Tá cuireadh á thabhairt ag an gCoimisiún Eorpach agus Languages Connect duit chuig an imeacht ‘Bain triail as teanga nua’ le linn Oíche Chultúir – Dé hAoine, an 17 Meán Fómhair.
- language teaching
- Dé hAoine, 17 Meán Fómhair 2021, 17.00 - 21.00 (CEST)
Eolas praiticiúil
- Cathain
- Dé hAoine, 17 Meán Fómhair 2021, 17.00 - 21.00 (CEST)
- Teangacha
- Béarla
Cur síos
Ní FÉIDIR CLÁRÚ A THUILLEADH DON ÓCÁID SEO
Mar chuid den chéiliúradh bliantúil a dhéanaimid ar Lá Eorpach na dTeangacha (26 Meán Fómhair), cuirfimid ranganna 20 nóiméad ar fáil chun blaiseadh a thabhairt de na teangacha seo a leanas: Sínis, Seicis, Danmhairgis, Ollainnis, Fionlainnis, Fraincis, Gearmáinis, Gréigis, Gaeilge, Iodáilis, Seapáinis, Cóiréis, Liotuáinis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis agus Spáinnis.
Is mar seo a leanas a reáchtálfar na seisiúin:
- Sínis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Polainnis & Rómáinis ag tosú gach 30 nóiméad idir 17.00 agus 19.00
- Seicis, Danmhairgis, Gearmáinis, Cóiréis & Portaingéilis ag tosú gach 30 nóiméad idir 18.00 agus 20.00
- Ollainnis, Gréigis, Iodáilis, Seapáinis, Liotuáinis & Spáinnis ag tosú gach 30 nóiméad idir 19.00 agus 21.00.
Chun go mbeidh idirghníomhaíocht ann idir na rannpháirtithe sna ranganna, ní chuirfear ach líon teoranta áiteanna ar fáil. Is imeacht ar líne é seo, agus mar sin ní mór clárú roimh ré lena aghaidh.
Molaimid go mór duit triail a bhaint as níos mó ná teanga amháin ar an oíche!