Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta2 Bealtaine 2024An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Buaiteoirí ‘Aistritheoirí Óga 2024’ fógartha

Fógraíodh buaiteoirí an chomórtais ‘Aistritheoirí Óga 2024’ ag searmanas bronnta i mBaile Átha Cliath aréir. Cúigear daltaí meánscoile atá ar an liosta – dalta amháin as gach ceann de cheithre chúige Éireann agus an t-ollbhuaiteoir. Rinne gach duine de na buaiteoirí aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge.

From left to right: Daniel Scally, Peadar Mac Donncha, Shanna Ní Rabhartaigh, Ashley Nic Giolla Cheara, Róisín Ní Lionaird, Ruadhán de Faoite, Minister Thomas Byrne and Méabh de Búrca
From left to right: Daniel Scally, Peadar Mac Donncha, Shanna Ní Rabhartaigh, Ashley Nic Giolla Cheara, Róisín Ní Lionaird, Ruadhán de Faoite, Minister Thomas Byrne and Méabh de Búrca

Is as Aontroim, Uíbh Fhailí, Gaillimh agus Port Láirge buaiteoirí na bliana seo (féach an liosta thíos).

Bronnadh ollduais an chomórtais ar Róisín Ní Lionaird ó Choláiste na Coiribe, Co. na Gaillimhe as an aistriúchán is fearr i gceithre chúige Éireann a dhéanamh.

Seo mar a labhair Thomas Byrne TD, Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag an searmanas bronnta inniu: “Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis na buaiteoirí go léir inniu, agus ar ndóigh le gach duine a ghlac páirt sa chomórtas i mbliana. Thaispeáin na buaiteoirí a sárscileanna aistriúcháin dúinn agus is ábhar misnigh é go bhfuil an oiread sin suime á léiriú ag daoine óga i réimse an aistriúcháin agus go bhfuil daltaí meánscoile ag smaoineamh ar na deiseanna fostaíochta san Eoraip. Níl aon amhras orm ach go bhfeicfimid cuid de na daoine óga cumasacha atá anseo inniu arís agus iad ina gcomhghleacaithe againn sna hinstitiúidí Eorpacha sna blianta amach romhainn.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Shanna Ní Rabhartaigh, Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach: “Tá an comórtas fiúntach seo ag dul ó neart go neart le seacht mbliana anuas agus is léiriú air sin an líon scoileanna a ghlac páirt ann i mbliana. An caighdeán aistriúcháin a chuir na rannpháirtithe ar fáil i gcomórtas na bliana seo, bhí sé ní ba airde ná mar a bhí riamh, agus beidh pobal na Gaeilge ag coinneáil súil ar an méid a thiocfaidh ón dream óg seo i réimse na scríbhneoireachta agus an aistriúcháin Ghaeilge amach anseo.”

An Comórtas

Is é seo an seachtú heagrán den chomórtas ‘Aistritheoirí Óga’, comórtas aistriúchán bliantúil a eagraíonn an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann i dteannta a chéile. Trí sprioc atá leis an gcomórtas, is iad sin ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn, an t-ilteangachas a spreagadh i measc daltaí meánscoile agus suim daltaí meánscoile a mhúscailt i ngairmeacha le teangacha.

I mbliana, ghlac 79 ndalta as 29 scoil páirt sa chomórtas, iad ag aistriú ón mBéarla, ón bhFraincis, ón nGearmáinis agus ón Spáinnis go Gaeilge.

Cúig chatagóir atá sa chomórtas, is iad sin an duais don aistriúchán is fearr i ngach ceann de na ceithre chúige aonair agus an ollduais don aistriúchán is fearr i gceithre chúige Éireann.

Seo a leanas liosta na mbuaiteoirí 2024:

An t-aistriúchán is fearr i gceithre chúige Éireann:

Róisín Ní Lionaird                                         
Coláiste na Coiribe, Co. na Gaillimhe

An t-aistriúchán is fearr i gcúige Chonnacht: 

Peadar Mac Donncha                                   
Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Co. na Gaillimhe

An t-aistriúchán is fearr i gcúige Laighean:

Daniel Scally                                                  
Coláiste Thulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí

An t-aistriúchán is fearr i gcúige Mumhan:

Ruadhán de Faoite                                        
Meánscoil San Nioclás, Co. Phort Láirge

An t-aistriúchán is fearr i gcúige Uladh:

Ashley Nic Giolla Cheara                             
Coláiste Feirste, Co. Aontroma                   
 

Cúlra an chomórtais

Seoladh an chéad eagrán den chomórtas i mí Dheireadh Fómhair 2017. Tá sé oscailte do dhaltaí a bhfuil 15 bliana déag slánaithe acu.

Is cuid d’iarracht níos forleithne é an comórtas chun feasacht a ardú i dtaca leis an tábhacht agus na buntáistí a bhaineann le stádas iomlán na Gaeilge mar theanga oibre oifigiúil san Aontas Eorpach. Ón 1 Eanáir 2022 i leith, déantar an reachtaíocht go léir a achtaítear san Aontas a aistriú go Gaeilge (mar a rinneadh i gcónaí cheana féin i gcás na 23 theanga oifigiúla eile). Ó seo amach, is faoi Institiúidí an Aontais é a chinntiú go bhfuil dóthain ball foirne oilte ann chun na hoibleagáidí nua sin a chomhlíonadh. 

Sonraí

Dáta foilsithe
2 Bealtaine 2024
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn