Seimineár agus ceardlanna ar líne: Deiseanna fostaíochta san Aontas Eorpach do dhaoine le Gaeilge
- EU institution
- Dé Céadaoin, 1 Samhain 2023, 10.20 - 16.15 (GMT)
Eolas praiticiúil
- Cathain
- Dé Céadaoin, 1 Samhain 2023, 10.20 - 16.15 (GMT)
- Teangacha
- Gaeilge
Cur síos
An bhfuil eolas uait faoi dheiseanna gairmiúla le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh? Ar mhaith leat freastal ar cheardlann le baill foirne ó institiúidí an Aontais Eorpaigh a bheidh dírithe ar an ngairm theanga is fearr leat?
Beidh imeacht ar líne á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Rialtas na hÉireannDé Céadaoin an 1 Samhain 2023 mar chuid d’Oireachtas na Samhna i mbliana.
Imeacht ar líne é seo le haghaidh daoine a d’fhéadfadh cur isteach ar phoist le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Tabharfar eolas dóibh faoi na deiseanna sin agus cuirfear comhairle nithiúil phraiticiúil ar fáil.
Cuirfear tús leis an imeacht le seisiún iomlánach ina labhróidh roinnt saineolaithe - féach an clár. Tar éis lóin, cuirfear tús leis na ceardlanna idirghníomhacha. Beidh deis ag gach duine clárú le haghaidh dhá sheisiún agus sos beag eatarthu (féach an clár). Is féidir leat do rogha seisiún a chur in áirithe ag an nasc seo.
Tabhair do d’aire go bhfuil sé riachtanach clárú agus nach mór áit a chur in áirithe roimh ré le haghaidh gach ceardlainne.
Tabharfar teastas tinrimh do mhic léinn tríú leibhéal ach é a iarradh ar chríochnú an chláir dóibh.
CLÁR AN IMEACHTA. Féach clár an imeachta anseo.
Má bhíonn aon cheist agat, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig DGT-GA-SEIMINEARec [dot] europa [dot] eu (DGT-GA-SEIMINEAR[at]ec[dot]europa[dot]eu).