Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Tionscadal

Coirce Flahavan's: Coirce á easpórtáil go dtí an Chóiré Theas ag gnólacht teaghlaigh Éireannach

A bhuí leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Chóiré Theas, bhí Flahavan's, an gnólacht teaghlaigh bia is sine in Éirinn, in ann a easpórtálacha a mhéadú san Áise Thoir, áit a bhfuil éileamh nua ar tháirgí coircebhunaithe.

The Flahavan family in Co Waterford

Táirgeann Flahavan’s min choirce den chaighdeán is fearr agus táirgí folláine nádúrtha coircebhunaithe, cuir i gcás gránóla, múslaí, flapóga agus, le déanaí, réimse deochanna coirce. Is é an gnólacht teaghlaigh bia is sine in Éirinn é. Le breis agus 235 bliana tá an gnólacht ag meilt coirce a fhástar go háitiúil i gCoill Mhic Thomáisín, Contae Phort Láirge. Is féidir leis an ngnólacht a stair a rianú siar go 1785 agus céadúinéir an mhuilinn Thomas Dunn. Fágadh é le huacht ag a shliocht agus is é John Flahavan, duine den seachtú glúin den teaghlach, an t-úinéir reatha.

I láthair na huaire díolann Flahavan's réimse de bhreis agus 50 táirge coircebhunaithe i 20 tír ar fud an domhain, agus is mór an trádáil a dhéanann sé leis an Ríocht Aontaithe, an Chóiré Theas, na Stáit Aontaithe agus an Meánoirthear.

Roimhe seo ní raibh aon taithí ag Flahavan’s ar tháirgí a dhíol i dtíortha eile, rud a d’fhág gan amhras go raibh dúshláin ar leith rompu i dtaca leis an ngnólacht a leathnú go hidirnáisiúnta. I measc na ndúshlán sin bhí feasacht níos ísle ar an mbranda, deacrachtaí trádála ar nós luaineachtaí airgeadra, reachtaíocht maidir le pacáistiú agus lipéadú, an fad taistil go margaí easpórtála níos faide ó bhaile, agus mar sin de.

Mar sin féin, tá deiseanna suntasacha ann freisin don trádáil idirnáisiúnta, ós rud é go bhfuil éileamh nua ar tháirgí coircebhunaithe san Áise.

Tá dúshláin ag baint leis an trádáil lasmuigh den Aontas Eorpach, agus tá méadú ag teacht orthu le blianta beaga anuas, ach is rud é is mian linn a dhéanamh. Creidimid go bhfuil táirge againn atá ar chaighdeán níos fearr ná aon rud eile ar an margadh, agus go bhfuil éileamh air. 

An cuidiú a thugtar faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Chóiré Theas

Cuidíonn an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus an Chóiré Theas i dtaca le trí phríomhréimse. Cuireann sé ar ár gcumas dúinn leas a bhaint as taraifí fabhracha agus sinn ag dul isteach sa mhargadh. Tá níos lú doiciméad ag teastáil ó lucht custaim freisin. Agus ar deireadh, is féidir custaim a imréiteach níos réidhe.

Tá an comhaontú saorthrádála idir an tAontas agus an Chóiré Theas tábhachtach mar go laghdaíonn sé bacainní ar thrádáil. Is geilleagar beag oscailte atá againn in Éirinn agus dá bhrí sin bímid ag brath go mór ar an gcumas trádáil gan bhac a dhéanamh lenár gcomhpháirtithe. Is féidir é sin a dhéanamh a bhuí leis an gcomhaontú seo agus cuidíonn sé le gach duine fás a dhéanamh. Tá difear mór déanta aige ar an iomlán agus tá níos mó post cruthaithe againn chun freastal ar an éileamh.

John Flahavan,
POF, Flahavan's

 

Eolas faoi Flahavan’s:

  • Bliain a bhunaithe: 1785
  • Ceanncheathrú: Coill Mhic Thomáisín
  • Líon na bhfostaithe: thart ar 100
  • Láimhdeachas bliantúil: 2021: thart ar €25 mhilliún

 

Tuilleadh eolais faoi thrádáil an Aontais leis an gCóiré Theas

Caidreamh trádála an Aontais leis an gCóiré Theas. Fíricí, figiúirí agus an scéal is déanaí