Ceardlann saor in aisce ar líne do aistritheoirí á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Lárionad ADAPT um Theicneolaíocht Dhigiteach na Meán.
- aistriú | meaisínaistriúchán
- Dé Máirt, 29 Meitheamh 2021, 09.00 - 15.30 (CEST)
Eolas praiticiúil
- Cathain
- Dé Máirt, 29 Meitheamh 2021, 09.00 - 15.30 (CEST)
- Teangacha
- Béarla, Gaeilge
Cur síos
Labhróidh ionadaithe ó DCU agus ó ADAPT faoi na cúrsaí atá ar fáil san ollscoil agus na tionscadail atá ar siúl faoi láthair. Labhróidh aistritheoirí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh faoi na huirlisí aistriúcháin a úsáideann siad agus faoin meaisínaistriúchán. Beidh seisiúin idighníomhacha ann freisin ina ndéanfaidh siad cur i láthair maidir leis an gcaoi a n-úsáideann siad na huirlisí sin (féach thíos).
9:50 | Clárú |
10:00 | Focal fáilte |
10:10 | Teicneolaíocht na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath |
10:35 | Ról na teicneolaíochta san aistriúchán |
11:00 | Gnáthlá oibre an aistritheora sa Choimisiún Eorpach |
11:15 | SOS |
11:45 | Cur i láthair maidir leis na huirlisí aistriúcháin a úsáidtear sa Choimisiún Eorpach Eoin de Búrca, Órla McGrory agus James Kelly, Aistritheoirí, an Coimisiún Eorpach |
12:30 | Seisiún ar leithligh 1: Na huirlisí aistriúcháin sa chleachtas Roinnfear na rannpháirtithe ina dtrí ghrúpa d’ochtar, agus oibreoidh gach grúpa le haistritheoir de chuid an Choimisiúin Eorpaigh – Eoin de Búrca, Órla McGrory agus James Kelly. |
13:15 | SOS |
14:00 | An meaisínaistriúchán – mar atá agus mar a bheidh |
14:30 | Seisiún ar leithligh 2: An meaisínaistriúchán sa chleachtas |
15:00 | Aistear an iarratais aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach |
15:10 | Focail scoir |
15:20 | CRÍOCH |
Chun clárú don ócáid seo, seol ríomhphost chuig DGT-Dublinec [dot] europa [dot] eu (DGT-Dublin[at]ec[dot]europa[dot]eu). Tabharfar tús áite dóibh siúd is luaithe a chláróidh.
