Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta14 Meán Fómhair 2022An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 45 nóiméad

Aitheasc an Uachtaráin von der Leyen ar Staid an Aontais 2022

Ina haitheasc ar Staid an Aontais an 14 Meán Fómhair 2022 leag Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, tionscnaimh shuaitheanta amach a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún tabhairt fúthu le linn na bliana amach romhainn.

President von der Leyen delivering her 2022 State of the Union address

AONTAS A SHEASANN GO DOCHT DAINGEAN LE CHÉILE

 

RÉAMHRÁ

A Uachtaráin,

A Chomhaltaí Onóracha,

A Chomh-mhuintir na hEorpa,

 

Níor phléigh an Pharlaimint seo Staid an Aontais seo againne riamh roimhe nuair a bhí cogadh faoi lán seoil ar thalamh na hEorpa.

Cuimhnímid ar fad ar an maidin chinniúnach sin ag deireadh mhí Feabhra.

Mhúscail Eorpaigh ar fud an Aontais seo againne an lá sin agus díomá mór orthu faoin méid a chonaic siad. An t-olc danartha a bhí tagtha chun cinn arís, bhain sé sin siar astu go mór. Chuir dordán na mbonnán agus deargbhrúidiúlacht an chogaidh uafás orthu.

Ach ón nóiméad sin ar aghaidh tá an mhór-roinn iomlán ag seasamh le chéile gualainn ar ghualainn.

Ag na trasnuithe teorann, áit ar tugadh dídean do na dídeanaithe. Sna sráideanna, áit a bhfuil bratacha na hÚcráine le feiceáil go forleathan. Sna seomraí ranga, áit a ndearna páistí ón Úcráin cairde nua.

Ón nóiméad sin ar aghaidh ní dheachaigh muintir na hEorpa i bhfolach agus ní dhearna siad moill.

Chruinnigh siad a misneach chun an rud ceart a dhéanamh.

Agus ón nóiméad sin ar aghaidh tá an tAontas seo againne inchurtha leis an dúshlán.

Cúig bliana déag ó shin, le linn na géarchéime airgeadais, thóg sé roinnt blianta orainn teacht ar réitigh bhuana.

Deich mbliana ina dhiaidh sin, nuair a bhuail an phaindéim dhomhanda, níor thóg sé ach seachtainí orainn.

Ach i mbliana, a luaithe a thrasnaigh trúpaí na Rúise an teorainn leis an Úcráin, is freagairt aontaithe dhiongbháilte a thugamar láithreach.

Agus ba cheart dúinn a bheith bródúil as sin.

An neart atá ag an Eoraip ina croí istigh, tá sé ar taispeáint go soiléir arís againn.

Agus beidh iomlán an nirt sin ar fad ag teastáil uainn. Ní bheidh na míonna atá le teacht éasca. Do na teaghlaigh atá ag streachailt sa saol agus do na gnólachtaí a bhfuil cinntí deacra le déanamh acu faoina dtodhchaí.

Bímis an-soiléir: tá cuid mór i gcontúirt anseo. Ní hamháin i gcás na hÚcráine – ach i gcás na hEorpa uile agus an domhain i gcoitinne.

Agus cuirfear féachaint orainn. Na daoine ar mhaith leo leas a bhaint as aon chineál easaontais eadrainn, is iadsan a thabharfaidh ár ndúshlán.

Ní hamháin gur cogadh é seo atá an Rúis a fhearadh i gcoinne na hÚcráine.

Is cogadh é i gcoinne ár bhfuinnimh, i gcoinne ár ngeilleagair, i gcoinne ár luachanna agus i gcoinne ár dtodhchaí.

An t-uathlathas i gcoinne an daonlathais.

Agus mé i mo sheasamh anseo, is é mo thuairim láidir go dteipfidh ar Putin agus gur ag an Eoraip a bheidh an lá, a bhuí lenár misneach agus dlúthpháirtíocht.

AN MISNEACH CHUN SEASAMH LENÁR LAOCHRA

A Chomhaltaí Onóracha,

Inniu tá eiseamláir uathúil den mhisneach againn, agus is í an Úcráin an eiseamláir sin.

Tá aghaidh ag an misneach chomh maith, sin í aghaidh fhir agus mhná na hÚcráine atá ag seasamh an fhóid i gcoinne fhogha na Rúise.

Cuimhním ar eachtra a tharla le linn seachtainí tosaigh an ionraidh. Céadbhean na hÚcráine, Olena Zelenska, bhailigh sí le chéile tuismitheoirí páistí Úcránacha ar mharaigh an t-ionróir iad.

I gcás na gcéadta teaghlach sin ní bheidh deireadh leis an gcogadh choíche agus ní bheidh an saol mar an gcéanna go deo arís.

Chonaiceamar an Chéadbhean agus í ag treorú grúpa máithreacha agus aithreacha tostacha croíbhriste, sular chroch sí cloigíní beaga ar na crainn, ceann amháin do gach páiste a maraíodh.

Agus anois beidh clingeadh na gcloigíní le cloisteáil go deo sa ghaoth, agus beidh íospartaigh neamhchiontacha an chogaidh seo inár gcuimhne go brách.

Agus tá sí anseo linn inniu!

A Olena, a chara, bhí misneach ollmhór ag teastáil chun cur i gcoinne chruálacht Putin.

Ach chruinnigh tú an misneach sin.

Agus tá náisiún laochra tar éis éirí amach.

Tá an Úcráin ina seasamh go láidir inniu toisc gur throid an tír ar fad, sráid ar shráid, baile ar bhaile.

Tá an Úcráin ina seasamh go láidir toisc gur fhan daoine amhail d'fhear céile, an tUachtarán Zelensky, i gCív chun an fhrithbheartaíocht a stiúradh – in éineacht leat féin agus le bhur bpáistí, a Chéadbhean uasail.

misneach tugtha agat don náisiún ar fad. Agus le roinnt laethanta anuas, tá an toradh ar mhisneach mhuintir na hÚcráine feicthe againn.

glór tugtha agat do do phobal féin ar an leibhéal domhanda.

Agus tá dóchas tugtha agat dúinne ar fad.

Mar sin de, ba mhaith linn buíochas a ghabháil leat féin agus le muintir uile na hÚcráine inniu.

Gura fada buan an Úcráin, tír lán laochra Eorpacha. Slava Ukraini!

Is buanseasmhach an dlúthpháirtíocht a bheidh idir an Eoraip agus an Úcráin go deo.

Ón gcéad lá riamh, sheas an Eoraip ar son na hÚcráine. Le hairm. Le hairgead. Le fáilte roimh dhídeanaithe. Agus leis na smachtbhannaí is déine a cuireadh i bhfeidhm aon áit ar domhan riamh.

Is ar éigean atá earnáil airgeadais na Rúise ag feidhmiú. Tá trí cheathrú d'earnáil baincéireachta na Rúise scoite againn ó na margaí idirnáisiúnta.

Tá beagnach míle cuideachta idirnáisiúnta tar éis an tír a fhágáil.

Tháinig laghdú trí cheathrú ar tháirgeadh na ngluaisteán sa tír i gcomparáid leis an mbliain seo caite. Tá eitleáin á gcoinneáil ar talamh ag Aeroflot toisc nach bhfuil aon pháirteanna breise le fáil a thuilleadh. Tá arm na Rúise ag baint sliseanna as miasniteoirí agus as cuisneoirí chun a gcuid crua-earraí míleata a dheisiú toisc gur rith siad amach as leathsheoltóirí. Is mór an scrios atá ar thionscal na Rúise.

Is de bharr na Creimile féin atá geilleagar na Rúise ar an dé deiridh.

Sin é an praghas atá ar fheachtas báis agus léirscriosta Putin.

Agus ba mhaith liom é a dhéanamh an-soiléir, ní chuirfear deireadh leis na smachtbhannaí.

Is tráth diongbháilteachta é seo, ní tráth ceansaithe.

Is amhlaidh an scéal maidir lenár dtacaíocht airgeadais don Úcráin.

Go dtí seo, tá cúnamh airgeadais dar luach níos mó ná €19 mbilliún curtha ar fáil ag Team Europe.

Agus níl ár dtacaíocht mhíleata san áireamh sa mhéid sin.

Agus seasfaimid an fód go deireadh.

Beidh acmhainní ollmhóra ag teastáil chun an Úcráin a atógáil. Mar shampla, tá ionsaithe Rúiseacha tar éis damáiste a dhéanamh do níos mó ná 70 scoil nó iad a scriosadh ar fad.

Tá leathmhilliún páistí Úcránacha tar éis tús a chur leis an scoilbhliain nua san Aontas Eorpach. Ach tá cuid mhór páistí eile san Úcráin nach bhfuil seomra ranga acu go fiú.

Dá bhrí sin tá mé ag fógairt inniu go mbeimid ag obair leis an gCéadbhean chun tacú le hathchóiriú na scoileanna san Úcráin a ndearnadh damáiste dóibh. Is é sin an chúis a gcuirfimid 100 milliún euro ar fáil. Óir is i scoileanna na hÚcráine a chuirfear tús le todhchaí nua na tíre.

Ní hamháin go dtabharfaimid tacaíocht airgid don Úcráin ach déanfaimid an tír a chumasú le go mbeidh sí in ann barr a cumais a bhaint amach.

Mol teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn is ea an Úcráin cheana féin agus tá go leor cuideachtaí úra nuálacha ann.

Mar sin de, ba mhaith liom cumhacht iomlán an Mhargaidh Aonair atá againn a shlógadh chun dlús a chur leis an bhfás agus chun deiseanna a chruthú.

I mí an Mhárta, d'éirigh linn an Úcráin a nascadh lenár n-eangach leictreachais. Is rud é sin a bhí beartaithe do 2024 ar dtús. Ach rinneamar é laistigh de choicís. Agus inniu tá an Úcráin ag easpórtáil leictreachais chugainne. Is trádáil í sin a théann chun tairbhe don dá thaobh, agus ba mhaith liom í a leathnú go mór.

Na dleachtanna iompórtála a bhí ar easpórtálacha ón Úcráin chuig an Aontas, tá siad curtha ar fionraí againn cheana féin.

Tabharfaimid an Úcráin isteach inár limistéar fánaíochta saor in aisce san Eoraip. 

Tá rath mór ar ár lánaí dlúthpháirtíochta.

Agus chun tógáil ar an méid sin ar fad, oibreoidh an Coimisiún leis an Úcráin chun rochtain rianúil ar an Margadh Aonair a chinntiú. Agus vice versa.

Tá ár Margadh Aonair ar cheann de mhórscéalta ratha na hEorpa. Anois tá sé in am go mbeadh sé ina scéal ratha ag ár gcairde san Úcráin chomh maith.

Agus sin an fáth a bhfuilim ag dul go Cív inniu, chun an tsaincheist sin a phlé go mion leis an Uachtarán Zelensky.

A Chomhaltaí Onóracha,

Ba cheart dúinn éisteacht leis na daoine a raibh cur amach acu ar Putin, sin ceacht amháin de chuid an chogaidh seo.

Le hAnna Politkovskaya agus leis na hiriseoirí Rúiseacha eile a nocht na coireanna agus a thug a mbeatha dá bharr.

Lenár gcairde san Úcráin, sa Mholdóiv, sa tSeoirsia, agus leis an bhfreasúra sa Bhealarúis.

Ba cheart dúinn éisteacht leis na guthanna laistigh den Aontas seo againne – sa Pholainn, i Muir Bhailt, agus ar fud Lár agus Oirthear na hEorpa.

Tá siad ag insint dúinn ar feadh na mblianta nach stopfadh Putin.

Agus ghníomhaigh siad dá réir.

D'oibrigh ár gcairde sna tíortha Baltacha go dian chun deireadh a chur lena spleáchas ar an Rúis. Tá infheistíocht déanta acu i bhfuinneamh in-athnuaite, i gcríochfoirt gáis nádúrtha leachtaithe (GNL), agus in idirnascairí.

Is mór an costas atá air sin. Ach is airde i bhfad an costas atá ar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis.

Ní mór dúinn fáil réidh leis an spleáchas sin ar fud na hEorpa.

Dá bhrí sin, thángamar ar chomhaontú maidir le stóráil chomhpháirteach. Tá 84% bainte amach againn cheana: céatadán atá thar an sprioc a leagamar síos.

Ach ní leor sin, ar an drochuair.

Tá éagsúlú déanta againn ón Rúis go dtí soláthraithe iontaofa. Na Stáit Aontaithe, an Iorua, an Ailgéir agus tíortha eile.

Anuraidh, is ón Rúis a tháinig 40% dár n-iompórtálacha gáis. Inniu tá an líon sin laghdaithe go dtí 9% den ghás píblíne.

Ach leanann an Rúis uirthi ag ionramháil ár margaidh fuinnimh. B'fhearr léi bladhaire a chur leis an ngás ná é a sholáthar. Níl an margadh sin ag feidhmiú a thuilleadh.

Lena chois sin, tá tionchar na géarchéime aeráide le brath go mór ar ár mbillí. Tá borradh curtha faoin éileamh ar leictreachas de bharr tonnta teasa. Dúnadh stáisiúin hidreafhuinnimh agus núicléacha de bharr triomach.

Mar thoradh ar an méid sin, tá praghsanna gáis 10 n-oiread níos airde ná mar a bhí siad roimh an bpaindéim.

Tá na milliúin gnólachtaí agus na milliúin teaghlach ag streachailt le greim a choinneáil faoin bhfiacail.

Ach tá muintir na hEorpa ag déileáil go cróga leis sin freisin.

Shocraigh oibrithe i monarchana ceirmeacha i lár na hIodáile a gcuid uaireanta oibre a dhéanamh go luath ar maidin chun tairbhe a bhaint as praghsanna fuinnimh níos ísle.

Samhlaígí na tuismitheoirí ina measc, ar gá dóibh an teach a fhágáil go moch ar maidin agus a gcuid páistí a fhágáil ina ndiaidh, mar gheall ar chogadh nár roghnaigh siad féin.

Sin sampla amháin as an iliomad samplaí den chaoi a bhfuil Eorpaigh ag oiriúnú don saol nua seo.

Is mian liom go leanfaidh an tAontas seo againne sampla na ndaoine. Má laghdaítear an t-éileamh le linn buaicuaireanta, mairfidh an soláthar níos faide, agus tiocfaidh ísliú ar na praghsanna. 

Sin an fáth a bhfuil bearta á gcur chun cinn againn chun go laghdóidh na Ballstáit a dtomhaltas leictreachais foriomlán.

Ach tá tacaíocht níos spriocdhírithe de dhíth.

Ar na tionscail, cuir i gcás déantóirí gloine nach mór dóibh a gcuid oigheann a mhúchadh. Nó ar thuismitheoirí aonair atá ag tabhairt aghaidh ar charn billí scanrúla. 

Tá tacaíocht de dhíth ar na milliúin Eorpach.

Tá na billiúin euro d'infheistíocht déanta ag Ballstáit den Aontas cheana féin chun cúnamh a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha.

Ach is maith is eol dúinn nach leor sin.

Sin an fáth a bhfuilimid ag moladh uasteorainn ar ioncam cuideachtaí a tháirgeann leictreachas ar chostas íseal.

Tá na cuideachtaí sin ag déanamh ioncaim as cuimse nach raibh beartaithe acu ar chor ar bith.

Sa gheilleagar sóisialta margaidh atá againn, tá na brabúis flúirseach.

Ach san aimsir chrua seo níl sé ceart brabús thar na bearta a dhéanamh toisc gur féidir leas a bhaint as cogadh agus as na custaiméirí atá thíos leis.

Faoi láthair ní mór brabúis a chomhroinnt agus a dhíriú orthu siúd is mó a bhfuil gá acu leo.

Lenár dtogra tiomsófar níos mó ná €140 billiún le haghaidh na mBallstát chun an buille a mhaolú go díreach.

Agus de bharr go bhfuil géarchéim breosla iontaise ann, tá dualgas speisialta ar thionscal na mbreoslaí iontaise freisin.

Tá cuideachtaí móra ola, gáis agus guail ag déanamh brabúis ollmhóra.. Mar sin ní mór dóibhsean cion cothrom a íoc freisin: beidh orthu ranníocaíochtaí géarchéime a dhéanamh.

Is bearta éigeandála sealadacha iad na bearta uile a bhfuilimid ag obair orthu, an plé maidir le huasteorainneacha praghais san áireamh.

Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag obair chun praghsanna gáis a ísliú.

Ní mór dúinn ár slándáil soláthair a dheimhniú agus, san am céanna, ár n-iomaíochas domhanda a chinntiú.

Mar sin, in éineacht leis na Ballstáit, forbróimid tacar beart a chuirfidh san áireamh sainiúlacht ár gcaidrimh le soláthraithe – idir sholáthraithe neamhiontaofa, an Rúis mar shampla, agus chairde iontaofa, amhail an Iorua.

Tháinig mé ar chomhaontú leis an bPríomh-Aire Store chun tascfhórsa a chur ar bun. Tá na foirne sin i mbun oibre cheana féin.

Tá ábhar tábhachtach eile ar an gclár oibre. Sa lá atá inniu ann tá athrú suntasach tagtha ar ár margadh gáis: is gás píblíne a bhí in úsáid go príomha roimhe seo, ach tá úsáid GNL ag dul i méid.

Ach níor cuireadh an tagarmharc a úsáidtear i margadh an gháis – an tSaoráid Aistrithe Teideal (TTF) – in oiriúint dó sin.

Sin an fáth a n-oibreoidh an Coimisiún ar thagarmharc níos ionadaíche a chur ar bun.

San am céanna, tuigimid go bhfuil fadhbanna móra le sárú ag na cuideachtaí fuinnimh maidir le leachtacht i margaí na dtodhchaíochtaí leictreachais, rud a chuireann feidhmiú ár gcórais fuinnimh i mbaol.

Oibreoimid i gcomhar le rialaitheoirí margaidh chun na fadhbanna sin a mhaolú trí leasú a dhéanamh ar na rialacha maidir le comhthaobhacht – agus trí bhearta a dhéanamh chun srian a chur le luaineacht praghsanna ionlae.

Agus déanfaimid leasú ar an gcreat sealadach um státchabhair i mí Dheireadh Fómhair chun go mbeifear in ann ráthaíochtaí stáit a sholáthair, agus san am céanna cothrom na Féinne a chaomhnú.

Is céimeanna tosaigh iad na gníomhaíochtaí sin. Agus sinn ag dul i ngleic leis an ngéarchéim reatha, áfach, ní mór dúinn féachaint chun tosaigh.

Níl dearadh an mhargaidh leictreachais mar atá sé faoi láthair – agus é bunaithe ar ord fiúntais – le leas na dtomhaltóirí a thuilleadh.

Ba cheart tomhaltóirí a bheith in ann tairbhe a bhaint as na buntáistí a bhaineann le foinsí fuinnimh in-athnuaite.

Dá bhrí sin, ní mór dúinn tionchar ceannasach an gháis a scaradh ó phraghas an leictreachais. Sin an fáth a ndéanfaimid athchóiriú críochnúil cuimsitheach ar mhargadh an leictreachais.

Anois – seo pointe tábhachtach: leathchéad bliain ó shin, sna 1970idí, bhí ar an domhan aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim breosla iontaise eile.

Tá cuimhne ag cuid againn ar na deireadh seachtainí saor ó ghluaisteáin a bhí ann chun fuinneamh a choigilt. Ach leanamar an bóthar céanna ina ainneoin sin.

Níor éiríomar as ár spleáchas ar an ola. Agus níos measa fós, rinneadh fóirdheonú suntasach ar bhreoslaí iontaise fiú amháin.

Bhí sé sin mícheart, ní hamháin i dtaca leis an aeráid, ach i dtaca lenár n-airgeadas poiblí agus lenár neamhspleáchas chomh maith. Agus táimid ag íoc as sin go fóill sa lá atá inniu ann.

Níor thuig ach dornán daoine fadradharcacha gur leis na breoslaí iontaise féin a bhain an fhíorfhadhb, agus ní lena bpraghas amháin.

Ina measc bhí ár gcairde ón Danmhairg.

Nuair a bhuail an ghéarchéim ola, thosaigh an Danmhairg ag déanamh infheistíocht mhór chun leas a bhaint as cumhacht na gaoithe.

Leag siad an bhunchloch dá gceannaireacht dhomhanda san earnáil sin agus chruthaigh siad na scórtha mílte post nua.

Sin an chaoi lena dhéanamh!

Seachas réiteach tapa, is athrú paraidíme atá ag teastáil, athrú mór i dtreo na todhchaí.

 

AN FÓD A SHEASAMH AGUS ULLMHÚ DON TODHCHAÍ

A Chomhaltaí Onóracha,

Is é an dea-scéala é go bhfuil tús curtha leis an aistriú riachtanach seo.

Rinneadh an t-aistriú sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt, áit a ndearna ár mBallstáit infheistíocht shuntasach i dtáirgeadh an fhuinnimh gaoithe amach ón gcósta.

Rinneadh sa tSicil é, áit a gcuirfear tús go luath leis an nglúin is nuaí de ghrianphainéil a tháirgeadh sa stáisiún gréine is mó san Eoraip.

Rinneadh i dtuaisceart na Gearmáine é, áit a bhfeidhmeoidh na traenacha áitiúla ar hidrigin ghlas feasta.

Féadfaidh an hidrigin margadh na hEorpa a athrú ó bhonn.

Ní mór dúinn margadh mór a dhéanamh den hidrigin seachas margadh nideoige.

Le REPowerEU, rinneamar ár sprioc a dhúbailt: is mian linn deich milliún tona hidrigine in-athnuaite a tháirgeadh san Aontas gach bliain as seo go dtí 2030.

Chun an méid sin a bhaint amach, ní mór dúinn éascaitheoir margaidh a chruthú le haghaidh na hidrigine, ar mhaithe leis an mbearna infheistíochta a líonadh agus an soláthar agus an t-éileamh a bheidh ann amach anseo a chur i gcomhréir le chéile.

Ar an ábhar sin is féidir liom a fhógairt inniu go bhfuilimid chun Banc Eorpach Hidrigine nua a chur ar bun.

Cuideoidh sé sin chun a chinntiú go gceannófar hidrigin, go háirithe trí acmhainní an Chiste don Nuálaíocht a úsáid.

 

Beidh an Banc in ann €3 bhilliún a infheistiú chun margadh na hidrigine a bheidh ann amach anseo a fhorbairt.

Sin an chaoi a ndéanfaimid geilleagar na todhchaí a thógáil.

Sin é ár gComhaontú Glas don Eoraip.

Agus chonaiceamar go léir le cúpla mí anuas cé chomh tábhachtach agus atá an Comhaontú Glas don Eoraip.

Beidh cuimhne ar shamhradh 2022 go deo. Chonaiceamar go léir na haibhneacha tirime, na foraoisí trí thine, an teas foircneach. 

Agus tá cúrsaí níos measa ná sin fós. Go dtí seo, bhí oighearshruthanna na nAlp ina gcúltaisce éigeandála le haghaidh aibhneacha ar nós na Réine agus na Róine.

Ach toisc go bhfuil oighearshruthanna na hEorpa ag leá níos tapa ná riamh, beidh an triomach i bhfad níos tromchúisí amach anseo.

Ní mór dúinn obair gan stad gan staonadh ar an oiriúnú don athrú aeráide agus féachaint chuige gurb é an dúlra an comhghuaillí is fearr atá againn.

Dá bhrí sin féachfaidh an tAontas seo againne le teacht ar chomhaontú uaillmhianach domhanda maidir leis an dúlra ag Comhdháil Bhithéagsúlachta na Náisiún Aontaithe in Montréal i mbliana.

Agus déanfaimid an rud céanna le linn COP27 in Sharm el-Sheikh.

Ach go gearrthéarmach, is gá dúinn a bheith in ann dul i ngleic leis an athrú aeráide ar bhealach níos fearr.

Na dálaí meitéareolaíocha foircneacha agus an chumhacht ollscriosta atá iontu, ní féidir le haon tír amháin iad a chomhrac ina haonar.

An samhradh seo sheolamar eitleáin ón nGréig, ón Eilvéis agus ón Iodáil chun na dóiteáin sa Fhrainc agus sa Ghearmáin a chomhrac.

Ach ós rud é go bhfuil na heachtraí sin ag tarlú níos minice agus ag éirí níos déine, beidh tuilleadh acmhainní de dhíth ar an Eoraip.

Is ar an ábhar sin atá mé á fhógairt inniu go ndéanfaimid ár n-acmhainneacht chun dóiteáin a chomhrac a dhúbailt an bhliain seo chugainn.

Ceannóidh an tAontas Eorpach 10 n-eitleán amfaibiacha éadroma agus 3 héileacaptar sa bhreis chun ár bhflít a chomhlánú.

Sin sampla den dlúthpháirtíocht Eorpach agus í faoi lán seoil.

 

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Léiríodh sna blianta deireanacha seo an oiread is féidir leis an Eoraip a bhaint amach nuair bhíonn sí aontaithe.

 

Tar éis paindéim nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, sháraigh an t-aschur eacnamaíoch na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim ar luas lasrach.

I dtús na paindéime, ní raibh aon vacsaín againn ach níorbh fhada gur chinntíomar go rabhthas in ann 4 bhilliún teanndáileog a chur ar fáil do shaoránaigh na hEorpa agus don domhan.

 

Agus ar an dá luas chuireamar SURE ar bun – ionas gurbh fhéidir le daoine a bpoist a choinneáil fiú nuair nach raibh obair ag a gcuideachtaí dóibh.

 

Ba é an cúlú eacnamaíoch ba mheasa dá bhfacamar ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann.
Bhaineamar an téarnamh is tapúla amach ó tháinig borradh faoin ngeilleagar tar éis an Dara Cogadh Domhanda.

 

Agus bhíomar in ann sin a dhéanamh de thairbhe gur chuireamar le chéile chun plean coiteann téarnaimh a chur i bhfeidhm.

 

De bharr NextGeneration EU tá iontaoibh as an nua á cur inár ngeilleagar.

 

Agus níl an ionstraim ach ina tús.

 

Go dtí seo, eisíocadh breis agus €100 billiún leis na Ballstáit. Ciallaíonn sé sin: go bhfuil €700 billiún ann nach bhfuil curtha lenár ngeilleagar go fóill.

 

De bharr NextGenerationEU cinnteofar sruth leanúnach infheistíochta chun poist agus fás a chothabháil.

 

Ciallaíonn sé sin go dtabharfar cúnamh dár ngeilleagar. Ach an rud is tábhachtaí, ciallaíonn sé go mbeidh athnuachan ann.

 

Tá sé ag maoiniú tuirbíní nua gaoithe agus páirceanna fuinnimh gréine, traenacha ardluais agus nuálaíochtaí caomhnaithe fuinnimh.

 

Tá beagnach dhá bhliain ann ó cheapamar NextGenerationEU, agus tá sé fós ar an rud a theastaíonn ón Eoraip sa lá atá inniu ann.

 

Mar sin cloímis leis an bplean.

 

Tugaimis an t-airgead amach ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach.

 

 

A Chomhaltaí Onóracha,

 

Is gá dúinne infheistiú san inbhuanaitheacht agus é sin a dhéanamh ar bhonn inbhuanaithe ar mhaithe lenár bpáistí.

 

Ní mór maoiniú a dhéanamh ar an aistriú chuig an ngeilleagar glan-nialasach ó thaobh an charbóin de agus chuig an ngeilleagar digiteach.

 

Agus fós féin ní mór dúinn an fhírinne nua a insint agus a aithint gur airde an fiachas poiblí atá orainn.

 

Tá rialacha fioscacha de dhíth orainn lena bhféadfar infheistíocht straitéiseach a dhéanamh agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí á coimirciú.

 

Rialacha atá oiriúnach do na dúshláin a bhaineann leis an deacáid seo.

 

I mí Dheireadh Fómhair, cuirfimid smaointe nua faoin rialachas eacnamaíoch i láthair an phobail.

 

Agus le bhur gcead, roinnfidh mé cúpla bunphrionsabal libh.

 

Ba cheart níos mó saoirse a bheith ag na Ballstáit i leith bealaí chun a bhfiachas féin a laghdú.

 

Ach ba cheart níos mó cuntasachta a bheith ann maidir leis an méid a chomhaontaíomar a bhaint amach.

 

Ba cheart rialacha níos simplí a bheith ann, rialacha is féidir le gach duine a leanúint.

 

Chun an tsaoirse a chur ar fáil ar mhaithe le hinfheistíocht straitéiseach a dhéanamh, agus chun an chúis mhuiníne a theastaíonn ó na margaí airgeadais a thabhairt dóibh.

 

Rianaímis arís eile an cúrsa chun tosaigh le chéile.

 

Tuilleadh saoirse chun infheistíocht a dhéanamh. Agus tuilleadh grinnscrúdaithe ar an dul chun cinn.

 

Deis ag na Ballstáit gníomhú as a stuaim féin. Agus torthaí níos fearr do na saoránaigh.

 

Cuirimis eolas ar mheon Chonradh Maastricht an athuair – is le chéile a dhéantar an chobhsaíocht agus an fás a spreagadh, agus ar an dóigh sin amháin.

 

 

A Chomhaltaí Onóracha,

 

De réir mar atáimid ag dul i mbun aistriú an gheilleagair, ní mór dúinne brath ar na luachanna buana atá ag an ngeilleagar sóisialta margaidh seo againn.

 

Is smaoineamh an-simplí é gur i ngach uile dhuine againn atá neart mór an Aontais.

 

Spreagann ár ngeilleagar sóisialta margaidh gach duine le barr feabhais a bhaint amach, ach chomh maith leis sin tugann sé aire dúinne, daoine daonna atá leochaileach.

 

Tugann sé luach a saothair do dhaoine agus cinntíonn sé go mbeidh cosaint ann dóibh. Cruthaíonn sé deiseanna ach leagann sé síos teorainneacha chomh maith.

 

Is amhlaidh is mó a theastaíonn sin uainn ar na saolta seo.

 

De thoradh neart an gheilleagair shóisialta margaidh spreagfar an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas.

 

Tá gá againn le timpeallacht cumasaithe gnó, lucht saothair ag a bhfuil na scileanna cearta agus rochtain ar amhábhair atá de dhíth ar ár dtionscal.

 

Tá an méid sin de dhíth más maith linn a bheith iomaíoch san am atá amach romhainn.

 

Ní mór dúinn na constaicí sin a leagan atá ag cur bac ar ár gcuideachtaí beaga.

 

Ní mór tús áite a thabhairt dóibh sa chlaochlú seo – mar gurb iad atá mar chnámh droma earnáil tionsclaíochta rathúil na hEorpa le fada an lá.

 

Agus thug siad tús áite dá gcuid fostaithe i gcónaí – go háirithe le linn géarchéimeanna go fiú.

 

Ach tá an boilsciú agus an éiginnteacht an-chrua go deo orthu.

 

Dá bharr sin cuirfimid Pacáiste Fóirithinte FBM chun tosaigh.

 

Cuimseofar ann togra le haghaidh tacar aonair de rialacha cánach chun gnó a dhéanamh san Aontas – is é BEFIT an t-ainm atáimid a thabhairt air.

 

Is amhlaidh is éasca a bheidh sé gnó a dhéanamh san Aontas seo againne. Dá laghad an rómhaorlathas is fearr an rochtain ar dhinimiciúlacht mhargadh na mór-roinne.

 

Agus déanfaimid athbhreithniú ar an Treoir maidir le hÍocaíochtaí Déanacha – mar níl sé ceart ná cóir ar dhóigh ar bith go gcuirtear féimheacht amháin as gach 4 cinn i bhfeidhm mar gheall ar shonraisc nach n-íoctar in am trátha.

 

Tabharfaidh an beart sin tarrtháil ar na milliúin gnólachtaí teaghlaigh má bhíonn deacrachtaí acu amach anseo.

 

 

 

Ach tá ganntanas oibrithe ag cur as do chuideachtaí Eorpacha chomh maith.

 

Ní raibh líon na ndífhostaithe chomh híseal riamh roimhe is atá anois. 

 

Is breá an scéala é sin!

 

An tráth céanna, an méid folúntas post atá le líonadh, ní raibh sin chomh hard roimhe ach oiread.

 

Tiománaithe leoraí, freastalaithe agus baill foirne aerfoirt.

 

Altraí, innealtóirí agus teicneoirí Teicneolaíochta Faisnéise.

 

Tá gach duine de dhíth ar an Eoraip, bíodh sé gan oiliúint fhoirmiúil nó bíodh céim ollscoile aige!

 

Dá réir sin is gá dúinn níos mó a infheistiú san Ardoideachas agus sa Bhreisoideachas.

 

Ní mór dúinn a bheith ag obair i ndlúthchomhar le cuideachtaí.

 

Is fearr a thuigeann siadsan na scileanna a theastaíonn uathu inniu agus a bheidh de dhíth orthu amach anseo.

               

Agus ní mór dúinn na riachtanais sin a chur in oiriúint níos fearr do chuspóirí agus do mhianta na ndaoine atá ar lorg poist agus don ghairm a bheidh acu.

 

Ina theannta sin, ní mór dúinn lucht saothair oilte a mhealladh ó thíortha thar lear, lucht saothair a neartóidh cuideachtaí anseo agus fás na hEorpa.

 

Is tábhachtach an chéim thosaigh é aitheantas a thabhairt dá gcuid cáilíochtaí san Eoraip ar bhealach níos fearr agus níos gasta.

 

Mar sin ní mór dúinn an Eoraip a dhéanamh níos tarraingtí dóibh siúd atá in ann a gcuid scileanna a úsáid agus a thabhairt leo.

 

Dá bharr sin, molaim Bliain Eorpach an Ardoideachais a dhéanamh de 2023, agus go mbeidh béim ar leith ar an mbreisoideachas lena linn. 

 

               

A Chomhaltaí Onóracha,

 

Is é seo an tríú pointe atá agam i dtaca le FBManna agus an tionscal.

 

Is cuma cibé acu a labhróimid faoi shliseanna réaltachta fíorúla nó cealla le haghaidh grianphainéal, is iad na hamhábhair an rud is tábhachtaí a spreagfaidh an t-aistriú chuig geilleagar digiteach inbhuanaithe.

 

Beidh litiam agus na mianraí tearcithreacha níos tábhachtaí ná ola agus gás roimh i bhfad.

 

Faoi 2030, tiocfaidh méadú faoi chúig ar an éileamh a bheidh ar mhianraí tearcithreacha.

 

Agus is maith an comhartha é sin!

 

Léirítear leis sin a thapúla is atá dul chun cinn an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

 

Is é an t-aon fhadhb atá ann go fóill go bhfuil smacht ag aon tír amháin ar an margadh uile beagnach.

 

Ní mór dúinn spleáchas a sheachaint, amhail an spleáchas ar ola agus ar ghás.

 

Is i dtaca leis sin atá tábhacht leis an gcomhbheartas trádála.

 

Cabhraíonn comhpháirtíochtaí nua linn, ní hamháin chun an geilleagar a threisiú ach chun ár leasanna agus ár luachanna a chur chun cinn sa domhan.

 

I gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn linn, is féidir linn caighdeáin a bhaineann le hobair agus leis an gcomhshaol a chinntiú lasmuigh de theorainneacha an Aontais.

 

Thar gach ní, is gá dúinn an caidreamh atá againn leis na comhpháirtithe sin agus le réigiúin thábhachtacha fáis a athnuachan.

 

Mar sin de, molfaidh mé na Comhaontuithe leis an tSile, Meicsiceo agus an Nua-Shéalainn a dhaingniú.

 

Agus cuirfimid an chaibidlíocht le comhpháirtithe ríthábhachtacha chun cinn, mar atá leis an Astráil agus an India.

 

 

Ach soláthairtí a chinntiú, níl ann ach an chéad chéim.

 

Tá próiseáil na miotal sin chomh ríthábhachtach céanna.

 

An tráth seo inniu, tá smacht ag an tSín ar thionscal próiseála an domhain. Déantar beagnach 90% de na mianraí tearcithreacha agus 60% de litiam a phróiseáil sa tSín.

 

Aithneoimid tionscadail straitéiseacha ar fud an tslabhra soláthair, idir eastóscadh agus scagadh, agus idir phróiseáil agus athchúrsáil. Agus cuirfimid le cúlchistí straitéiseacha nuair atá an soláthar i mbaol.

 

Dá réir sin, tá mé ag fógairt inniu Ionstraim an Aontais um Amhábhair Chriticiúla.

 

Tá a fhios againn go n-éireoidh leis an gcur chuige sin.

 

Cúig bliana ó shin, sheol an tAontas Comhghuaillíocht Ceallraí an Aontais. Agus go luath, is san Aontas a tháirgfear dhá thrian de na ceallraí a theastaíonn uainn.

 

D'fhógair mé anuraidh an Gníomh Eorpach um Shliseanna. Agus beidh an chéad ghigeamhonarcha sliseanna i mbun oibre sna míonna beaga atá amach romhainn.

 

Is gá dúinn a mhacasamhail den éacht seo a dhéanamh arís.

 

Sin an fáth freisin a gcuirfimid lenár ranníocaíocht le Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne.

 

Agus sa todhchaí, tá sé de dhianrún agam ciste nua a chruthú, sin é Ciste an Aontais um Cheannasacht.

 

Déanaimis deimhin de gur san Eoraip a bheidh todhchaí an tionscail.

 

 

AN FÓD A SHEASAMH AR SON ÁR nDAONLATHAIS

 

A Chomhaltaí Onóracha,

 

Agus sinn ag féachaint ar an staid reatha ar fud an domhain, uaireanta mothaíonn sé go bhfuil rudaí ag dul i léig, rudaí a raibh cuma na buanseasmhachta orthu tráth dá raibh.

 

Ar bhealach éigin, ba mheabhrú dúinn ar an méid sin bás Bhanríon Eilís II an tseachtain seo caite. 

 

Laoch is ea í!

 

Le linn na n-imeachtaí suaiteacha a d'athraigh an saol ó bhun le 70 bliain anuas, bhí sise ann i gcónaí, go seasmhach.

 

Duine stóchúil diongbháilte agus í i mbun a seirbhíse.

 

Ach thar aon ní eile, bhí sí in ann teacht ar na focail chearta gach uair dá raibh siad ag teastáil.

 

Idir na haithisc a thug sí in 1940 a bhí dírithe ar dhaoine a bhí aslonnaithe de dheasca an chogaidh, agus an óráid stairiúil a thug sí uaithi le linn na paindéime.

 

Chuaigh sí i gcion, ní hamháin ar chroí a náisiúin féin, ach ar anam an domhain uile freisin.

 

Nuair a smaoiním ar chúrsaí mar atá siad inniu, cuimhním ar na focail a labhair sí agus an phaindéim ag réabadh léi.

 

Is é a dúirt sí: 'Beidh an bua linn – agus is le gach uile dhuine againn a bheidh an bua sin'.

 

Mheabhraigh sí dúinn i gcónaí gur ar smaointe nua a thógfar an todhchaí atá romhainn, agus gurb iad na luachanna is sinne atá againn dúshraith na todhchaí sin.

 

Ó bhí deireadh an Dara Cogadh Domhanda ann, thugamar faoi ghealltanas an daonlathais agus faoin smacht reachta.

 

Le chéile, chuir náisiúin an domhain córas idirnáisiúnta ar bun lena ndéantar an tsíocháin agus an tslándáil, an ceartas agus dul chun cinn eacnamaíoch a chur chun cinn.

 

Sa lá atá inniu ann, is é an córas céanna sin is sprioc do dhiúracáin na Rúise.

 

An méid a chonaiceamar ar shráideanna Bucha, sna páirceanna dóite gráin, agus ansin ag geataí an ghléasra núicléach is mó san Úcráin – ní sárú ar na rialacha idirnáisiúnta amháin atá ann.

 

Is iarracht d'aon ghnó é na rialacha sin a chaitheamh in aer.

 

I bhfianaise an choir cinniúna sin sa pholaitíocht dhomhanda, ní mór athmhachnamh a dhéanamh ar ár mbeartas eachtrach.

 

Seo chugainn an deis infheistíocht a dhéanamh i gcumhacht na ndaonlathas.

 

Tosóidh an obair sin le croíghrúpa comhpháirtithe atá ar aon intinn linn: ár gcairde i ngach uile náisiún daonlathach ar fud na cruinne.

 

Tá an dearcadh céanna againn ar an domhan. Agus ba cheart dúinn ár gcomhchumhacht a chur i ngníomh chun earraí an domhain a mhúnlú.

 

Ba cheart dúinn ár seacht ndícheall a dhéanamh an croíghrúpa sin de náisiúin dhaonlathacha a mhéadú. Is é an bealach is tapa é sin a dhéanamh na ceangail atá againn le daonlathais ar mhór-roinn na hEorpa a dhoimhniú agus a neartú.

 

Na tíortha atá cheana féin ar an mbealach i dtreo an Aontais seo againne, is leosan a thosóidh sin.

 

Ní mór dúinn a bheith gualainn ar ghualainn leo ag gach céim den chonair.

 

Óir an bealach i dtreo daonlathais láidre agus an bealach i dtreo an Aontais, is ionann iad.

 

Muintir na mBalcán Thiar, na hÚcráine, na Moldóive agus na Seoirsia, is mian liom é seo a chur in iúl daoibh:

 

Is cuid dár dteaghlach sibh, tá sé i ndán daoibh a bheith mar chuid den Aontas, agus ní iomlán an tAontas seo againne gan sibh!

 

 

 

Sin an fáth a dtacaím leis an nglao ar son Comhphobal Polaitiúil Eorpach – agus cuirfimid ár gcuid smaointe i ndáil leis sin in iúl don Chomhairle Eorpach.

 

Ach an todhchaí atá romhainn, braitheann sí ar an gcumas atá ionainn rannpháirtíocht a chothú le tíortha lasmuigh dár gcroíghrúpa comhpháirtithe daonlathacha.

 

Tíortha i ngar nó i gcéin, tá spéis acu a bheith ag obair linn ar mhórdhúsláin na haoise seo, an t-athrú aeráide agus an digitiú, cuir i gcás.

 

Sin é an príomhsmaoineamh is bonn leis an Global Gateway, an plean infheistíochta a d'fhógair mé anseo in aitheasc na bliana seo caite.

 

Tá torthaí nithiúla an tionscnaimh sin le feiceáil cheana féin.

 

In éineacht lenár gcomhpháirtithe san Afraic, tá dhá mhonarcha á dtógáil againn i Ruanda agus sa tSeineagáil chun vacsaíní mRNA a mhonarú.

 

Déanfar san Afraic iad, le haghaidh na hAfraice, a bhuí le teicneolaíocht den chéad scoth.

 

Agus tá an cur chuige sin á athchruthú againn i ngach cearn de Mheiriceá Laidineach mar chuid de straitéis rannpháirtíochta níos mó.

 

Éilíonn sé sin infheistíocht ar scála domhanda.

 

Dá bhrí sin, rachaimid i mbun gnímh lenár gcairde sna Stáit Aontaithe agus le comhpháirtithe G7 eile chun é sin a chur i gcrích.

 

Ar an ábhar sin, déanfaidh an tUachtarán Biden agus mé féin cruinniú na gceannairí a thionól chun tionscadail cur chun feidhme a athbhreithniú agus a fhógairt.

 

 

A Chomhaltaí Onóracha,

 

Tá sin mar chuid den obair atá ar siúl againn chun ár ndaonlathais a neartú.

 

Ach níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh go bhfuil uathlathaithe eachtracha ag díriú ar ár dtíortha féin.

 

Bíonn eintitis eachtracha ag maoiniú institiúidí a bhaineann an bonn dár luachanna.

 

Tá a gcuid bréagaisnéise á scaipeadh ón idirlíon go hallaí ár n-ollscoileanna.

 

Níos túisce i mbliana, dhún Ollscoil Amstardam ionad taighde a maíodh a bheith neamhspleách, ach a bhí maoinithe ag eintitis Shíneacha i bhfírinne. Bhí taighde mar dhea faoi chearta an duine á fhoilsiú ag an ionad sin, taighde inar diúltaíodh d'fhianaise maidir le campaí géibhinn le haghaidh na nUigiúrach, ag maíomh nach raibh sa mhéid sin ach ‘ráflaí'.

 

Tá na bréaga sin nimhneach dár ndaonlathais.

 

Déanaigí bhur machnamh air seo: Tá reachtaíocht tugtha isteach againn chun scagadh a dhéanamh ar infheistíocht dhíreach choigríche inár gcomhlachtaí ar chúiseanna slándála.

 

Má táimid sásta an méid sin a dhéanamh ar son an gheilleagair, nár cheart dúinn amhlaidh a dhéanamh ar son ár luachanna?

 

Is gá dúinn sinn féin a chosaint ar bhealach níos fearr ar chur isteach mailíseach.

 

Is ar an gcúis sin a bheidh pacáiste ar a dtugtar ‘Cosaint an Daonlathais' á chur i láthair againn.

 

Tabharfaidh sé tionchar eachtrach ceilte agus maoiniú amhrasach chun solais.

 

Ní ligfimid do chapaill adhmaid de chuid aon uathlathais ionsaí a dhéanamh ar ár ndaonlathais ón taobh istigh.

 

 

Le níos mó ná 70 bliain anuas, is ar an daonlathas atá ár dtriall anseo ar mhór-roinn na hEorpa. Ach an méid atá bainte amach againn ar an gconair fhada sin, níl sé cinnte fós.

 

Tá talamh slán déanta ag cuid mhaith againn den daonlathas ar feadh i bhfad. Go háirithe daoine de mo leithéidse, nach bhfuil taithí againn ar an saol mar atá faoi bhois an chait ag réimeas forlámhach.

 

Sa lá atá inniu ann, feictear dúinn uile nach mór dúinn troid ar son ár ndaonlathas. Lá i ndiaidh lae.

 

Ní mór dúinn iad a chosaint ar na bagairtí seachtracha atá rompu, agus ar an olc a dhéanann dochar dóibh ón taobh istigh.

 

Is é an dualgas agus an ról is uaisle atá ag mo Choimisiún an smacht reachta a chosaint.

 

Creidigí uaim é mar sin: leanfaimid orainn ag éileamh go mbíonn neamhspleáchas breithiúnach ann.

 

Agus cosnóimid ár mbuiséad trí shásra na coinníollachta.

 

Agus inniu ba mhaith liom díriú ar an éilliú, agus na cumaí go léir a bhíonn air. Gníomhairí eachtracha, iad ag iarraidh tionchar a imirt ar ár gcóras polaitiúil. Cuideachtaí nó fondúireachtaí amhrasacha, iad ag baint mí-úsáid as airgead poiblí.

 

Más mian linn a bheith inchreidte nuair a iarraimid ar thíortha is iarrthóirí a ndaonlathais a neartú, ní mór dúinn freisin deireadh a chur leis an éilliú sa bhaile.

 

Sin an fáth a gcuirfidh an Coimisiún bearta i láthair sa bhliain atá le teacht chun ár gcreat reachtach a thabhairt cothrom le dáta maidir leis an éilliú a chomhrac.

 

Ardóimid na caighdeáin maidir le cionta amhail saibhriú aindleathach, mangaireacht tionchair agus mí-úsáid na cumhachta, thar na cionta is clasaicí, cuir i gcás an bhreabaireacht. 

 

Agus molfaimid freisin an t-éilliú a chur san áireamh mar chuid dár gcóras smachtbhannaí i dtaca le cearta an duine, is é sin an uirlis nua atá againn chun ár luachanna a chosaint thar lear.

 

Ídíonn an t-éilliú an iontaoibh atá ag daoine as ár n-institiúidí. Dá bhrí sin, ní mór dúinn é a chomhrac le feidhm iomlán an dlí.

 

 

A Chomhaltaí Onóracha,

 

Ní raibh sé i gceist ag ár mbunaitheoirí ach an chéad chloch den daonlathas seo a leagan síos.

 

Shíl siad riamh go gcuirfeadh na glúnta a bheadh le teacht a gcuid oibre i gcrích.

'Níl an daonlathas imithe as faisean, ach ní mór é a thabhairt cothrom le dáta chun leanúint d'fheabhas a chur ar shaol na ndaoine.'

Bhí an méid sin le rá ag David Sassoli – Eorpach iontach, duine a dtugaimid aitheantas dó inniu.

Bhí David Sassoli den tuairim gur cheart don Eoraip féachaint roimpi i gcónaí.

Agus d'ainneoin na ndeacrachtaí atá ann faoi láthair, tá radharc againn anois ar an méid atá romhainn.

Aontas atá níos cróga.

Níos gaire dá shaoránaigh in am an ghátair.

Níos misniúla agus aghaidh á tabhairt aige ar dhúshláin stairiúla agus ar ábhair imní laethúla mhuintir na hEorpa. Aontas a sheasann leo nuair a bhíonn siad ag dul i ngleic le hanbhroidí móra an tsaoil.

Is é sin an fáth ar bhain an oiread sin tábhachta leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.

A bhuí léi, fuaireamar spléachadh ar chineálacha rannpháirtíochta éagsúla na saoránach.

Tar éis don Eoraip éisteacht le tuairimí a saoránach, ní mór anois dúinn beart a dhéanamh.

 

Bhí ról lárnach ag na Painéil Saoránach sa Chomhdháil agus beidh siad anois ina ngné rialta dár saol daonlathach.

Agus sa Litir Intinne a sheol mé chuig an Uachtarán Metsola agus chuig an bPríomh-Aire Fiala inniu, thug mé cur síos ar roinnt tograí don bhliain atá romhainn a eascraíonn as conclúidí na Comhdhála.

Cuimsítear iontu sin, mar shampla, tionscnamh nua maidir leis an meabhairshláinte.

Ba cheart dúinn aire níos fearr a thabhairt dá chéile. Agus i gcás go leor daoine a bhíonn ag mothú imníoch agus caillte sa saol, féadfaidh tacaíocht iomchuí inrochtana agus inacmhainne difear mór a dhéanamh dóibh.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Ní mór d'institiúidí daonlathacha muinín na saoránach a ghnóthú agus a athghnóthú ar bhonn leanúnach.

Ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua a leagtar amach romhainn.

Is é sin a rinne muintir na hEorpa nuair a tháinig na milliúin Úcránach chugainn ag lorg dídine.

Sin í an Eoraip ar a seacht ndícheall.

 

Aontas lán le diongbháilteacht agus le dlúthpháirtíocht.

Ach tá an diongbháilteacht agus an treallús sin ar son na dlúthpháirtíochta go fóill ar lár san idirphlé maidir leis an imirce.

Tá sé fíorthábhachtach nach eisceachtaí iad na bearta a rinneamar i leith dídeanaithe ón Úcráin. Féadfaimid iad a úsáid mar threoirphlean agus sinn ag féachaint romhainn.

Teastaíonn nósanna imeachta cothroma tapa uainn, córas atá athléimneach ó thaobh géarchéimeanna de agus is féidir a chur chun feidhme go sciobtha, agus sásra buan atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus lena gcinntítear an dlúthpháirtíocht.

An tráth céanna, teastaíonn smacht éifeachtach ar ár dteorainneacha seachtracha, i gcomhréir le cearta bunúsacha a urramú.

Is é atá uaim Eoraip a dhéanfaidh an imirce a bhainistiú le dínit agus le meas.

Eoraip ina nglacfaidh na Ballstáit uile freagracht as na dúshláin a chomhroinnimid eadrainn.

Agus Eoraip a léireoidh dlúthpháirtíocht leis na Ballstáit uile.

Tá dul chun cinn déanta againn maidir leis an gComhshocrú, agus tá an Treochlár againn. Agus anois teastaíonn an toil pholaitiúil chun é a fhíorú.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Trí seachtaine ó shin, bhí deis iontach agam a bheith i dteannta 1,500 duine óg as gach cearn den Eoraip agus den domhan nuair a tháinig siad le chéile in Taizé.

Tá dearcthaí éagsúla acu, is as tíortha éagsúla dóibh, is ó chúlraí éagsúla iad, agus tá teangacha éagsúla acu.

D'ainneoin sin go léir, tá rud éigin a cheanglaíonn le chéile iad.

Tá luachanna agus idéalacha i gcoiteann acu.

Creideann siad sna luachanna sin.

Tá siad go léir paiseanta faoi rud éigin atá níos mó ná iad féin.

Is glúin í sin a bhfuil aislingí aici, ach is glúin déantóirí í freisin.

San aitheasc deiridh a thug mé ar Staid an Aontais, d'inis mé daoibh gur mhaith liomsa go mbeadh an Eoraip níos cosúla leis na daoine óga sin.

Ba cheart dúinn a gcuid mianta a chur i gcroílár gach ní a dhéanaimid.

Agus ba cheart é sin a dhaingniú inár gConarthaí bunaidh.

Gach gníomh a dhéanann an tAontas seo againne, ba cheart prionsabal simplí a bheith taobh thiar de.

Is é sin nár cheart dúinn aon díobháil a dhéanamh do thodhchaí ár bpáistí.

Agus gur cheart dúinn domhan níos fearr a fhágáil inár ndiaidh don chéad ghlúin eile.

Dá bhrí sin, a Chomhaltaí Onóracha, creidim gur mithid an dlúthpháirtíocht idir na glúnta a chumhdach inár gConarthaí.

Tá sé in am dúinn an gealltanas Eorpach a athnuachan.

Ní mór dúinn freisin feabhas a chur ar an gcaoi a ndéanaimid rudaí agus ar an gcaoi a nglacaimid cinntí.

Déarfadh daoine áirithe nárbh é seo an t-am ceart. Ach má táimid dáiríre faoi ullmhú do shaol an lae amárach, ní mór dúinn a bheith in ann gníomhú i dtaca leis na rudaí is mó is cás le daoine.

Agus i ngeall go bhfuilimid dáiríre faoi aontas níos mó a bhaint amach, ní mór dúinn a bheith dáiríre freisin faoin athchóiriú.

Dá bhrí sin, agus faoi mar a d'éiligh an Pharlaimint seo, creidim gurb é seo an t-am le haghaidh Coinbhinsiún Eorpach.

 

CONCLÚID

A Chomhaltaí Onóracha,

 

Is minic ráite gur gile an solas sa dorchadas.

Agus is cinnte go raibh an méid sin fíor i gcás na mban agus na bpáistí agus iad ag teitheadh ó bhuamaí na Rúise.

Theith siad ó thír i mbun cogaidh, iad lán le cumha i ndiaidh an tsaoil sa bhaile agus lán le heagla i dtaca leis an méid a bhí rompu.

 

Ach cuireadh lánfháilte rompu. Chuir saoránaigh cosúil le Magdalena agus Agnieszka lánfháilte rompu. Beirt bhan óga neamhleithleacha as an bPolainn.

A luaithe agus a chuala siad faoi thraenacha lán dídeanaithe, chuaigh siad ar an bpointe go dtí Stáisiún Lárnach Vársá.

Chuaigh siad i mbun eagrúcháin.

Chroch siad puball chun cabhrú leis an oiread daoine agus ab fhéidir.

 

Chuaigh siad i dteagmháil le sraitheanna ollmhargaí chun bia a lorg, agus le húdaráis áitiúla chun busanna a eagrú go dtí na hionaid fáilteachais.

 

Laistigh de chúpla lá, bhailigh siad 3,000 oibrí deonach le chéile chun fáilte a chur roimh dhídeanaithe 24/7.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

 

Tá Magdalena agus Agnieszka anseo inár dteannta inniu.

 

Tugaimis bualadh bos dóibh agus do gach uile Eorpach a d'oscail a gcroí agus a dtithe féin.

 

Is léiriú é a scéal ar an méid a seasann an tAontas seo againne dó agus ar an méid is mian linn a bhaint amach.

 

Baineann an scéal sin le misneach, le teacht aniar agus le dlúthpháirtíocht.

 

Léirigh siad don uile dhuine an méid is féidir le muintir na hEorpa a bhaint amach nuair a oibrímid le chéile i dtreo sprioc choiteann. 
 

Sin é spiorad na hEorpa.

 

Aontas a sheasann go docht daingean le chéile.

 

Aontas a n-éiríonn leis i dteannta le chéile.

 

Gura fada buan an Eoraip.

Sonraí

Dáta foilsithe
14 Meán Fómhair 2022
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn