Mar chomóradh ar Lá na hEorpa an 9 Bealtaine 2022, beidh imeachtaí éagsúla ar siúl ar fud na hÉireann agus na hEorpa
- ócáid chultúrtha Eorpach
- Dé Luain, 9 Bealtaine 2022, 09.00 - 14.00 (IST)
Eolas praiticiúil
- Cathain
- Dé Luain, 9 Bealtaine 2022, 09.00 - 14.00 (IST)
- Teangacha
- Béarla
Cur síos
Bíonn Lá na hEorpa ann gach bliain an 9 Bealtaine agus an lá sin déantar ceiliúradh ar an tsíocháin agus ar an aontacht san Eoraip. Is ar an dáta sin a tugadh an t-aitheasc stairiúil dá nglaoitear ‘Dearbhú Schuman’. In óráid a thug sé i bPáras in 1950, léirigh aire gnóthaí eachtracha na Fraince na linne sin, Robert Schuman, an fhís a bhí aige de chomhar polaitiúil de chineál nua san Eoraip a d’fhágfadh nach bhféadfaí a shamhlú go rachadh náisiúin na hEorpa i mbun cogaíochta.
Agus é ina chogadh dearg san Úcráin go fóill, tá tábhacht ar leith ag baint le Lá na hEorpa 2022. Sa tréimhse dheacair seo, seasaimid le chéile i ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine.
Imeachtaí Lá na hEorpa 2022
Lá na hEorpa 2022 – Imeachtaí
Dé Luain 9 Bealtaine, 9.00am – 11.30am
Ceiliúraimis Lá na hEorpa 2022 – Tusa agus an Óige i Lár Báire!
Bí linn ar líne dár n-imeacht hibrideach ar Lá na hEorpa atá á eagrú i gcomhar le hOifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Éirinn agus le Eurofound, Gníomhaireacht de chuid an Aontais.
Is í 2022 Bliain Eorpach na hÓige agus leis an imeacht seo rachfar i dteagmháil leis an bpobal áitiúil chun suas le 100 duine óg idir 16 agus 29 mbliana d’aois a thabhairt le chéile, chomh maith le lucht féachana ar líne ó gach cearn d’Éirinn, chun a fháil amach faoi na príomhcheisteanna agus deiseanna do dhaoine óga san Aontas, chun iad a phlé agus chun éisteacht le chéile.
Is é an tAire Gnóthaí Eorpacha, Thomas Byrne T.D. agus Ciarán Cuffe FPE a osclóidh an t-imeacht hibrideach seo ag ionad comhdhála Eurofound, agus beidh sé á mhodhnú ag Harry McCann, comhalta de ghrúpa Eorpach na n-iriseoirí óga.
Cláraigh anseo chun nasc a fháil le páirt a ghlacadh san imeacht ar líne seo trí MS Teams.
Tá an clár ar fáil anseo.
Dé Luain 9 Bealtaine, 6.30pm
An clár ‘Short Shorts from Europe 2021’ á thaispeáint saor in aisce
Mar chuid d’Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais agus chun Lá na hEorpa a chomóradh, cuirfidh Líonra EUNIC na hÉireann (Institiúidí Náisiúnta an Aontais Eorpaigh don Chultúr) trí thaispeáint dá chlár ‘Short Shorts from Europe 2021’ i láthair ag an am céanna, saor in aisce, Dé Luain an 9 Bealtaine i gCorcaigh, Baile Átha Cliath agus ar líne.
CORCAIGH @ Gate Cinema – Scáileán 4
BAILE ÁTHA CLIATH @ Alliance Française
AR LÍNE, ar fáil 9-12 Bealtaine
Tá an liosta iomlán de na gearrscannáin sa chlár le fáil anseo.
Tar éis na taispeána, iarrfar ort vóta a chaitheamh ar d’fhón ar son an scannáin is fearr leat.
Dé Luain 9 Bealtaine, ó 6pm
Ceol Lá na hEorpa
Dé Luain an 9 Bealtaine, cuirfidh an tAontas Eorpach agus Europavox an tríú heagrán den imeacht Ceol Lá na hEorpa i láthair.
Ón 6pm-11pm déanfaidh 15 ealaíontóir óga ó 15 thír Eorpacha clár 5 uair an chloig a óstáil, clár ina mbeidh ceol beo agus agallaimh phearsanta, a chraolfar ar shuíomhanna gréasáin agus ar líonraí sóisialta an Aontais Eorpaigh, Europavox agus a gcomhpháirtithe.
Beidh an t-amhránaí iomráiteach hip hap agus buaiteoir an Ghradaim ‘Bain Ceol as an Eoraip’ 2022, Denise Chaila, mar chuid den chlár mar sin ná déan dearmad tiúnáil isteach.
Beifear in ann an cheolchoirm dhigiteach seo a leanúint beo ó 6pm ar chuntais Facebook agus Twitter Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh sa Fhrainc.
Tá tuilleadh eolais le fáil ar leathanach an imeacht ar Facebook.
Dé Luain 9 Bealtaine, 11.00am
Imeacht Lá na hEorpa ag Ionad Europe Direct, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Beidh Ionad Europe Direct i Leitir Ceanainn ag óstáil imeacht san ionad féin ina mbeidh cuir i láthair dírithe ar na téamaí 'Geilleagar a Fhóireann do Dhaoine' agus 'NextGenerationEU: Plean téarnaimh agus athléimneachta na hÉireann'.
Tá tuilleadh eolais le fáil ach teagmháil a dhéanamh le: eudirectdonegallibrary [dot] ie (eudirect[at]donegallibrary[dot]ie)
https://www.facebook.com/edicdonegal/
Mol Lá na hEorpa
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin iliomad imeachtaí spreagúla ar líne agus fisiciúla a bheidh ar siúl ar fud an Aontais an 7-10 Bealtaine, tabhair cuairt ar Mhol Lá na hEorpa ar líne
