Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Barra an Teampaill

Conas a rugadh ceantar cultúir spleodrach Bhaile Átha Cliath

Eachtra claochlaithe agus cruthaitheachta ó chroílár an phobail

Is beag áit i mBaile Átha Cliath is mó clú agus cion ná Barra an Teampaill. Bíonn ceol, cultúr agus cruthaitheacht le brath ag gach cúinne de na sráideanna cúnga, agus 20 milliún duine ag triall air gach bliain. Is beag acu atá ar an eolas gur dhóbair nár cartadh na sráideanna sin ar fad.

Todhchaí eile ar fad a bhí beartaithe dó

Ní ceantar cultúir ach lárionad ollmhór iompair a bhí i ndán do Bharra an Teampaill sna hochtóidí. Bhí sé beartaithe go dtógfaí stáisiún bus lárnach in áit an chuid is mó den cheantar stairiúil. Ag dul i léig a bhí an ceantar sin idir an Life ó thuaidh agus Sráid an Dáma ó dheas, ó Shráid Sheamlas an Éisc thiar go Sráid Westmoreland thoir an tráth úd, agus a lán dá fhoirgnimh tréigthe nó drochbhail orthu, carrchlóis ann in áit na gceann a bhí leagtha cheana féin. Cé go raibh sé ar na ceantair ab ársa i mBaile Átha Cliath, ba chosúil nárbh fhada buan dó.

Gluaiseacht áitiúil ó ealaíontóirí agus eagraíochtaí cultúrtha a chuir i gcoinne scrios an cheantair agus a chuir feachtas láidir ar bun lena chosaint. In 1991, leis an Acht um Athnuachan agus Forbairt Limistéar Bharra an Teampaill, ainmníodh an ceantar go hoifigiúil mar cheathrú chultúir Bhaile Átha Cliath agus bunaíodh Temple Bar Properties Ltd chun maoirseacht a dhéanamh ar an obair athnuachana.

Chuir an tAontas Eorpach tacaíocht infheistíochta shuntasach ar fáil, agus thiomáin Taoiseach na linne Cathal Ó hEochaidh athnuachan an cheantair mar thionscnamh suaithinseach roimh bhliain Bhaile Átha Cliath mar Chathair Chultúir na hEorpa in 1991. Bhí saol nua roimh Bharra an Teampaill.

Barra an Teampaill in 1987 roimh an athnuachan
Íomhánna le caoinchead Chartlann Ailtireachta na hÉireann

Athshamhlú na spásanna uirbeacha

Is leis an mbonneagar a tosaíodh ar an athnuachan lenar thacaigh an tAontas Eorpach: rinneadh athchóiriú ar sheanfhoirgnimh thréigthe agus leagadh doirneoga nua ar na sráideanna. Tógadh foirgnimh chónaithe nua agus rinneadh cearnóga poiblí, láithreacha cultúir agus tithe d’áiteanna a bhí folamh nó tréigthe go dtí sin.

Ó lár na nóchaidí, cuireadh tuilleadh béime ar an ngníomhaíocht shóisialta agus chultúrtha i dteannta fheidhm chruthaitheach an cheantair, rud a chuir leis an tóir a bhí air i measc ealaíontóirí, cuairteoirí, agus gnólachtaí cruthaitheacha. Meitheal ailtirí óga Éireannacha a stiúir an próiseas agus fís acu gur comharsanacht ilúsáide a bheadh ann: bhí na bunurláir ar fáil do shiopaí, do ghailearaithe agus do bhialanna agus coinníodh na hurláir thuas le haghaidh stiúdeonna cónaithe agus árasán. Rinneadh soláthar tithíochta faoi leith do mhic léinn, do dhaoine óga, do dhaoine scothaosta agus do dhaoine a raibh tithíocht shóisialta ag teastáil uathu.

Athrú ó bhonn i mBarra an Teampaill: Scabhat na Corónach in 1987 agus in 2026
Íomhánna le caoinchead Chartlann Ailtireachta na hÉireann agus Nicole Emparanza, Danu Digital

 

Go háirithe, cuireadh acmhainní ón Aontas Eorpach ar fáil chun Cearnóg Theach an Tionóil agus Cearnóg Bharra an Teampaill a mhaoiniú, sa chaoi go bhfuil áiteanna suntasacha tionóil, léirithe agus saoil phoiblí ar fáil anois i gcroílár na cathrach.

I rith an chéad dreasa (1989–1993) agus an dara dreasa (1994–1999) de Chistí Struchtúracha an AE d’Éirinn, fuair Barra an Teampaill £40.6 milliún (€51.55 milliún) ar an iomlán de mhaoiniú Stáit agus AE, £22.1 milliún (€28.06 milliún) de sin go díreach ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa. A bhuí leis na hathruithe sin ar fad, mhéadaigh gluaiseacht na gcoisithe tríd an gceantar faoi dhó, agus bhain Barra an Teampaill an ceathrú rang amach i measc taitneamhachtaí turasóireachta Bhaile Átha Cliath. Sna blianta ina dhiaidh sin, lean buiséad an AE de thacaíocht a thabhairt don iomad tionscadal oideachasúil, cultúrtha agus sóisialta sa cheantar.

Athrú ó bhonn i mBarra an Teampaill: Cearnóg Bharra an Teampaill in 1987 agus in 2026
Íomhánna le caoinchead Chartlann Ailtireachta na hÉireann agus Nicole Emparanza, Danu Digital

A áit féin a chur ar fáil don chultúr

Sa lá atá inniu ann, is é Barra an Teampaill an áit is mó a dtugtar cuairt air i mBaile Átha Cliath. Cluintear ceol beo trí fhuinneoga na dtithe tabhairne traidisiúnta, bréagann taibheoirí sráide na sluaite, agus tá caiféanna neamhspleácha, gailearaithe agus siopaí ar dhá thaobh na sráideanna plódaithe. Is áit é Barra an Teampaill ina dtagann stair Bhaile Átha Cliath agus cathair an lae inniu le chéile, agus fáilte á cur roimh chuairteoirí as ceithre hairde na hEorpa agus an domhain mhóir.

Cúig bliana tríochad atá ann anois ó ritheadh an tAcht um Athnuachan agus Forbairt Limistéar Bharra an Teampaill, agus tá an fhéile Barra an Teampaill 35 á heagrú le comóradh a dhéanamh air sin. Clár cultúrtha aon uaire ar feadh sé mhí a bheidh ann ó mhí Iúil go mí na Nollag 2026 agus atá ceaptha mar fhreagairt phoiblí inrochtana ar Uachtaránacht AE na hÉireann.

Scéal nach bhfuil deireadh leis go fóill

Bhí neartú an bhonneagair chultúrtha ina phríomhaidhm sa phróiseas athnuachana, agus ionaid chultúir nua á dtógáil agus uasghrádú á dhéanamh ar na cinn a bhí ann cheana féin. Áiríodh ar na hionaid sin an t-ionad cultúrtha do leanaí The Ark, Ionad Ceoil Bharra an Teampaill, Institiúid Scannán na hÉireann, agus Projects Arts Centre, a atógadh. Cruthaíodh líonra institiúidí a áirítear fós ar mhóroidhreachtaí an tionscadail athnuachana agus a chuireann creat buan ar fáil don chruthaitheacht, don fhoghlaim agus don mhalartú cultúrtha.

Athrú ó bhonn i mBarra an Teampaill: Sráid an Iústásaigh in 1987 agus in 2026. Sa lá atá inniu ann, tá an t-ionad cultúrtha do leanaí The Ark lonnaithe san fhoirgneamh seo.
Íomhánna le caoinchead Chartlann Ailtireachta na hÉireann agus Nicole Emparanza, Danu Digital

Dar le Aideen Howard, Stiúrthóir The Ark, léiríonn athnuachan Bharra an Teampaill an tionchar marthanach a imríonn an cultúr ar phobail agus ar na glúine atá le teacht.

Trí dhearcadh Howard, faighimid spleáchadh ar Bharra an Teampaill mar a bhí, mar atá is mar a bheidh: conas a rinneadh seoid chultúrtha de cheantar nach raibh i ndán dó tráth ach an scrios, agus conas a d’éirigh go geal le The Ark mar gheall air sin.

Ba é sainchomhartha The Ark ón gcéad lá ariamh gur chreideamar i gcumas na n-ealaíon saol na leanaí a mhúnlú ar bhealaí lán brí agus aoibhnis. Le 30 bliain anuas, tá sé de phribhléid againn a bheith ag obair le healaíontóirí, le comhpháirtithe agus le pobail iontacha agus eispéiris chultúrtha spraíúla uaillmhianacha á gcruthú againn do leanaí. Cúis bhróid faoi leith agam is ea cleachtas rannpháirteachais leanaí The Ark a chuireann na leanaí i gcroílár ár gcórais cinnteoireachta.

Aideen Howard, Stiúrthóir, The Ark

Infheistíocht sna glúine atá le teacht

Tá The Ark, a bunaíodh in 1995, ar na hinstitiúidí is suaithinsí a d’eascair ó athnuachan Bharra an Teampaill. Ionad cultúrtha sainiúil do leanaí atá ann a chruthaíonn deiseanna dóibh dul i dtaithí ar na healaíona agus iad a chleachtadh ó thús a n-óige.

A bhuí leis an infheistíocht bhunaidh ón Aontas Eorpach agus le tacaíocht bhliantúil ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann, ón Roinn Oideachais agus Óige agus ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, tá The Ark faoi bhláth le tríocha bliain anuas mar lárionad bríomhar le haghaidh leanaí.

Le linn an achair sin, bhí breis agus milliún cuairteoir ag The Ark agus leathnaigh sé a chláir le freastal ar gach leanbh go haois 12, babaithe san áireamh. Tá fáil ar na cláir sin i bhfad ar shiúl ó Bharra an Teampaill anois, i scoileanna, i leabharlanna, i naíolanna agus áiseanna luathbhlianta, in ollscoileanna agus i lárionaid lóistín na Seirbhísí Cóiríochta um Chosaint Idirnáisiúnta. 

Go bunúsach, is é is cuspóir do The Ark ceart na leanaí ar an ealaín agus ar an gcultúr a chur i ngníomh go huaillmhianach spleodrach. Déanann sé ealaín le haghaidh leanaí, ealaín na leanaí féin, agus ealaín le leanaí nó fá dtaobh dóibh a choimisiúnú, a léiriú agus a chur i láthair.

Leanaí ag glacadh páirt i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha in The Ark