Díospóireacht Bhréag-Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Is díospóireacht bhliantúil i gcomhair meánscoileanna í an Bhréag-Chomhairle, agus is í Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn a bhíonn á heagrú. Is éard atá ann samhail de chruinniú de Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus bíonn foirne ann ó mheánscoileanna as gach cearn d'Éirinn, foireann do gach Ballstát den Aontas. De bharr na díospóireachta, cuireann na daltaí taithí ar phróiseas cinnteoireachta an Aontais.
Reáchtáladh Bréag-Chomhairle fhíorúil 2021 an 23 Aibreán. Ba é an t-ábhar a bhí ann an tSláinte, bagairtí sláinte trasteorann go sonrach.
Ba í Meánscoil Naomh Iósaf, an Tulach, Co. an Chláir a bhuaigh an comórtas. Sa dara háit bhí Coláiste Naomh Mhuire, an Nás, Co. Chill Dara, agus bhí Coláiste Naomh Columba, Srath an Urláir, Co. Dhún na nGall sa tríú háit.
Tá tuilleadh eolais maidir le buaiteoirí 2021 le fáil anseo.
Tugtar léargas ar Bhréag-Chomhairle 2021 san fhíseán gearr thíos.
Comórtas Uile-oileáin ‘Aistritheoirí Óga’
Is é an Coimisiún Eorpach i gcomhar le Rialtas na hÉireann a eagraíonn an comórtas aistriúcháin, ‘Aistritheoirí Óga’. Tá an comórtas oscailte do dhaltaí ar fud na hÉireann a raibh 15 bliana acu an 1 Meán Fómhair (bliain acadúil reatha) agus a bhfuil sé de chumas iontu aistriúchán a dhéanamh ó Bhéarla go Gaeilge, nó ó cheann de 5 theanga Eorpacha eile go Gaeilge.
Tá trí sprioc ag an gcomórtas: ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn, ilteangachas a spreagadh i measc daltaí meánscoile agus spéis daltaí i ngairmeacha teanga a mhúscailt.
Sé chatagóir atá sa chomórtas: duais don aistriúchán is fearr ó Bhéarla as gach cúige, mórdhuais don aistriúchán is fearr as oileán na hÉireann ar fad agus duais don duine a rinne an t-aistriúchán is fearr ó theanga seachas an Béarla.
Seoltar an comórtas i mí na Samhna/mí na Nollag gach bliain agus bíonn Lá an Chomórtais ar siúl san earrach.
Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas, faoin bpróiseas clárúcháin agus faoi na rialacha le fáil anseo.

Seastán an Aontais Eorpaigh ag Taispeántas Teicneolaíochta agus Eolaithe Óga BT
Bíonn seastán ag Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn ag Taispeántas bliantúil Teicneolaíochta agus Eolaithe Óga BT.
Cuirtear gníomhaíochtaí éagsúla ar fáil do chuairteoirí, cuir i gcás acmhainní eolais saor in aisce faoin Aontas Eorpach.
Bíonn Oifigigh Faisnéise ó Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn agus ó Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Éirinn i láthair chomh maith chun freagra a thabhairt ar aon cheist.

Comórtas Juvenes Translatores
Tá an comórtas aistriúcháin, Juvenes Translatores, á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach ar bhonn bliantúil ó bhí 2007 ann. Tá sé oscailte do dhaltaí ar fud an Aontais Eorpaigh, ar daltaí iad atá 17 mbliana d’aois agus a bhfuil sé de chumas iontu aistriúchán a dhéanamh idir aon phéire den 552 phéire is féidir a bheith ann idir 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Seoltar an comórtas i mí Mheán Fómhair gach bliain agus is féidir le scoileanna clárú go dtí lár mhí Dheireadh Fómhair. Cuirtear gach iontráil isteach i dtarraingt randamach agus tugtar cuireadh do 705 scoil chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile. Is ionann líon deiridh na scoileanna a ghlacann páirt in aghaidh na tíre agus líon na bhfeisirí Parlaiminte a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu sa tír sin – i.e. 13 d’Éirinn.
Lá an chomórtais, ainmníonn gach scoil rannpháirteach 2-5 dhalta chun páirt a ghlacadh sa chomórtas a tharlaíonn ag an am céanna (i ngach ceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh) agus a bhíonn ar siúl i mí na Samhna go hiondúil.
Fógraítear na buaiteoirí – duine in aghaidh na tíre – go luath i mí Feabhra agus bronntar na duaiseanna ag searmanas speisialta a bhíonn ar siúl sa Bhruiséil san earrach.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcomórtas ‘Juvenes Translatores’, féach an leathanach gréasáin tiomnaithe.
Ceardlann na meán do mhic léinn tríú leibhéal
Bíonn ceardlann bhliantúil na meán de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ar siúl san fhómhar gach bliain. Is é sprioc na ceardlainne an spéis atá ag mic léinn tríú leibhéal san iriseoireacht a spreagadh, go háirithe i gcomhthéacs ghnóthaí an Aontais. Cuireann na haíonna leideanna luachmhara ar fáil maidir le teicnicí scríbhneoireachta agus scileanna taighde, sin agus taispeánann siad do na mic léinn conas dul i ngleic le saincheisteanna ó pheirspictíocht iriseoireachta Tugann siad forbhreathnú ar thimpeallacht na meán san Aontas freisin.
Sa bhreis air sin, cuidíonn an cheardlann le mic léinn ullmhú do ghradam náisiúnta na meán do mhic léinn (‘Smedias’) i gcatagóir an Aontais Eorpaigh. Bronntar an gradam Smedias ar an alt is fearr a chlúdaíonn gnóthaí an Aontais, ar alt é a foilsíodh i bhfoilseachán do mhic léinn le linn na bliana roimhe. Foilsítear alt an bhuaiteora freisin i nuachtán réigiúnach nó náisiúnta, cuir i gcás The Irish Times.
