Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Tionscadal

IrelandsEye: A shúil ag Ceanada ar éadaí cniotáilte de chuid na hÉireann

A bhuí leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada, CETA, mhéadaigh cuideachta éadaí cniotáilte as Éirinn a cuid easpórtálacha go Ceanada faoi thrí idir 2017 agus 2021.

IrelandsEye knitwear - view of production

Is dearthóir agus monaróir éadaí cniotáilte Éireannacha é IrelandsEye a chuireann a cuid earraí ar fáil ar bhonn mórdhíola san Eoraip, i SAM, i gCeanada agus san Astráil.

Is teaghlach dar sloinne O’Suillivan a bhunaigh an chuideachta in 1988. Bhí geilleagar na hÉireann lag go maith in 1988 agus chinn muintir O’Suillivan ar ghnó teaghlaigh a tosú le chéile. Bhí cócaire, cuntasóir, innealtóir, beirt mheaisíneoirí éadaí agus múinteoir ceoil sa teaghlach acu. Bhí deis ann dul isteach in earnáil na monaraíochta éadaí cniotáilte, agus thapaigh siad í.

Déanann siad an branda IrelandsEye a dhearadh, a mhonarú agus a easpórtáil go 20 tír, agus tá idir oidhreacht shaibhir éadaí cniotáilte na hÉireann agus dearadh agus snáth nua-aimseartha fite fuaite ina gcuid earraí.

Tá costas measartha ard monaraíochta ag baint le héadaí cniotáilte a tháirgeadh in Éirinn. Is gá a bheith nuálach i gcónaí chun bheith iomaíoch, agus is dúshlán nach beag é sin. Tá oidhreacht agus uathúlacht ar leith ag éadaí cniotáilte na hÉireann, rud a fhágann gur féidir táirgí marthanacha a chur ar fáil agus rud a dhealaíonn iad ó na héadaí cniotáilte príomhshrutha i súile custaiméirí ar fud an domhain.

Is mór an meas atá ar éadaí cniotáilte as Éirinn in go leor áiteanna ar domhan. Lasmuigh den Aontas, easpórtáiltear earraí IrelandsEye go dtí na Stáit Aontaithe, go Ceanada agus go dtí an Astráil.

An cuidiú a thugtar faoin gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada

Tá CETA tar éis an aimhréireacht dleachtanna a bhaint i dtaca le heaspórtálacha na cuideachta go Ceanada, rud a fhágann go bhfuil sé níos iomaíche sa tír sin. Tháinig méadú suntasach ar a cuid easpórtálacha go Ceanada idir 2017 agus 2021 (in ainneoin Covid), agus tá méadú suntasach ag dul a theacht orthu arís in 2022.

Cuirtear fáilte i gcónaí roimh aon chomhaontú a éascaíonn an trádáil idirnáisiúnta idir tíortha. A bhuí le CETA is croímhargadh easpórtála de chuid IrelandsEye é Ceanada anois – roimhe seo ba mhargadh forimeallach é dúinn.

Paul O’Sullivan
Stiúrthóir, IrelandsEye Knitwear

Is i mBaile Dúill, Baile Átha Cliath 13, atá ceanncheathrú IrelandsEye. Tá 60 duine fostaithe ag an gcuideachta agus láimhdeachas bliantúil idir €5 mhilliún agus €10 milliún aici.