Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta27 Feabhra 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 10 nóiméad

Bealach nua chun cinn i leith an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann: comhaontú polaitiúil i bprionsabal maidir le Creat Windsor

Inniu, tháinig an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na Ríochta Aontaithe ar chomhaontú polaitiúil i bprionsabal maidir le Creat Windsor.

Meeting between President von der Leyen and UK Prime Minister Rishi Sunak on 27 February 2023 (with senior officials in the background)

Is éard atá i gceist leis sin sraith chuimsitheach de réitigh chomhpháirteacha arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt, ar bhealach cinntitheach, ar na dúshláin phraiticiúla atá roimh shaoránaigh agus gnólachtaí i dTuaisceart Éireann, agus ar an dóigh sin cinnteacht agus intuarthacht bhuan a chur ar fáil dóibh.  

I measc na nithe a chumhdaítear leis na réitigh chomhpháirteacha tá socruithe nua maidir le custaim, agraibhia, cógais, CBL agus mál, chomh maith le hionstraimí sonracha atá ceaptha chun a chinntiú gur fearr a chloisfear guthanna mhuintir Thuaisceart Éireann faoi na saincheisteanna sonracha a bhaineann go háirithe leis na pobail ann. Mar bhonn faoi na socruithe nua sin tá coimircí láidre lena gcinnteofar sláine Mhargadh Aonair an Aontais, a bhfuil rochtain uathúil ag Tuaisceart Éireann air.   

Le comhaontú polaitiúil i bprionsabal an lae inniu, is féidir leis an dá thaobh caibidil nua a oscailt inár gcomhpháirtíocht, a bheidh bunaithe ar an iontaoibh fhrithpháirteach agus ar chomhar iomlán agus lena bhféadfar leas iomlán a bhaint as an gcaidreamh eadrainn.

Is é seo a dúirt an tUachtarán Ursula von der Leyen:

Bhíothas in ann Creat Windsor a bhaint amach mar gheall ar an bhfíorthoil pholaitiúil agus ar an obair chrua a rinneadh faoi threoir an phrionsabail bhunúsaigh gur cheart tús áite a thabhairt i gcónaí do leasanna agus do riachtanais na ndaoine. Na nithe a baineadh amach le teann díchill i gComhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste), bhí sé mar réamhriachtanas againn iad sin a chothú agus a chosaint. Inniu, a bhuí leis an obair atá curtha i gcrích againn, is féidir linn réitigh chinntitheacha a chur chun cinn a oibreoidh do dhaoine agus do ghnólachtaí i dTuaisceart Éireann agus a chosnóidh ár Margadh Aonair. Cuireann sé ar ár gcumas dúinn freisin céim a thógáil i dtreo caidreamh déthaobhach atá ar aon dul leis an gcineál caidrimh a bhíonn idir comhghuaillithe agus iad ina seasamh gualainn ar ghualainn le linn géarchéime.

Tá na réitigh chomhpháirteacha, ar thángthas orthu faoi chuimsiú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, bunaithe ar na túsphointí seo a leanas:

  • Réiteach cuimsitheach leathan críochnaitheach, lena dtabharfar aghaidh ar dheacrachtaí praiticiúla maidir le hoibriú an Phrótacail;
  • Cothromaíocht idir solúbthachtaí maidir le gluaiseacht earraí a mbeidh a n-úsáid deiridh i dTuaisceart Éireann agus coimircí éifeachtacha lena gcinntítear cosaint Mhargadh Aonair an Aontais;
  • Idirdhealú soiléir idir earraí lena mbaineann an baol go dtiocfaidh siad isteach i Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh agus earraí nach mbaineann an baol sin leo.

Sa réimse sláintíochta agus fíteashláintíochta, cinntíonn na réitigh chomhpháirteacha go mbeidh an bia céanna ar fáil ar sheilfeanna na n-ollmhargaí i dTuaisceart Éireann agus atá sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. Go praiticiúil, na táirgí miondíola agraibhia a mbeidh a n-úsáid deiridh i dTuaisceart Éireann, beifear in ann iad a aistriú ón mBreatain faoina laghad ceanglais deimhniúcháin agus rialuithe agus is féidir. Beidh feidhm ag caighdeáin sláinte poiblí na Ríochta Aontaithe maidir leis na hearraí miondíola agraibhia a mbeidh a n-úsáid deiridh i dTuaisceart Éireann, agus beidh feidhm fós ag rialacha an Aontais maidir le sláinte plandaí agus ainmhithe ionas go gcosnófar Margadh Aonair an Aontais. Tá an socrú sin i gcomhréir le sraith coimircí atá ann cheana agus le coimircí nua, lena n-áirítear saoráidí cigireachta sláintíochta agus fíteashláintíochta agus lipéadú a thabharfar isteach de réir a chéile. Nuair a bheidh na coimircí sin i bhfeidhm go hiomlán, laghdófar seiceálacha céannachta go leibhéal go híseal le 5%. Leanfaidh na seiceálacha fisiceacha cur chuige rioscabhunaithe agus faisnéisbhunaithe. Ina theannta sin, beidh sé éasca taisteal le peataí, a bhuí le doiciméad simplí um thaisteal le peataí, micrishlis, agus dearbhú ón úinéir nach dtaistealóidh an peata chuig an Aontas Eorpach.

Tá socruithe nua i réimse an chustaim bunaithe ar scéim mhéadaithe trádálaithe iontaofa a bheidh oscailte do ghnólachtaí sa Bhreatain freisin. Earraí a ghluaiseann trádálaithe iontaofa agus nach mbaineann an baol leo go dtiocfaidh siad isteach i Margadh Aonair an Aontais, bainfidh siad tairbhe as nósanna imeachta atá simplithe go mór, as dearbhuithe atá simplithe go mór agus as ceanglais sonraí laghdaithe. Thángthas ar éascuithe suntasacha maidir le hiompar lastais agus gluaiseacht gach cineáil beartán, i.e., gnólacht le gnólacht, gnólacht le tomhaltóir, agus tomhaltóir le tomhaltóir, agus beidh beartáin tomhaltóir le tomhaltóir díolmhaithe go hiomlán ó na príomhcheanglais chustaim. Is féidir na réitigh nua sin a chur i bhfeidhm go háirithe a bhuí le socruithe nua comhroinnte sonraí lenar féidir measúnuithe riosca a dhéanamh, rud a bheadh mar bhonn prionsabail na rialuithe. Údarú agus faireachán láidir ar an scéim trádálaithe iontaofa, agus faireachas margaidh agus forfheidhmiú méadaithe ag údaráis na Ríochta Aontaithe, is coimircí iad na nithe sin chomh maith. Beidh feidhm ag nósanna imeachta custaim iomlána maidir le hearraí lena mbaineann an baol go dtiocfaidh siad isteach i Margadh Aonair an Aontais.

Thángthas ar réiteach buan freisin lena chinntiú go mbeidh rochtain ag daoine i dTuaisceart Éireann ar gach cógas, lena n-áirítear cógais núíosacha, ag an am céanna agus faoi na coinníollacha céanna le daoine sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. Comhlánaíonn sé sin an réiteach a ghlac an tAontas i mí Aibreáin 2022 maidir le cógais chineálacha a sholáthar do Thuaisceart Éireann. Is féidir na socruithe nua sin a dhéanamh a bhuí le coimircí nua, go háirithe lipéadú, atá ceaptha chun a chinntiú nach dtiocfaidh na cógais isteach i Margadh Aonair an Aontais.  

Thángthas ar sholúbthachtaí nua freisin maidir le rialacha áirithe CBL agus máil, a bhfuil coimircí ag gabháil leo lena gcosnaítear an tAontas ar rioscaí calaoise nó ar shaobhadh iomaíochta a d'fhéadfadh a bheith ann. Áirítear ar na socruithe sin an fhéidearthacht rátaí CBL na Ríochta Aontaithe a shocrú faoi bhun íosrátaí CBL an Aontais le haghaidh earraí dochorraithe nach mbaineann aon bhaol leo go dtiocfadh siad isteach i Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh (e.g. teaschaidéal tí). Tá scéim díolúine CBL FBM de chuid na Ríochta Aontaithe infheidhme anois maidir le hearraí agus seirbhísí araon má urramaíonn an Ríocht Aontaithe tairseach an Aontais do mhéideanna FBManna. Is féidir cáin a ghearradh anois freisin ar gach deoch alcólach de réir an nirt alcólaigh, agus rátaí laghdaithe dleachta a leagan síos do dheochanna alcólacha, más rud é go riartar iad lena gcaitheamh láithreach in ionaid fáilteachais i dTuaisceart Éireann, fad is nach faoi bhun íosrátaí dleachta an Aontais atá na rátaí a chuirtear i bhfeidhm.

Maidir le rialachas, cloisfear guthanna mhuintir Thuaisceart Éireann agus na bpáirtithe leasmhara ar bhealach níos fearr trí rannpháirtíocht rialta ar gach leibhéal de struchtúir an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar. Beidh rannpháirtíocht níos fearr ann leis na páirtithe leasmhara as Tuaisceart Éireann maidir le hábhair a bhaineann leis an bPrótacal. Bunófar foghrúpaí téamacha nua laistigh den Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach. Leis an sásra éigeandála nua, Coscán Stormont, cuirfear ar a chumas do rialtas na Ríochta Aontaithe, ar iarratas ó 30 Comhalta den Tionól Reachtach i dTuaisceart Éireann, stop a chur le forálacha leasaithe nó forálacha nua de dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann, ar forálacha iad a bhaineann leis an bPrótacal a d'fhéadfadh tionchar suntasach buan a imirt ar shaol laethúil na bpobal ann. Chuirfí an sásra sin i ngníomh faoi na cúinsí is eisceachtúla agus mar rogha dheiridh, i bpróiseas atá an-sainithe a leagtar amach i nDearbhú Aontaobhach ón Ríocht Aontaithe.

Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an t-aon eadránaí deiridh ar dhlí an Aontais.

Tugann na réitigh chomhpháirteacha aghaidh freisin ar dheacrachtaí cur chun feidhme a bhaineann le taraif-chuótaí do na catagóirí cruach is íogaire agus soiléiríonn siad cur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair

Rinneadh na socruithe nua sin faoi chuimsiú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar a bhfuil an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann ina dhlúthchuid de. Laistigh de na paraiméadair dhlíthiúla réamhbhunaithe sin, tugann roinnt leasuithe spriocdhírithe ar an bPrótacal aghaidh, ar bhealach cinntitheach, ar imthosca nó easnaimh gan choinne atá tagtha chun cinn ó thús an Phrótacail. 

Na chéad chéimeanna eile

Rachaidh an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na Ríochta Aontaithe ar aghaidh, faoi chuimsiú a gcumhachtaí faoi seach, leis na bearta is gá chun ionstraimí atá ceangailteach ó thaobh dlí a dhéanamh de na réitigh chomhpháirteacha agus chun iad sin a chur chun feidhme go pras agus de mheon macánta. Chuige sin, tionólfar cruinniú de Chomhchoiste an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe um an gComhaontú um Tharraingt Siar, faoi chomhchathaoirleacht an Leas-Uachtaráin Maroš Šefčovič agus James Cleverly, Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Ríochta Aontaithe, sna seachtainí amach romhainn. Tá tograí curtha faoi bhráid na Comhairle ag an gCoimisiún inniu maidir leis an seasamh ón Aontas i leith na gcinntí is gá a ghlacadh ag an gcruinniú sin, i measc nithe eile.

Ina theannta sin, tá tograí reachtacha curtha i láthair ag an gCoimisiún inniu i réimsí na sláintíochta agus fíteashláintíochta, na gcógas agus na dtaraif-chuótaí, tograí a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle anois.

Urramófar go hiomlán róil Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi seach.

Níl na socruithe nua i gcomhréir leis an mBille um Prótacal Thuaisceart Éireann. Is díol sásaimh don Choimisiún go bhfuil rialtas na Ríochta Aontaithe ag cur stop le próiseas an Bhille um Prótacal Thuaisceart Éireann, agus nach bhfuil sé ag dul ar aghaidh leis, ionas go mbeidh deireadh leis i bParlaimint na Ríochta Aontaithe ag deireadh an tseisiúin Pharlaimintigh. Ciallaíonn na socruithe sin, nuair a chuirfear chun feidhme iad, nach mbeidh forais ann a thuilleadh leis na himeachtaí dlíthiúla reatha de chuid an Choimisiúin i gcoinne na Ríochta Aontaithe i ndáil leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann.    

Cúlra

Is dlúthchuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar atá sa Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, agus is rud é a rinne an tAontas agus an Ríocht Aontaithe araon a aontú go comhpháirteach agus a dhaingniú. Tá sé i bhfeidhm ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann agus tá éifeachtaí dlíthiúla aige faoin dlí idirnáisiúnta. Is é is aidhm don Phrótacal gach uile ghné de Chomhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste) a chosaint, an tsíocháin agus an chobhsaíocht a bhuanú i dTuaisceart Éireann, agus a chinntiú nach mbeidh teorainn chrua ar oileán na hÉireann, ná nach mbainfear de shláine Mhargadh Aonair an Aontais.

Tuilleadh eolais

Ráiteas ón Uachtarán von der Leyen

Dearbhú Polaitiúil

Meabhrán

Bileog eolais

Doiciméid dhlíthiúla

Sonraí

Dáta foilsithe
27 Feabhra 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn