Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta8 Samhain 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 15 nóiméad

Pacáiste 2023 um Méadú glactha ag an gCoimisiún

Ghlac an Coimisiún Eorpach Pacáiste 2023 um Méadú, a thugann measúnú mionsonraithe ar staid na himeartha agus ar an dul chun cinn atá déanta ag an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, an Tuirc, agus den chéad uair riamh an Úcráin, Poblacht na Moldóive agus an tSeoirsia ar a gconairí féin i dtreo an Aontais Eorpaigh.

Visual depicting images of landmarks in the 10 enlargement countries with text: EU Enlargement 2023

Dírítear go háirithe sa tuarascáil ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme na n-athchóirithe bunúsacha, chomh maith le treoir shoiléir a chur ar fáil maidir leis na tosaíochtaí athchóirithe atá le teacht. Is próiseas bunaithe ar fhiúntas é an t-aontachas, agus beidh sé ag brath go hiomlán ar an dul chun cinn oibiachtúil atá déanta ag gach tír.

I bhfianaise na dtorthaí atá bainte amach ag an Úcráin agus ag an Moldóiv, agus i bhfianaise na n-iarrachtaí leanúnacha athchóirithe, mhol an Coimisiún go gcuirfeadh an Chomhairle tús le caibidlíocht aontachais leis an dá thír. Ina theannta sin, molann an Coimisiún go nglacfadh an Chomhairle na creataí caibidlíochta a luaithe a bheidh príomhbhearta áirithe glactha ag an Úcráin agus ag an Moldóiv. Tá an Coimisiún réidh chun tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle faoi mhí an Mhárta 2024 maidir leis an dul chun cinn a bhaineann leis na bearta sin.

I gcás na Seoirsia, i bhfianaise na dtorthaí a baineadh amach, molann an Coimisiún don Chomhairle stádas tíre is iarrthóir a dheonú don tSeoirsia ar an tuiscint go nglacfar roinnt céimeanna.

Maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, molann an Coimisiún go gcuirfí tús le caibidlíocht aontachais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a luaithe a bhainfear amach an leibhéal riachtanach ó thaobh chomhlíonadh na gcritéar ballraíochta. Ní mór don tír tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun na príomhthosaíochtaí a leagtar amach sa Tuairim ón gCoimisiún maidir lena hiarratas ar bhallraíocht san Aontas a chomhlíonadh. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an dul chun cinn agus ar an gcomhlíonadh i ngach réimse a bhaineann le tús a chur leis an gcaibidlíocht agus tuairisceoidh sé don Chomhairle i mí an Mhárta 2024 ar a dhéanaí.

Is éard a dúirt Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh:

‘Is beartas ríthábhachtach le haghaidh an Aontais Eorpaigh é an méadú. Is gairm na staire é iomlánú an Aontais seo againne, rud atá ina sprioc nádúrtha don Aontas. Tá loighic láidir eacnamaíoch agus gheopholaitiúil ag baint le hiomlánú an Aontais freisin. Léirigh na méaduithe a rinneadh roimhe seo na tairbhí ollmhóra a bhíonn ann do na tíortha aontachais agus don Aontas araon. Bíonn an bua againn go léir.'

San Úcráin, leis an gcinneadh stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas a dheonú, cruthaíodh dinimic láidir athchóirithe, in ainneoin an chogaidh a leanann, ag a bhfuil tacaíocht láidir ó mhuintir na hÚcráine. Léirigh rialtas agus Parlaimint na hÚcráine go raibh rún daingean acu dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir leis na 7 gcéim den Tuairim ón gCoimisiún Eorpach maidir le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas a chomhlíonadh. Tá córas trédhearcach réamhroghnúcháin bunaithe ag an Úcráin le haghaidh bhreithiúna na Cúirte Bunreachtúla agus d'athchóirigh sí na comhlachtaí rialachais bhreithiúnaigh. Tá tuilleadh forbartha déanta aici ar a teist maidir le himscrúduithe agus ciontuithe móréillitheachta agus neartaigh sí a creat institiúideach. Tá céimeanna dearfacha glactha ag an Úcráin in iarracht níos leithne agus níos sistéamaí chun aghaidh a thabhairt ar thionchar olagarcaí. Tá sé léirithe ag an tír freisin go bhfuil sé d'acmhainn aici dul chun cinn a dhéanamh maidir le hailíniú le reachtaíocht uile an Aontais, fiú le linn an chogaidh. 

dul chun cinn tábhachtach déanta ag an Moldóiv maidir leis na 9 gcéim a leagtar amach sa Tuairim ón gCoimisiún maidir le hiarratas na Moldóive ar bhallraíocht san Aontas a chomhlíonadh. Sheol sí athchóiriú cuimsitheach ar an gceartas tar éis mholtaí Choimisiún na Veinéise, trí mheastóireacht a dhéanamh ar bhreithiúna agus ionchúisitheoirí iomráiteacha, i measc nithe eile. Rinne an tír athchóiriú ar a comhlachtaí frith-éillithe agus mhéadaigh sí líon na n-imscrúduithe agus na gciontuithe i gcásanna éillithe. Ghlac an Mholdóiv plean gníomhaíochta um dhí-olagarcú, a chuireann sí chun feidhme de réir amlínte socraithe. Le reachtaíocht nua chun sásra coigistíochta a bhunú, cuidítear leis an gcoireacht eagraithe a chomhrac. Ghlac an tír straitéis riaracháin phoiblí agus leanann sí an t-athchóiriú ar gach leibhéal. D'oibrigh sí chun an bainistiú airgeadais phoiblí a athchóiriú agus ghlac sí reachtaíocht chun an soláthar poiblí a athchóiriú. Chuir an Mholdóiv feabhas ar rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sa phróiseas cinnteoireachta agus neartaigh sí cosaint chearta an duine. 

Tá bearta déanta ag an tSeoirsia chun an caidreamh leis an Aontas a neartú agus chun dlús a chur leis na hathchóirithe le roinnt míonna anuas. Chun aghaidh a thabhairt ar an dá thosaíocht déag a sainaithníodh sa Tuairim ón gCoimisiún maidir lena hiarratas ar bhallraíocht, ghlac an tSeoirsia gníomhartha reachtacha agus gníomhaíochtaí beartais maidir le comhionannas inscne, le foréigean in aghaidh na mban agus an choireacht eagraithe a chomhrac, agus le breithiúnais ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine a chur san áireamh. Tá athchóiriú breithiúnach tugtha chun cinn, ach tá gá fós le hathchóiriú iomlánaíoch ar an Ard-Chomhairle Ceartais. Chomhroinn an tSeoirsia dlíthe agus a plean gníomhaíochta maidir le dí-olagarcú le Coimisiún na Veinéise chun tuairim a fháil. Glacadh straitéis maidir le cearta an duine a chosaint agus tá plean gníomhaíochta á fhorbairt. Tugadh meabhrán comhair i gcrích le hionadaithe na sochaí sibhialta. Agus comhdhearcadh polaitiúil traspháirtí láidir á thógáil, chuideofaí le haghaidh a thabhairt ar an deighilt agus le dlús a chur lena conair Eorpach.

Na Balcáin Thiar

Is beag dul chun cinn atá déanta maidir le hathchóirithe aontachais an Aontais, ós rud é go gur tharla polarú mór agus éagobhsaíocht pholaitiúil i Montainéagró le linn na tréimhse tuairiscithe. Is díol sásaimh don Aontas gur bunaíodh an pharlaimint nua agus gur bunaíodh an rialtas, agus táimid ag súil leis go léireoidh siad go pras a gcumas agus a dtiomantas do chonair Mhontainéagró chuig an Aontas agus go mbainfear amach athchóirithe a bhaineann le haontachas an Aontais. Ar an iomlán, beidh an dul chun cinn sa chaibidlíocht aontachais ag brath ar athchóirithe i réimse an smachta reachta (i.e. na tagarmharcanna eatramhacha a leagtar amach i gCaibidil 23 agus i gCaibidil 24 a chomhlíonadh). Leanann Montainéagró de bheith ag teacht go hiomlán leis an gComhbheartas Eachtrach Slándála.

Lean an tSeirbia le hathchóirithe a bhaineann le haontachas an Aontais a chur chun feidhme, agus athchóirithe i réimse an smachta reachta san áireamh. Thosaigh an tSeirbia ag cur leasuithe bunreachtúla 2022 chun feidhme chun neamhspleáchas na mbreithiúna a neartú agus ghlac sí reachtaíocht maidir leis na meáin nua. Is féidir feabhas suntasach a chur ar an timpeallacht rialála le cur chun feidhme na reachtaíochta sin. Mar sin féin, beidh gá le tuilleadh leasuithe a dhéanamh chun bheith go hiomlán i gcomhréir le reachtaíocht uile an Aontais agus le caighdeáin Eorpacha. Ní mór don tSeirbia feabhas a chur, mar ábhar tosaíochta, ar a hailíniú le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, agus n-áirítear bearta sriantacha agus ráitis maidir leis an Rúis san áireamh. Tá gá freisin le tuilleadh oibre agus tiomantais pholaitiúil chun athchóirithe a chur chun feidhme i réimse an smachta reachta. Is é measúnú an Choimisiúin go fóill gur chomhlíon an tSeirbia go teicniúil na tagarmharcanna chun braisle 3 (iomaíochas agus fás cuimsitheach) a oscailt. Ní mór don tSeirbia comhoibriú go hiomlán agus gach beart is gá a dhéanamh chun cuntasacht a chinntiú as an ionsaí foréigneach ar Phóilíní na Cosaive an 24 Meán Fómhair agus as an ionsaí a rinneadh ar KFOR an 29 Bealtaine. Maidir le normalú an chaidrimh leis an gCosaiv, cé gur thángthas ar Chomhaontú san Idirphlé arna éascú ag an Aontas, níor chuir an tSeirbia an Chosaiv tús go fóill le cur chun feidhme a n-oibleagáidí féin, ar oibleagáidí iad atá ina gceangal ar na Páirtithe agus ar cuid lárnach dá gconairí Eorpacha iad.

Sa Mhacadóin Thuaidh, tá sé ráite go comhsheasmhach ag na húdaráis go bhfuil aontachas an Aontais fós mar sprioc straitéiseach acu. Lean an Mhacadóin Thuaidh de bheith ag ailíniú go hiomlán le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais (CBES). Tá roinnt dul chun cinn déanta ag an tír freisin i réimse an cheartais, na saoirse agus na slándála, agus an comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe agus bainistiú na himirce san áireamh. Mar thír chaibidlíochta, ní mór don Mhacadóin Thuaidh beart a dhéanamh de réir a chéile maidir le cur chun feidhme na n-athchóirithe a bhaineann leis an Aontas, mar shampla na breithiúna, an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe, athchóiriú an riaracháin phoiblí, agus bainistiú an airgeadais phoiblí san áireamh, agus soláthar poiblí. Tá gealltanas tugtha ag an Macadóin Thuaidh na hathruithe bunreachtúla ábhartha a sheoladh agus a bhaint amach mar ábhar tosaíochta, d'fhonn saoránaigh ar cuid de dhaoine eile iad a áireamh. Tá dul chun cinn rianúil déanta ar phróiseas scagtha acquis an Aontais, agus tá ardleibhéal tiomantais léirithe ag na húdaráis. Chuir an Coimisiún na tuarascálacha scagtha maidir le ‘cnuasach na mbunphrionsabal' le haghaidh na Macadóine Thuaidh faoi bhráid na Comhairle i mí Iúil agus tá sé ag tnúth le hobair leantach a dhéanfar go pras, d'fhonn tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir leis an gcnuasach sin faoi dheireadh na bliana.

Lean an Albáin uirthi ag léiriú go bhfuil rún daingean aici athchóirithe an Aontais a chur chun feidhme agus dul chun cinn a dhéanamh maidir le hathchóirithe faoi ‘chnuasach na mbunphrionsabal'. Bhí ailíniú iomlán leanúnach le CBES an Aontais ina chomhartha láidir freisin ar rogha straitéiseach na tíre i ndáil le haontachas leis an Aontas. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, saincheisteanna mionlaigh agus cearta maoine, agus i bpríomhréimsí an smachta reachta, amhail an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe. Tá dul chun cinn rianúil déanta ar phróiseas scagtha acquis an Aontais, agus tá ardleibhéal tiomantais léirithe ag na húdaráis. Chuir an Coimisiún na tuarascálacha scagtha maidir le ‘cnuasach na mbunphrionsabal' le haghaidh na hAlbáine faoi bhráid na Comhairle i mí Iúil agus tá sé ag tnúth le hobair leantach a dhéanfar go pras. Tá sé d'aidhm aige tús a chur le caibidlíocht aontachais maidir le cnuasach 1 (bunphrionsabail) faoi dheireadh na bliana.

Sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, tugadh dinimic dhearfach le stádas iarrthóra na bliana seo caite, rud a bhí ag teastáil go géar. Cuireadh rialtas nua ar bun go tapa tar éis toghchán agus tá tús curtha aige le hathchóirithe a chur i gcrích, go háirithe trí na leasuithe a thugann isteach seiceálacha sláine sa bhreithiúnacht. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh iarrachtaí. San áireamh leis sin, tá glacadh an smachta reachta agus athchóirithe breithiúnacha tábhachtacha agus dul chun cinn a dhéanamh maidir le hathchóirithe bunreachtúla agus toghchánacha, ar príomhthosaíochtaí iad chun cearta comhionanna a chinntiú do na saoránaigh uile. Tá sé tábhachtach freisin ord bunreachtúil na tíre a chaomhnú. Níl na bearta scarthacha agus forlámhacha a tugadh isteach san eintiteas Republika Srpska i gcomhréir le conair an Aontais. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun go gcomhlíonfaidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin na príomhthosaíochtaí a leagtar amach sa Tuairim ón gCoimisiún maidir lena hiarratas ar bhallraíocht. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún go gcuirfí tús le caibidlíocht aontachais AE leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, a luaithe a bhainfear amach an leibhéal riachtanach ó thaobh chomhlíonadh na gcritéar ballraíochta. 

Bhí an Chosaiv tiomanta i gcónaí dá conair Eorpach. Lean sí de bheith ag ailíniú go hiomlán le CBES an Aontais go toilteanach, maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a cháineadh agus bearta sriantacha a ghlacadh ina choinne ina measc. Chonacthas éachtaí reachtacha sa tréimhse tuairiscithe, agus athchóiriú toghchánach tábhachtach san áireamh. Mar sin féin, ní mór tuilleadh oibre a dhéanamh, mar shampla ar an bplean gníomhaíochta maidir le hathchóirithe ceartais. An 1 Eanáir 2024, tiocfaidh léirscaoileadh víosaí le haghaidh na Cosaive i bhfeidhm. Rinneadh difear don staid i dtuaisceart na Cosaive le roinnt géarchéimeanna, agus ba é an ceann is déanaí an t-ionsaí foréigneach ar phóilíní na Cosaive an 24 Meán Fómhair 2023. Maidir le normalú an chaidrimh leis an tSeirbia, cé gur thángthas ar Chomhaontú san Idirphlé a d'éascaigh an tAontas, níor chuir an Chosaivan tSeirbia tús go fóill le cur chun feidhme a n-oibleagáidí faoi seach, ar oibleagáidí iad atá ceangailteach ar na Páirtithe agus ar cuid lárnach dá gconairí Eorpacha iad.

an Tuircfós ina comhpháirtí lárnach ag an Aontas agus is tír is iarrthóir í, ach tá an chaibidlíocht aontachais ina stad ó 2018 i leith, i gcomhréir leis an gcinneadh ón gComhairle Eorpach. Níor aisiompaigh an tír an treocht dhiúltach maidir le himeacht ón Aontas, agus rinne sí athchóirithe a bhain le haontachas a shaothrú go pointe teoranta. Leanadh den chomhar leis an Tuirc maidir le réimsí comhleasa i réimsí ríthábhachtacha, mar shampla an fhrithsceimhlitheoireacht, an geilleagar, fuinneamh, slándáil bia, imirce agus iompar. Ní mór don Tuirc céimeanna cinntitheacha a ghlacadh chun feabhas suntasach a chur ar an ailíniú le CBES an Aontais agus chun dlús a chur leis an gcomhar chun teacht timpeall ar bhearta sriantacha a chosc agus a bhrath.Tar éis don Chomhairle Eorpach, don Ardionadaí agus don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle i mí na Samhna maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Tuirc, rud a bheidh ag tógáil ar na hionstraimí agus ar na roghanna a shainaithin an Chomhairle Eorpach agus d'fhonn leanúint ar aghaidh ar bhealach straitéiseach chun cinn.
 

Na chéad chéimeanna eile

Is faoin gComhairle atá sé anois na moltaí ón gCoimisiún a mheas agus cinntí a dhéanamh maidir leis na céimeanna atá romhainn i bpróiseas an mhéadaithe.

Tuilleadh eolais

Teachtaireacht ón gCoimisiún

Chun torthaí mionsonraithe agus moltaí a fháil maidir le gach tír, féach:

An AlbáinMEABHRÁNTuarascáilBileog eolais de réir tíre

An Bhoisnia agus an HeirseagaivéinMEABHRÁNTuarascáilBileog eolais de réir tíre

An ChosaivMEABHRÁNTuarascáilBileog eolais de réir tíre

MontainéagróMEABHRÁNTuarascáilBileog eolais de réir tíre

An Mhacadóin ThuaidhMEABHRÁN; TuarascáilBileog eolais de réir tíre

An tSeirbiaMEABHRÁNTuarascáilBileog eolais de réir tíre

An TuircMEABHRÁNTuarascáilBileog eolais de réir tíre                    

An ÚcráinMEABHRÁNTuarascáilBileog eolais de réir tíre

An MholdóivMEABHRÁNTuarascáilBileog eolais de réir tíre

An tSeoirsiaMEABHRÁNTuarascáilBileog eolais de réir tíre

 

Chun faisnéis níos ginearálta a fháil

Bileog eolais – Próiseas aontachais an Aontais céim ar chéim

Bileog eolais – An Plean Fáis nua le haghaidh na mBalcán Thiar

Sonraí

Dáta foilsithe
8 Samhain 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn