Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta29 Samhain 2022An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Tá an comórtas uile-oileáin, Aistritheoirí Óga, 2023 seolta!

Gairm ar aistritheoirí óga! Tá an comórtas uile-oileáin, Aistritheoirí Óga, 2023 seolta.

Aistritheoirí Óga - Visual promoting the 2023 competition

Agus an séú heagrán den chomórtas uile-oileáin ‘Aistritheoirí Óga’ á sheoladh aige, dúirt Jack Chambers TD, Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt ‘Agus deireadh tagtha leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach agus Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 achtaithe anseo in Éirinn an tráth céanna, níl amhras ach go mbeidh deiseanna oibre den scoth ann sna blianta seo romhainn dóibh siúd a bhfuil scileanna aitheanta teanga acu. Tá mo Roinn ag tacú go fonnmhar le Comórtas na nAistritheoirí Óga le blianta beaga anuas i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus is iontach an rud é go bhfuil ag éirí chomh maith sin leis.’

Agus é ag tagairt don chomórtas, labhair Seán Hade, Ceann Roinn na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach faoin ‘deis a chruthaíonn sé do na daltaí a ghlacann páirt ann tuiscint a fháil ar ghairm an aistritheora in institiúidí an Aontais.'  Mhol sé do dhaltaí meánscoile a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu ‘leas a bhaint as na teangacha atá foghlamtha acu’ agus ‘blaiseadh a fháil de na dúshláin teanga a bhíonn le réiteach ag aistritheoirí gairmiúla Gaeilge in institiúidí an Aontais gach lá.’

 

An comórtas

Is iad an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann i gcomhar a eagraíonn an comórtas Aistritheoirí Óga. Tá sé ar oscailt do dhaltaí ar fud oileán na hÉireann a raibh 15 bliana nó níos mó slánaithe acu an 1 Meán Fómhair 2022 agus a bhfuil sé de chumas iontu aistriúchán a dhéanamh ó Bhéarla go Gaeilge, nó ó cheann de rogha teangacha Eorpacha eile go Gaeilge.

Tá trí sprioc ag an gcomórtas seo: ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn i measc daltaí scoile, an t-ilteangachas a spreagadh agus suim daoine óga a mhúscailt i ngairmeacha le Gaeilge. 

Cúig chatagóir atá sa chomórtas: an t-aistriúchán is fearr go Gaeilge i ngach cúige, agus an t-aistriúchán is fearr as oileán na hÉireann.

Scoileanna ar mian leo a bheith páirteach sa chomórtas, ní mór dóibh clárú faoin 20 Eanáir 2023 trí ríomhphost a sheoladh chuig DGT-GA-AISTRITHEOIRI-OGAatec [dot] europa [dot] eu (DGT-GA-AISTRITHEOIRI-OGA[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Is ar an Máirt an 7 Márta 2023 a bheidh an comórtas ar siúl.

Ag an searmanas bronnta in Aibreán 2023, déanfaidh Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt a nduaiseanna a bhronnadh ar na buaiteoirí – buanchorn do bhuaiteoir na príomhdhuaise agus táibléad Samsung do bhuaiteoirí na gcatagóirí eile go léir.

Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas, faoin bpróiseas clárúcháin agus faoi rialacha an chomórtais le fáil anseo.  Tá samplaí d’iarthéacsanna ar fáil anseo.

 

Cúlra an chomórtais

Is i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2017 a seoladh an comórtas seo den chéad uair.

Tá an comórtas ina chuid den iarracht fhorleathan chun feasacht a ardú faoi stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh agus faoi na deiseanna fostaíochta atá ann mar thoradh air sin.

 

Tuilleadh eolais

Deiseanna fostaíochta le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh

Sonraí

Dáta foilsithe
29 Samhain 2022
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn