Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta13 Meán Fómhair 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 51 nóiméad

Aitheasc an Uachtaráin von der Leyen ar Staid an Aontais 2023

Thug an tUachtarán von der Leyen an ceathrú hAitheasc ar Staid an Aontais uaithi i bParlaiment na hEuropa inniu. Léigh téacs iomlán a haithisc anseo thíos.

President von der Leyen delivering her 4th State of the Union address this morning to the European Parliament

GAIRM NA STAIRE A FHREAGAIRT

 

RÉAMHRÁ – BEART A DHÉANAMH INNIU, AGUS AN BEALACH A RÉITEACH DON LÁ AMÁRACH

A Chomhaltaí Onóracha,

Laistigh de 300 lá, caithfidh muintir na hEorpa a vóta sa daonlathas uathúil suntasach atá againn.

Mar is amhlaidh i gcás aon toghcháin, tráth a bheidh ann do dhaoine chun machnamh a dhéanamh ar Staid an Aontais seo againne agus ar an obair atá déanta ag na daoine sin a dhéanann ionadaíocht dóibh.

Ach tráth a bheidh ann freisin chun cinneadh a dhéanamh faoin gcineál todhchaí agus faoin Eoraip atá uathu.

Beidh na milliúin daoine ag caitheamh vóta den chéad uair ina measc, agus rugadh na daoine is óige díobh sin in 2008.

Nuair a bheidh siad sa bhoth vótála sin, smaoineoidh siad ar an méid atá tábhachtach dóibh.

Smaoineoidh siad ar an gcogadh atá faoi lán seoil ag ár dteorainneacha.

Nó ar thionchar scriosach an athraithe aeráide.

Nó ar an gcaoi a ndéanfaidh an intleacht shaorga difear dá saol.

Nó ar a dhóichí a bheidh sé go bhféadfaidh siad teach a cheannach nó post a fháil sna blianta amach rompu.

An tAontas atá againn sa lá atá inniu ann, léiríonn sé fís na ndaoine sin a bhí ag iarraidh todhchaí níos fearr a bhaint amach tar éis an Dara Cogadh Domhanda.

Todhchaí ina n-oibreodh Aontas náisiún, daonlathas agus daoine as lámh a chéile chun síocháin agus rathúnas a bhaint amach.

Chreid siad gurbh í an Eoraip an freagra ar ghairm na staire.

Nuair a labhraím leis an nglúin nua daoine óga, feicim an fhís chéanna sin de todhchaí níos fearr.

An díocas mór céanna atá orthu chun rud éigin níos fearr a thógáil.

An chreidiúint chéanna sin gur gá don Eoraip gairm na staire a fhreagairt an athuair i saol na héiginnteachta.

Agus sin é an méid is gá dúinn a dhéanamh i dteannta a chéile

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Cuirtear tús leis an méid sin trí mhuinín mhuintir na hEorpa a thuilleamh chun déileáil lena n-uaillmhianta agus leis na rudaí a dhéanann imní dóibh.

Agus sna 300 lá atá amach romhainn, ní mór dúinn an obair a chuir siad de chúram orainn a dhéanamh a thabhairt chun críche.

Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Teach seo as an ról ceannasach a bhí aige i dtaca le ceann de na hathruithe is uaillmhianaí ar thug an tAontas seo faoi riamh cheana a bhaint amach.

Nuair a chuir mé mo chlár le haghaidh Eoraip ghlas dhigiteach gheopholaitiúil os bhur gcomhair in 2019, tá a fhios agam go raibh amhras ar roinnt agaibh.

Tharla sé sin sular cuireadh an domhan as riocht le paindéim dhomhanda agus le cogadh brúidiúil ar chríoch na hEorpa. 

Ach féachaigí an Eoraip atá againn inniu.

Cuireadh tús le hAontas geopholaitiúil, ar Aontas é a thacaíonn leis an Úcráin, a sheasann i gcoinne fhogha na Rúise, a fhreagraíonn ar theanntás na Síne agus a dhéanann infheistíocht i gcomhpháirtíochtaí.

Comhaontú Glas don Eoraip againn anois i gcroílár ár ngeilleagair, nach bhfuil a shárú ann ó thaobh na huaillmhéine de. 

Tá an bealach leagtha amach againn don aistriú digiteach agus is ceannródaithe domhanda sinn anois maidir le cearta ar líne.

Tá an plean stairiúil NextGenerationEU againn, lena gceanglaítear le chéile infheistíochtaí agus athchóirithe dar luach €800 billiún agus lena gcruthaítear poist chuibhiúla don lá inniu agus don lá amárach.   

Tá na bunchlocha leagtha síos againn le haghaidh Aontas Sláinte, agus é ag cuidiú chun mór-roinn iomlán agus áiteanna móra eile ar fud an domhain a vacsaíniú. 

Táimid níos neamhspleáiche in earnálacha criticiúla, cuir i gcás fuinneamh, sliseanna agus amhábhair.

Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil libh freisin as an obair cheannródaíoch nuálach a rinneamar i leith an chomhionannais inscne.

Mar bhean, is mór agam an méid sin.

Tá comhaid tugtha chun críche againn ar cheap go leor daoine go mbeadh bac orthu go deo, cuir i gcás an Treoir maidir le Mná ar Bhoird agus aontachas an Aontais Eorpaigh le Coinbhinsiún Iostanbúl.

Leis an Treoir maidir le trédhearcacht pá, tá sé cumhdaithe sa dlí againn go bhfuil pá comhionann tuillte as obair chomhionann.

Níl argóint ar bith ann gur cheart níos lú airgid a íoc le bean ná le fear as an gcineál céanna oibre.

Ach níl deireadh lenár gcuid oibre go fóill, ná baol air, agus ní mór dúinn leanúint den dul chun cinn a éileamh i dteannta a chéile.

Tá a fhios agam go dtacaíonn an Teach seo lenár dtogra maidir le foréigean in aghaidh na mban a chomhrac.

Ar an mbonn sin, is mian liom bunphrionsabal eile a chumhdach sa dlí: Diúltú is ea diúltú.

Ní fíor-chomhionannas go saoirse ón bhforéigean.

 

Agus a bhuí leis an bParlaimint seo, leis na Ballstáit agus le m'fhoireann Coimisinéirí, bhaineamar amach níos mó ná 90% de na Treoirlínte Polaitiúla a chuir mé i láthair in 2019.

I dteannta a chéile, tá sé léirithe againn go mbaintear torthaí amach nuair a bhíonn an Eoraip ceannasach.

Agus níl deireadh lenár gcuid oibre go fóill – seasaimis le chéile.

Déanaimis beart inniu, agus réiteoimis an bealach don lá amárach.

 

AN COMHAONTÚ GLAS DON EORAIP

A Chomhaltaí Onóracha,

Ceithre bliana ó shin, ba é an Comhaontú Glas don Eoraip ár bhfreagra ar ghairm na staire.

Bhí an samhradh seo ar an samhradh ba theo dá raibh againn riamh san Eoraip, agus chuir sé an méid sin i gcuimhne dúinn go láidir. 

Buaileadh an Ghréig agus an Spáinn le falscaithe sladacha, agus bhuail tuilte millteacha arís iad cúpla seachtain ina dhiaidh sin.

Agus chonaiceamar anord agus eirleach na hadhaimsire — ón tSlóivéin go dtí an Bhulgáir agus ar fud an Aontais seo againne.

Is é sin réaltacht pláinéid atá ar fiuchadh.

Ceapadh an Comhaontú Glas don Eoraip i ngeall ar an ngá atá ann ár bpláinéad a chosaint.

Ach ceapadh é freisin mar dheis chun ár rathúnas amach anseo a chaomhnú.

Chuireamar tús leis an sainordú seo le peirspictíocht fhadtéarmach a leagan síos maidir leis an dlí aeráide agus sprioc 2050.

D'athraíomar an clár oibre aeráide chun go gcuimseodh sé an geilleagar.

Dá thoradh sin, tá tuiscint shoiléir againn ar an mbealach atá romhainn le haghaidh na hinfheistíochta agus na nuálaíochta.

Agus tá sé feicthe againn cheana féin gur baineadh torthaí amach sa ghearrthéarma a bhuí leis an straitéis fáis sin. 

Léiríonn tionscal na hEorpa gach lá go bhfuil sé réidh chun an t-aistriú sin a chumhachtú.

Chruthaigh sé gur féidir an nuachóiriú agus an dícharbónú a chur le chéile.

Le cúig bliana anuas, tá méadú tagtha ar líon na monarchana cruach glaine san Aontas ó náid go 38.

níos mó infheistíochta sa hidrigin ghlan á mealladh againn anois ná mar atá ag na Stáit Aontaithe agus an tSín le chéile.

Agus amárach, beidh mé sa Danmhairg leis an bPríomh-Aire Mette Frederiksen chun an nuálaíocht sin a fheiceáil le mo shúile cinn.

Déanfaimid ceiliúradh ar sheoladh na chéad loinge coimeádán, long atá á cumhachtú le meatánól glan a rinneadh le fuinneamh na gréine.

Is é sin neart fhreagairt na hEorpa ar an athrú aeráide.

Is é an Comhaontú Glas don Eoraip a chuireann an creat, na dreasachtaí agus an infheistíocht is gá ar fáil – ach is iad na daoine, na ceapadóirí, na hinnealtóirí a fhorbraíonn na réitigh.

Agus, a Chomhaltaí Onóracha,

agus muid ag dul isteach sa chéad chéim eile den Chomhaontú Glas don Eoraip, tá rud amháin ann nach n-athrófar choíche dá réir.

Leanfaimid de thacaíocht a thabhairt do thionscal na hEorpa feadh an aistrithe seo. 

Thosaíomar amach le pacáiste beart – ón nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta go dtí an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla.

Lenár Straitéis Tionsclaíochta, thosaíomar ag déanamh measúnú ar na rioscaí agus ar na riachtanais a bhaineann le gach éiceachóras san aistriú sin.

Ní mór dúinn an obair sin a thabhairt chun críche.

Agus chuige sin, ní mór dúinn cur chuige a fhorbairt do gach éiceachóras tionsclaíoch.

Dá bhrí sin, reáchtálfaimid sraith comhairliúchán den Idirphlé maidir le hAistriú Glan leis an tionscal, ag tosú an mhí seo.

Is é an phríomhaidhm a bheidh ann tacú le gach earnáil a samhail ghnó a fhorbairt chun an tionscal a dhícharbónú.

Mar go gcreidimid go bhfuil an t-aistriú sin ríthábhachtach dár n-iomaíochas amach anseo san Eoraip.

Agus is amhlaidh a bhaineann an méid sin freisin leis na daoine agus lena bpost sa lá atá inniu ann.

Is scéal ratha Eorpach é ár dtionscal gaoithe, mar shampla.

Ach tá meascán ar leith de dhúshláin le sárú aige faoi láthair.

Sin an fáth a gcuirfimid ar aghaidh pacáiste Eorpach um Chumhacht Ghaoithe, agus muid ag obair go dlúth leis an tionscal agus leis na Ballstáit chuige sin.

Cuirfimid tuilleadh dlúis leis an bpróiseas ceadaithe.

Cuirfimid feabhas ar na córais cheantála ar fud an Aontais.

Díreoimid ar scileanna, ar rochtain ar mhaoiniú, agus ar shlabhraí soláthair cobhsaí.

Ach tá níos mó ná aon earnáil amháin i gceist leis an méid sin:

Ón ngaoth go cruach, agus ó chadhnraí go feithiclí leictreacha – tá an uaillmhian atá againn chomh soiléir le grian an mheán lae: Ní mór todhchaí ár dtionscail teicneolaíochta glaine a lonnú san Eoraip.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

I dtaca leis an gComhaontú Glas don Eoraip:

Táimid chun an cúrsa a sheasamh.

Táimid uaillmhianach i gcónaí.

Táimid ag cloí leis an straitéis um fhás.

Agus féachfaimid i gcónaí le haistriú cóir cothrom a chur i gcrích!

Ciallaíonn sé sin toradh cóir do na glúnta atá le teacht – gur ar phláinéad folláine a mhairfidh siad.

Agus ráth is bláth a bheith orthu siúd atá buailte – poist chuibhiúla a fháil agus gealltanas sollúnta nach bhfágfar aon duine ar gcúl.

Smaoinígí féin ar na jabanna sa réimse monaraíochta agus ar an iomaíochas: sin ábhar cainte atáimid a phlé go mór na laethanta seo.

Is mian leis an tionscal agus leis na cuideachtaí teicneolaíochta againn féin an iomaíocht.

Tá a fhios acu go bhfuil an iomaíocht dhomhanda maith don ghnó.

Agus is amhlaidh a chruthaíonn sí agus a chosnaíonn sí jabanna maithe anseo san Eoraip.

Ach ní bheidh fíor-iomaíocht i réim mura bhfuil sí cothrom.

Go mion minic, ní thugtar cead dár gcuideachtaí féin feidhmiú i margaí eachtracha agus, de dheasca cleachtais chreachacha, cuirtear faoi mhíbhuntáiste iad.

Is minic a dhéanann iomaitheoirí sladghearradh ar ár gcuideachtaí, sin iomaitheoirí atá ag baint tairbhe as fóirdheontais ollmhóra stáit.

Níl dearmad déanta againn ar an gcaoi a raibh an tionscal grianfhuinnimh againne thíos le cleachtais éagóracha trádála na Síne.

De dheasca iomaitheoirí Síneacha a fhaigheann fóirdheontais mhóra, cuireadh a lán gnólachtaí nua amach as an iomaíocht.

Bhí ar chuideachtaí ceannródaíocha iarratas ar fhéimheacht a dhéanamh.

Agus iad siúd a raibh tallann fónta acu, chuaigh siad ar lorg a bhfortúin thar lear.

Sin an fáth a bhfuil an chothroime sa gheilleagar domhanda chomh tábhachtach sin – mar déanann sé difear do shaol daoine agus a slí bheatha.

Tá a lán tionscal agus pobal ag brath air.

Mar sin, caithfimid a bheith glé grinn faoi na rioscaí atá amach romhainn.

An earnáil feithiclí leictreacha, cuir i gcás.

Is ríthábhachtach an tionscal é don gheilleagar glan agus beidh deiseanna móra ag baint leis an Eoraip.

Ach tá carranna leictreacha Síneacha níos saoire ag teacht isteach sna margaí domhanda ina rabharta.

Agus mar gheall ar na fóirdheontais ollmhóra stáit, tá an praghas atá ar na carranna sin á choinneáil go híseal d'aon turas.

Saobhann an méid sin ár margadh.

Go díreach mar nach nglacaimid leis sin ón taobh amuigh, is amhlaidh nach nglacaimid leis ón taobh amuigh ach an oiread.

Dá réir sin, tá mé ag fógairt inniu go bhfuil an Coimisiún ag seoladh imscrúdú frith-fhóirdheontais ar fheithiclí leictreacha a thagann isteach ón tSín.

Tá an Eoraip oscailte don ghnó. Ní le haghaidh rás go dtí an grinneall.

 

Ní mór dúinn muid féin a chosaint ar chleachtais éagóracha.

Ach mar sin féin, is ríthábhachtach an ní é na línte cumarsáide agus an plé a choinneáil oscailte leis an tSín.

Mar tá topaicí ann chomh maith a bhféadfaimid, agus ar gá dúinn, dul i gcomhar le chéile ina leith.

Dí-rioscú seachas dí-chúpláil – sin é an cur chuige a bheidh agam i leith ceannaireacht na Síne ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín níos faide anonn sa bhliain.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Tá bród orainn san Aontas Eorpach as an éagsúlacht chultúrtha atá againn.

‘Eoraip na Réigiún' ina bhfuil éagsúlacht mhór teangacha, ceoil, ealaíne, traidisiún, ceardaíochta agus cócaireachta ar leith – sin muid.

éagsúlacht bitheolaíochta ar leith againn san Eoraip lena chois sin. 

Tá thart faoi 6,500 speiceas le fáil san Eoraip amháin.

I dtuaisceart na hEorpa tá Láithreán Oidhreachta Domhanda Mhuir Wadden le fáil, ar gnáthóg ar leith í a chuireann tearmann ar fáil do chineálacha ainmhithe agus plandaí nach bhfeictear ach go hannamh, agus tá an limistéar ríthábhachtach do na milliúin éan imirceach.

In éineacht le Muir Bhailt, is í an mhuir bhreacsháile is mó ar domhan í.

Ó dheas, tá na hísealchríocha Eorpacha ann arb iad is mó atá iontu bogaigh agus móinteáin.

Is tábhachtach an ról atá ag na réigiúin sin i gcoinne an athraithe aeráide.

Tá cuid mhór de na gáis ceaptha teasa á gceapadh ag na bogaigh sin agus ag na móinteáin sin atá faoi chosaint, tá timthriallta réigiúnacha uisce slán sábháilte mar gheall orthu agus cuireann siad tearmann ar fáil do bhithéagsúlacht ar leith.

Agus tá cuid mhór coillte san Eoraip.

Idir na foraoisí buaircíneacha ollmhóra sa tuaisceart agus san oirthear agus foraoisí cianaosta darach agus feá i lár na hEorpa agus foraoisí corcdharach i ndeisceart na hEorpa, soláthraíonn na foraoisí uile go léir earraí agus seirbhísí nach féidir a leithéidí a fháil aon áit eile.

Ceapann siad carbón, soláthraíonn siad adhmad agus táirgí eile, cruthaíonn siad ithir thorthúil, agus scagann siad an t-aer agus an t-uisce.

Is ríthábhachtach an bhithéagsúlacht agus oibriú an éiceachórais do gach duine san Eoraip.

Má chailltear an dúlra sin, ní hamháin go scriosfar slí bheatha daoine ach scriosfar an dáimh atá acu lena n-áit dúchais chomh maith.

Ní mór na foraoisí a chosaint.

Ag an am céanna, ní mór deimhin a dhéanamh de gur dualgas é ár soláthar bia ón dúlra a choinneáil slán sábháilte anois agus feasta.

Ba mhaith liom ómós a thabhairt inniu dár bhfeirmeoirí agus buíochas a ghabháil leo as bia a sholáthar dúinn ó lá go lá.

Bia folláine – is é an cúram talmhaíochta sin bunchloch ár mbeartais talmhaíochta dúinne san Eoraip.

Tá an neamhspleáchas sa soláthar bia tábhachtach dúinn chomh maith.

Sin an méid a dhéanann ár bhfeirmeoirí.

Ní féidir linn talamh slán a dhéanamh de sin mar gheall ar iarmhairtí fhogha na Rúise faoin Úcráin, ar an athrú aeráide de dheasca triomaigh, tinte foraoise agus tuilte, agus tá oibleagáidí nua ag dul i bhfeidhm ar obair na bhfeirmeoirí agus ar a n-ioncam i rith an ama.

Caithfimid é sin a chur san áireamh.

Inniu féin tá a lán daoine tiomanta don talmhaíocht inbhuanaithe.

I gcomhar leis na fir agus leis na mná atá i mbun na talmhaíochta, caithfimid an ceann is fearr a fháil ar na dúshláin sin.

Is mar sin amháin a thig linn an tsábháilteacht bia a chinntiú freisin don am atá amach romhainn.

Is mó plé agus is lú achrann atá ag teastáil.

Dá bharr sin, ba mhian linn tús a chur le plé straitéiseach faoi thodhchaí na talmhaíochta san Eoraip.

Níl amhras dá laghad orm gur féidir leis an talmhaíocht agus leis an gcomhshaol a bheith ag obair as lámh a chéile.

Tá an dá rud de dhíth orainn.

 

GEILLEAGAR, SÓISIALTA AGUS IOMAÍOCHAS

A Chomhaltaí Onóracha,

Aistriú chóir d'fheirmeoirí, do theaghlaigh agus don tionscal.

Sin saintréith an tsainordaithe seo.

Agus is amhlaidh is tábhachtaí anois é agus muid ag tabhairt aghaidh ar threochtaí dúshlánacha don gheilleagar.

Feictear dom go mbeidh trí mhórdhúshlán eacnamaíocha roimh ár dtionscal sa bhliain atá amach romhainn: ganntanais lucht saothair agus scileanna, an boilsciú, agus conas an gnó a dhéanamh níos éasca dár gcuideachtaí. 

Baineann an chéad cheann lenár margadh saothair.

Níl dearmad déanta againn ar laethanta luatha na paindéime domhanda.

Nuair a bhí gach duine ag tuar go dtiocfadh rabharta nua den oll-dífhostaíocht mar a bhí ann sna 1930í.

Ach sháraíomar an tuar sin.

Le SURE, an chéad tionscnamh Eorpach riamh maidir le hobair ghearr-ama, shábhálamar 40 milliún post.

Seo geilleagar margaidh sóisialta na hEorpa faoi lán seoil.

Is cúis mhórtais againn sin!

Ansin rinneamar ár n-inneall eacnamaíoch a atosú láithreach a bhuí le NextGenerationEU.

Agus tá torthaí na hoibre sin le feiceáil inniu.

Tá lánfhostaíocht bainte amach ag an Eoraip nach mór.

Seachas na milliúin daoine a bheith ag lorg post, tá daoine á lorg leis na milliúin poist a líonadh.

Tá na ganntanais lucht saothair agus scileanna níos mó ná riamh – anseo agus ar fud na mórgheilleagair go léir.

Deir 74% de FBManna go bhfuil ganntanais scileanna os a gcomhair.

Ag buaicphointe an tséasúir turasóireachta, is éigean do bhialanna agus tithe tábhairne san Eoraip gearradh siar ar a n-uaireanta oscailte toisc nach bhfuil siad in ann foireann a fháil.

Tá ospidéil ag cur cóireálacha leighis siar mar gheall ar an easpa altraí.

Agus tá dhá thrian de na cuideachtaí Eorpacha ag lorg speisialtóirí TF.

San am céanna, tá deacrachtaí ag na mílte tuismitheoirí – máithreacha an chuid is mó díobh – cothromaíocht a aimsiú idir an obair agus an teaghlach toisc nach bhfuil aon seirbhísí cúraim leanaí ann.

Agus tá 8 milliún duine óg nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais, ná oiliúna.

Tá a mbrionglóidí curtha i leataobh, a saol ar feitheamh.

Ní hamháin go bhfuil sin ina chúis le go leor cruacháis phearsanta,

ach tá sé ar cheann de na bacainní is mó atá roimh ár n-iomaíochas.

Óir cuireann ganntanais lucht saothair bac ar an acmhainneacht le haghaidh nuálaíochta, fáis agus rathúnais.

Mar sin, ní mór dúinn rochtain ar an margadh saothair a fheabhsú.

Go háirithe le haghaidh daoine óga, le haghaidh na mban.

Agus tá imirce cháilithe de dhíth orainn freisin.

Chomh maith leis sin, ní mór dúinn freagra a thabhairt ar na hathruithe doimhne sa teicneolaíocht, sa tsochaí agus sa déimeagrafaíocht.

Agus chuige sin, ba cheart dúinn brath ar shaineolas na ngnólachtaí agus na gceardchumann, ár gcomhpháirtithe cómhargála.

Tá sé beagnach daichead bliain ó thionóil Jacques Delors cruinniú Val Duchesse nuair a cuireadh tús leis an dialóg shóisialta Eorpach.

Ó shin i leith, tá comhpháirtithe sóisialta i ndiaidh dul i bhfeidhm ar Aontas an lae inniu – iad ag cinntiú dul chun cinn agus rathúnais le haghaidh na mílte daoine.

Agus an domhan mórthimpeall orainn ag athrú níos tapa ná riamh, ní mór do chomhpháirtithe sóisialta a bheith arís ag croílár ár dtodhchaí. 

Le chéile, ní mór dúinn díriú ar na dúshláin atá roimh an margadh saothair – idir ghanntanais lucht saothair agus scileanna, agus dúshláin nua a eascraíonn as an intleacht shaorga. 

Sin an fáth a bhfuilimid chun Cruinniú Mullaigh nua na gComhpháirtithe Sóisialta a thionól in Val Duchesse arís an bhliain seo chugainn, in éineacht le hUachtaránacht na Beilge.

In éineacht linne, is iad na comhpháirtithe sóisialta a thógfaidh todhchaí na hEorpa.

 

An dara mórdhúshlán eacnamaíoch: an t-ardbhoilsciú leanúnach.

Tá Christine Lagarde agus an Banc Ceannais Eorpach ag obair go dian chun an boilsciú a choinneáil faoi smacht.

Tá a fhios againn go dtógfaidh sé tamall filleadh ar sprioc mheántéarmach an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Ar an dea-uair, tá an Eoraip tar éis tosú ar na praghsanna fuinnimh a thabhairt síos.

Níl dearmad déanta againn ar an úsáid a bhain Putin d'aon turas as gás mar uirlis troda agus an dóigh ar chuir sé eagla ar dhaoine go mbeadh cliseadh cumhachta agus géarchéim fuinnimh ann, mar a bhí sna 1970í.

Mheas go leor daoine nach mbeadh go leor fuinnimh againn chun teacht slán ón ngeimhreadh.

Ach thángamar slán.

Toisc go bhfanamar aontaithe – chuireamar ár n-éilimh le chéile agus cheannaíomar fuinneamh le chéile.

Agus san am céanna, murab ionann agus na 1970í, d'úsáideamar an ghéarchéim chun infheistíocht ollmhór a dhéanamh i bhfoinsí in-athnuaite agus chun dlús a chur leis an aistriú glan.

Bhaineamar úsáid as mais chriticiúil na hEorpa chun na praghsanna a thabhairt síos agus chun ár soláthar a dheimhniú.

Bliain ó shin, bhí os cionn €300 ar ghás san Eoraip in aghaidh an MWh. Anois tá sé thart ar €35.

Mar sin, ní mór dúinn féachaint ar conas is féidir linn an tsamhail ratha sin a athchruthú i réimsí eile amhail amhábhair chriticiúla nó hidrigin ghlan.

 

An gnó a dhéanamh níos éasca - sin an tríú dúshlán atá roimh chuideachtaí Eorpacha.

Níl sé d'acmhainn ag cuideachtaí beaga déileáil le riarachán casta.

É sin, nó bíonn próisis fhadálacha ina mbac orthu.

Fágann sé sin gur minic a dhéanann siad níos lú leis an am atá acu – agus go gcailleann siad amach ar dheiseanna fáis.

Sin an fáth go bhfuilimid chun Toscaire AE na FBManna a cheapadh roimh dheireadh na bliana a thuairisceoidh domsa go díreach.

Is mian linn cloisteáil go díreach ó ghnólachtaí beaga agus meánmhéide faoina ndúshláin laethúla.

Déanann bord neamhspleách seiceáil iomaíochas dúinn i leith gach píosa reachtaíochta nua.

Agus an mhí seo chugainn, déanfaimid na chéad tograí reachtacha i dtreo oibleagáidí tuairiscithe a laghdú 25% ar an leibhéal Eorpach.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Bímis ionraic – ní bheidh an méid sin éasca.

Agus beidh bhur dtacaíocht ag teastáil uainn.

Óir is iarracht choiteann é seo le haghaidh na n-institiúidí Eorpacha go léir.

Agus is gá dúinn oibriú leis na Ballstáit freisin chun an 25% a mheaitseáil ar an leibhéal náisiúnta.

Is mithid an gnó a dhéanamh níos éasca san Eoraip!

 

Ach is gá rochtain a bheith ag cuideachtaí Eorpacha ar na príomhtheicneolaíochtaí ionas go bhféadfaidh siad a bheith nuálach, forbairt a dhéanamh, agus monarú.

Baineann an cheist sin le ceannasacht na hEorpa mar a chuir na Ceannairí i dtábhacht in Versailles.

Tá sé ríthábhachtach, ar chúiseanna eacnamaíocha agus slándála, buntáiste Eorpach a choinneáil i leith teicneolaíochtaí criticiúla agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

maoiniú coiteann Eorpach ag teastáil le haghaidh an bheartais thionsclaíoch Eorpaigh sin freisin.

Sin an fáth ar mholamar an clár STEP mar chuid dár dtogra le haghaidh athbhreithniú ar ár mbuiséad.

Le STEP, is féidir linn borradh a chur faoi chistí an Aontais, iad a ghiaráil agus a threorú, chun infheistíocht a dhéanamh i ngach rud idir mhicrileictreonaic, ríomhaireacht chandamach agus an intleacht shaorga.

Idir bhith-theicneolaíocht agus teicneolaíocht ghlan.

Tá an tacaíocht sin ag teastáil ónár gcuideachtaí anois – mar sin impím oraibh teacht ar chomhaontú tapa maidir lenár dtogra buiséid.

Agus tá a fhios agam gur féidir liom brath ar an Teach seo.

Agus tá níos mó ann ó thaobh an iomaíochais de.

Chonaiceamar scrogaill fhíora feadh na slabhraí soláthair domhanda, agus ba iad beartais a rinne tíortha eile d'aon ghnó ba chúis leo.

Cuir i gcás na sriantaí easpórtála a chuir an tSín ar ghailliam agus ar ghearmáiniam dhá eilimint atá riachtanach le haghaidh earraí amhail leathsheoltóirí agus painéil gréine.

Is léiriú é sin ar a thábhachtaí agus atá sé don Eoraip borradh a chur faoin tslándáil eacnamaíoch.

Trí dhí-rioscú, seachas trí dhí-chúpláil.

Agus is cúis mhórtais dom go bhfuil ár bpríomh-chomhpháirtithe ag tacú leis an gcoincheap sin.

Ón Astráil go dtí an tSeapáin agus na Stáit Aontaithe.

Agus is iomaí tír eile ar fud an domhain atá ag iarraidh oibriú le chéile.

Tá go leor acu ró-spleách ar sholáthróir amháin le haghaidh mianraí criticiúla.

Cuid eile acu – tíortha i Meiriceá Laidineach agus san Afraic ina measc – ag iarraidh tionscail áitiúla a fhorbairt le haghaidh próiseála agus scagtha seachas a bheith ag seoladh a n-acmhainní thar lear.

Sin an fáth a bhfuilimid chun an chéad chruinniú de Chomhaltas nua na nAmhábhar Criticiúil a thionól níos déanaí i mbliana.

San am céanna, leanfaimid de thrádáil chóir agus oscailte a spreagadh.

Go dtí seo, tá comhaontuithe saorthrádála nua tugtha i gcrích againn leis an tSile, leis an Nua-Shéalainn agus leis an gCéinia.

Ba cheart dúinn díriú ar chomhaontuithe a thabhairt i gcrích leis an Astráil, le Meicsiceo agus le Mercosur faoi dheireadh na bliana seo.

Agus leis an India agus leis an Indinéis go gairid ina dhiaidh sin.

Is as an trádáil chliste a thagann poist mhaithe agus rathúnas.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Tagann na trí dhúshlán seo – an lucht saothair, an boilsciú agus an timpeallacht gnó – ag teacht ag tráth atáimid ag iarraidh ar earnáil na tionsclaíochta a bheith ar thús cadhnaíochta san aistriú glas.

Mar sin ní mór dúinn féachaint níos faide chun tosaigh agus a leagan amach conas is féidir linn leanúint de bheith iomaíoch agus sin á dhéanamh againn. 

Sin an fáth ar iarr mé ar Mario Draghi – duine de na heacnamaithe is éirimiúla san Eoraip – tuarascáil a ullmhú maidir lena bhfuil i ndán d'iomaíochas na hEorpa.

Óir déanfaidh an Eoraip pé gníomh is gá chun a buntáiste iomaíoch a choinneáil.

 

AN TEICNEOLAÍOCHT DHIGITEACH AGUS AN INTLEACHT SHAORGA

A Chomhaltaí Onóracha, 

I gcás gnó agus an saol a dhéanamh níos éasca, tá sé feicthe againn a thábhachtaí atá an teicneolaíocht dhigiteach. 

Tá sé suntasach go ndeachamar i bhfad thar an sprioc infheistíochta 20% i dtionscadail dhigiteacha faoi chuimsiú NextGenerationEU. 

D'úsáid na Ballstáit an infheistíocht sin chun a gcórais sláinte, a gcórais cheartais agus a ngréasáin iompair a dhigitiú.

Ag an am céanna tá an Eoraip ina ceannródaí ó thaobh rioscaí an domhain dhigitigh a bhainistiú. 

Ar dtús bhí an tIdirlíon ina uirlis chun eolas a chomhroinnt, meon daoine a oscailt agus daoine a idirnascadh le chéile.

Ach tá go leor dúshláin thromchúiseacha ag baint leis freisin.

An bhréagaisnéis, ábhar díobhálach á scaipeadh, rioscaí do phríobháideachas ár gcuid sonraí

Dá thoradh sin, bhí daoine ar easpa iontaoibhe agus sáraíodh cearta bunúsacha daoine. 

Mar fhreagairt air sin, is í an Eoraip anois atá ina ceannródaí domhanda maidir le cearta na saoránach sa saol digiteach. 

Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, táimid ag cruthú spás digiteach atá níos sábháilte agus a chosnaíonn cearta bunúsacha. 

Déanann na gníomhartha sin cothrom na Féinne a chinntiú freisin agus tugann siad freagrachtaí soiléire do na mórchuideachtaí teicneolaíochta

Is éacht gan fasach é sin agus ba cheart dúinn a bheith bródúil as. 

Ba cheart an méid céanna a bheith fíor i gcás na hintleachta saorga freisin.  

Cuirfidh sí feabhas ar an gcúram sláinte, cuirfidh sí borradh faoin táirgiúlacht agus tabharfaidh sí aghaidh ar an athrú aeráide.

Ach ba cheart dúinn a bheith airdeallach freisin ar na bagairtí fíora a bhaineann léi. 

Thug na céadta forbróirí ceannródaíocha, acadóirí agus saineolaithe i réimse na hintleachta saorga rabhadh dúinn le déanaí leis na focail seo a leanas:

“Ba cheart é a bheith ina thosaíocht dhomhanda dúinn an riosca díothaithe ón intleacht shaorga a mhaolú, mar aon le rioscaí eile ar leibhéal na sochaí amhail paindéimí agus an chogaíocht núicléach.”

Is teicneolaíocht ghinearálta í an intleacht shaorga atá inrochtana, cumhachtach agus inoiriúnaithe le haghaidh réimse an-mhór úsáidí – idir shibhialtach agus mhíleata. 

Agus tá sí á forbairt i bhfad níos tapúla ná mar a raibh coinne ag na forbróirí féin leis. 

Tá an deis atá againn ag éirí níos lú is níos lú an teicneolaíocht seo a threorú ar bhealach freagrach.

Creidim féin gur cheart don Eoraip, in éineacht lenár gcomhpháirtithe, a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le creat domhanda nua le haghaidh na hintleachta saorga, creat a bheidh bunaithe ar thrí cholún:  ráillí cosanta, rialachas agus treorú na nuálaíochta

Ar an gcéad dul síos, ráillí cosanta

Is é an phríomhthosaíocht atá againn a chinntiú go bhforbrófar an intleacht shaorga ar bhealach atá duinelárnach, trédhearcach agus freagrach.

Is é sin an fáth ar thug mé gealltanas i mo Threoirlínte Polaitiúla cur chuige reachtach a leagan amach sna chéad 100 lá.

Chuireamar an Gníomh um an Intleacht Shaorga chun tosaigh – an chéad dlí cuimsitheach ar domhan maidir leis an intleacht shaorga atá ar son na nuálaíochta.

Agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Teach seo agus leis an gComhairle as an obair gan staonadh a rinne siad ar an dlí ceannródaíoch seo.  

Tá ár nGníomh um an Intleacht Shaorga ina threoirphlean don domhan ar fad cheana.

Ní mór dúinn anois díriú ar na rialacha sin a ghlacadh a luaithe agus is féidir agus aghaidh a thabhairt ar a gcur chun feidhme.

 

Is é an rialachas an dara colún. 

Táimid anois ag leagan na dúshraithe le haghaidh córais rialachais aonair san Eoraip.

Ach ba cheart dúinn teacht le chéile freisin lenár gcomhpháirtithe chun cur chuige domhanda a chinntiú maidir le tionchar na hintleachta saorga a thuiscint inár sochaithe.

Smaoinígí ar an obair dhearfach atá déanta ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide maidir leis an aeráid, tríd an eolaíocht is déanaí a chur faoi bhráid na n-eolaithe.

Creidim féin go bhfuil comhlacht den chineál sin ag teastáil uainn i leith na hintleachta saorga – ar na rioscaí agus ar na buntáistí lena mbaineann don chine daonna.

Agus eolaithe, cuideachtaí teicneolaíochta agus saineolaithe neamhspleácha timpeall an bhoird. 

Leis sin, beimid in ann freagra tapa a fhorbairt agus comhordú domhanda a dhéanamh air, rud a chuirfidh leis an obair atá á déanamh ag Próiseas Hiroshima agus próisis eile.

Is é an tríú colún treorú na nuálaíochta ar bhealach atá freagrach.

A bhuí leis an infheistíocht atá déanta againn le blianta beaga anuas, tá an Eoraip anois ina ceannródaí sa tsár-ríomhaireacht– agus 3 cinn as na 5 shár-ríomhaire is cumhachtaí ar domhan inár seilbh againn.

Ní mór dúinn sin a chur chun tairbhe dúinn féin. 

Is ar an bhfáth sin is féidir liom tionscnamh nua a fhógairt inniu, chun ár ríomhairí ardfheidhmíochta a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta i réimse na hintleachta saorga chun oiliúint a chur ar a gcuid samhlacha.

Ach níl ann ach cuid dár gcuid oibre chun an nuálaíocht a threorú.

idirphlé oscailte de dhíth orainn leo siúd a fhorbraíonn an intleacht shaorga agus a chuireann in úsáid í.

Tarlaíonn an méid sin sna Stáit Aontaithe, áit ar aontaigh seacht mórchuideachta teicneolaíochta cheana féin le rialacha deonacha faoin tsábháilteacht, faoin tslándáil agus faoin muinín. 

Tarlaíonn an méid sin anseo, áit a n-oibrímid le cuideachtaí i réimse na hintleachta saorga le go dtabharfaidh siad gealltanais go toilteanach do phrionsabail an Ghnímh um an Intleacht Shaorga roimh a theacht i bhfeidhm.

Anois, ba cheart dúinn an obair sin ar fad a chur le chéile i dtreo íoschaighdeáin dhomhanda maidir le húsáid shábháilte eiticiúil na hintleachta saorga.

 

CÚRSAÍ DOMHANDA, AN IMIRCE AGUS AN tSLÁNDÁIL

A Chomhaltaí Onóracha,

Nuair a sheas mé anseo os bhur gcomhair ceithre bliana ó shin, dúirt mé, má táimid aontaithe go hinmheánach, ní fhéadfar sinn a scaradh ó chéile ón taobh amuigh.

Agus ba é sin an smaointeoireacht a bhí taobh thiar den Choimisiún Geopholaitiúil.

Le cur chuige Team Europe is féidir linn a bheith níos straitéisí, níos teanntásaí agus níos aontaithe.

Agus tá sé sin níos tábhachtaí anois ná riamh.

Is dona linn gur cailleadh daoine go tragóideach sa Libia agus i Maracó tar éis na dtuilte fíochmhara agus an chreatha talún thréin.

Beidh an Eoraip réidh i gcónaí le tacaíocht a thabhairt ar bhealach ar bith is féidir linn.

Nó smaoinígí ar réigiún na Saiheile, ceann de na réigiúin is boichte ach is mó fás ó thaobh na déimeagrafaíochta de.

Is míshocra a bheidh an réigiún sna blianta amach romhainn mar gheall ar na coups míleata éagsúla.

Ach tá an Rúis ag imirt tionchar ar an anord agus ag baint tairbhe as.

Agus tá an réigiún anois ina bhonn torthúil le go dtiocfadh méadú ar an sceimhlitheoireacht. 

Is ábhar imní é sin go díreach don Eoraip – dár slándáil agus dár rathúnas.

Mar sin, caithfimid an aontacht chéanna cuspóra a léiriú don Aifric mar atá léirithe againn don Úcráin.

Caithfimid díriú ar an gcomhar le rialtais dhlisteanacha agus le heagraíochtaí réigiúnacha.

Agus caithfimid comhpháirtíocht a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh a fhorbairt, comhpháirtíocht a dhíreoidh ar shaincheisteanna coiteanna don Eoraip agus don Afraic.

Sin an fáth a n-oibreoimid, i gcomhar leis an Ardionadaí Borrell, ar chur chuige straitéiseach nua lena thabhairt chun tosaigh ag an gcéad Chruinniú Mullaigh eile idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Tá an stair ag dul ar aghaidh.

Tá an Rúis i mbun cogadh iomlán a fhearadh i gcoinne bhunphrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe.

Is ábhar imní é i dtíortha ó Lár na hÁise go dtí an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach.

Tá siad buartha gurb é an chinniúint chéanna a bheidh i ndán dóibh i ndomhan gan dlí is atá á fulaingt ag an Úcráin faoi láthair.

Feicimid iarracht shoiléir ó thíortha áirithe filleadh ar smaointeoireacht “blocghrúpa” – is é sin tíortha idir eatarthu a leithlisiú agus tionchar a imirt orthu.

Agus tagann sin chun cinn tráth a bhíonn míshuaimhneas níos doimhne ann do go leor geilleagair atá ag fás, míshuaimhneas mar gheall ar an gcaoi a n-oibríonn institiúidí agus an domhandú ar a son.

Is ábhair imní dhlisteanacha iad sin.

I gcás na ngeilleagar sin atá ag teacht chun cinn mar aon lena ndaoine agus a sócmhainní nádúrtha, is ríthábhachtach na comhghuaillithe dúinn iad chun domhan níos glaine, níos sábháilte agus níos rathúla a thógáil.

Oibreoidh an Eoraip in éineacht leo i gcónaí chun an córas idirnáisiúnta a athchóiriú agus a fheabhsú.

Is mian linn a bheith ceannródaíoch san iarracht chun an t-ord riailbhunaithe a dhéanamh níos córa agus chun an dáileadh a dhéanamh níos cothroime.

Is éard a bheidh i gceist leis sin oibriú le comhpháirtithe nua agus le sean-chomhpháirtithe chun na naisc eadrainn a dhéanamh níos doimhne.

Agus go deimhin, is tairiscint ar leith í Global Gateway ón Eoraip.

Tá Global Gateway níos trédhearcaí, níos inbhuanaithe agus níos tarraingtí ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha de.

An tseachtain seo caite bhí mé i nDeilí Nua chun an tionscadal is uaillmhianaí dár linne a shíniú.

An Chonair Eacnamaíoch idir an India, an Meánoirthear agus an Eoraip.

Is éard a bheidh ann an nasc is dírí go dtí seo idir an India, Murascaill na hAraibe agus an Eoraip: Agus nasc iarnróid ann, is amhlaidh a bheidh an trádáil idir an India agus an Eoraip 40% níos tapúla.

Agus cábla leictreachais agus píblíne hidrigine glaine ann, chun trádáil fuinnimh ghlain a chothú idir an Áise, an Meánoirthear agus an Eoraip.

Agus cábla sonraí ardluais ann, chun roinnt de na héiceachórais dhigiteacha is nuálaí ar domhan a idirnascadh le chéile, agus deiseanna gnó a chruthú feadh na slí.

Is naisc úrscothacha iad seo do shaol an lae amárach.

Níos tapúla, níos giorra, níos glaine.

Agus tá difríocht mhór á déanamh le Global Gateway.

Tá sé feicthe agam i Meiriceá Laidineach, san Áise Thoir Theas agus ar fud na hAfraice – ó gheilleagar hidrigine áitiúil a thógáil leis an Namaib agus leis an gCéinia go geilleagar digiteach leis na hOileáin Fhilipíneacha.

Is infheistíochtaí iad sin i ngeilleagair ár gcomhpháirtithe.

Agus is infheistíochtaí iad sin i rathúnas agus i slándáil na hEorpa i ndomhan atá ag athrú go tapa.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Gach lá bíonn ar dhaoine a mbaile a thréigean agus tearmann a lorg i ngeall ar choimhlintí, ar an athrú aeráide, agus ar an éagobhsaíocht.

Bhí mé den tuairim riamh anall gur gá an imirce a bhainistiú.

Agus caithfear a bheith foighneach.

Iarrachtaí fadtéarmacha lenár gcomhpháirtithe

agus go háirithe an aontacht laistigh dár nAontas,

sin spiorad an chomhshocraithe nua maidir leis an imirce agus an tearmann.

Nuair a tháinig mé i mbun oifige, ní fhacthas dom go raibh aon chomhréiteach le fáil.

Ach leis an gcomhaontú seo táimid tar éis cothromaíocht nua a aimsiú.

Idir cosaint na dteorainneacha agus cosaint na daoine.

Idir an cheannasacht agus an dlúthpháirtíocht.

Idir an tslándáil agus an daonnacht.

Thugamar cluas éisteachta do na Ballstáit uile.

Rinneamar machnamh ar na bealaí imirce go léir.

Agus thángamar i dtír ar spiorad an chomhshocraithe chun teacht ar réitigh phraiticiúla.

D'fhreagraíomar ar ionsaí hibrideach na Bealarúise go pras agus ar bhealach aontaithe.

D'oibríomar i ndlúthchomhar lenár gcomhpháirtithe sna Balcáin Thiar chun na sreabha neamhrialta a laghdú.

Shíníomar comhpháirtíocht leis an Túinéis a bhfuil buntáistí frithpháirteacha ag gabháil léi taobh amuigh den imirce, i réimsí an oideachais, scileanna gairmiúla, an fhuinnimh agus na slándála.

Agus anois is mian linn oibriú ar chomhaontuithe den chineál céanna le tíortha eile.

Threisíomar cosaint na dteorainneacha.

Chuir na gníomhaireachtaí Eorpacha lena gcomhar leis na Ballstáit.

Agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an mBulgáir agus leis an Rómáin go háirithe, óir bhí siad ar thús cadhnaíochta agus iad ag leagan béim ar na dea-chleachtais maidir le himirce agus filleadh.

Tá sé cruthaithe ag an mBulgáir agus ag an Rómáin gur cuid dár spás Schengen iad.

Ligimis isteach iad gan tuilleadh moille!

 

A dhaoine uaisle,

An obair a dhéanaimid maidir leis an imirce, tá sí bunaithe ar an gcreideamh láidir atá againn go bhfuil an aontacht faoinár lámh againn.

Is giorra dúinn comhaontú ina leith anois ná riamh roimhe.

Tá deis gan fasach ag an bParlaimint agus ag an gComhairle é a thabhairt i gcrích.

Léirímis gur féidir leis an Eoraip an imirce a bhainistiú go héifeachtach agus go comhbhách.

Cuirimis an obair i gcrích!

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Tuigimid go bhfuil gá le hobair leanúnach i dtaca leis an imirce.

Agus tá an obair sin ríthábhachtach go speisialta sa troid i gcoinne na smuigléirí daoine.

Meallann siad daoine atá ar anchaoi lena mbréaga.

Tugann siad ar bhealaí marfacha iad tríd an bhfásach, nó ar bháid bheaga nár cheart a bheith ar an uisce ar chor ar bith.

Bíonn na smuigléirí sin ag síorathrú a modhanna oibre.

Ach tá ár reachtaíocht i bhfeidhm le breis agus fiche bliain agus tá géarghá lena thabhairt cothrom le dáta.

Mar sin tá reachtaíocht nua agus struchtúr nua rialachais ag teastáil uainn.

Tá forfheidhmiú agus ionchúiseamh níos déine de dhíth orainn, agus ról níos tábhachtaí dár ngníomhaireachtaí – Europol, Eurojust agus Frontex.

Agus caithfimid oibriú lenár gcomhpháirtithe chun dul i ngleic le fadhb dhomhanda na gáinneála ar dhaoine.

Sin an fáth a bhfuil an Coimisiún ag eagrú Comhdháil Idirnáisiúnta maidir leis an ngáinneáil ar dhaoine a chomhrac.

Is mithid deireadh a chur leis an gcoir dhanartha sin!

 

AN ÚCRÁIN

A Chomhaltaí Onóracha,

An lá a thrasnaigh tancanna na Rúise an teorainn leis an Úcráin, thug máthair óg ón Úcráin aghaidh ar Phrág chun a páiste a thabhairt chun sábháilteachta.

Nuair a chuir garda teorann Seiceach stampa ar a pas, thosaigh sí ag caoineadh.

Níor thuig a mac. D'fhiafraigh sé dá máthair cén fáth a raibh sí ag caoineadh.

“Mar go bhfuilimid tagtha abhaile,” ar sise.

“Ach ní seo an Úcráin,” a d'áitigh sé.

“Seo an Eoraip,” a mhínigh sí dó.

Ar an lá sin, bhrath an mháthair sin ón Úcráin gurbh í an Eoraip a baile.

Óir is féidir daoine a thrust agus tú sa bhaile.

Agus d'fhéad muintir na hÚcráine a gcomh-Eorpaigh a thrust.

Victoria Amelina ab ainm di.

Bhí sí ar dhuine de mhórscríbhneoirí óga a linne agus ba ghníomhaí díograise ceartais í.

A luaithe a bhí a mac slán sábháilte, d'fhill Victoria ar an Úcráin chun coireanna cogaidh na Rúise a thaifeadadh.

Bliain ina dhiaidh sin maraíodh í le diúracán balaistíoch de chuid na Rúise agus í ag caitheamh dinnéir le comhghleacaithe.

B'íospartach í de choir chogaidh Rúiseach, ceann den iliomad ionsaithe in aghaidh sibhialtaigh neamhurchóideacha.

Bhí Amelina i gcuideachta triúr cairde an lá sin – ina measc bhí Héctor Abad Faciolince, scríbhneoir eile ón gColóim.

Tá sé páirteach i bhfeachtas dar teideal ‘Aguanta, Ucrania' – ‘Seas an fhód, a Úcráin', rud a cuireadh ar bun chun muintir Mheiriceá Laidineach a chur ar an eolas faoi chogadh foghach na Rúise agus faoi na hionsaithe ar shibhialtaigh.

Ach níor shamhlaigh Héctor riamh go mbeifí ag díriú airsean.

I ndiaidh na heachtra, dúirt sé nár thuig sé cén fáth ar tháinig seisean slán agus ar maraíodh ise.

Ach anois tá sé ag scaipeadh scéal Victoria ar an domhan mór, chun a cuimhne a choinneáil buan agus chun deireadh a chur leis an gcogadh seo.

Agus is mór an onóir dom go bhfuil Héctor anseo linn inniu.

Agus ba mhaith liom a rá leat go gcoinneoimid cuimhne Victoria, agus cuimhne na n-íospartach uile, buan.

Aguanta, Ucrania. Slava Ukraini!

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Seasfaimid leis an Úcráin i ngach céim den bhealach.

A fhad is gá.

Ó cuireadh tús leis an gcogadh tá ceithre mhilliún Úcránach tar éis tearmann a fháil san Aontas seo againne.

Agus ba mhaith liom a rá leo go bhfuil fearadh na fáilte rompu anois, ach an oiread leis na chéad seachtainí cinniúnacha sin.

Rinneamar deimhin de go bhfuil rochtain acu ar thithíocht, ar chúram sláinte, ar an margadh fostaíochta agus ar nithe eile nach iad.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

b'shin an Eoraip ag freagairt ghairm na staire.

Mar sin de, is ábhar bróid dom a fhógairt go molfaidh an Coimisiún go gcuirfear síneadh lenár gcosaint shealadach do mhuintir na hÚcráine san Aontas Eorpach.

Leanfaidh ár dtacaíocht don Úcráin ar aghaidh.

Chuireamar €12 bhilliún ar fáil i mbliana chun cuidiú le tuarastail agus pinsin a íoc.

Chun ospidéil, scoileanna agus seirbhísí eile a choinneáil ag imeacht. 

Agus trínár dtogra ASAP táimid ag cur dlús leis an táirgeadh armlóin chun freastal ar riachtanais láithreacha na hÚcráine.

Ach táimid ag amharc níos faide chun tosaigh freisin.

Sin an fáth a bhfuil €50 billiún breise molta againn thar cheithre bliana i dtaca le hinfheistíocht agus athchóirithe.

Cuideoidh sé sin le todhchaí na hÚcráine a thógáil, chun tír nua-aimseartha rathúil a atógáil.

Agus is léir cad a bheidh i gceist leis an todhchaí sin.

Tá sé ráite os ard ag an Teach seo: Tá sé i ndán don Úcráin a bheith ina cuid dár nAontas.

Tá sé i ndán do na Balcáin Thiar a bheith ina gcuid dár nAontas.

Tá sé i ndán don Mholdóiv a bheith ina cuid dár nAontas.

Agus tuigim a thábhachtaí atá peirspictíocht an Aontais Eorpaigh do go leor daoine sa tSeoirsia.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Ag an tús labhair mé faoin am a d'fhreagair an Eoraip gairm na staire.

Agus anois tá sé de dhualgas orainn obair chinniúnach a dhéanamh chun ár nAontas a iomlánú.

Sa ré seo ina bhfuil daoine áirithe ag iarraidh tíortha a shárú ceann ar cheann, ní féidir linn ár gcomh-Eorpaigh a fhágáil inár ndiaidh.

Sa ré seo ina bhfuil tábhacht le méid agus neart, is léir gur chun leas straitéiseach agus slándála na hEorpa é ár nAontas a iomlánú.

Ach diomaite den pholaitíocht agus den gheopholaitíocht, caithfimid breathnú ar a bhfuil idir chamáin againn.

Caithfimid fís a leagan amach do mhéadú a n-éireoidh leis.

Aontas agus breis agus 500 milliún duine ag cur fúthu ann. Aontas atá saor, daonlathach agus rachmasach.

Aontas agus daoine óga ann atá ábalta maireachtáil, dul i mbun staidéir agus i mbun oibre gan bhac.

Aontas agus daonlathais bhríomhara ann ina bhfuil na breithiúna neamhspleách, ina bhfuil meas ar na freasúraí, agus ina ndéantar cosaint ar na hiriseoirí.

Óir beidh an smacht reachta agus cearta bunúsacha i gcónaí mar bhunchlocha inár nAontas – sna Ballstáit reatha agus sna tíortha a bheidh ina mBallstáit amach anseo.

Sin an fáth ar thug an Coimisiún tosaíocht do na Tuarascála maidir leis an Smacht Reatha.

Oibrímid go dlúth anois leis na Ballstáit chun dul chun cinn agus ábhair imní a shainaithint, agus chun moltaí a dhéanamh don bhliain atá amach romhainn.

Ar an gcaoi sin cinntíodh cuntasacht os comhar an Tí seo agus os comhair parlaimintí náisiúnta.

Bhíothas in ann idirphlé a dhéanamh idir na Ballstáit dá bharr. 

Agus tá torthaí na hoibre sin le feiceáil anois.

Creidim go bhféadfaidh an obair sin dul chun tairbhe do na tíortha a bheidh ina mBallstáit amach anseo.

Sin an fáth a bhfuil ríméad orm a fhógairt go bhfuilimid chun na Tuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta a oscailt do na tíortha aontachais sin ionas go dtiocfaidh siad suas leis na Ballstáit níos tapa.

Cuirfidh an méid sin ar comhchéim leis na Ballstáit iad.

Agus tacóidh sé leo ina n-iarrachtaí athchóirithe.

Agus cuideoidh sé lena chinntiú go mbeidh saoirse, cearta agus luachanna ag cách san Aontas a bheidh againn amach anseo.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Is chun ár leasa go léir é seo.

Caithigí súil siar ar an méadú mór a tharla 20 bliain ó shin.

Thugamar Lá Eorpach na bhFáiltí air.

Agus ba bhua na dúthrachta agus an dóchais é ar ualaí an ama a bhí thart.

Agus le linn na 20 bliain atá imithe isteach ó shin, tá fíorghaisce eacnamaíoch feicthe againn atá tar éis feabhas a chur ar shaol na milliún daoine.

Is mian liom go gcaithfimid súil chun cinn ar an gcéad Lá Eorpach na bhFáiltí eile agus na fíorghaiscí eacnamaíocha eile atá le teacht.

Tá a fhios againn nach bóthar éasca atá romhainn.

Is ar fhiúntas atá an t-aontachas bunaithe, agus déanfaidh an Coimisiún an prionsabal sin a chosaint i gcónaí.

Obair dhian agus ceannasaíocht a theastaíonn chuige sin.

Ach tá neart dul chun cinn déanta cheana féin.

Tá feicthe againn an méid ollmhór atá bainte amach ag an Úcráin cheana féin ón uair a bhronnamar stádas mar iarrthóir orthu.

Agus tá feicthe againn freisin a dhiongbháilte is atá tíortha eile is iarrthóirí i dtaca le hathchóiriú a dhéanamh.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

seo anois an t-am dúinne an diongbháilteacht chéanna sin a léiriú.

Rud a fhágann nach mór dúinn a bheith ag smaoineamh faoin mbealach le hullmhú le haghaidh Aontas críochnaithe.

Is gá dúinn na seandíospóireachtaí dénártha faoin méadú a fhágáil inár ndiaidh.

Níl aon cheist ann i dtaca leis an gcomhtháthú a dhoimhniú an tAontas a leathnú.

Is féidir linn agus is gá dúinn an dá thrá a fhreastal.

Chun go mbeidh an tábhacht gheopholaitiúil agus an acmhainneacht againn le beart a dhéanamh.

Sin atá á dhéanamh ag an Aontas seo againne riamh anall.

Le gach méadú tháinig doimhniú ar pholaitíocht na hEorpa.

Bhogamar ó thionscail an ghuail agus na cruaiche i dtreo chomhtháthú eacnamaíoch iomlán.

Agus tar éis don Chuirtín Iarainn titim, rinneamar tionscadal eacnamaíoch a thiontú ina fhíor-Aontas de dhaoine agus stáit.

Creidim nach mór don chéad mhéadú eile dul chun cinn a spreagadh freisin.

Táimid tar éis tús a chur le hAontas Sláinte a fhorbairt agus 27 mBallstát againn.

Agus creidimse gur féidir linn níos mó ná 30 Ballstát a bhaint amach sula gcríochnófar an tAontas Sláinte sin.

Táimid tar éis tús a chur le hAontas Eorpach um Chosaint a fhorbairt agus 27 mBallstát againn.

Agus creidimse gur féidir linn níos mó ná 30 Ballstát a bhaint amach sula gcríochnófar an tAontas Cosanta sin.

Tá sé cruthaithe againn gur Aontas Geopholaitiúil muid agus léirithe againn gur féidir linn gníomhú go pras agus muid aontaithe.

Agus creidimse go bhfeidhmeoidh Team Europe go maith agus níos mó ná 30 Ballstát againn freisin.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Tá a fhios agam go gcreideann an Teach seo sa mhéid sin freisin.

Agus bhí Parlaimint na hEorpa i gcónaí ar cheann de na príomhinnill ar chúl chomhtháthú na hEorpa.

Sin mar a bhí an scéal le blianta fada.

Agus sin mar atá inniu. 

Tacóidh mise i gcónaí leis an Teach seo – agus leo siúd go léir ar mian leo an tAontas a athchóiriú ionas go bhfeidhmeoidh sé ar bhealach níos fearr dá shaoránaigh.

Agus is ea, fiú trí athrú a dhéanamh ar an gCoinbhinsiún Eorpach agus ar an gConradh, más gá!

Ach ní féidir linn – agus níor cheart dúinnfanacht ar athruithe ar an gConradh sula mbogfaimid ar aghaidh leis an méadú.

Beimid in ann Aontas atá oiriúnach don mhéadú a bhaint amach ar luas níos tapúla.

Chuige sin, beidh gá le ceisteanna praiticiúla a fhreagairt faoin mbealach a n-oibreoidh Aontas ina bhfuil os cionn 30 tír.

Agus, go háirithe, faoinár gcumas gníomhú.

Is dea-scéala é gur léiríodh, le gach méadú a cuireadh ar bun, nach raibh an ceart acusan a dúirt nach mbeimis chomh héifeachtach céanna dá bharr.

Smaoinígí ar na blianta beaga deireanacha, mar shampla.

Thángamar ar chomhaontú i dtaca le NextGenerationEU agus 27 mBallstát againn.

D'aontaíomar vacsaíní a cheannach agus 27 mBallstát againn.

D'aontaíomar smachtbhannaí ar luas lasrach – agus 27 mBallstát againn.

D'aontaíomar gás nádúrtha a cheannach – ní hamháin agus 27 mBallstát againn, ach leis an Úcráin, an Mholdóiv agus an tSeirbia chomh maith.

Is léir gur féidir é a dhéanamh.

Ach is gá dúinn breathnú go géar ar gach beartas chun an tionchar a bheadh ag Aontas níos mó orthu a fhiosrú.

Sin an chúis a thosóidh an Coimisiún ag obair ar shraith d'athbhreithnithe beartais réamh-mhéadaithe chun breathnú ar an méid a bheadh le déanamh i ngach réimse lena gcur in oiriúint d'Aontas níos mó.

Beidh orainn ár machnamh a dhéanamh faoin mbealach ina bhfeidhmeodh ár n-institiúidí – an leagan amach a bheadh ar an bParlaimint agus ar an gCoimisiún.

Ní mór dúinn todhchaí an bhuiséid a phlé – i dtaca leis an méid a mhaoinítear, conas a mhaoinítear é agus an bealach a mhaoinítear an buiséad féin.

Agus is gá dúinn freisin a thuiscint conas gealltanais slándála inchreidte a chinntiú anois agus an díspreagadh níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh. 

Sin iad na ceisteanna ar gá dúinn aghaidh a thabhairt orthu anois má táimid chun bheith ullmhaithe don am atá le teacht.

Agus déanfaidh an Coimisiún a chion chuige sin.

Sin an fáth a bhfuilimid chun ár smaointe a chur os comhair phlé na gCeannairí, rud a thionólfar faoi Uachtaránacht na Beilge.

Beimid spreagtha ag an gcreideamh gurb é iomlánú an Aontais an bealach is fearr chun infheistiú a dhéanamh sa tsíocháin, sa tslándáil agus sa rathúnas ar an Mór-Roinn seo.

Tá sé in am, mar sin, don Eoraip ligean lena smaointe agus a cinniúint féin a mhúnlú!

 

CONCLÚID

A Chomhaltaí Onóracha,

Chreid Victoria Amelina gurb é an dualgas comhchoiteann atá orainn scéal nua a scríobh don Eoraip.

Seo an áit a bhfuil an Eoraip inniu.

Seo an tráth agus an áit a scríobhfar an stair.

Braitheann todhchaí ár mór-roinne ar na roghanna a dhéanaimid inniu.

Ar na céimeanna a ghlacaimid chun an tAontas seo againne a iomlánú.

Teastaíonn Aontas ó mhuintir na hEorpa a sheasfaidh an fód dóibh tráth a bhfuil iomaíocht ghéar cumhachta ann.

Ach Aontas a chosnóidh iad agus a sheasfaidh go dlúth leo freisin, mar chomhpháirtí agus mar chomhghuaillí, le linn a gcuid cathanna laethúla.

Agus tabharfaimid cluas éisteachta dóibh.

Más cás le muintir na hEorpa é, is cás leis an Eoraip é.

Smaoinígí an athuair faoi fhís agus faoi shamhlaíocht na glúine óige a bhí faoi chaibidil agam ag tús m'óráide.

Seo an t-am chun a thaispeáint dóibh go bhfuilimid in ann mór-roinn a thógáil inar féidir leat a bheith dílis duit féin, inar féidir leat grá a thabhairt don té is ansa leat, agus inar féidir leat dréim leis an gcraobh is airde.

Mór-roinn atá le chéile leis an dúlra agus atá ar thús cadhnaíochta maidir le teicneolaíochtaí nua.

Mór-roinn atá aontaithe sa tsaoirse agus sa tsíocháin.

Arís eile, seo an t-am don Eoraip gairm na staire a fhreagairt.

Gura fada a mhairfidh an Eoraip.

Sonraí

Dáta foilsithe
13 Meán Fómhair 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn