Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Tionscadal

Caomhnú suaitheanta stairiúil: Gradam Oidhreachta na hEorpa buaite ag 18 Cé Urumhan, Cathair Bhaile Átha Cliath

Tá Gradam Oidhreachta na hEorpa/Europa Nostra 2021 buaite ag tionscadal caomhnaithe suaitheanta atá faoi stiúir ag Iontaobhas Cathartha Bhaile Átha Cliath agus a fhaigheann tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

The exterior of 18 Ormond Quay, Dublin

Tá 18 Cé Urumhan suite ar bhruach Abhainn na Life, agus is léiriú é ar charachtar agus ar áilleacht Lár stairiúil Chathair Bhaile Átha Cliath. D’éirigh go han-mhaith leis an tionscadal seo, a thionscnaigh Iontaobhas Cathartha Bhaile Átha Cliath, ní hamháin ó thaobh foirgneamh uirbeach galánta a chaomhnú, ach freisin ó thaobh píosa d’fhéiniúlacht chultúrtha bhríomhar na cathrach a chaomhnú. Is i ngeall air sin a bhfuil Gradam Oidhreachta na hEorpa bronnta ar Iontaobhas Cathartha Bhaile Átha Cliath as an tionscadal.

Sa bhliain 1843 a tógadh 18 Cé Urumhan den chéad uair agus is i stíl Sheoirseach ghnáthfhoirgnimh shráide Bhaile Átha Cliath atá sé deartha. Tá teicníc thraidisiúnta phointeála bríce, ar a dtugtar ‘wigging’ sa Bhéarla, ina gné den fhoirgneamh, ar teicníc í a úsáidtear chun bríc-obair gharbh a chur i bhfolach. Is mar shiopa grósaera a tógadh an foirgneamh trádála an chéad lá riamh, agus bhí seomraí aturnaetha agus áiteanna cónaithe ós a chionn. Ón uair a tógadh é, baineadh athearraíocht as Cé Urumhan mar óstán agus mar ghabha gunnaí araon.

Go fóill féin, is é an toradh a bhí ar líon méadaithe infheistíochtaí eachtracha i gCathair Bhaile Átha Cliath, drochbhail chórasach na bhfoirgneamh stairiúil a fágadh folamh agus atá i ngiorracht dó, sin agus easpa infheistíochta i bhfoirgnimh stairiúla uirbeacha, go háirithe na cinn atá sa stíl ailtireachta nuachlasaicí Eorpaí agus sa stíl ailtireachta Seoirsí, dhá stíl atá le feiceáil go forleathan i gCathair Bhaile Átha Cliath. Sular tugadh faoin tionscadal, bhí géarghá le hathchóiriú struchtúrtha agus stíle a dhéanamh ar Ché Urumhan.

Mar chuid den tionscadal, a thóg ceithre bliana san iomlán, rinneadh mórdhaingniú ar an bhfoirgneamh, a raibh cuid de i mbaol tite. Aghaidh an tsiopa agus an bhríc-obair bhunaidh, rinneadh athchóiriú orthu araon chun an chuma a bhí orthu an chéad lá riamh a léiriú, sin agus cuireadh isteach rudaí a bhí in easnamh, amhail fuinneoga agus doirse. Rinneadh taighde fairsing ar stíl uirbeach na tréimhse inar tógadh é agus is ar an taighde sin a bunaíodh an obair chun fabraic agus cuma an taobh istigh a choinneáil. Cuireadh lampaí ola nua ar an taobh amuigh atá mar an gcéanna leis na cinn a úsáideadh go luath sa 19ú haois i mBaile Átha Cliath.

Le Gradam Oidhreachta clúiteach na hEorpa, tugtar aitheantas do thionscadail oidhreachta ar fud na hEorpa agus cuirtear chun cinn iad. Tá athchóiriú críochnaithe Ché Urmhumhan curtha ar taispeáint ó shin le seimineáir, léachtaí agus laethanta oscailte le haghaidh an phobail agus d’ailtirí, ceardaithe agus lucht trádála chun an dea-chleachtas caomhnaithe a úsáideadh ar an bhfoirgneamh trádála stairiúil a léiriú. Táthar ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo tionscadail chomhchosúla ar fud na hÉireann agus go dtreiseodh sé an tuiscint ar luach cultúrtha, sóisialta agus comhshaoil foirgnimh uirbeacha stairiúla.

Páirtithe leasmhara

Comhordaitheoirí

Teagmháil

Gradaim Oidhreachta na hEorpa

Ainm
Gradaim Oidhreachta na hEorpa
Suíomh gréasáin
https://www.europeanheritageawards.eu/