Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta15 Meán Fómhair 2021Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 50 nóiméad

Anam ár nAontais a neartú: Aitheasc an Uachtaráin von der Leyen ar Staid an Aontais 2021

Thug an tUachtarán von der Leyen Aitheasc ar Staid an Aontais den dara huair uair i bParlaimint na hEorpa.

Réamhrá

 

A Uachtaráin, a Chomhaltaí Onóracha,

Is iomaí duine a shíleann go bhfuil a shaol curtha ar sos le tamall agus an saol mór ag imeacht leis ar mire.

Is deacair in amanna tuiscint cheart a fháil ar luas na n-imeachtaí agus ar ollmhéid na ndúshlán.

Is domhain an machnamh atáthar a dhéanamh sa tréimhse seo freisin. Idir dhaoine atá ag déanamh athmheas ar a saol féin agus díospóireachtaí níos leithne faoi vacsaíní a roinnt le chéile agus faoi chomhluachanna.

Ach, nuair a dhearcaim siar an mbliain seo caite agus ar staid an Aontais inniu, feicim anam láidir laistiar de gach rud dá ndéanaimid.

Is é Robert Schuman a dúirt: teastaíonn ón Eoraip anam, idéal, agus an toil pholaitiúil chun freastal ar an idéal sin.

Tá na focail sin tugtha chun beochta ag an Eoraip le dhá bhliain déag anuas.

Le linn na géarchéime sláinte domhanda ba mhó le céad bliain anuas, thograíomar gníomhú le chéile sa chaoi gurbh ionann an teacht a bhí ag gach cuid den Eoraip ar vacsaín a shábhálann an bheatha.

Le linn na géarchéime sláinte domhanda is doimhne le neart blianta anuas thograíomar gníomhú le chéile le NextGenerationEU.

Agus le linn na géarchéime domhanda is tromchúisí dá raibh riamh ann, thograíomar gníomhú le chéile leis an gComhaontú Glas don Eoraip.

Rinneamar sin le chéile, sinne an Coimisiún, an Pharlaimint agus na 27 mBallstát. Sinne aon Eoraip amháin a rinne é. Is cúis mhórtais againn sin.

Ach níl deireadh le laethanta an choróinvíris fós.

Is mór an fhulaingt atá sa tsochaí againn agus gan an chuma ar an bpaindéim go bhfuil sí ar tí cúlú. Tá croíthe nach leigheasfar go deo ann, scéalta beatha nach gcuirfear i gcrích go deo agus am nach féidir go deo a thabhairt ar ais dár n-aos óg. Táimid i ngleic le dúshláin nua mharthanacha i saol atá ag téarnamh – agus á dheighilt – ar chaoi mhíchothrom. 

Níl aon amhras faoi: féachfar an diongbháilteacht ionainn arís eile an bhliain seo chugainn.

Ach creidim gurb í an fhéachaint a chuirtear ar dhuine a léiríonn neart a spioraid, agus a anama, mar is ceart.

Nuair a dhearcaim ár nAontas, is léir dom go seasfaidh an tAontas an triail sin.

Is é an spreagadh is féidir a fháil ó aos óg na hEorpa an chúis mhuiníne atá agam.

Mar go gcuireann ár n-aos óg brí sna focail comhbhá agus dlúthpháirtíocht.  
Creideann siad go bhfuilimid freagrach as an bpláinéad.
D'ainneoin na himní atá orthu faoin am atá romhainn, tá rún daingean acu é a leigheas. 

Beidh ár nAontas níos láidre má bhíonn sé níos cosúla leis an gcéad ghlúin eile againn: machnamhach tiomanta comhbhách.  Luachanna go smior iontu agus  iad dána sa ghníomhaíocht.

Beidh an spiorad sin níos tábhachtaí ná mar a bhí sé riamh le linn an dá mhí dhéag atá romhainn. Sin an teachtaireacht atá sa Litir Intinne a sheol mé ar maidin chuig an Uachtarán Sassoli agus chuig an bPríomh‑Aire Jansa chun achoimre a thabhairt ar ár dtosaíochtaí i leith na bliana romhainn.

 

AN EORAIP AONTAITHE DE BHARR DEACRACHTAÍ AGUS TÉARMAIMH

A Chomhaltaí Onóracha,

Is fada an t-achar í bliain in aimsir ghéarchéime.

Nuair a bhí mé i mo sheasamh os bhur gcomhair 12 mhí ó shin , ní raibh a fhios agam cá huair a bheadh vacsaín shábháilte éifeachtach againn in aghaidh COVID-19, ná an mbeadh a leithéid againn in aon chor.

Ach inniu, agus d'ainneoin na gcáinteoirí uile, tá an Eoraip ar cheannairí an domhain.

Tá níos mó ná 70 faoin gcéad de na daoine fásta san Aontas iomlán vacsaínithe.  Rud eile de, d'ainneoin na gcáinteoirí uile is sinne amháin a roinn leath ár dtáirgeachta vacsaíne leis an gcuid eile den domhan. Thugamar níos mó ná 700 milliún dáileog do mhuintir na hEorpa, agus níos mó ná 700 milliún dáileog don chuid eile den domhan, do níos mó ná 130 tír.

Is sinne an t-aon réigiún amháin sa domhan a rinne an méid sin.

Is maratón í gach paindéim, ní rás ráibe í.  
 
Leanamar an eolaíocht.  
D'fhreastalaíomar ar an Eoraip. D'fhreastalaíomar ar an domhan.  
Rinneamar é ar an gcaoi cheart, mar go ndearnamar é ar an gcaoi Eorpach. Agus d'éirigh linn!

Ach cé go bhfuil cúis mhaith againn le bheith muiníneach, níl aon chúis againn le bheith réchúiseach.

Is é an chéad tosaíocht – agus an ceann is práinní – dlús a chur leis an vacsaíniú.

Nuair a chuirtear san áireamh go ndearnadh níos lú ná 1% de na dáileoga a tugadh sa domhan a thabhairt sna tíortha íseal-ioncaim, is léir mórscála na héagóra agus na práinne. Tá sin ar cheann de mhórcheisteanna geopholaitiúla ár linne.

Tá Team Europe ag infheistiú billiún euro chun cur le hacmhainn táirgthe mRNA san Afraic. Tá sé geallta againn cheana féin go dtabharfaimid uainn 250 milliún dáileog.

Agus is féidir liom a fhógairt inniu go gcuirfidh an Coimisiún tabhartas nua 200 milliún dáileog breise go dtí lár na bliana seo chugainn.

Is infheistiú sa dlúthpháirtíocht é sin – ach infheistiú sa tsláinte dhomhanda freisin.

Is é an dara tosaíocht leanúint dár n-iarrachtaí anseo san Eoraip.

Is léir dúinn na difríochtaí ar cúis imní iad sna rátaí vacsaínithe san Aontas seo againne.

Ní mór dúinn coinneáil orainn go tréan, mar sin.

Agus tá an Eoraip ullamh. Tá 1.8 billiún dáileog bhreise ullmhaithe againn. Beidh ár ndóthain dúinn féin agus díol ár gcomharsanachta sa mhéid sin nuair a theastóidh teanndáileoga. Déanaimis gach rud is féidir a dhéanamh chun deimhin a dhéanamh de nach dtiocfaidh paindéim na ndaoine nár vacsaíníodh orainn.

Is é an tosaíocht deiridh ár n-ullmhacht paindéime a neartú.

Dúirt mé anuraidh go raibh sé in am Aontas Sláinte Eorpach a thógáil. Tá an beart sin á dhéanamh againn inniu. Leis an togra uainn táimid ag cur an údaráis HERA ar bun.

Is mór agus is an-mhór an buntáiste a bheidh ann sin chun bagairtí sláinte a láimhseáil níos luaithe agus níos fearr.

Tá an nuálaíocht agus an acmhainn eolaíochta, eolas na hearnála príobháidí agus na húdaráis inniúla náisiúnta againn chuige sin. Ní theastaíonn uainn anois ach an méid sin uile a thabhairt le chéile, maoiniú ollmhór san áireamh. 

Dá bhrí sin, táim ag moladh misean ullmhachta agus athléimneachta sláinte nua le haghaidh an Aontais ar fad. Agus ba cheart infheistíocht EUR 50 billiún ó Team Europe a bheith ag tacú leis faoi 2027. 

Chun deimhin a dhéanamh de nach n-iompóidh víreas ar bith eipidéim áitiúil ina paindéim dhomhanda. Níl aon bhrabús ar infheistiú níos fearr ná sin.

 

An Geilleagar

A Chomhaltaí Onóracha,

Is mór an chéim chun tosaigh í an obair ar an Aontas Sláinte Eorpach. Agus is mian liom buíochas a ghabháil leis an Teach seo as an tacaíocht uaidh.

Léiríomar gur féidir linn gníomhú go tapa nuair a ghníomhaímid le chéile.

An Deimhniú Digiteach, mar shampla:

Faoi seo tá níos mó ná 400 milliún deimhniú ginte ar fud na hEorpa. Tá an obair sin ar bun ag 42 thír i 4 mhór-roinn.

Is sinne a mhol é mí an Márta.

Is sibhse a chuir dlús leis!
Trí mhí dár gcionn bhí sé ar bun.  
 

A bhuí leis an gcomhiarracht sin, rinne an Eoraip an beart nuair a bhí an chuid eile den domhan ag caint faoi.

Is iomaí rud a rinneamar mar is ceart. Chuamar i mbun oibre agus chruthaíomar SURE go tapa. Thacaigh sin le breis agus 31 mhilliún oibrí agus 2.5 milliún cuideachta ar fud na hEorpa.

Bhí ciall cheannaithe ón am a chuaigh thart againn, am a bhíomar ródheighilte agus moill rómhór orainn.

Agus is rómhór an difear: an uair dheireanach bhí 8 mbliana imithe faoin am a tháinig olltáirgeacht intíre limistéar an euro ar ais chuig na leibhéil réamh-ghéarchéime. 

An uair seo táimid ag súil leis go mbeidh 19 dtír ar leibhéil réamh-phaindéime i mbliana agus gurb amhlaidh a bheidh na tíortha eile ar an mbliain seo chugainn. Sháraigh an fás i limistéar an euro an fás sna Stáit Aontaithe agus sa tSín araon sa ráithe deireanach.

Ach níl ann sin ach tús. Agus ba cheart an méid a d'fhoghlaimíomar ón ngéarchéim airgeadais a bheith ina scéal rabhaidh againn. An uair sin, d'fhógair an Eoraip an bua róluath agus d'íocamar as sin. Agus ní dhéanfaimid an botún sin athuair.

Is é an dea-scéala go ndéanfaimid anois le NextGenerationEU infheistiú sa téarnamh gearrthéarmach agus sa rathúnas fadtéarmach araon.

Tabharfaimid aghaidh ar cheisteanna struchtúir inár ngeilleagar: idir athchóirithe ar an margadh saothair sa Spáinn, athchóirithe pinsean sa tSlóivéin agus athchóiriú cánach san Ostair, agus eile.

Ar bhealach nach ndearnadh é roimhe, infheisteoimid i 5G agus sa snáithín. Ach ní lú an tábhacht atá leis an infheistiú sna scileanna digiteacha. Chun an cúram sin a dhéanamh teastaíonn sé go dtabharfaidh na ceannairí aird air agus go ndéanfar plé struchtúrtha ar an leibhéal is airde.

Tugann an freagra uainn treoir shoiléir do mhargaí agus infheisteoirí araon.

Ach, agus sinn ag dearcadh chun tosaigh, ní mór dúinn freisin ár machnamh a dhéanamh ar an tionchar a d'imir an ghéarchéim ar chruth ár ngeilleagar – idir mhéadú ar na fiacha, thionchar míchothrom ar earnálacha éagsúla, agus bhealaí nua le bheith ag obair.

Chuige sin, athlainseálfaidh an Coimisiún an plé faoin Athbhreithniú ar an Rialachas Eacnamaíoch sna seachtainí beaga romhainn. Is é an aidhm atá againn comhthoil a chothú maidir leis an mbealach chun cinn in am trátha le haghaidh 2023.

 

 

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Ní fada go mbeimid ag ceiliúradh 30 bliain ó bunaíodh an Margadh Aonair. Le 30 bliain anuas is é is mó atá ag tabhairt deise dul chun cinn a dhéanamh agus rathúnas a bheith againn san Eoraip.

I dtús na paindéime, chosnaíomar é ar bhrú an chreimthe agus ar bhrú na hilroinne. I leith ár dtéarnaimh, is é an Margadh Aonair a bheidh laistiar de phoist mhaithe agus d'iomaíocht.

Tá tábhacht ar leith leis sin sa mhargadh aonair digiteach. 

Chuireamar tograí uaillmhianacha chun cinn sa bhliain seo caite.

Chun cumhacht gheatóra na n-ardán is mó a theorannú;

Chun taca a chur le freagracht dhaonlathach na n-ardán sin;

Chun an nuálaíocht a chothú;

Chun cumhacht na hintleachta saorga a sheoladh.

 

Is í an cheist dhigiteach an cheist a dhéanfaidh an difear. Agus tá na Ballstáit ag teacht leis an tuairim sin. Sáróidh an caiteachas digiteach in NextGenerationEU an sprioc 20% féin.

Is léiriú é sin ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistiú inár gceannasacht theicneolaíoch Eorpach. Ní mór dúinn cromadh ar an obair agus ár gclaochlú digiteach a mhúnlú de réir ár rialacha agus ár luachanna féin.

Mura miste libh, díreoidh mé ar na leathsheoltóirí, na sliseanna beaga bídeacha sin a chuireann gach rud ar obair: idir fhóin chliste, scútair leictreacha agus traenacha agus mhonarchana cliste iomlána.

Ní digiteach go sliseanna. Agus i láthair na huaire seo féin, tá línte táirgthe iomlána ag obair cheana féin ar luas laghdaithe - cé go bhfuil méadú ag teacht ar an éileamh - de dheasca ganntanas leathsheoltóirí.

Ach, cé gur tháinig an-mhéadú tobann ar an éileamh domhanda, is laghdú a tháinig sciar na hEorpa ar feadh an tslabhra luacha iomláin ón dearadh go dtí an acmhainn mhonarúcháin. Táimid ag brath ar shliseanna úrscothacha a mhonaraítear san Áis.

Mar sin, ní lenár n-iomaíochas amháin a bhaineann sé. Baineann sé freisin le ceannasacht theicneolaíochta. Dírímis ar an gceannasacht sin, mar sin.

Cuirfimid Gníomh nua um Shliseanna Eorpacha i láthair. Ní mór dúinn an taighde, an dearadh agus na hacmhainní tástálacha againne, atá ar chaighdeán domhanda, a nascadh le chéile. Ní mór dúinn infheistiú an Aontas agus an t-infheistiú náisiúnta ar feadh an tslabhra luacha a chomhordú.

Is é an aidhm atá ann éiceachóras sliseanna úrscothach Eorpach, ina mbeidh an táirgeadh san áireamh, a chruthú le chéile. Cinnteofar leis sin go mbeidh sábháilteacht soláthair againn agus déanfar margaí nua a fhorbairt le haghaidh teicneolaíocht ceannródaíoch Eorpach dá barr.

Is fíor. Is mór an dúshlán é. Agus tá a fhios agam go bhfuil roinnt daoine á mhaíomh nach féidir é a dhéanamh.

Ach sin an rud a dúirt siad faoi Galileo 20 bliain ó shin.

Agus féach an rud a tharla. Chuireamar cóir orainn féin. Sa lá atá inniu ann is iad na satailítí Eorpacha a sholáthraíonn an córas loingseoireachta le haghaidh níos mó ná dhá mhilliún fón cliste ar fud an domhain. Is ceannairí domhanda sinn. Bíodh an dánacht sin ionainn arís, mar sin, i leith na leathsheoltóirí an uair seo.

 

CÚRSAÍ SÓISIALTA AGUS AN COTHROMAS

A Chomhaltaí Onóracha,

Is tinn an cneá atá fágtha ag an bpaindéim orainn, agus níl insint ar an lorg atá fágtha aici ar gheilleagar sóisialta an mhargaidh faoi mar atá againn.

Oíche i ndiaidh a chéile, siúd arís sinn os comhair na fuinneoige, nó ar thairseach an dorais, le bualadh bos a thabhairt dóibh siúd a bhí sa chéad líne catha.

Ba léir dúinn ar fad a mhéid a bhíomar i dtuilleamaí na n-oibreoirí sin. I dtuilleamaí na bhfear agus na mban a dhéanann a míle dícheall ar ár son, ainneoin iad a bheith ar thuarastal íseal, ar easpa cosanta, agus ar easpa slándála.

B'fhéidir go bhfuil an bualadh bos féin síothlaithe beagán faoi seo, ach ní ceart ligean do dhíograis na mothúchán a dhul i léig.

Sin é an fáth a bhfuil tábhacht mhór le bunsraith na gceart sóisialta Eorpach a chur i bhfeidhm.

Seo cuid dá bhfuil i gceist: poist a bhfuil dínit ag dul leo, coinníollacha oibre atá cothrom cóir, feabhas ar an bhfreastal atá ar shláinte na ndaoine, agus cothromaíocht mhaith saoil.

Má tá rud amháin ann a thuigimid de bharr na paindéime, sin é an luach atá lenár gcuid ama. An deis ar chuid den am sin a chaitheamh lenár muintir féin; thuigeamar nach bhfuil aon ní is luachmhaire ná sin.

Dá réir sin, is mian linn straitéis nua Eorpach i leith cúram sláinte a thabhairt i gceist

Ionas nach mbeidh fear ná bean ann nach rachaidh feabhas na gcúram féideartha chun sochair dóibh, fear ná bean nach í an chothromaíocht saoil ab fhearr a bheidh ar fáil dóibh uile. An cothromas sóisialta seo áfach, tá cothromas eile i gceist leis seachas cúrsaí ama. Sin é an cothromas cánach.

 

Is maith an rud brabús a bheith á shaothrú ag na cuideachtaí atá gníomhach i ngeilleagar sóisialta an mhargaidh. Ach an brabús sin, más ann dó, tuigimis gurb é scoth na n-infreastruchtúr is cúis leis, mar aon leis an gcóras maith slándála sóisialta atá againn, sin agus ár gcuid córais oideachais.

Dá bhrí sin, níl ann ach an ceart go n-íocfadh na cuideachtaí a sciar féin de na costais.  Sin é an fáth a bhfuilimid ag comhrac linn in aghaidh sheachaint agus imghabháil na cánach.

Tá togra reachtaíochta á mholadh againn, togra a dhíreoidh ar an mbrabús corparáideach atá ceilte laistiar de chorparáidí um meáin airgeadais. Agus táimid ag obair gan scíth leis an íosráta cánach corparáide a thabhairt i gcrích de chomhaontú domhanda, comhaontú stairiúil go deimhin.

Cáin a íoc, oiread agus is cóir;  ní hamháin gur ceist airgeadais sin. Thar aon ní, is ceist chothromais atá ann - rud simplí go leor.

 

An Óige

A Chomhaltaí Onóracha,

Níl duine inár measc nár thairbhe agus sochar dó an bhunchloch agus an dúshraith atá faoi gheilleagar sóisialta an mhargaidh san Eoraip. Agus ba cheart dúinn deimhin a dhéanamh de go bhféadfaidh an chéad ghlúin eile an todhchaí a mhúnlú di féin.

An ghlúin óg atá ag teacht in inmhe, tá ardoideachas uirthi, tá cumas thar na bearta inti, tá fonn uirthi gaisce a dhéanamh. An ghlúin sin is mór an íobairt a rinne sí le slándáil na ndaoine eile a chaomhnú.

Nuair atá gach ní ina cheart, is le linn na hóige a chuirimid eolas ar an saol. Cuirimid eolas ar ghnéithe éagsúla den saol. Cuirimid aithne ar na cairde a bheidh linn fad a mhairimid beo. Déanaimid fios an bhealaigh dúinn féin. Céard a d'iarramar ar an óige sa lá atá inniu ann más ea? An scaradh sóisialta a chleachtadh, fanacht faoi dhianghlasáil, agus an obair scoile a dhéanamh sa bhaile. Mhair sin breis agus bliain.

Dá bhrí sin, idir an Comhaontú Glas, NextGenerationEU agus eile, níl rud á dhéanamh againn nach ar mhaithe le todhchaí na hóige a chosaint atá sé.

Sin é an fáth chomh maith ar cheart NextGenerationEU a mhaoiniú le foinsí nua a bheidh glan, rud a bhfuilimid ag obair air.  

Ní mór dúinn a bheith san airdeall áfach, agus gan caol na dinge a chur faoi dhoras eile. Mar tá na daoine óga sin ar fad ag teastáil uainn san Eoraip.

Ba cheart dúinn spreagadh faoi leith a thabhairt dóibh siúd a ligeann an córas ar lár iad. Iad siúd atá gan phost. Iad siúd nach bhfuil ag freastal ar chúrsa oideachais ná oiliúna.

Is dóibhsean a bheimid ag tairiscint an chláir nua seo darb ainm ALMA.

 

Is éard a dhéanfaidh ALMA a chur ar a gcumas do na daoine óga sin taithí oibre a fháil go sealadach i mBallstát eile.

Mar, ach oiread le dream ar bith, is rud atá tuillte acu leithéid Erasmus a chur ar a dtaithí dóibh féin. Le hinniúlachtaí a ghnóthú, le ceangail a chruthú, agus le sainaitheantas Eorpach dá gcuid féin a shaothrú.

Ach más éard is mian linne an tAontas seo a mhúnlú ar íomhá na hóige, ba cheart an deis a bheith ag an óige lámh a chur i múnlú thodhchaí na hEorpa iad féin. An tAontas seo atá againn, ba cheart anam agus fís a bheith ag gabháil leis, anam agus fís a mbeidh mealladh na hóige iontu.

Meabhraímid an méid a dúirt Jacques Delors: Cén bun a bheidh faoin Eoraip mura togra ar mhaithe le cách é dar leis an óige, sin agus samhail den saol atá i ndán dóibh féin?

Dá bhrí sin, is éard is mian linn a dhéanamh bliain Óige na hEorpa a dhéanamh de 2022. An bhliain a chaitheamh ag cur na hóige i dtábhacht, an óige chéanna a thug uathu an oiread sin do na daoine eile atá ann. Is don óige ba cheart an díospóireacht a stiúradh, díospóireacht na Comhdhála ar todhchaí na hEorpa.

Is leosan an todhchaí. Gura leo an Chomhdháil.

Agus faoi mar a dúramar i dtús na tréimhse oifige, is é toil an Choimisiúin obair leantach a dhéanamh ar na pointí a ndéanfar cinneadh ina leith i rith na Comhdhála.

 

EORAIP ATÁ AONTAITHE SA FHREAGRACHT

A Chomhaltaí Onóracha,

Is glúin daoine í seo a bhfuil coinsias acu. Tá siad dár mbrú chun dul níos faide agus níos gasta chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide.

Agus ba léir ó na himeachtaí a thit amach sa samhradh cén fáth sin. Tharla tuilte sa Bheilg agus sa Ghearmáin. Agus bhí falscaithe ar lasadh ó oileáin na Gréige go dtí cnoic na Fraince.

Agus mura gcreidimid an rud a fheicimid lenár súile féin, níl le déanamh againn ach an eolaíocht a leanúint.

Le déanaí, d'fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe an tuarascáil ó IPCC, an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide. Is é IPPC an t‑údarás is mó ar eolaíocht an athraithe aeráide.

Níl amhras ar bith ann de réir na tuarascála. Is de dhéanamh an duine an t-athrú aeráide. Ach ós de dhéanamh an duine é, is féidir linne rud éigin a dhéanamh faoi.

Mar a chuala mé á rá le gairid: Téamh atá ann. Sinne is cúis leis. Táimid cinnte de. Tá sé go holc. Ach is féidir linn é a chur ina cheart.

Agus tá an t-athrú sin á dhéanamh cheana. 

Cláraíodh níos mó feithiclí leictreacha ná carranna díosail sa Ghearmáin sa chéad leath den bhliain seo.  Is í an Pholainn an t-easpórtálaí is mó san Aontas anois maidir le ceallraí carranna agus busanna leictreacha. Nó cuir i gcás an Bauhaus nua Eorpach as ar eascair flosc mór cruthaitheachta ó ailtirí, dearthóirí, agus innealtóirí ar fud ár nAontais.

Mar sin, is léir go bhfuil feabhas ag teacht ar chúrsaí.

Agus sin an fáth a bhfuil an Comhaontú Glas don Eoraip ann.

San aitheasc a thug mé anuraidh, d'fhógair mé ár gcuspóir laghdú 55 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí faoi 2030.  
Ó shin i leith rinneamar oibleagáidí dlíthiúla dár gcuspóirí aeráide le chéile.  
Agus is sinne an chéad mhórgheilleagar a chuir reachtaíocht chuimsitheach i láthair chun é a chur i gcrích.

Tá castacht na mionsonraí feicthe agaibh. Ach is simplí an cuspóir é. Cuirfimid praghas ar an truailliú. Glanfaimid an fuinneamh a úsáidimid. Beidh carranna níos cliste agus eitleáin níos glaine againn.

Agus déanfaimid cinnte de go dtiocfaidh níos mó uaillmhian shóisialta leis an uaillmhian aeráide níos airde. Caithfidh an t-aistriú glas seo a bheith ina aistriú glas cothrom. Sin an fáth ar mholamar Ciste Sóisialta nua ar son na hAeráide chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh a chuireann ar 34 mhilliún Eorpach cheana.

Bímse ag brath ar an bParlaimint agus ar na Ballstáit araon an pacáiste agus an uaillmhian a choinneáil le chéile.

Maidir leis an athrú aeráide agus géarchéim an nádúir, is féidir leis an Eoraip go leor a dhéanamh. Agus tacóidh sí le daoine eile. Is cúis mhór bhróid dom a fhógairt inniu go ndéanfaidh an tAontas a mhaoiniú seachtrach le haghaidh na bithéagsúlachta a mhéadú faoi dhó, go háirithe i gcás na dtíortha is leochailí.

Ach ní féidir leis an Eoraip é a dhéanamh ina haonar. 

Is éard a bheidh in COP26 i nGlaschú uair na cinniúna don chomhphobal domhanda.

Tá mórgheilleagair – ó na Stáit Aontaithe go dtí an tSeapáin – i ndiaidh uaillmhianta a leagan síos le haghaidh na haeráidneodrachta in 2050 nó go gairid ina dhiaidh sin. Ní mór pleananna nithiúla a bheith ann a chomhthacóidh leo sin in am don chomhdháil i nGlaschú. Mar ní féidir leis na gealltanais reatha le haghaidh 2030 an téamh domhanda a choinneáil ag 1.5 °C.

Tá freagracht ar gach tír!

Is ábhar misnigh iad na spriocanna atá leagtha síos ag an Uachtarán Xi le haghaidh na Síne. Ach iarraimid an cheannaireacht chéanna maidir leis an dóigh a mbainfidh an tSín na spriocanna sin amach. Ba mhór an faoiseamh don domhan é dá léireoidís go bhféadfaidís buaic a chur le hastaíochtaí faoi lár na 2020í - agus éirí as an ngual sa bhaile agus i gcéin.

Cé go bhfuil freagracht ar gach tír, tá dualgas speisialta ar na mórgheilleagair maidir leis na tíortha is lú forbairt agus leis na tíortha is leochailí. Tá sé riachtanach dóibh siúd maoiniú don aeráid a fháil - le haghaidh an mhaolaithe agus le haghaidh an oiriúnaithe araon.

I Meicsiceo agus i bPáras, gheall tíortha an domhain go gcuirfidís 100 billiún dollar ar fáil gach bliain go dtí 2025.

Déanaimid beart de réir ár mbriathair. Tugann Team Europe 25 bhilliún dollar uaithi gach bliain chuige sin. Ach tá bearna mhór fágtha ag daoine eile go fóill maidir leis an sprioc domhanda a bhaint amach.

B'fhearr an seans go n-éireodh linn i nGlaschú dá laghdófaí an bhearna sin.

Is é mo theachtaireacht inniu go bhfuil an Eoraip réidh le níos mó a dhéanamh. Molfaimid anois 4 bhilliún euro sa bhreis a thabhairt le haghaidh an mhaoinithe don aeráid go dtí 2027. Ach tá súil againn go gcuirfidh na Stáit Aontaithe agus ár gcomhpháirtithe dlús lena n-iarrachtaí chomh maith.

Bearna an mhaoinithe don aeráid a laghdú in éineacht le chéile – na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach – ba chomhartha láidir é sin i ndáil le ceannaireacht dhomhanda i dtaobh na haeráide. Tá sé in am beart a dhéanamh.

 

(Domhanda)

A Chomhaltaí Onóracha,

An cheannaireacht sin i dtaobh na haeráide agus an gheilleagair, is cuid lárnach í de chuspóirí domhanda agus slándála na hEorpa.

Léirítear athrú níos leithne i gcúrsaí domhanda agus aistriú ar bun i dtreo ord nua idirnáisiúnta.

ré nua fhíoriomaíoch amach romhainn.

Ré ina bhfuil roinnt daoine nach bhfuil aon rud ann nach ndéanfaidís chun a dtionchar a mhéadú: cuir i gcás gealltanais i dtaobh vacsaíní, iasachtaí a bhfuil rátaí arda úis leo, diúracáin agus mífhaisnéis.

Ré ina bhfuil iomaíocht réigiúnach agus aird na gcumhachtaí móra á n-athdhíriú ar a chéile.

Ní hiad na heachtraí a tharla san Afganastáin le gairid is cúis leis an athrú sin – is siomptóm den athrú iad.

Agus ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom a bheith soiléir: Seasaimid le muintir na hAfganastáine. Na mná agus na páistí, na hionchúisitheoirí, na hiriseoirí, agus cosantóirí chearta an duine.

Smaoiním go háirithe ar na banbhreithiúna atá anois i bhfolach ar na fir ar chuir siad i bpríosún iad. Táthar á gcur i mbaol as an obair a rinne siad ar son an cheartais agus an smachta reachta. Ní mór dúinn tacú leo agus déanfaimid gach iarracht a chomhordú leis na Ballstáit chun iad a thabhairt go háit shábháilte.

Agus ní mór dúinn leanúint de bheith ag tacú le gach Afganastánach sa tír féin agus i dtíortha máguaird. Ní mór dúinn gach a bhféadaimid a dhéanamh chun go seachnófar an fíorbhaol go mbeidh gorta mór agus tubaiste dhaonnúil ann. Agus déanfaidh muid ár gcion féin. Cuirfimid méadú eile de 100 milliún euro leis an gcabhair dhaonnúil le haghaidh na hAfganastáine.

Beidh sin ina chuid de phacáiste nua agus níos leithne, Pacáiste Tacaíochta do na hAfganastánaigh, rud a chuirfimid i láthair sna seachtainí atá amach romhainn chun ár n-iarrachtaí ar fad a chur le chéile.

 

An tslándáil agus an chosaint

A Chomhaltaí Onóracha,

Na heachtraí a fheiceáil de réir mar a thit siad amach san Afganastáin, ba léanmhar an rud é sin do theaghlaigh na bhfear seirbhíse agus na mban seirbhíse ar fad a maraíodh.

Is mór ár meas ar íobairtí na saighdiúirí, na dtaidhleoirí agus na n-oibrithe cabhrach a thug a n-anam.

Chun a chinntiú nach in aisce a bheidh a gcuid seirbhíse choíche, ní mór dúinn machnamh a dhéanamh ar an dóigh ar tháinig deireadh tobann leis an misean sin.

Tá saincheisteanna ann ar ábhar mór buartha iad nach mór do chomhghuaillithe dul i ngleic leo laistigh de ECAT.

Is amhlaidh nach ann d'aon saincheist slándála agus chosanta arb é a réiteach níos lú comhoibrithe a dhéanamh. Ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh inár gcomhpháirtíocht agus tarraingt ar láidreachtaí uathúla gach taoibh.

Sin an fáth a bhfuilimid ag obair le hArd-Rúnaí Jens Stoltenberg maidir le dearbhú nua comhpháirteach AE-ECAT a chuirfear i láthair roimh dheireadh na bliana.

Ach níl ann sin ach aon chuid amháin den chothromóid.

Is féidir leis an Eoraip – agus is léir gur cheart don Eoraip – a bheith ábalta agus toilteanach níos mó a dhéanamh ina haonar. Ach má táimid chun níos mó a dhéanamh, ní mór dúinn an fáth a mhíniú. Dar liom féin go bhfuil trí chatagóir leathana ann.

Ar an gcéad dul síos, ní mór dúinn cobhsaíocht a sholáthar inár gcomharsanacht agus ar fud réigiún éagsúil.

Táimid nasctha leis an domhan trí chaolais chúnga, farraigí garbha agus teorannacha fairsinge talún. Mar gheall ar an leagan amach geografach sin, tá a fhios ag an Eoraip níos fearr ná aon duine mura ndéileálfar leis an ngéarchéim ar an gcoigríoch, tiocfaidh an ghéarchéim chugat féin.

Ar an dara dul síos, tá cineálacha na mbagairtí atá os ár gcomhair ag forbairt go gasta: cuir i gcás ionsaithe hibrideacha nó cibirionsaithe, agus an rás airm sa spás atá ag fás leis.

Ba mhaith an chúis le cothromú a bhí sa teicneolaíocht shuaiteach maidir leis an dóigh ar féidir le stáit bhradacha nó grúpaí neamhstáit an chumhacht a úsáid. 

Ní theastaíonn aon arm ná diúracáin a thuilleadh chun an t-uafás damáiste a dhéanamh. Is féidir gléasraí tionsclaíocha, lucht riaracháin cathracha agus ospidéil a fhágáil ina stad – níl ag teastáil ach ríomhaire glúine.  Is féidir cur isteach ar thoghcháin iomlána le fón cliste agus nasc idirlín.

Ar an tríú dul síos, is soláthraí uathúil slándála é an tAontas Eorpach. Beidh misin ann nach mbeidh ECAT ná na Náisiúin Aontaithe i láthair iontu, ach ar cheart don Aontas Eorpach a bheith i láthair iontu.

Ar an talamh, oibríonn ár saighdiúirí taobh le taobh le póilíní, dlíodóirí agus dochtúirí, le hoibrithe daonnúla agus le cosantóirí chearta an duine, le múinteoirí agus le hinnealtóirí.

Is féidir linn cúrsaí míleata agus cúrsaí sibhialta a chur le chéile, i dteannta le cúrsaí taidhleoireachta agus cúrsaí forbartha – agus is fada sinn ag tógáil agus ag cosaint na síochána.

Is é an dea-scéala go bhfuilimid ag tosú ag forbairt éiceachóras cosanta Eorpach le deich mbliana anuas.

Ach is é an tAontas Eorpach um Chosaint atá ag teastáil uainn.

Bhí go leor díospóireachtaí ann le roinnt seachtainí anuas faoi fhórsaí sluaíochta. Faoin gcineál agus faoin líon atá ag teastáil: cathghrúpaí nó fórsaí iontrála don Aontas.

Gan amhras, tá sin ina chuid den díospóireacht – agus creidim go mbeidh sé ina chuid den réiteach.

Ach cén fáth nár oibrigh sin san am a chuaigh thart? Is bunúsaí an tsaincheist í sin.

D'fhéadfadh na fórsaí is forbartha ar domhan a bheith agat – ach mura mbeidh tú toilteanach iad a úsáid choíche - cén mhaith iad? 

Ní hamháin easnamh acmhainne a chuir bac orainn go dtí seo – ach easpa tola polaitiúla.

Agus má dhéanaimid an toil pholaitiúil sin a fhorbairt, tá go leor is féidir linn a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.

Tabharfaidh mé trí shampla nithiúla daoibh:

Ar an gcéad dul síos, ní mór dúinn bonn a fhorbairt le haghaidh cinntí comhchoiteanna a dhéanamh – seo rud a dtugaim féin feasacht staide air.

Ballstáit atá gníomhach in aon réigiún amháin, mura roinnfidh siad a gcuid faisnéise ar leibhéal na hEorpa, ní éireoidh linn. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfimid feabhas ar an gcomhar i réimse na faisnéise.

Ach ní hamháin leis an bhfaisnéis sa chiall chúng a bhaineann sin.

Is le tiomsú an eolais ó gach seirbhís agus gach foinse a bhaineann sé. Cuir i gcás an spás, oiliúnóirí póilíní, foinse oscailte agus gníomhaireachtaí forbartha. Cuireann a gcuid oibre deis uathúil agus doimhneacht eolais ar fáil dúinn.

Tá sé le fáil amuigh ansin!

Ach ní fhéadfaimid leas a bhaint as sin chun cinntí eolacha a dhéanamh ach amháin má tá léargas iomlán againn. Agus is léir nach amhlaidh atá an scéal faoi láthair. Tá an t-eolas againn, ach tá sé deighilte. Bíonn an fhaisnéis scoilte.

Sin an fáth a bhféadfadh an tAontas machnamh a dhéanamh ar Ionad Comhpháirteach um Fheasacht Staide dá chuid féin a chur ar bun chun na píosaí faisnéise ar fad a chomhtháthú. 

Agus chun a bheith níos ullmhaithe, a bheith ar an eolas go hiomlán, agus a bheith ábalta cinntí a dhéanamh.

Ar an dara dul síos, ní mór dúinn feabhas a chur ar an idir-inoibritheacht. Sin an fáth a bhfuilimid ag déanamh infheistíochta in ardáin choiteanna Eorpacha cheana, cuir i gcás scairdeitleáin troda, ladrainn agus cibearchúrsaí.

Ach ní mór dúinn leanúint de bheith ag smaoineamh ar bhealaí nua chun úsáid a bhaint as gach sineirge a d'fhéadfaí a úsáid.  Sampla amháin, d'fhéadfaí machnamh a dhéanamh ar CBL a tharscaoileadh nuair a cheannófar trealamh míleata a forbraíodh agus a táirgeadh san Eoraip.

Ní hamháin go ndéanfadh sin an idir-inoibritheacht a mhéadú dúinn, ach go ndéanfadh sé an spleáchas a laghdú dúinn.

Ar an tríú dul síos, ní fhéadfaimid an chosaint a lua gan cibearchúrsaí a lua. Má tá gach rud nasctha, is féidir gach rud a haiceáil. Ós rud é go bhfuil acmhainní gann, ní mór dúinn dul i gcomhar le chéile. Agus in áit a bheith sásta go díreach dul i ngleic leis an gcibearbhagairt, ba cheart dúinn gach iarracht a dhéanamh chun a bheith mar cheannaire sa chibearshlándáil.

Is anseo san Eoraip ba cheart uirlisí cibearchosanta a fhorbairt. Sin an fáth a bhfuil Beartas Eorpach um Chibearchosaint de dhíth orainn, agus reachtaíocht san áireamh ar chaighdeáin choiteanna faoi Ghníomh nua um Chibear-Athléimneacht.

Mar sin, is féidir linn go leor a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Ach ní mór do na Ballstáit níos mó a dhéanamh freisin.

Tosaíonn sin le measúnú comhchoiteann ar na bagairtí atá inár n-aghaidh agus cur chuige comhchoiteann chun dul i ngleic leo. An Compás Straitéiseach atá ag teacht aníos, is próiseas ríthábhachtach é sin den díospóireacht seo.  

Agus ní mór dúinn cinneadh a dhéanamh cén dóigh a bhféadfaimid úsáid a bhaint as na deiseanna ar fad atá sa Chonradh cheana.

Sin an fáth a ndéanfaidh mé féin agus an tUachtarán Macron, faoi Uachtaránacht na Fraince, Cruinniú Mullaigh faoin gCosaint Eorpach.

Tá sé in am don Eoraip dlús a chur lena hiarrachtaí.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Agus an domhan mór ag éirí níos coimhlintí, tá níos mó i gceist leis na leasanna atá agat féin a chosaint ná díreach thú féin a chosaint.

Ní mór comhpháirtíochtaí láidre a chothú ar féidir brath orthu. Ní hé gur ar mhaithe le só atá sé sin – tá sé ríthábhachtach don chobhsaíocht, don tslándáil agus don rathúnas a bheidh againn amach anseo.

Tosaíonn an obair sin lenár gcómhpháirtíochtaí leis na comhghuaillithe is dlúithe atá againn a dhaingniú.

I gcomhar leis na Stáit Aontaithe, déanfaimid ár gclár oibre nua don athrú domhanda a fhorbairt – clár a chuimsíonn an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta nua, an tslándáil i réimse na sláinte agus an inbhuanaitheacht, i measc rudaí eile. 

Beidh an tAontas agus na Stáit Aontaithe níos láidre i gcónaí – le chéile.

Is fíor sin i gcás ár gcomharsana sna Balcáin Thiar chomh maith.

Roimh dheireadh na míosa, tabharfaidh mé cuairt ar an dúiche sin lena chur in iúl go láidir go bhfuilimid tiomanta do phróiseas an aontachais. Tá an méid sin dlite uainn do na daoine óga sin go léir a chreideann i dtodhchaí Eorpach.

Sin é an fáth a bhfuilimid ag cur borradh faoin tacaíocht a chuirfimid ar fáil trínár bplean nua eacnamaíoch agus infheistíochta, ar fiú thart ar aon trian d'olltáirgeacht inmheánach an réigiúin é. Infheistíocht i dtodhchaí na mBalcán Thiar, is infheistíocht í sin i dtodhchaí an Aontais.

Leanfaimid orainn freisin leis an infheistíocht inár gcuid comhpháirtíochtaí ar fud ár gcomharsanachta – ár rannpháirtíocht i gComhpháirtíocht an Oirthir a threisiú, cuir i gcás, an Clár Oibre Nua don Mheánmhuir a chur chun feidhme, agus an obair atá ar siúl i ndáil le gnéithe éagsúla den chaidreamh atá againn leis an Tuirc a choinneáil ar bun.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Más mian linn go mbeidh an Eoraip ina gníomhaí domhanda níos bríomhaire, ní mór dúinn díriú ar an gcéad ghlúin eile i dtaca le comhpháirtíochtaí.

I bhfianaise an mhéid sin, is cloch mhíle í an Straitéis Ind-Aigéan Ciúin – AE nua atá á fógairt inniu.  Is léiriú í an Straitéis ar thábhacht an réigiúin sin i leith rathúnas agus slándáil an Aontais, tábhacht atá ag dul i méid. Ach is léiriú í freisin go mbíonn réimis uathlathacha ag baint leas aisti agus iad ag iarraidh an tionchar atá acu a mhéadú.  

Ní mór don Eoraip láithreacht níos mó a bheith aici sa réigiún sin agus a bheith níos gníomhaí ann.

Oibreoimid i gcomhar le chéile, mar sin, ar mhaithe le naisc trádála a dhaingniú, slabhraí soláthair domhanda a neartú agus tionscadail infheistíochta nua a fhorbairt maidir le teicneolaíochtaí glasa agus digiteacha. 

Is teimpléad é seo ar an mbealach ar féidir leis an Eoraip an múnla atá aici chun nascadh leis an domhan mór a athdhearadh. 

Táimid go maith ag an maoiniú bóithre. Ach ó thaobh na hEorpa de, níl ciall ar bith le bóthar foirfe a thógáil idir mianach copair atá faoi úinéireacht na Síne agus cuan atá faoi úinéireacht na Síne.

Ní mór dúinn a bheith níos glice a mhéid a bhaineann leis na cineáil infheistíochtaí sin.

Is ar an gcúis sin a chuirfimid ár straitéis nascachta nua i láthair go luath, straitéis dar teideal an Tairseach Dhomhanda.

Cuirfimid comhpháirtíochtaí na Tairsí Domhanda ar bun le tíortha ar fud an domhain. Is éard atá uainn, infheistíochtaí i mbonneagar ar ardchaighdeán a dhéanann earraí, daoine agus seirbhísí ar fud an domhain a nascadh le chéile. 

Cur chuige atá bunaithe ar luachanna a bheidh againn, rud a chinnteoidh go mbeidh trédhearcacht agus dea-rialachas ann dár gcomhpháirtithe.

Teastaíonn uainn naisc a chruthú – ní spleáchais a chruthú!

Agus tá a fhios againn go bhfuil an fhéidearthacht sin ann. Ó bhí an samhradh ann, tá cábla snáthoptaice nua ann faoi uisce a nascann an Bhrasaíl leis an bPortaingéil.

Déanfaimid infheistíocht leis an Afraic – chun margadh a chruthú le haghaidh hidrigin glas a nascann dhá chladach na Meánmhara.

Tá cur chuige ‘Foireann na hEorpa' ag teastáil uainn chuige sin. Déanfaimid institiúidí agus bainc infheistíochta agus an pobal gnó a nascadh le chéile. Beidh sé sin ina thosaíocht againn i gcruinnithe mullaigh réigiúnacha — ag tosú leis an gcéad chruinniú mullaigh eile idir an tAontas agus an Afraic i mí Feabhra. 

Is mian linn go mbeidh an Tairseach Dhomhanda ina branda iontaofa ar fud an domhain.

Is mian liom a bheith an-soiléir faoi seo: a bheith i mbun gnó ar fud an domhain, agus an trádáil dhomhanda – tá sé sin uile fiúntach agus riachtanach. Ach ní ceart go ndéanfaidh an méid sin riamh dochar do dhínit agus do shaoirse na ndaoine.

Tá 25 milliún duine ann atá faoi bhagairt ag an saothar éigeantach nó a gcuirtear iallach orthu saothar éigeantach a dhéanamh. Ní ceart dúinn glacadh leis go brách go gcuirtear iallach orthu táirgí a dhéanamh – agus go mbíonn na táirgí sin ar díol ansin i siopaí san Eoraip.

Chuige sin, molfaimid toirmeasc ar tháirgí ar mhargadh na hEorpa ar táirgí iad a rinneadh le saothar éigeantach.

Níl cearta an duine ar díol – ar phraghas ar bith.

 

EORAIP ATÁ AONTAITHE SA tSAOIRSE AGUS SAN ÉAGSÚLACHT

 

Agus anuas air sin, a Chomhaltaí Onóracha, ní míreanna margántaíochta iad daoine.

Féach ar a tharla ar an teorainn leis an mBealarúis. Rinne réimeas Mhionsc uirlisí de dhaoine. Chuir siad daoine ar eitleáin agus rinne siad iad a bhrú, go litriúil, i dtreo theorainneacha na hEorpa.

Ní ceart glacadh leis seo riamh.

Ba léiriú ar an méid sin í an fhreagairt thapa a bhí ann ón Eoraip. Agus ná bíodh amhras oraibh, seasfaimid i gcónaí leis an Liotuáin, an Laitvia agus an Pholainn.

Ná cuirimis fiacail ann: Is ionsaí hibrideach é sin chun an Eoraip a dhíchobhsú.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Ní eachtraí ar leith iad sin. Chonaiceamar teagmhais dá leithéid ag teorainneacha eile. Agus is féidir linn a bheith sách cinnte de go bhfeicimid an rud céanna arís. Is ar an gcúis sin a leagfaimid amach bealaí nua chun freagairt d'ionsaitheacht den chineál sin agus chun an aontacht a chinntiú i leith ár dteorainneacha seachtracha a chosaint, mar chuid den obair atá ar siúl againn maidir le Schengen. 

Fad nach n-éiríonn linn teacht ar chomhthuiscint i ndáil leis an mbealach is fearr chun an imirce a bhainistiú, áfach, díreoidh an lucht freasúra atá againn isteach ar an easaontú sin.

San am céanna, tá gáinneálaithe ar dhaoine fós ag teacht i dtír ar dhaoine agus iad á n-iompú trí bhealaí marfacha trasna na Meánmhara.

Léiríonn na heachtraí sin go bhfuil leas ag gach tír a mhéid a bhaineann le córas imirce Eorpach a fhorbairt.

Tugann an Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann gach rud is gá dúinn chun na cineálacha éagsúla cásanna a bhíonn os ár gcomhair a bhainistiú.

Tá na heilimintí ar fad ann. Is córas daonnachtúil cothrom é a oibríonn do na Ballstáit uile — i ngach cúinse. Tá a fhios againn gur féidir linn teacht ar chomhthuiscint.

Ach sa bhliain ó chuir an Coimisiún an Comhaontú i láthair, is fíor-mhall é an dul chun cinn a rinneadh.

Táim den tuairim gurb é seo an t-am le haghaidh beartas Eorpach maidir le bainistiú imirce. Mar sin impím oraibh, sa Teach seo agus sna Ballstáit, dlús a chur leis an bpróiseas.

Ceist muiníne atá ann i ndeireadh na dála. Muinín idir na Ballstáit. Muinín a bheith ag muintir na hEorpa go bhféadfar an imirce a bhainistiú. Muinín go gcomhlíonfaidh an Eoraip i gcónaí an dualgas buan atá uirthi i leith na ndaoine is leochailí agus na ndaoine is mó atá i ngátar.

Tá go leor tuairimí láidre ann faoin imirce san Eoraip ach creidim nach bhfuil muid chomh fada sin ó theacht ar chomhthuiscint.

Toisc, dá bhfiafrófá d'fhormhór na nEorpach, d'aontóidís linn gur cheart dúinn gníomhú chun srian a chur leis an imirce neamhrialta ach gur cheart dúinn gníomhú freisin chun dídean a chur ar fáil dóibh siúd arb éigean dóibh teitheadh.

D'aontóidís linn gur cheart dúinn na daoine nach bhfuil an ceart fanachta acu a chur ar ais. Ach gur cheart dúinn fáilte a chur roimh na daoine sin a thagann anseo go dleathach, daoine a mbíonn ról ríthábhachtach acu inár sochaí agus sa gheilleagar.

Ba cheart go mbeimis uile ar aon tuairim nár cheart go n-úsáidfí ceist na himirce riamh chun daoine a scaradh ó chéile.

Tá mé cinnte de go bhfuil bealach ann a bhféadfaidh an Eoraip muinín a chothú eadrainn i dtaobh na himirce.

 

 

 

An Smacht Reachta

A Chomhaltaí Onóracha,

Sochaithe atá bunaithe ar an daonlathas, sochaithe a chothaíonn luachanna coiteanna, is sochaithe iad a bhfuil bunsraith láidir fúthu. Is sochaithe iad a gcuireann na daoine iontaoibh iontu.

Sin mar a thagann smaointe nua chun cinn, sin mar a thagann athrú sa saol, sin mar a chloítear an éagóir.

An iontaoibh sin sna luachanna coiteanna, is í a thug ar lucht bunaithe an Aontais dul i gcomhar le chéile tar éis an Dara Cogadh Domhanda.

Agus is iad na luachanna céanna ab aontas dóibh siúd a bhí ag troid ar son na saoirse 30 bliain ó shin nuair a caitheadh an Cuirtín Iarainn anuas.

Is é an daonlathas a bhí uathu.

Rialtas agus é tofa dá ndeoin féin.

An stát dlí agus cirt;

na daoine ar fad a bheith ar aon stádas le chéile i láthair an dlí.

Bhí siad ag iarraidh saoirse cainte mar aon le meáin chumarsáide a bheadh neamhspleách.

Bhí siad ag iarraidh deireadh a chur leis an bhfaireachas rúnda agus leis an spiaireacht stáit, sin agus dul i ngleic leis an gcaimiléireacht. 

An tsaoirse le gan bheith ar aon dearcadh leis an tromlach, sin í an tsaoirse a bhí uathu.

 

Nó faoi mar a chuir Iar-Uachtarán na Seice Vaclav Havel an scéal in iúl, is éard a bhí siad a iarraidh na ‘luachanna uaisle sin atá ag an Eoraip'.

Sin iad na luachanna as a n-eascraíonn oidhreacht chultúrtha, reiligiúnach agus dhaonnachtúil na hEorpa.

Is cuid dár n-anam iad, cuid den rud is dual dúinn lenár linn.

Is amhlaidh más ea is ancaire do na luachanna sin atá sna Conarthaí Eorpacha.

Agus ghlacamar ar fad dualgas buanaithe na luachanna sin orainn féin nuair a chuamar isteach san Aontas inár Stáit shaora cheannasacha.

Is briathar dúinne na luachanna sin a chosaint. Is de réir an bhriathair sin a dhéanfaimid ár mbeart fad is beo sinn.

Na luachanna sin atá againn, tá siad faoi ráthaíocht an chórais dlí agus cirt, sin agus faoi bhreithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Na breithiúnais sin is breithiúnais cheangailteacha atá iontu. Agus déanaimidne cúram d'urramú na mbreithiúnas sin. D'urramú na mbreithiúnas sin i ngach uile Bhallstát inár nAontas.

Mar cosaint chóras dlí agus cirt an Stáit, ní hamháin gur uasal an cuspóir é, ach is rud é nach féidir a ghnóthú gan dua, rud a mbítear ag síorfhéachaint le feabhas a chur air.

 

Na tuarascálacha a thugaimid ar chóras dlí agus cirt an Stáit, sin cuid dhílis den phróiseas sin, próiseas lena leasaítear an córas. Seo sampla den rud atá i gceist: na leasuithe dlí agus cirt i Málta, nó na fiosruithe faoin gcaimiléireacht sa tSlóvaic. 

Agus ó 2022 ar aghaidh, beidh rud breise inár gcuid tuarascálacha ar chóras dlí agus cirt an Stáit, is é sin moltaí sonracha i gcomhair na mBallstát.

Fós féin, tá Ballstáit ann ar údar imní cuid dá bhfuil ag teacht chun cinn iontu. Agus seo rud a bhfuil tábhacht ar leith leis dar liom: ní chuirtear ceann ar an bplé in aon am.

Ní leor sin ann féin, áfach, agus ní mór cuspóir a bhaint amach leis. Dá bhrí sin, is é an modh déach a chleachtaimid: plé mar aon le beart daingean.

Is modh é atáimid a chleachtadh le seachtainí beaga anuas. Is modh é a chleachtfaimid go fóill.

Mar is de chearta na ndaoine an córas dlí agus cirt a bheith neamhspleách, is dár gcearta féin gan fabhar a bheith le duine ar bith i láthair an dlí, agus ní féidir do na daoine gan iontaoibh a chur sna cearta sin. Is fíor sin ar fud na hEorpa, is cuma cé acu duine den mhionlach nó duine den tromlach a bheadh i gceist.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

Is éard atá i mbuiséad na hEorpa todhchaí an Aontais agus í scríofa ina huimhreacha. Dá bhrí sin ní mór an buiséad a chosaint.

Ní mór dúinn a chinntiú gur toradh fónta a bheidh ar gach euro agus ar gach cent dá gcaitear,

agus gur de réir phrionsabail chóras dlí agus cirt an Stáit a chaitear iad. Infheistíochtaí a chuirfidh biseach ar thodhchaí ár gclainne, ní ceart ligean dóibh imeacht amú ar bhealaí diamhra.

Tá tuilleadh i gceist le caimiléireacht ná airgead a ghoid ó lucht íoctha cánach. San áit a mbíonn an chaimiléireacht, bíonn eagla ar lucht infheistíochta. Is é toradh a bhíonn ar an gcaimiléireacht go n-éiríonn le lucht an rachmais buntáiste mór a cheannach dóibh féin ionas go gcuirtear rialacha an daonlathais ó mhaith.

A fhad atá cosaint ár mbuiséid i gceist, déanfaimid ár seacht ndícheall gach cás éillithe dá laghad a ghéarleanúint. 

 

A Chomhaltaí Onóracha,

cosaint ár gcuid luachanna, sin cosaint ár saoirse. Saoirse an duine a bheith dílis dó féin, saoirse an duine a chuid smaointe a chur in iúl, saoirse an duine cion a thabhairt don ní a bhfuil sé ceanúil air.

Ach saoirse, sin saoirse ón eagla chomh maith. Le linn na paindéime, séanadh an tsaoirse sin ar an iomarca den bhantracht.

             

Is scanrúil an tréimhse a bhí ann do na mná, mná nach raibh áit ar bith acu le dul i bhfolach ann, sin ná áit le teitheadh ó lucht a gcéasta. Is miste dúinn lóchrann a lasadh sa dorchadas sin, an tslí a thaispeáint as an íospairt amach, agus féachaint leis go dtugtar lucht céasta na mban i láthair an dlí.

Mar ní mór go bhféadfaidh na mná a saol féin a chaitheamh faoi shaoirse arís, saol gan aon easpa féinmhuiníne. 

Is éard a dhéanfaimid más ea dlí a thabhairt i gceist roimh dheireadh na bliana leis an bhforéigean in aghaidh na mban a chomhrac. Daoine a dhaoradh, na coireanna a chosc, na mná a chosaint, sin é atá i gceist, más ar líne é nó as líne.

Is í dínit na mban atá i gceist. Dínit gach mná. Agus an ceart a dhéanamh.  Mar sin é is anam na hEorpa ann. Agus sin é atá le neartú againn.

 

A Chomhaltaí Onóracha,

is gearr uainn an focal scoir, ach roimh scor dúinn tugaimis féachaint ar shaoirse de chineál eile, an tsaoirse is guth do gach saoirse eile. Is í saoirse na meán atá mé a rá.

Tá ionsaithe á ndéanamh ar na hiriseoirí, idir fhir agus mhná, agus gan d'údar leo ach a gcuid oibre a bheith á déanamh acu.

Bítear ag bagairt orthu. Buailtear cuid acu. Daoine eile, céad faraor tragóideach, déantar a ndúnmharú. Tá seo ag tarlú i gceartlár an Aontais Eorpaigh. Is mian liom cuid de na hiriseoirí sin a ainmniú anseo. Daphné Caruana Galizia, Jan Kuciak. Peter de Vries.

Tá miondifríochtaí idir scéalta na n-iriseoirí sin. Ach tá rud amháin i gcoitinne acu: Sheas siad sa bhearna bhaoil i gcomhair an chirt atá againn ar eolas agus faisnéis. Sin é ba chúis lena mbás.

Is cuid de leas an phobail atá san eolas agus san fhaisnéis. Na daoine nach mbeadh aon trédhearcacht ann murach iad, is daoine iad sin a chaithfimidne a chosaint, agus sin iad na hiriseoirí.

Dá bhrí sin, is éard atá déanta againn inniu togra a thíolacadh maidir le cosaint na n-iriseoirí a fheabhsú.

Mar aon leis sin, ní mór dúinn stop a chur le bagairtí ar shaoirse na meán. Is rud eile iad na meáin seachas gnáthghnólachtaí.

Is rud bunúsach an neamhspleáchas atá acu. Dá bhrí sin, teastaíonn dlí san Eoraip lena chinntiú go mbeidh neamhspleáchas sin acu.

Is dlí den chineál sin go díreach, dlí um shaoirse na meán, a bheimid a thíolacadh an bhliain seo chugainn.

Mar an uair a dhéanaimid saoirse na meán a chosaint, sin í an uair a dhéanaimid ár ndaonlathas a chosaint.

 

CONCLÚID

A Chomhaltaí Onóracha,

Is obair leanúnach é idéal Eorpach Schuman a neartú, rud ar thagair mé dó ní ba luaithe.

Agus níor cheart dúinn ár gcuid neamhréireachtaí ná ár gcuid lochtanna a cheilt orainn féin.

Ach dá lochtaí dá bhfuil an tAontas seo againne, tá sé uathúil ar bhealach álainn agus tá sé álainn ar bhealach uathúil.

Is Aontas é ina ndéanaimid ár saoirse aonair a neartú trí neart ár gcomhphobail.

Is Aontas é atá múnlaithe ag an stair agus ag na luachanna atá i gcoitinne againn, chomh maith céanna leis na cultúir agus na dearcthaí éagsúla atá againn.

Is Aontas é a bhfuil anam aige.

Is deacair teacht ar na focail chuí le héirim an mhothúcháin sin a chur in iúl. Ach is éasca sin a dhéanamh nuair is féidir na focail a fháil ó dhuine atá ina inspioráid duit. Sin an fáth ar thug mé cuireadh d'aoi oinigh a bheith linn inniu.

Seans go bhfuil aithne ag roinnt agaibh uirthi – Iodálach mná a bhfuil bonn óir buaite aici, agus a chuaigh i bhfeidhm go mór orm an samhradh seo. 

Ach rud nach mbeadh ar eolas agaibh, seans, is ea go raibh sí i mbaol a báis i mí Aibreáin. Chuaigh sí faoi scian, throid sí go fíochmhar, agus tháinig sí chuici féin.

Agus díreach 119 lá i ndiaidh di an t-ospidéal a fhágáil, bhuaigh sí bonn óir sna Cluichí Parailimpeacha. A Chomhaltaí Onóracha, cuirigí fáilte mhór roimh Beatrice Vio. Tá go leor leor sáraithe ag Bebe, agus í óg go fóill..

D'éirigh léi d'ainneoin na deacrachtaí uile a bhí roimpi. A cumas, a diongbháilteacht agus a dearfacht síoraí ba chúis leis sin. Is barrshamhail í den ghlúin lena mbaineann sí: ceannródaí agus urlabhraí ar son na gcúiseanna a gcreideann sí iontu is ea í.

Agus d'éirigh léi an méid sin uile a bhaint amach tríd an mana atá aici a chur i gcleachtas – má tá cuma dhodhéanta air – is féidir é a dhéanamh. Se sembra impossibile, allora si può fare.

B'shin é meon bhunaitheoirí na hEorpa agus sin é an meon atá ag an gcéad ghlúin eile de mhuintir na hEorpa. Bíodh Bebe agus na daoine óga ar fad a thugann radharc eile dúinn ar a bhfuil indéanta ina spreagadh dúinn.

 
Daoine a léiríonn dúinn gur féidir linn ár dtodchaí a mhúnlú. Agus gur féidir linn ár rogha rud a bhaint amach, fad is a chreidimid ann.

 

A Chomhaltaí Onóracha:

Seo agaibh anam na hEorpa.

Seo agaibh todhchaí na hEorpa.

Neartaímis le chéile í.

 

Viva l'Europa.

Sonraí

Dáta foilsithe
15 Meán Fómhair 2021
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide