Blasranganna 20 nóiméad saor in aisce ‘i bpearsa’ ag Teach na hEorpa, Baile Átha Cliath sa Chatalóinis, sa tSínis, sa Chróitis, san Eastóinis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis, sa Chóiréis, sa Liotuáinis, sa Rómáinis agus san Úcráinis, iad á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach agus Languages Connect.
- inniúlacht teanga
- Dé hAoine, 23 Meán Fómhair 2022, 17.00 - 21.00 (IST)
- Baile Átha Cliath 2, Éire
Eolas praiticiúil
- Cathain
- Dé hAoine, 23 Meán Fómhair 2022, 17.00 - 21.00 (IST)
- Cén áit
- Teach na hEorpa12-14 Sráid an Mhóta Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, Co. Bhaile Átha Cliath, D02W710, Éire
- Teangacha
- Béarla, Catalóinis, Sínis, Cróitis, Eastóinis, Gearmáinis, Iodáilis, Cóiréis, Liotuáinis, Rómáinis, Úcráinis
Cur síos
‘Bain triail as teanga nua’: Tugann an Coimisiún Eorpach agus Languages Connect cuireadh duit é sin a dhéanamh Dé hAoine an 23 Meán Fómhair.
Mar chuid d’Oíche Chultúir Dé hAoine an 23 Meán Fómhair, cuirfimid blasranganna saor in aisce i bpearsa ar fáil a mhairfidh ar feadh 20 nóiméad ag Teach na hEorpa i mBaile Átha Cliath sa Chatalóinis, sa tSínis, sa Chróitis, san Eastóinis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis, sa Chóiréis, sa Liotuáinis, sa Rómáinis agus san Úcráinis. I ngeall nach bhfuil ach líon teoranta spásanna ar fáil, cuir do sheisiún/sheisiúin in áirithe ANSEO chun nach mbeidh díomá ort.
Dar ndóigh, moltar duit triail a bhaint as níos mó ná teanga amháin agus cuirfear sólaistí ar fáil ar an oíche do dhuine ar bith ar mian leo sos a ghlacadh idir na seisiúin.
Beidh na seisiúin sa Chatalóinis, sa tSínis, san Eastónais, sa Ghearmáinis agus sa Rómáinis ar siúl ag 5in, 5.30in, 6in agus 6.30in |
Beidh na seisiúin sa Chróitis, san Iodáilis, sa Chóiréis, sa Liotuáinis agus san Úcráinis ar siúl ag 7in, 7.30in, 8in agus 8.30in. |
Agus i gcomhthráth le Lá Eorpach na dTeangacha Dé Luain an 26 Meán Fómhair, cuirfimid blasranganna fíorúla ar fáil i 9 dteanga bhreise, is iad sin an Bhulgáiris, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghréigis, an Ghaeilge, an tSeapáinis, an Pholainnis, an Phortaingéilis agus an Spáinnis. Cuir do sheisiún/sheisiúin in áirithe ANSEO i ngach nach bhfuil ach líon teoranta spásanna ar fáil. Seolfar an nasc zoom ábhartha chuig na rannpháirtithe atá cláraithe roimh am lóin ar lá an imeachta.
Beidh na seisiúin san Fhionlainnis, sa Ghréigis agus sa tSeapáinis ar siúl ag 5in, 5.30in, 6in agus 6.30in. |
Beidh na seisiúin sa Bhulgáiris, sa Fhraincis agus sa Ghaeilge ar siúl ag 6in, 6.30in, 7in agus 7.30in. |
Beidh na seisiúin sa Pholainnis, sa Phortaingéilis agus sa Spáinnis ar siúl ag 7in, 7.30in, 8in agus 8.30in. |
Arís, moltar duit triail a bhaint as níos mó ná teanga amháin!
Tá an imeacht ‘Bain triail as teanga nua’ mar chuid de Rian Cultúir na hEorpa a bheidh ar siúl le linn Oíche Chultúir. Tá an Rian Cultúir á eagrú ag líonra EUNIC agus is féidir leat do ‘phas’ a íoslódáil ANSEO.