Imeacht eolais poiblí - TRAD23
Glao ar thairiscintí maidir le seirbhísí aistriúcháin a sholáthar don Choimisiún Eorpach
- aistriú
- -
- Baile Átha Cliath, Éire
Eolas praiticiúil
- Cathain
- -
- Cén áit
- Áras na hEorpa12-14 Sráid an Mhóta Íochtarach, Baile Átha Cliath, D02 W710, Éire
- Teangacha
- Béarla, Gaeilge
Cur síos

Dé Céadaoin an 29 Márta, reáchtálfaidh an Coimisiún Eorpach imeacht eolais poiblí in Éirinn chun míniú a thabhairt ar phríomhghnéithe TRAD23, is é sin an glao nua ar thairiscintí maidir le seirbhísí aistriúcháin a sholáthar don Choimisiún Eorpach.
Is féidir an Fógra Réamheolais, a foilsíodh ar an 1 Feabhra, a léamh anseo, agus is féidir an Fógra maidir le Conarthaí, a foilsíodh ar an 1 Márta, a léamh anseo.
Clár
9.30 Clárú
Cuirfear tae agus caife ar fáil
Seisiún 1 (as Béarla)
10.00 Fáilte
10.10 An glao nua ar thairiscintí – míniú ar na príomhghnéithe
11.30 Ceisteanna & Freagraí
12.30 Críoch
Seisiún 2 (as Gaeilge) – an t-aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge is ábhar don seisiún seo
13:30 Fáilte
13:40 An saoraistriúchán go Gaeilge don Choimisiún Eorpach: Cad a aistrímid, agus cé mhéad a bhíonn á sheachfhoinsiú againn?
14.40 Cur síos ar a mbíonn i gceist go praiticiúil leis na conarthaí saoraistriúcháin (EN > GA)
15.10 Ceisteanna & Freagraí
15:40 Críoch
Is féidir freastal ar an imeacht ach clárú ag an nasc thuas faoin gCéadaoin, an 22 Márta, agus is féidir ceisteanna a chur i ríomhphost chuig DGT-Dublin@ec.europa.eu.
* Is imeacht é seo a bheidh ar siúl ar an láthair féin, ach beifear in ann féachaint air ar líne (Webex). Mar eolas, na ceisteanna a bheidh ag daoine a bheidh i láthair go fíorúil, cuirfear faoi bhráid chathaoirleach an imeachta iad tríd an bhfeidhm chomhrá, agus léifidh seisean os ard iad.
Is féidir an t-eolas is déanaí, sceideal d’imeachtaí gaolmhara agus físeáin a bhaineann le TRAD23 a fháil ar líne agus ar na meáin shóisialta ach úsáid a bhaint as an haischlib #Translate4EU.