
Láthair tharraingteach in Áras na hEorpa i gcroílár Bhaile Átha Cliath atá sa Spás Poiblí Eorpach agus é oiriúnach do chomhdhálacha, cruinnithe, taispeántais agus imeachtaí cultúrtha. Cuirtear na háiseanna ar fad ar fáil le haghaidh imeachtaí neamhthráchtála a bhaineann leis an Aontas Eorpach agus tá siad saor in aisce.
Maidir leis an Spás Poiblí Eorpach
Tá trí sheomra cruinnithe ar fáil ar an gcéad urlár: seomra mór comhdhála agus dhá sheomra boird (30 áit agus 8 n-áit).
Seomra 1: leagan amach amharclainne
Leagan amach amharclainne, tá fáil ar phríomhthábla agus ar phóidiam. Uasmhéid 60 suíochán.
Seomra 2: leagan amach seomra boird
Seomra cruinnithe simplí atá leagtha amach mar sheomra boird mór. Uasmheid 30 suíochán.
Seomra 3: leagan amach seomra boird.
Seomra cruinnithe simplí atá leagtha amach mar sheomra boird beag. Uasmheid 8 suíochán.
Áiseanna
- Wi-Fi saor in aisce
- Áiseanna cistineach le haghaidh lónadóirí
- Oiriúnach do chathaoireacha rothaí
Cosaint do chuid sonraí pearsanta – beartas físfhaireachais an Choimisiúin Eorpaigh