‘Gairm an Aistriúcháin’, ceardlann ar líne do dhaltaí meánscoile atá sa chúigiú bliain.
- aistriú
- Déardaoin, 9 Feabhra 2023, 09.15 - 13.00 (GMT)
Eolas praiticiúil
- Cathain
- Déardaoin, 9 Feabhra 2023, 09.15 - 13.00 (GMT)
- Teangacha
- Béarla
Cur síos
Déardaoin, an 9 Feabhra, reáchtálfaidh an Coimisiún Eorpach in éineacht le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) agus Ollscoil Luimnigh (UL) ceardlann ar líne dar teideal ‘Gairm an Aistriúcháin’ do dhaltaí meánscoile atá sa chúigiú bliain.
Glacfaidh aistritheoirí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh páirt san imeacht chun míniú a thabhairt ar an méid a dhéanann siad agus chun labhairt faoi na scileanna is gá le bheith i d’aistritheoir. Tabharfaidh siad deis do dhaltaí triail a bhaint as an obair freisin trí aistriúchán a dhéanamh ar théacs gearr.
Ina theannta sin, tabharfaidh léachtóirí ó DCU agus UL léargas ar na cláir ábhartha atá ar fáil acu.
Sa chuid phraiticiúil den imeacht, cuirfear trí phéire teangacha ar fáil (féach an clár thíos) – Fraincis go Béarla, Gearmáinis go Béarla agus Spáinnis go Béarla.
Clár
9:15 | Clárú |
9:30 | Fáiltiú agus na cainteoirí a chur i láthair |
9:40 | Aistritheoirí an Aontais Eorpaigh – cé hiad féin? |
9:55 | Saol laethúil an aistritheora in institiúidí an Aontais Eorpaigh |
10:05 | Staidéar a dhéanamh ar an aistriúchán san Ollscoil – cad atá ar fáil? |
10:25 | Tréimhsí oiliúna agus deiseanna fostaíochta in institiúidí an Aontais Eorpaigh |
10:35 | Ceisteanna agus freagraí |
10:50 | Sos |
11:10 | An úsáid a bhaintear as an meaisínaistriúchán in institiúidí an Aontais Eorpaigh |
11:30 | Úsáid foclóirí agus acmhainní eile |
11:40 | Ceisteanna agus freagraí |
11:50 | Déanfar daltaí a roinnt (de réir teanga) i gceithre ghrúpa a mbeidh 12 dhalta i ngach ceann acu (seomraí ar leithligh) |
12:00 | CEARDLANNA AISTRIÚCHÁIN |
Ceithre cheardlann a bheidh ar siúl ag an am céanna: Oibreoidh aistritheoirí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh le daltaí ar dhoiciméad/airteagal gearr, agus déanfar plé ar na príomhdhúshláin a bhaineann leis chomh maith leis an gcaoi a dtugann na haistritheoirí aghaidh ar na dúshláin sin ar bhonn laethúil. | |
13:00 | Deireadh an imeachta |
Tá an t-imeacht lán anois ach tá liosta feithimh ann.
Chun a chinntiú go mbeidh an t-imeacht chomh hidirghníomhach agus is féidir, beidh líon na rannpháirtithe teoranta do sheisear daltaí in aghaidh na scoile agus 48 ndalta ar an iomlán. Dá bhrí sin, moltar do scoileanna clárú a luaithe agus is féidir trí ríomhphost a sheoladh chuig DGT-Dublin@ec.europa.eu agus ‘Imeacht an 9 Feabhra’ a chur i líne an ábhair. Ba cheart do na scoileanna a chur in iúl sa ríomhphost líon na n-áiteanna ba mhaith leo a chur in áirithe. I ríomhphost a sheolfar amach ina dhiaidh sin, iarrfar ar na scoileanna ainmneacha na ndaltaí a bheidh rannpháirteach a chur ar fáil, mar aon leis an teanga inar mhaith leo tabhairt faoin gceardlann (Fraincis, Gearmáinis nó Spáinnis) – beidh an chéim seo ríthábhachtach chun a chinntiú go mbeidh an deis ag na daltaí a bheith ag obair ina rogha teanga (beidh líon teoranta áiteanna ar fáil i gcás gach teanga).
Má tá tuilleadh eolais uait, seol ríomhphost chuig DGT-Dublin@ec.europa.eu agus ‘Imeacht an 9 Feabhra’ i líne an ábhair.