Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta24 Márta 2021Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Ceann nua ceaptha ar Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Ceapadh Barbara Nolan Uasal ina Ceann ar Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh i mBaile Átha Cliath inniu.

Barbara Nolan, Head of the European Commission Representation in Ireland

Is ina hionadaí oifigiúil ag an gCoimisiún Eorpach in Éirinn faoi údarás polaitiúil an Uachtaráin Ursula von der Leyen a bheidh sí ag feidhmiú. Rachaidh sí i mbun oifige ar an 16 Bealtaine 2021.

Is náisiúnach de chuid na hÉireann í an tUasal Nolan, agus tá os cionn 30 bliain caite aici ag obair leis an gCoimisiún Eorpach. Le linn an ama sin, chuir sí éagsúlacht mhór de réimsí beartais an Aontais Eorpaigh ar a taithí. Tá cur amach ar leith aici ar réimsí éagsúla atá riachtanach don obair laethúil a bhíonn idir lámha ag Ceann Ionadaíochta, idir chúraimí bainistíochta, chúraimí ionadaíochta, agus obair stiúrtha na hidirbheartaíochta. Chomh maith leis sin, is lárnach an ról bhí ag cúrsaí cumarsáide ina cuid oibre le linn a gairme: ba ise Urlabhraí an Choimisiúin um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Ceartas agus Gnóthaí Baile tráth, agus bhí sí ina Ceann ar an Aonad Cumarsáide san Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (EMPL) freisin.

Bhí sí ina Ceann Ionadaíochta in Éirinn cheana ó 2010 go 2016, rud a chuir ar a cumas taithí nach beag a fháil agus í ag cur bheartais agus leas an Aontais a chun cinn.

I láthair na huaire, is í atá ina Ceann Aonaid in Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais (JUST) a bhfuil freagracht orthu as an mBeartas um Chearta Bunúsacha. Sa phost sin di, is tábhachtach an ról a bhí aici i dtreisiú luachanna móra na hEorpa, thar aon ní eile na bunchearta a urramú, a chur chun cinn, agus a chosaint faoi mar a chumhdaítear iad i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Ó thús a gairme anall, bhí poist bhainistíochta eile aici freisin. Orthu sin bhí post sa Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr (EAC), mar aon le post in Ard-Stiúrthóireacht EMPL. Sa chéad phost díobh sin, is ar chlár Erasmus+ a dhírigh sí a haird, sin agus ar chomhordú thionscnamh athchóirithe an ardoideachais; Maidir leis an dara post, is obair ar bheartas frith-idirdhealaithe a bhí i gceist leis sin, maille le caidreamh le hEagraíochtaí na Sochaí Sibhialta.

Sonraí

Dáta foilsithe
24 Márta 2021
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide