Buntáistí na ballraíochta san Aontas d’Éirinn - An Coimisiún Eorpach Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
  • 7 Feabhra 2025

Buntáistí na ballraíochta san Aontas d’Éirinn

Chuaigh Éire isteach san Aontas Eorpach an 1 Eanáir 1973 tar éis reifreann ar thacaigh 83% den lucht vótála leis.

Comhphobal Eacnamaíochta na Eorpa (CEE) a thugtaí ar an Aontas an t-am sin, agus níl aon chuimhne ag an gcuid is mó de na daoine atá in Éirinn faoi láthair ar an ócáid stairiúil sin, agus fáth maith leis – ní raibh siad ar an saol go fóill!

Sin an fáth a bhfuil sé tábhachtach smaoineamh ar bhallraíocht na Éireann san Aontas agus ar na tionchair dhearfacha ar fad a bhí aici sin, agus atá aici fós, ar an tír.

Gan aon amhras, ba é an chéim ba mhó a ghlac an tír ó bhain sí neamhspleáchas amach mar náisiún dul isteach san Aontas. Tá feabhas tagtha ar bheagnach gach gné de shaol na hÉireann – ár modhanna oibre, taistil agus siopadóireachta, cáilíocht an chomhshaoil, ár ndeiseanna foghlama agus an tslí a gceannaíonn agus a ndíolann lucht gnó a gcuid earraí agus seirbhísí.

Faoin am seo, déantar talamh slán de na hathruithe sin de thairbhe iad a bheith ina ndlúthchuid den ghnáthshaol atá againn inniu agus is mór an gar sin. Mar sin de féachaimis ar chuid de na bealaí ar chuidigh beartais, reachtaíocht agus maoiniú an Aontais Eorpaigh le feabhas a chur ar shaol mhuintir na hÉireann.

Geilleagar agus Fostaíocht

  • A bhuí le hÉirinn a bheith ina ball den Aontas Eorpach, éascaíodh go mór an t-aistriú ó gheilleagar traidisiúnta a bhí bunaithe ar an talmhaíocht, go geilleagar atá dírithe go mór ar thionscail ardteicneolaíochta agus ar easpórtálacha domhanda.
  • Tá borradh suntasach tagtha ar an earnáil seirbhísí ó bhí 1973 ann agus í méadaithe ó 45 % den lucht saothair go 77 % in 2022, rud a léiríonn ról na teicneolaíochta, an airgeadais agus na dtionscal eile atá dírithe ar sheirbhísí i margadh saothair na hÉireann inniu. De réir réamh-mheastacháin a rinneadh le déanaí, léirítear go bhfuil nach mór 80% den lucht saothair in 2025 ag obair in earnáil na seirbhísí.
  • Seo trí rud a chinntíonn gur geilleagar seasmhach iomaíoch atá i ngeilleagar na hÉireann - Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh, airgeadra an euro, agus tacaíocht ó chomhordú bheartas eacnamaíoch agus fioscach an Aontais.
  • Beagán os cionn €17,000, ba é sin ollioncam náisiúnta na hÉireann per capitain 1973. Faoi 2023, bhí sin ardaithe go tuairim is €58,000, rud a léiríonn méadú faoi thrí go leith i dtéarmaí réadacha ó tháinig sí isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. 
  • Athraíodh iarmhéid na Trádála Earraí (easpórtálacha lúide iompórtálacha) ó easnamh €340 milliún in 1973 go barrachas €52.97 billiún in 2023.
  • Tá Éire ag fáil €1.4 billiún de mhaoiniú Comhtháthaithe ón Aontas idir 2021 agus 2027 tríd an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil is déanaí (buiséad CAI). Meastar go bhfaighidh Éire €1.15 billiún freisin idir 2021 agus 2026 i ndeontais ó Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh.
  • Idir 1973 agus 2018 ba ghlanfhaighteoir í Éire de níos mó ná €40 billiún de mhaoiniú ón Aontas. Is glan-ranníocóir do bhuiséad an Aontais Eorpaigh í an tír anois ach meastar gur fiú os cionn €30 billiún na buntáistí a bhaineann le páirt a bheith aici sa mhargadh aonair. In 2023 ba é €81 billiún luach na n-easpórtálacha Éireannacha chuig an Aontas.
  • Faoi mar a tharla le linn na géarchéime eacnamaíche in 2010, tá fás eacnamaíoch na hÉireann leochaileach i leith suaitheadh eacnamaíoch ar fud an domhain. Bhí Ballraíocht na hÉireann san Aontas ina cúnamh d’Éirinn téarnamh ón ngéarchéim agus ó thionchar eacnamaíoch COVID‑19, agus cuidíonn sí léi an geilleagar a chosaint níos fearr anois ar thurraingí airgeadais a thiocfaidh chun cinn amach anseo.
  • Leis an Seimeastar Eorpach bliantúil, déantar comhordú ar bheartais eacnamaíocha leis na Ballstáit eile chun aimhrialtachtaí a bhféadfadh éagobhsaíocht airgeadais a bheith mar thoradh orthu a sheachaint, mar shampla boilgeoga réadmhaoine cosúil leis an gceann a bhí ina ghné shuntasach den ghéarchéim airgeadais in Éirinn. Le rialacha fioscacha an Aontais agus tástálacha struis ar bhainc cloítear leis an iasachtaíocht fhreagrach agus deimhnítear le measúnuithe reatha an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) nach bhfuil aon riosca sistéamach ann go dtiocfaidh bolgáin chun cinn.
  • Baineann níos mó ná 346 mhilliún saoránach den Aontas úsáid as an euro agus is a bhuí leis an euro go bhfuil an baol luaineachta san airgeadra laghdaithe go mór agus nach ann a thuilleadh do chostais maidir le malartú airgid.
  • Tá euro digiteach á fhorbairt chun íocaíochtaí sa limistéar euro a shimpliú le hidirbhearta ar an toirt gan teorainn agus chun an spleáchas ar sholáthraithe neamh-AE a laghdú, rud a neartóidh ceannasacht airgeadaíochta na hEorpa. Cuirfidh sé leis an airgead tirim, beidh sé inrochtana do gach duine, iad siúd nach bhfuil cuntais bainc thraidisiúnta acu san áireamh, agus cinnteofar leis go mbeidh an t-airgead poiblí fós ábhartha sa ré dhigiteach.
  • Cuidíonn rochtain ar an Margadh Aonair le poist a chruthú mar go bhfuil sé níos éasca agus níos saoire do lucht easpórtála na hÉireann a n-earraí a dhíol ar mhargaí domhanda brabúsacha, mar shampla Ceanada, an tSeapáin, an Chóiré Theas agus Singeapór a bhuí le comhaontuithe idirnáisiúnta trádála de chuid an Aontais. I mí Eanáir 2025, thug an tAontas agus Meicsiceo an chaibidlíocht i gcrích maidir le Comhaontú Iltíreach nuachóirithe lena gcuirtear deireadh le taraifí ar earraí éagsúla, muiceoil agus cáis na hÉireann san áireamh.
  • Toisc gur saoránaigh den Aontas sinn is féidir le muintir na hÉireann dul chun cónaithe nó ag obair in aon Bhallstát eile, rud a fhágann go bhfuil go leor deiseanna agus roghanna fostaíochta ann d’oibrithe na hÉireann.
  • Caitear go cothrom le saoránaigh na hÉireann agus iad ag teacht ar obair i dtíortha eile den Aontas nó i dtaca le dálaí oibre agus le gach leas sóisialta nó cánach eile.
  • Tá feabhas curtha ar chearta oibrithe in Éirinn le rialacháin de chuid an Aontais ina bhfuil bearta lena gcuirtear feabhas ar uaireanta oibre, dálaí oibre agus conarthaí mar aon le pá íosta níos airde.
  • Is féidir le hiarrthóirí poist agus mic léinn as Éirinn CV Europass a chruthú saor in aisce, CV a aithnítear ar fud an Aontais. Fágann sé sin go bhfuil sé níos éasca cur isteach ar phoist agus ar oideachas. Cinntítear leis an bhformáid chaighdeánaithe go bhfuil na cáilíochtaí soiléir, agus is nasc díreach é chuig nach mór trí mhilliún folúntas poist ar líonra na Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta.
  • Is le reachtaíocht Eorpach maidir le comhionannas inscne san ionad oibre a leagtar síos go bhfuil fir agus mná na hÉireann i dteideal an phá chéanna as an obair chéanna a dhéanamh. Lena chois sin tá cosaint dlí acu i dtaca leis an mbealach a gcaitear leo san ionad oibre agus tá an bheirt tuismitheoirí i dteideal saoire máithreachais agus atharthachta freisin.
  • A bhuí le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh tá rochtain ag tuilleadh ban ar mhargadh an tsaothair, mar chuir an reachtaíocht chéanna deireadh leis an gcosc ar mhná pósta dul ag obair sa státseirbhís in 1973.
  • Tá margadh saothair na hÉireann níos láidre ná mar a bhí riamh, agus ráta fostaíochta de 75.3% ann in 2024 agus ráta dífhostaíochta de 4.2% i mí na Nollag 2024.

An Seimeastar Eorpach Éire

An réamhaisnéis eacnamaíoch d’Éirinn

Buntáistí an euro

Oideachas agus Oiliúint

  • Ba ghné shuntasach é ballraíocht san Aontas Eorpach maidir le cáilíocht, caighdeáin agus dearcadh idirnáisiúnta an chórais oideachais a fheabhsú in Éirinn.
  • Chuidigh maoiniú ón Aontas le deiseanna maithe staidéir a chruthú trí Erasmus+, clár an Aontais um staidéar agus obair thar lear.
  • In 2023, thaistil 43,000 rannpháirtí san iomlán (baill foirne agus mic léinn) chuig Éirinn chun páirt a ghlacadh i dtionscadail Erasmus+, agus thaistil 10,200 rannpháirtí ó Éirinn chun páirt a ghlacadh i dtionscadail Erasmus+ thar lear.
  • Le linn na bliana 2023, bhain 190 tionscadal Erasmus+ Éireannach san iomlán tairbhe as deontais dar luach thart ar €27.5 milliún san iomlán.
  • Cuirtear maoiniú Erasmus+ ar fáil do gach cineál oideachais, bíodh sé foirmiúil nó neamhfhoirmiúil. Cuimsíonn sé sin scoileanna, eagraíochtaí don óige, grúpaí don oideachas aosach agus eagraíochtaí gairme.
  • Tá buiséad €26.2 billiún ag Erasmus+ don Eoraip ar fad don tréimhse 2021-2027.
  • Is féidir le mic léinn Erasmus+ ar saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad agus atá 18 mbliana d’aois iarratas a dhéanamh saor in aisce ar phas taistil DiscoverEU a thugann an deis dóibh an Eoraip a thaisteal.
  • Tacaíonn ionstraim airgeadais an Aontais, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), leis an ngairmoiliúint, le printíseachtaí, agus le cláir foghlama aosaí in Éirinn. Is é €508 milliún an sciar de CSE+ atá Éire a fháil don tréimhse 2021-2027.
  • Tugann an clár Erasmus+ maoiniú don Ríomh‑Ardán don Fhoghlaim Aosach san Eoraip, nó EPALE. Is mol acmhainní pobail saor in aisce don fhoghlaim aosach é EPALE. Cuidíonn an eagraíocht Léargas chun úsáid EPALE a éascú in Éirinn.
  • Maidir le saoránaigh d’Éirinn a bheartaíonn tréimhse staidéir a dhéanamh thar lear, aithneofar a gcáilíochtaí Éireannacha ar fud an Aontais feasta faoin gCreat Eorpach um Cháilíochtaí.
  • De bharr na mac léinn agus na mball foirne Erasmus+ a thagann go hÉirinn chun staidéar nó obair a dhéanamh tagann breis is 40,000 cuairteoir chun na tíre in aghaidh na bliana, rud a chuireann le geilleagar na hÉireann.
  • Rannpháirtithe Erasmus+ as Éirinn a théann i mbun staidéir in institiúid ardoideachais nó a dhéanann printíseacht i ngnólacht óstach san Eoraip, ní gá dóibh táillí teagaisc na hinstitiúide óstaí a íoc agus is féidir leo tacaíocht airgeadais mhíosúil a fháil ón gCoimisiún Eorpach chun cuidiú leo a gcostais a chumhdach.
  • Cuireann an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach maoiniú agus tacaíocht ar fáil do dhaoine óga idir 18 agus 30 a chónaíonn in Éirinn chun obair dheonach a dhéanamh nó tionscadail a eagrú a rachaidh chun tairbhe an phobail sa tír nó thar lear.
  • Tá beartais oideachais na hÉireann ailínithe le Creat Straitéiseach an Limistéir Eorpaigh Oideachais, agus cuirtear i dtábhacht sna beartais sin an inbhuanaitheacht, an cuimsiú, an litearthacht dhigiteach agus an fhoghlaim ar feadh an tsaoil.
  • Tugann an tAontas maoiniú d’ardán ar líne saor in aisce darb ainm r-Nascadh a chuidíonn le bunscoileanna agus meánscoileanna comhpháirtithe a aimsiú ar fud na hEorpa chun obair ar thionscadail chomhpháirteacha in aon réimse curaclaim. Is é Léargas an Eagraíocht Tacaíochta Náisiúnta le haghaidh r-Nascadh in Éirinn. 

Erasmus+

Erasmus+ in Éirinn

Limistéar Eorpach Oideachais 

An Creat Eorpach um Cháilíochtaí

An Talmhaíocht

  • Dóigh bheatha atá san fheirmeoireacht in Éirinn le fada an lá agus cinntíonn ballraíocht an Aontais go leanfaidh an talmhaíocht de bheith mar fhoinse ríthábhachtach easpórtálacha a chuireann fostaíocht ar fáil i gceantair thuaithe agus a chuireann le slándáil bhia.
  • Sula raibh Éire ina ball den Aontas Eorpach is beag nach raibh an tír go hiomlán spleách ar an talmhaíocht ó thaobh na heacnamaíochta de, ach sa lá atá inniu ann tá geilleagar againn atá níos éagsúla agus níos oscailte ná mar a bhí.
  • Nuair a chuaigh Éire isteach san Aontas in 1973 d’oibrigh 24% den lucht saothair sa tionscail talmhaíochta, i gcomparáid le 4% in 2023.
  • Cuireann Comhbheartas Talmhaíochta an Aontais (CBT) tacaíocht airgeadais dhíreach ar fáil d’fheirmeoirí Éireannacha chomh maith le tacaíocht d’fhorbairt pobal tuaithe na tíre trí infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail a chuireann feabhas ar an gcáilíocht saoil faoin tuath agus a chuidíonn le gnólachtaí faoin tuath a bheith níos iomaíche.
  • Tá CBT 2023-27 ceaptha le todhchaí inbhuanaithe a chothú d’fheirmeoirí, le tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt d’fheirmeacha beaga agus lena chinntiú go gcaomhnaítear agus go bhforbraítear ceantair thuaithe.
  • Cuid shuntasach de mhaoiniú CBT, úsáidtear í chun tacú le bearta maolaithe ar an athrú aeráide agus le cleachtais lena laghdaítear astaíochtaí talmhaíochta a chur chun cinn.
  • Cuidíonn rochtain ar an Margadh Aonair le feirmeoirí Éireannacha táirgí a dhíol go héasca ar fud na hEorpa agus le comhaontuithe trádála an Aontais éascaítear easpórtálacha domhanda.
  • Sa tréimhse ó 2023 go 2027, infheisteoidh CBT beagán faoi bhun €10 mbilliún in earnáil feirmeoireachta agus i gceantair thuaithe na hÉireann, agus cuirfidh rialtas na hÉireann cómhaoiniú breise leis sin. Tá thart ar 60 % le leithdháileadh ar thacaíocht dhíreach ioncaim agus 40 % ar bhearta forbartha tuaithe.
  • Tugann ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais tacaíocht don fhorbairt tuaithe in Éirinn freisin, ina measc Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE).
  • Cuireann Líonra CBT an Aontais comhroinnt eolais agus comhoibriú idir feirmeoirí Eorpacha chun cinn, agus cleachtais fheabhsaithe is ea an toradh air sin.
  • Tá rialacha diana ag an Aontas Eorpach maidir le sábháilteacht bia agus beatha ainmhithe agus is féidir le tomhaltóirí fáil amach go héasca cén áit as a dtagann an bia a cheannaíonn siad agus cé na comhábhair atá ann.
  • Tá sé d’aidhm ag an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ córais bhia a dhéanamh cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol. Leagtar síos spriocanna praiticiúla léi, mar shampla an úsáid a bhaintear as lotnaidicídí agus leasacháin a laghdú, an méid talamh atá faoi fheirmeoireacht orgánach a mhéadú agus frithmhiocróbaigh a úsáidtear i leith ainmhithe feirmshaothraithe a laghdú. Chuidigh an straitéis leis an titim 4.6% in astaíochtaí talmhaíochta in 2023 a bhuí le húsáid laghdaithe leasacháin agus cleachtais inbhuanaithe, rud a chur le laghdú foriomlán 6.8% ar gháis ceaptha teasa in Éirinn an bhliain sin.
  • Le ballraíocht san Aontas, cuirtear tacaíocht agus maoiniú suntasach ar fáil tríd an Tionscnamh Feirmeoireachta Carbóin agus an Rialachán maidir le hAistrithe Carbóin agus Feirmeoireacht Carbóin chun cuidiú le hÉirinn a spriocanna aeráide a bhaint amach.

Comhbheartas Talmhaíochta

Tacaíocht ioncaim d’fheirmeoirí

An Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’

Forbairt Tuaithe

An Comhshaol

  • De thairbhe gur ball den Aontas Eorpach í Éire, is féidir léi gníomhú i gcomhar le Ballstáit eile chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Is é an Comhaontú Glas don Eoraip an straitéis fhadtéarmach atá ag an Aontas chun beatha agus comhshaol nádúrtha na hEorpa a chaomhnú.
  • Cloíonn reachtaíocht na hÉireann le beartais an Aontais Eorpaigh atá ceaptha chun gnáthóga nádúrtha a chosaint, an t-aer agus an t-uisce a choimeád glan agus chun a chinntiú go ndéantar dramhaíl a dhiúscairt mar is ceart agus cabhraíonn an Coimisiún Eorpach lena chinntiú go bhfuil dlí comhshaoil an Aontais á chur i bhfeidhm i gceart ag na Ballstáit.
  • Cuidíonn Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) an Aontais le réigiúin agus pobail áitiúla dúshláin an aistrithe ghlais don tréimhse 2021-2027 a shárú. Leithdháileadh €169 milliún ar Éirinn faoi CUAC, ciste atá á chómhaoiniú ag an Aontas agus Rialtas na hÉireann. 
  • Díríonn Plean Críochach na hÉireann um Aistriú Cóir ar an aistriú eacnamaíoch i réigiún Lár na Tíre, réigiún a bhí buailte nuair a cuireadh deireadh le baint móna. Tá an plean dírithe ar fhostaíocht a ghiniúint, tacú le hathbhunú talaimh portaigh agus roghanna soghluaisteachta inbhuanaithe a sholáthar. 
  • Fágann rialacha an Aontais Eorpaigh go bhfuil ar Éirinn gníomhú maidir le truailliú uisce, diúscairt dramhaíola, cáilíocht an aeir agus caomhnú na ngnáthóg nádúrtha.
  • Ní sceitear camras amh isteach i Muir Éireann a thuilleadh a bhuí le rialacha an Aontais agus tá fiadhúlra na mara feadh chóstaí na hÉireann ábalta maireachtáil in uisce farraige agus tránna atá níos glaine.
  • Chun beartais an Aontais a chomhlíonadh, tá Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide ag Rialtas na hÉireann ina bhfuil gníomhaíochtaí agus amlíne maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú níos mó ná faoina leath faoi 2030 agus maidir le haeráidneodracht a bhaint amach tráth nach déanaí ná 2050.
  • Cuidíonn Tionscadail Leasa Choitinn (PCInna) de chuid an Aontais lena chuspóirí fuinnimh agus aeráide a bhaint amach trí fhuinneamh inacmhainne, slán agus inbhuanaithe a chur ar fáil. I measc na PCInna Éireannacha sin tá Idirnascaire Ceilteach idir an Fhrainc (La Martyre) agus Éire (Cnoc Rátha, Contae Chorcaí), críochfort agus píblíne gháis cheangail sa tSionainn agus stáisiún cumhachta hidrileictrí i mBéal Átha Gabhann.
  • Bhí ról ríthábhachtach ag an gCoimisiún Eorpach maidir le cuidiú le gnáthóga portaigh móna na hÉireann a chosaint trí mhaoiniú a chur ar fáil chun tacú le hathchóiriú gnáthóige agus trí imeachtaí a thionscnamh i gcoinne Éireann as gan go leor a dhéanamh chun portaigh mhóna a chosaint.
  • Faoin Treoir maidir le hUisce Snámha ón Aontas, ní mór d’Éirinn monatóireacht a dhéanamh ar uiscí snámha le cinntiú go bhfuil siad sábháilte do shnámhaithe.
  • Cuireann Clár LIFE an Aontais maoiniú ar fáil chun tacú leis an gcomhshaol, le caomhnú an dúlra agus le tionscadail maidir le gníomhú ar son na haeráide. Le haghaidh na tréimhse 2021-2027 tá buiséad de €5.432 billiún ag an gClár LIFE don Eoraip ar fad.
  • Le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030, téitear i ngleic le príomhchúiseanna chailliúint na bithéagsúlachta, mar shampla úsáid neamh-inbhuanaithe talún, róshaothrú acmhainní nádúrtha, truailliú agus speicis choimhthíocha ionracha.
  • Tá Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um an mBithéagsúlacht ag teacht le Straitéis an Aontais chun a chinntiú go gcuireann gníomhaíochtaí na hÉireann le cuspóirí caomhnaithe ginearálta an Aontais a bhaint amach.
  • Tháinig laghdú 6.8% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann in 2023 mar gheall ar laghduithe in earnálacha na talmhaíochta agus an fhuinnimh den chuid is mó. Tháinig laghdú 21.6% ar astaíochtaí ó ghiniúint cumhachta, agus tháinig laghdú 4.6% ar astaíochtaí talmhaíochta. Tá neart oibre le déanamh ag Éirinn chun a spriocanna aeráide a bhaint amach, áfach.
  • Sainordaítear leis an nGníomh um an nGeilleagar Ciorclach 2022 in Éirinn, Gníomh atá ailínithe le treoir an Aontais, deighilt dramhaíl tráchtála, táillí dreasaithe agus cosc de réir a chéile ar phlaisteach aon úsáide. Ní mór do ghnólachtaí dramhaíl a dheighilt, agus beidh táillí níos ísle ann do dhramhaíl in-athchúrsáilte, agus beidh srianta ar chupáin caife aon uaire. Tacaíonn na bearta sin le dul chun cinn na hÉireann i dtreo sprioc athchúrsála 55% an Aontais faoi 2025, cé gur fhan an ráta athchúrsála ag 41% in 2022, rud a thugann le fios gur dócha nach mbainfidh Éire an sprioc sin amach. 
  • Leagtar amach spriocanna fuinnimh uaillmhianacha na hÉireann de 80% leictreachas ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite faoi 2030, 20GW gaoth amach ón gcósta faoi 2040, agus 9GW gaoth ar talamh faoi 2030 i dTreoir an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite. Tá Éire sa tríú háit go domhanda ó thaobh toilleadh gaoithe per capita, agus 4.8GW suiteáilte ó bhí 2023 ann agus toilleadh gréine ag fás go tapa.

An Comhaontú Glas don Eoraip

Plean Ghníomhaíochta Aeráide Rialtas na hÉireann

An Clár LIFE

An Ciste um Aistriú Cóir

An Straitéis Bhithéagsúlachta

Taisteal

  • Tá an ceart ag saoránaigh na hÉireann taisteal gan víosa agus cónaí, obair nó staidéar i ngach ceann de na 27 mBallstát. Tá sé sin sa bhreis ar chearta taistil agus cónaithe an Chomhlimistéir Taistil, cearta a cosnaíodh le linn na caibidlíochta faoi Brexit. 
  • Ní gá a bheith buartha faoi rátaí malairte airgeadra nó airgead a athrú agus tú ag tabhairt cuairt ar na 20 Ballstát a ghlac an euro.
  • Tá sé níos saoire agus níos sábháilte ná riamh taisteal ar fud an domhain a bhuí le dírialú thionscal na n-aerlínte i mBallstáit an Aontais agus le reachtaíocht maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair, reachtaíocht a chuireann srian ar chleachtais neamhiomaíocha agus a chuireann feabhas ar chaighdeáin sábháilteachta.
  • Fágann rialacháin de chuid an Aontais gur féidir le paisinéirí aerlíne cúiteamh suas le €600 a fháil as eitiltí a bheith mall, curtha ar ceal nó mar gheall ar ró-áirithintí ar eitilt. Má chailltear do chuid bagáiste nó má dhéantar damáiste dó, tá sé de cheart agat aisíocaíocht suas le €1,220 a fháil.
  • Tugadh isteach rialacha san Aontas a neartaigh cearta do phaisinéirí atá ag taisteal ar thraein, ar long nó ar bhus nó ar chóiste fad-achair.
  • Mar náisiúnach den Aontas, tá tú in ann taisteal faoi shaoirse agus do chat, do mhadra nó do choinín fiú a thabhairt leat má tá pas peata Eorpach aige.
  • Tá cosaint láidir ann do thomhaltóirí agus iad ag ceannach saoirí pacáiste, réadmhaoin amroinnte nó scéimeanna club saoire, fiú agus iad á gceannach ar líne.
  • Déanann rialacha an Aontais foráil maidir le haitheantas frithpháirteach ceadúnas tiomána san Aontas, mar sin bíonn ceadúnas tiomána na hÉireann bailí i ngach aon Bhallstát.
  • Tá eitiltí níos sábháilte de bharr an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta a bheith ann, agus, mar gheall ar an méadú ar an gcomhar idir na Ballstáit i dtaca le bainistíocht aerthráchta, tá na heitiltí sin níos éifeachtúla freisin.
  • Tá deireadh curtha le táillí fánaíochta fón póca ar fud an Aontais agus anois ní mór do sholáthraithe conradh ‘Fánaíocht ar Tháillí Baile’ a thabhairt do chustaiméirí mar réamhshocrú.
  • Leis an gCárta Eorpach Sláinte (EHIC) is féidir le saoránaigh na hÉireann bunchúram sláinte a fháil agus iad ag taisteal san Aontas Eorpach agus chuig tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch nó an Eilvéis.

Taisteal a dhéanamh san Aontas Eorpach

Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

‘Fánaíocht ar Tháillí Baile’

Pas Peata Eorpach

Tomhaltóirí

  • A bhuí leis an Margadh Aonair ní ann do bhacainní trádála san Aontas agus fágann sin go mbíonn rogha leathan táirgí agus seirbhísí ar fáil do thomhaltóirí Éireannacha ar phraghsanna níos iomaíche.
  • Bíonn earraí níos sábháilte freisin. Sainordaítear leis an Rialacháin maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí nach mór measúnuithe sábháilteachta diana a dhéanamh ar gach táirge tomhaltais, iad siúd a dhíoltar ar líne san áireamh. Tá sé leagtha síos i rialacha an Aontais go gcaithfear an comhartha comhréireachta ‘CE’ a chur ar a lán catagóirí táirgí. Sin dearbhú ó mhonaróir an táirge go gcomhlíonann sé na ceanglais sábháilteachta ábhartha uile mar aon leis na critéir chibearshlándála agus inbhuanaitheachta uile.
  • Tá sé de cheart ag gach tomhaltóir san Aontas buneolas soiléir, ceart agus cuimsitheach a fháil ó dhíoltóir sula gceannaíonn siad earraí nó seirbhísí ar líne.
  • Le rialacha an Aontais cuirtear cosc ar shrianta geografacha gan údar maith (geobhlocáil) a dhéanann dochar don tsiopadóireacht ar líne agus do dhíolacháin trasteorann. Cinntítear freisin leis an nGníomh um Margaí Digiteacha go bhfuil trédhearcacht ann ó thaobh praghsanna de agus go bhfuil sé níos éasca liostálacha a chur ar ceal. 
  • Is é is aidhm don Ghníomh um Chothroime Dhigiteach cosc a chur ar dhearaí míthreoracha, nó patrúin dhorcha mar a thugtar orthu, cleas chun an dallamullóg a chur ar úsáideoirí, feidhmeanna andúile i bhfeidhmchláir agus suíomh gréasáin a rialáil, agus rialacha a leagan síos maidir le hIntleacht Shaorga chun cúbláil a sheachaint sa tsiopadóireacht ar líne, rud a d’fhágfadh go mbeadh an tsiopadóireacht ar líne níos cothroime agus níos trédhearcaí.
  • Leis an nGníomh um Chibear-Athléimneacht, ceanglaítear ar gach táirge digiteach, mar shampla monatóirí leanaí, uaireadóirí cliste agus bogearraí, ceanglais chibearshlándála éigeantacha a chomhlíonadh ar feadh a saolré ar fad.
  • Is é USB-C anois an caighdeán luchtaithe uilíoch atá ann do ghléasanna leictreonacha a dhíoltar san Aontas, rud a chiallaíonn nach mbíonn cáblaí luchtaithe éagsúla ag teastáil ó thomhaltóirí a thuilleadh.
  • Leis an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, leagtar amach ceanglais inbhuanaitheachta le haghaidh fhormhór na n-earraí fisiceacha a dhíoltar san Aontas a bhfuil sé mar aidhm acu indeisitheacht, in-athchúrsáilteacht, marthanacht, agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú.
  • Tá ‘ceart chun deisiúcháin’ ag tomhaltóirí an Aontais anois, ceart a dhéanann níos éasca agus níos saoire é táirgí a dheisiú ionas nach mbíonn ar thomhaltóirí cinn nua a fháil ina n-ionad.
  • Cuireadh cosc san Aontas ar fhógraíocht mhíthreorach agus ar chleachtais éagóracha trádála, mar shampla teicnící ionsaitheacha díola. Ciallaíonn sin go bhfuil cosc ar chostais fholaithe, ar chleasa, ar ráitis bhréagacha agus ar eolas míthreorach. Tá srianta agus coimircí suntasacha ann chomh fada agus a bhaineann sé le fógraíocht atá dírithe ar leanaí ionas go gcosnófar iad ar ionramháil.
  • Cuirfear cosc ar ‘an nglas-snasú’ mar a thugtar air – nuair a chuireann gnólacht eolas míthreorach ar fáil maidir lena neamhdhíobhálaí don chomhshaol atá a táirgí – faoin Treoir maidir le Maímh Ghlasa.
  • Le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, déantar cinnte de go bhfuil do shonraí pearsanta cosanta nuair a cheannaíonn tú rud éigin ar líne.
  • Is furasta do thomhaltóirí Éireannacha fáil amach cén áit as a dtáinig a gcuid bia agus cé na comhábhair atá istigh ann freisin. A bhuí le rialacha an Aontais, ní mór eolas a áireamh ar lipéid gach táirge bia mar eolas faoi chothú i gcás bia próiseáilte agus mionsonraí faoin áit as ar tháinig feoil neamhphróiseáilte. Lena chois sin, ní mór aird a tharraingt ar ailléirginí amhail cnónna nó bainne ar liosta na gcomhábhar ar an lipéad agus ní mór an lipéad a bheith soléite.
  • Ní mór táirgí cosmaideacha a dhíoltar san Aontas Eorpach a chur faoi mheasúnú sábháilteachta saineolaíoch sula gcuirfear ar an margadh iad. Cuireann reachtaíocht an Aontais cosc freisin ar thástáil ar ainmhithe chun críoch cosmaideach.
  • Chuidigh an tAontas Eorpach le léirscaoileadh an mhargaidh cumarsáide, rud a fhágann go bhfuil rogha níos fearr againn sa lá atá inniu ann de sholáthraithe seirbhísí idirlín agus teileachumarsáide.
  • Déanann an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí seiceálacha córasacha i mBallstáit éagsúla ag an am céanna chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar dhlí cosanta an tomhaltóra, go háirithe i dtaca le díoltóirí ar líne. Leis na scuab-imscrúduithe comhordaithe dírítear ar shaincheisteanna cosúil le sáruithe ar rialacha maidir le margaíocht tionchairí, athbhreithnithe bréige agus maímh mhíthreoracha maidir le laghduithe ar phraghsanna.
  • Faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga, ní mór tomhaltóirí a chur ar an eolas más ag idirghníomhú le botaí comhrá IS nó córais um aithint mothúchán atá siad. 
  • Tá bia agus beatha ainmhithe a dhíoltar san Aontas faoi réir diancheanglais sábháilteachta. Is féidir gníomhú go pras chun tomhaltóirí a chosaint ó tháirgí bia neamhshábháilte tríd an gCóras Mear-rabhaidh um Bia don Duine agus d’Ainmhithe (RASFF).
  • Is córas mear-rabhaidh é córas Safety Gate an Aontais do tháirgí neamhbhia contúirteacha, agus a bhuí leis is féidir earraí contúirteacha a bhaint den mhargadh go tapa.
  • Tá an t-ardán Réitigh Díospóidí ar Líne (ODR) ar fáil ar fud an Aontais do thomhaltóirí na hÉireann le go mbeidh ionad amháin teagmhála ar fáil dóibh le díospóidí faoi cheannacháin ar líne a réiteach ó thús deireadh.

Beartas tomhaltóirí 

An Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí

Comhartha comhréireachta ‘CE’

Taighde agus Nuálaíocht

  • Is í Éire an seachtú náisiún is fearr san Aontas anois ó thaobh na nuálaíochta de agus meallann sin na billiúin euro go hÉirinn in infheistíocht dhíreach choigríche (FDI) ó earnálacha ardteicneolaíochta mar shampla Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (TFC), Cógaisíocht, agus Intleacht Shaorga, agus tá sin amhlaidh de thairbhe gur ball den Aontas Eorpach í. 
  • De réir Scórchlár Eorpach Nuálaíochta 2024 is ‘Nuálaí Láidir’ í Éire agus í ag feidhmiú ag 113.2% de mheán an Aontais, rud a fhágann go sáraíonn sí tíortha ar nós na Gearmáin agus na Fraince.
  • Fuair eagraíochtaí na hÉireann maoiniú suntasach faoin gclár Fís Eorpach (2021–2027). Ó bhí mí na Nollag 2024 ann, tá spriocanna 1.6% na hÉireann sáraithe ag na heagraíochtaí sin trí 2.14% de leithdháiltí foriomlán an Aontais a bhaint amach.
  • Bhí Éire rannpháirteach go forleathan sa chlár Fís Eorpach, agus 1,295 thionscadal a raibh 487 n-eagraíocht Éireannach bainteach leo (agus 217 FBM san áireamh) ag fáil maoinithe ó bhí 2021 ann. Go suntasach, is í Éire an ceathrú náisiún is fearr san Aontas anois ó thaobh rannpháirtíocht FBManna de.
  • Tá barr feabhas bainte amach ag Éirinn sa limistéar cláir Digiteach, Tionsclaíochta agus Spáis, agus €122 mhilliún de mhaoiniú faighte aici, rud a chuidíonn le heagraíochtaí na hÉireann dul i ngleic le dúshláin dhomhanda agus taighde ildisciplíneach a dhéanamh.
  • De thairbhe go bhfuil Éire páirteach sa Limistéar Eorpach Taighde, is féidir le taighdeoirí Éireannacha a gcion a dhéanamh don taighde agus don fhorbairt dhomhanda.
  • Mealltar taighdeoirí cumasacha idirnáisiúnta go hÉirinn mar gheall ar a rannpháirtíocht i dtaighde atá maoinithe ag an Aontas.
  • Trí pháirt a ghlacadh i gcláir thaighde de chuid an Aontais, cuirtear chun cinn agus léirítear cumais taighde na hÉireann ar an leibhéal domhanda.
  • Le Straitéis na hÉireann um Speisialtóireacht Chliste 2022-2027 déantar cistí de chuid an Aontais a ghiaráil chun dul i ngleic le bearnaí nuálaíochta réigiúnacha i réimsí cosúil le hagra-theicneolaíocht agus fuinneamh in-athnuaite.

Taighde agus nuálaíocht

Fís Eorpach

Fís Eorpach in Éirinn

An Limistéar Eorpach Taighde

Brexit

  • Bhí tionchar ag cinneadh na Ríochta Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil ar Éirinn, ach tá bearta coimirce ríthábhachtacha agus maoiniú ríthábhachtach curtha ar fáil le sásraí de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh trádála, dúshláin a bhaineann leis na teorannacha agus tionchair earnála. 
  • Sa Chomhaontú um Tharraingt Siar tá Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann, prótacal chun teorainn chrua a sheachaint ar an oileán agus chun an geilleagar uile-oileáin a chosaint. In 2023 cuireadh Creat Windsor in ionad na ngnéithe ba chonspóidí den Phrótacal chun achrann maidir le teorannacha a laghdú agus sláine an Mhargaidh Aonair a chosaint.
  • Bhí an prótacal ina phríomhthosaíocht don Aontas ó thús na caibidlíochta faoin gComhaontú um Tharraingt Siar agus thacaigh na Ballstáit gan staonadh le staid na hÉireann le linn phróiseas na gcainteanna.
  • Tá cearta saoránachta an Aontais do chónaitheoirí Thuaisceart Éireann a roghnaíonn pas Éireannach fós slán faoin gComhaontú um Tharraingt Siar.
  • Ba í Éire an tairbhí ba mhó den Chúlchiste Coigeartaithe Brexit de €5.37 billiún a cruthaíodh chun tacú leis na réigiúin agus na hearnálacha is mó a ndearnadh difear dóibh nuair a chinn an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil. Fuair Éire leithdháileadh foriomlán de €802 mhilliún i réamh-mhaoiniú.
  • Na cláir mhaoiniúcháin PEACE agus INTERREG a thacaigh leis an gcomhréiteach agus a rinne an dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta i dTuaisceart Éireann agus i Réigiúin na Teorann in Éirinn a chur chun cinn, sholáthair siad maoiniú de nach mór €3.4 billiún san iomlán le haghaidh os cionn 23,000 tionscadal a chuaigh chun tairbhe níos mó ná dhá mhilliún saoránach.
  • Lean an tacaíocht le haghaidh an Phróisis Síochána i ndiaidh Brexit tríd an gclár PEACEPLUS ar fiú €1.1 billiún é.

An Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann

Cúlchiste Coigeartaithe Brexit

Cláir mhaoiniúcháin PEACEPLUS

Sláinte

  • Déanann an Coimisiún Eorpach freagairtí coiteanna Eorpacha ar ghéarchéimeanna sláinte a chomhordú, lena gcinntítear bearta tapa agus éifeachtacha chun an tsláinte phoiblí a chosaint ar fud na mBallstát.
  • Cinntíonn an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach go bhfuil na leigheasanna uile a úsáidtear in Éirinn sláintiúil agus éifeachtach trí dhianmheastóireacht agus dianmhaoirseacht eolaíoch a dhéanamh orthu.
  • Faigheann taighdeoirí agus tionscadail sláinte maoiniú ón Aontas chun ardteicneolaíochtaí leighis, cóireálacha leighis agus diagnóisic a fhorbairt.
  • Leis an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte, is féidir le saoránaigh na hÉireann cúram sláinte stáit a fháil, atá riachtanach ó thaobh leighis de, le linn fanacht sealadach i dtíortha AE/LEE eile.
  • Le Treoir an Aontais maidir le Cúram Sláinte Trasteorann, is féidir le saoránaigh na hÉireann cóir leighis a lorg i dtíortha eile san Aontas, rud a chinntíonn gur féidir rochtain a fháil ar sheirbhísí riachtanacha cúraim sláinte in am trátha.
  • Tá an Spás Eorpach Sonraí Sláinte ag tacú le haistriú na hÉireann chuig córas cúraim sláinte atá níos digitithe agus níos éifeachtúla ná mar a bhí roimhe, agus Rialtas na hÉireann ag fáil €3.6 milliún i maoiniú ón Aontas chun Comhlacht náisiúnta Rochtana Sonraí Sláinte a bhunú.
  • Nuair a bhuail COVID-19 an Eoraip in 2020, mar chuid d'fhreagairt thapa chomhordaithe an Aontais rinneadh vacsaíní a fhorbairt agus a leathadh amach go gasta agus cuireadh straitéis chuimsitheach le chéile ní hamháin chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní don tsláinte phoiblí, ach chun dul i ngleic le dúshláin eacnamaíocha freisin le pacáiste téarnaimh ón Aontas dar luach €1.8 trilliún.
  • Tá ról gníomhach ag Éirinn i bhforbairt an Aontais Sláinte Eorpaigh, tionscnamh suntasach arb é is aidhm dó creat slándála sláinte an Aontais a neartú agus ullmhacht an Aontais do ghéarchéimeanna sláinte a thiocfaidh chun cinn amach anseo a fheabhsú.

Beartas sláinte

Vacsaíniú AE 

Freagairt an Choimisiúin Eorpaigh ar COVID-19 

Buntáistí eile

  • Cé gur tír bheag í Éire, tá cumhacht aici ar leibhéal domhanda a bhuí lena ballraíocht san Aontas Eorpach. Tá tuairimí na hÉireann le brath ar bheartais an Aontais maidir leis an gcuid eile den domhan.
  • Chuir an tAontas tacaíocht riachtanach agus fóram neodrach ar fáil do pholaiteoirí agus státseirbhísigh na hÉireann agus na Breataine, rud a d’éascaigh an dul chun cinn i dtreo Chomhaontú Aoine an Chéasta.
  • Le himeacht na mblianta, chuir an tAontas tacaíocht airgeadais ar fáil do chuid mhór áiseanna turasóireachta in Éirinn, mar shampla an t-ionad léirithe ag Aillte an Mhothair, an athfhorbairt a rinneadh ar Pháirc Foraoise agus Áineasa Loch Cé, agus ionad monaraíochta criostail agus ionad cuairteoirí a bhunú ar iarshuíomh Waterford Crystal nuair a dúnadh é.
  • Chuir an tAontas maoiniú ar fáil freisin le haghaidh mórthionscadail bonneagair ar nós mórbhóthar idiruirbeach, M4/M6 ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh agus M1/M9 ó Cill Chuillinn go Port Láirge, chomh maith le Tollán Chalafoirt Bhaile Átha Cliath, an M50 agus an DART san áireamh.
  • Chuir an tAontas maoiniú €82.5 milliún ar fáil trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) chun Líne Dhearg an Luais i mBaile Átha Cliath a fhorbairt.
  • Chuir an Banc Eorpach Infheistíochta €150 milliún ar fáil chun tacú le hobair tógála ar an síneadh 5.6km le Líne Ghlas an Luais. Chuidigh an banc freisin le hinfheistíocht i roinnt mórthionscadal bonneagair in Éirinn.
  • Tá athfhorbairt Chalafort Chorcaí cómhaoinithe ag an Aontas mar thionscadal de chuid an Ghréasáin tras-Eorpaigh Iompair (TEN-T), gréasán a thacaíonn le tógáil agus uasghrádú bonneagair thábhachtaigh iompair ar fud an Aontais.
  • Tá €120 milliún á sholáthar ag THRIVE – an Scéim um Athbheochan Oidhreachta ‘Tús Áite do Lár Bailte’ atá á maoiniú faoi Chláir Réigiúnacha Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – chun tacú le hathbheochan lár bailte na hÉireann.
  • Mar gheall ar an mBarántas Gabhála Eorpach (EAW) ní féidir le coirpigh Éireannacha an dlí a sheachaint trí theitheadh go Ballstát eile den Aontas Eorpach.
  • Chuidigh ballraíocht san Aontas Eorpach le cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge. Tá stádas iomlán ag an nGaeilge mar theanga oibre mar atá ag aon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais.
  • Le Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe an Aontais déantar bonneagar na hÉireann a nuachóiriú, leathanbhanda faoin tuath agus tacaíocht do FBManna san áireamh.

 

Scéalta an Aontais – cur síos ar chuid de na bealaí ar bhain Éire tairbhe as ballraíocht san Aontas.