhór é seo ar fad do mhuintir Thuaisceart Éireann. Is é an bia céanna a bheidh ar sheilfeanna na n-ollmhargaí acusan agus beidh an rochtain chéanna acu ar chógais agus a bheidh sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. Ina theannta sin, beidh rochtain uathúil acu i gcónaí ar an Margadh Aonair seo againne, agus is é an margadh céanna an spreagadh is cumhachtaí don fhás ar fud mhór-roinn na hEorpa. Bainfidh gach duine i dTuaisceart Éireann tairbhe as sin. Cibé acu is é féiniúlacht an Éireannaigh is rogha leo nó féiniúlacht an Bhriotanaigh, féiniúlacht an Éireannaigh Thuaisceartaigh nó féiniúlacht an Eorpaigh— nó meascán de na féiniúlachtaí sin, go deimhin. Mar sin, is é an dóchas atá agam go mbeidh an lámh in uachtar ag an réasúntacht arís. Díreach mar a bhí thart ar 25 bliana ó shin.

A Chomhaltaí Onóracha,

A bhuí le Comhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Béal Feirste), rugadh agus tógadh glúin iomlán d'aos óg i dTuaisceart Éireann faoi shíocháin. Ní leomhfaidh siadsan filleadh ar fhadhbanna an ama atá caite. Níl uathu ach saol iomlán a bheith acu. Is iadsan is fearr a thuigeann nach raibh deireadh ráite fós, ó thaobh an tsíocháin agus an rathúnas a bheith bainte amach, ar Aoine an Chéasta 25 bliana ó shin. Ní mór an tsíocháin agus an rathúnas a choimeád i réim lá i ndiaidh lae, glúin i ndiaidh glúine. Mar sin, ní le haghaidh comórtha amháin atáimid bailithe le chéile inniu. Ach le haghaidh gealltanas nua a chur in iúl: Leanfaimid de bheith ag obair ar son an athmhuintearais i dTuaisceart Éireann, d'ainneoin na ndúshlán ar fad, go ceann 25 bliana eile agus i bhfad ina dhiaidh sin. Cé gur fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas seo againne, is í an tsíocháin an gealltanas Eorpach i gcónaí.

Gura fada a mhairfidh an Eoraip.

Sonraí

Dáta foilsithe
29 Márta 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn