Is áit níos fearr chun cónaí í an Eoraip de thairbhe taighde rathúil lena bhfeabhsaítear cúram sláinte, lena bhforbraítear modhanna inbhuanaithe talmhaíochta agus lena gcruthaítear táirgí agus seirbhísí nuálacha.
Gach bliain tugann an tAontas Eorpach tacaíocht do bhreis agus 200,000 gnólacht trí iasachtaí, micreamhaoiniú, ráthaíochtaí agus caipiteal fiontair.
Maoiniú do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide
Is amhlaidh a bhíonn deacrachtaí ag na gnólachtaí beaga agus meánmhéide maoiniú a fháil agus iad ag forbairt. Tá COSME, clár de chuid an Aontais Eorpaigh do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide, deartha sa chaoi is gur fusa dóibh rochtain a fháil ar mhaoiniú ag gach céim den fhorbairt gnó, ón uair a chuirtear tús leis go dtí an uair a thabharfar faoina mhéadú.
Is féidir le cuideachtaí nuálacha de chuid na hÉireann cur isteach ar mhaoiniú ón Aontas Eorpach, agus ar thacaíocht i gcomhair tionscadail cheannródaíocha a d’fhéadfadh margaí nua a chruthú faoi Luasaire CNE (ar a dtugtaí ionstraim na bhFiontar Beaga agus Meánmhéide roimhe seo).
A bhuí leis an Luasaire, is féidir leis na fiontraithe is cliste agus is misniúla san Eoraip an deis a thapú chun iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh i gcomhair smaointe ceannródaíocha a d’fhéadfadh margaí nua a chruthú nó athrú ó bhun a chur ar mhargaí atá ann cheana féin.
Tá maoiniú ar leith curtha i leataobh ag an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha do FBManna, lena dtáirgtear acmhainní maoinithe nó acmhainneacht ráthaíochta suas le €5.5 billiún.
Ina theannta sin, tá uirlisí airgeadais agus seirbhísí comhairleacha ar fáil a sholáthraíonn InnovFin, comhthionscnamh a sheol Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) agus an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach faoin gclár taighde agus nuálaíochta Fís 2020.
Deiseanna maoiniúcháin Luasaire CNE
COSME, clár na hEorpa d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide
Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS)

Maoiniú do thaighde
Tá ról tábhachtach ag an taighde sa nuálaíocht chun spriocanna inbhuanaitheachta an Choimisiúin Eorpaigh a bhaint amach, spriocanna a léirítear sa Chomhaontú Glas agus in athrú digiteach an Aontais.
Is é Fís 2020 an phríomhionstraim airgeadais lena gcuirtear infheistíocht taighde i gcroílár uaillmhian an Aontais chun fás agus poist atá cliste inbhuanaithe cuimsitheach a chur ar fáil. Tá páirt glactha ag breis agus 2,100 eagraíocht Éireannach i dtionscadail Fís 2020, agus tá maoiniú dar luach breis agus €880 milliún faighte acu ón Aontas. Bronnadh breis agus €215 mhilliún den mhéid sin ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide na hÉireann.
Ba cheart go mbeadh buiséad timpeall €100 billiún ag an gcéad chlár infheistíochta eile de chuid an Aontais um thaighde agus nuálaíocht, clár ar a dtugtar Fís Eorpach.
Chomh maith leis an maoiniú a thugann an tAontas do thaighde atá bunaithe ar chúrsaí gnó, tacaíonn sé le taighdeoirí chomh maith ag gach céim dá ngairm agus dá n-oiliúint acadúil. Is é Fondúireacht Eolaíochta Éireann an pointe teagmhála náisiúnta maidir le maoiniú an Aontais do thaighde agus cuireann sí cuidiú ar fáil maidir leis na próisis iarratais.
An dóigh a dtéann maoiniú do thaighde chun tairbhe d’Éirinn
Deiseanna agus treoirlínte um maoiniú
An t-eolas ar fad maidir le cláir mhaoiniúcháin an Aontais
Faisnéis maidir leis na cineálacha maoiniúcháin atá ar fáil, forléargas ar na príomhchláir mhaoiniúcháin agus an dóigh a mbainistítear maoiniú an Aontais.
Nósanna imeachta agus treoirlínte um maoiniú
Faisnéis úsáideach maidir le hincháilitheacht agus nósanna imeachta um iarratas agus roghnúchán le haghaidh maoiniú ón Aontas.
An Córas Trédhearcachta Airgeadais (FTS)
Faigh amach cé a fhaigheann maoiniú ón gCoimisiún Eorpach gach bliain in Éirinn agus ar fud an Aontais, chomh maith leis na méideanna, na cuspóirí agus suíomhanna na bhfaighteoirí.
Deiseanna maoiniúcháin ar oscailt
Faigh eolas maidir le deiseanna maoiniúcháin agus tairisceana, agus faigh amach conas rannpháirt a ghlacadh.
Naisc ghaolmhara
Tionscadail in Éirinn a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach
Maoiniú do Phlean Téarnaimh an Aontais
Treoir phraiticiúil faoin tslí le dul i mbun gnó san Eoraip
Tacaíocht do lucht gnó: An Líonra Fiontar Eorpach – Éire
An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide
Access2Markets – faisnéis maidir le heaspórtáil ón Aontas agus iompórtáil isteach san Aontas