Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta5 Nollaig 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Gairm ar aistritheoirí óga! Tá an comórtas uile-oileáin, Aistritheoirí Óga, 2024 seolta

Sheol an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann comórtas aistriúcháin uile-oileáin inniu do dhaltaí meánscoile.

Aistritheoiri Óga competition promo image - visual with images of the 2023 winners and text: An bhfuil bua aistriúcháin agat?  Beir bua sa chomórtas  AISTRITHEOIRÍ ÓGA

Is féidir iarratais a chur isteach go dtí an 1 Feabhra 2024, agus reáchtálfar an comórtas féin an 5 Márta sna scoileanna ar fad a ghlacann páirt ann.

Agus an comórtas á sheoladh aige, dúirt Patrick O’Donovan TD, Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht:

Tá mo Roinn ag tacú go fonnmhar le Comórtas na nAistritheoirí Óga le blianta beaga anuas i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus táim thar a bheith bródúil go bhfuil ag éirí chomh maith leis ó seoladh an chéad eagrán den chomórtas in 2017.

Is deis iontach atá sa chomórtas seo do dhaltaí meánscoile smaoineamh ar na deiseanna iontacha fostaíochta atá san Eoraip dóibh siúd a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu agus dóibh siúd a bhfuil bua an ilteangachais acu.

Tá an líon deiseanna dóibh siúd a bhfuil Gaeilge mhaith acu ag méadú in Éirinn chomh maith de bharr thionchar Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus is ábhar dóchais é seo do dhaoine óga a bhfuil suim acu sa teanga. Guím gach rath ar na scoileanna agus ar na daltaí a ghlacfaidh páirt sa chomórtas.

Dúirt Aislínn McCrory, Ceann Gníomhach Roinn na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach:

Tá mana ag an Aontas Eorpach a deir gur sia a rachfar le teangacha (nó gur faide a rachfar le teangacha), agus is fíor é.

Osclaíonn teangacha doirse dúinn, sa saol oibre agus sa saol trí chéile, agus is mór an phribhléid don Éireannach a bhfuil Gaeilge agus Béarla aige, go bhfuil ar a laghad dhá theanga ar a thoil aige. Tá “sean-aistritheoirí” an Choimisiúin ag súil go mór le comórtas na bliana seo, óir is ábhar misnigh iad aistritheoirí óga na hÉireann againne. Guímid gach rath oraibh!

 

Maidir leis an gcomórtas

Is iad an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann i gcomhar a eagraíonn an comórtas Aistritheoirí Óga. Tá sé ar oscailt do dhaltaí ar fud oileán na hÉireann a raibh 15 bliana nó níos mó slánaithe acu an 1 Meán Fómhair 2023 agus a bhfuil sé de chumas iontu aistriúchán a dhéanamh ó Bhéarla go Gaeilge, nó ó cheann de rogha teangacha Eorpacha eile go Gaeilge.

Tá trí sprioc ag an gcomórtas seo: ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn i measc daltaí scoile, an t-ilteangachas a spreagadh agus suim daoine óga a mhúscailt i ngairmeacha le Gaeilge. 

Cúig chatagóir atá sa chomórtas: an t-aistriúchán is fearr go Gaeilge i ngach cúige, agus an t-aistriúchán is fearr as oileán na hÉireann.

Scoileanna ar mian leo a bheith páirteach sa chomórtas, ní mór dóibh clárú faoin 1 Feabhra 2024 trí ríomhphost a sheoladh chuig DGT-GA-AISTRITHEOIRI-OGAatec [dot] europa [dot] eu (DGT-GA-AISTRITHEOIRI-OGA[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Is ar an Máirt an 5 Márta 2024 a bheidh an comórtas ar siúl.

Ag an searmanas bronnta in Aibreán 2024, déanfaidh an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Ghaeilge a nduaiseanna a bhronnadh ar na buaiteoirí – buanchorn do bhuaiteoir na príomhdhuaise agus táibléad Samsung do bhuaiteoirí na gcatagóirí eile go léir.

Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas, faoin bpróiseas clárúcháin agus faoi rialacha an chomórtais le fáil anseo.

Is i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2017 a seoladh an comórtas seo den chéad uair.

Tá an comórtas ina chuid den iarracht fhorleathan chun feasacht a ardú faoi stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh agus faoi na deiseanna fostaíochta atá ann mar thoradh air sin.

Tuilleadh eolais

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Pól Ó Grádaigh ag DGT-Dublinatec [dot] europa [dot] eu (DGT-Dublin[at]ec[dot]europa[dot]eu) nó 087 487 2621.

Deiseanna fostaíocht le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh

Sonraí

Dáta foilsithe
5 Nollaig 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn