
Tá an teicneolaíocht dhigiteach chomh lárnach sin i saol an lae inniu gur deacair an domhan a shamhlú gan an t-idirlíon, fóin chliste nó loingseoireacht GPS.
Tá athrú ollmhór tagtha ar an gcaoi a mairimid, a n-oibrímid agus a bhfoghlaimímid. Is fusa anois teagmháil a dhéanamh le daoine, tá borradh faoin táirgiúlacht, agus tá acmhainní fairsinge acadúla agus taighde ar fáil dúinn.
Tá teicneolaíochtaí digiteacha nua ag cur feabhas ar an gcúram sláinte, ar sheirbhísí poiblí, ar an oideachas agus ar an táirgiúlacht, agus tá dóchas ann go gcabhróidh forbairtí san intleacht shaorga (IS) leis an gcomhrac domhanda i gcoinne an athraithe aeráide, na bochtaineachta agus an ocrais. Agus an saol digiteach ag síorathrú, bíonn féidearthachtaí spreagúla ag baint le luas agus iontaofacht na líonraí nua, ach tá leochaileachtaí agus mí-úsáid tagtha chun cinn freisin.
Ní mór srian a chur ar bhagairtí contúirteacha – bréagnuacht ar na meáin shóisialta, haiceáil mhí-eiticiúil, ciapadh ar líne, sceamáil airgeadais, goid sonraí agus araile – agus is gá leanaí a chosaint ar ábhar míchuí.
Tá an mhífhaisnéis agus an bhréagaisnéis tar éis saobhadh a dhéanamh ar na fíricí i dtaca le toghcháin, coimhlintí idirnáisiúnta, agus comhairle leighis agus airgeadais. Ina theannta sin, tá rabhadh á thabhairt ag saineolaithe maidir le fás tapa na hintleachta saorga agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint léi má fhágtar gan srian í.
Agus na teicneolaíochtaí digiteacha á síorneadú inár sochaí agus inár ngeilleagar, tá an Coimisiún Eorpach i mbun oibre chun an nuálaíocht a chuideachtú le coimircí láidre, le hiomaíocht chothrom, agus le meas ar chearta bunúsacha.
Deacáid Dhigiteach na hEorpa
Is tosaíocht thrasearnálach don Aontas é an beartas digiteach agus é comhtháite laistigh de raon leathan réimsí: an iomaíocht, cosaint na dtomhaltóirí, an fás eacnamaíoch, na seirbhísí poiblí, an tslándáil, agus réimsí nach iad. Déantar comhordú air tríd an Deacáid Dhigiteach, ina leagtar amach spriocanna soiléire uaillmhianacha le haghaidh chlaochlú digiteach na hEorpa, mar aon le creat coiteann chun comhordú agus monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn ar fud an Aontais. Tá an Deacáid Dhigiteach bunaithe ar cheithre phríomhréimse, agus an méid seo a leanas ar a spriocanna le haghaidh 2030:
1. Scileanna: Bunscileanna digiteacha a bheith ag 80% ar a laghad de dhaoine fásta, 20 milliún speisialtóir TFC a bheith ar fáil, agus tuilleadh ban a bheith i róil TFC.
2. Bonneagar: Nascacht gigighiotáin a bheith i ngach teaghlach san Aontas, agus clúdach 5G a bheith i ngach ceantar a bhfuil cónaí ann.
3. Gnó: An néalríomhaireacht, olltiomsú sonraí agus IS a bheith á n-úsáid ag 75% de ghnólachtaí ar a laghad, agus bunchéim déine digití a bheith bainte amach ag breis agus 90% d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.
4. Seirbhísí poiblí: Rochtain shlán ar líne ar ríomhthaifid leighis, agus gach príomhsheirbhís phoiblí a bheith ar fáil ar líne.
I dtaca leis na cuspóirí sin, tá sé geallta ag na Ballstáit 20% ar a laghad de chistí a gcuid Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta a chur i leataobh le haghaidh tosaíochtaí digiteacha. Déantar monatóireacht ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna na Deacáide Digití trí thuarascálacha bliantúla ar Staid na Deacáide Digití agus trí threochláir straitéiseacha náisiúnta.

Ó thaobh an réimse dhigitigh agus na teicneolaíochta glaine de, ní mór dúinn a bheith níos tapúla, níos cliste agus níos Eorpaí.
An tUachtarán Ursula von der Leyen, aitheasc ar Staid an Aontais 2025
Bealach na hÉireann ionsar na Deacáide Digití
Tá tábhacht ar leith ag cuspóirí na Deacáide Digití d’Éirinn ós anseo a lonnaíonn go leor mórchuideachtaí teicneolaíochtaí a gceanncheathrúna Eorpacha.
Is le straitéis náisiúnta dhigiteach agus IS na hÉireann, Éire Dhigiteach – Ár nDaoine a Nascadh, ár dTodhchaí a Shlánú, a leagtar amach an creat foriomlán chun cuspóirí Dheacáid Dhigiteach an Aontais a bhaint amach. Tugtar tacaíocht di trí réimse tionscnamh náisiúnta, ina measc sin:
• An Plean Leathanbhanda Náisiúnta: Leathanbhanda gigighiotáin curtha ar fáil do bhreis agus 450,000 de thithe, feirmeacha agus gnólachtaí; meastar go gcuirfear an plean i gcrích faoi dheireadh 2026.
• An Ciste um Aistriú Digiteach: €85 mhilliún i ndeontais agus i dtacaíocht chomhairleach chun cabhrú le FBManna tosú teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid.
• An Scéim um Chlaochlú Digiteach: €3 mhilliún de thacaíocht d’eagraíochtaí sna meáin chun samhlacha gnó digiteacha inbhuanaithe a fhorbairt.
• An Chairt um Chuimsiú Digiteach: Gealltanas deonach trasearnála chun scileanna digiteacha a chur chun cinn mar aon leis an inrochtaineacht agus an rochtain ionchuimsitheach ar sheirbhísí ar líne.
A bhuí leis na tionscnaimh sin, beidh naisc níos gasta ag teaghlaigh agus gnólachtaí na hÉireann, mar aon le fáil níos éasca ar sheirbhísí agus uirlisí níos láidre chun dul san iomaíocht ar an leibhéal domhanda.
Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach
Éire Dhigiteach – Ár nDaoine a Nascadh, ár dTodhchaí a Shlánú
Dul chun cinn na Deacáide Digití
Sa tuarascáil ‘Staid na Deacáide Digití 2025’, éilítear dul chun cinn níos tapúla i dtreo spriocanna digiteacha an Aontais le haghaidh 2030, agus sonraítear bearnaí leanúnacha ar fud na mBallstát. Cuirtear easnamh mór scileanna digiteacha i dtábhacht, agus gan ach 55.6% de dhaoine fásta a bhfuil bunscileanna digiteacha acu. Moltar go gcuirfí teicneolaíochtaí IS, néalríomhaireachta agus sonraí chun úsáide níos tapúla, go háirithe in FBManna, agus go gcuirfí líonraí snáthoptaice agus 5G ar fáil níos gasta.
Fuarthas sa tuarascáil go bhfuil Éire fós ag déanamh dul chun cinn tréan maidir le bonneagar digiteach agus digitiú na seirbhísí poiblí. Mar sin féin, sonraítear dúshláin nach mór dul i ngleic leo chun spriocanna 2030 a bhaint amach. Áirítear ar phríomh-mholtaí an Choimisiúin d’Éirinn:
• Cur chuige níos comhleanúnaí i leith an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais, agus feabhsú ar éifeachtúlacht fuinnimh na n-ionad sonraí san áireamh.
• Glacadh níos forleithne leis an intleacht shaorga, leis an néalríomhaireacht agus le holltiomsú sonraí, go háirithe in FBManna.
• Méadú ar an infheistíocht sa chibearshlándáil, de réir ról na hÉireann mar mhórmhol digiteach.
• Méadú ar an oiliúint i scileanna digiteacha, agus aghaidh á thabhairt ar an mbearna inscne i measc speisialtóirí TFC.
• Feabhas ar inrochtaineacht agus feidhmiúlacht na ríomhsheirbhísí sláinte, rochtain ar líne ar thaifid leighis san áireamh.
• Dul chun cinn maidir le céannacht dhigiteach náisiúnta (eID) a chur i bhfeidhm ionas go bhféadfar rochtain shlán a fháil ar sheirbhísí ar líne.
Tugtar aghaidh go díreach ar a lán de na moltaí sin sa 90 beart sonrach a leagtar amach i straitéis dhigiteach agus IS na hÉireann a foilsíodh i mí Feabhra 2026.
Tuarascáil 2025 ar Staid na Deacáide Digití
Tuarascáil Tíre 2025 ar Éirinn maidir leis an Deacáid Dhigiteach
Pacáiste na Seirbhísí Digiteacha
I bPacáiste na Seirbhísí Digiteacha thug an tAontas dhá phíosa thábhachtacha reachtaíochta isteach chun spásanna digiteacha níos sábháilte agus níos iomaíocha a chruthú. An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus an Gníomh um Margaí Digiteacha. Sa dá ghníomh sin leagtar rialacha soiléire síos le haghaidh ardáin ar líne agus margaí digiteacha, rialacha atáthar a chur i bhfeidhm go gníomhach ar fud an Aontais.
Tá sé d’aidhm ag an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha go mbeidh gach rud atá mídhleathach as líne mídhleathach ar líne freisin. Rialaíonn an gníomh seirbhísí ar nós meáin shóisialta agus ionaid mhargaidh ar líne, agus cuireann sé oibleagáid orthu ábhar mídhleathach nó dochrach a bhaint anuas go gasta, daoine atá faoi aois a chosaint, agus a bheith trédhearcach sa bhealach a dhéanann siad modhnú ar ábhar.
Leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, déantar rialú ar ardáin mhóra ar líne a ainmnítear mar ‘gheatóirí’ chun an iomaíocht chóir a chinntiú. Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin nach féidir le hollchomhlachtaí teicneolaíochta tús áite míchothrom a thabhairt dá gcuid seirbhísí féin ná iallach a chur ar a gcuid custaiméirí fanacht laistigh dá ‘n-éiceachóras’ féin.

Tá seacht ngeatóir ainmnithe ag an gCoimisiún go dtí seo agus tá sé ag fiosrú na neamh-chomhlíontachta go gníomhach. Is féidir fíneálacha suas le 10% den láimhdeachas domhanda a ghearradh as na rialacha a shárú.
Tá bearta forfheidhmithe suntasacha déanta ag an gCoimisiún faoin nGníomh um Margaí Digiteacha agus faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus go dtí seo gearradh na céadta milliún euro d’fhíneálacha. Beagnach 50 milliún cinneadh maidir le hábhar úsáideoirí nó lena gcuntais aisiompaithe atá curtha ar ceal ag ardáin ar líne idir teacht i bhfeidhm an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha agus tús 2026.
Buntáistí an Ghnímh um Margaí Digiteacha agus an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha
• Cosaint agus cuntasacht níos láidre ar líne, sa chaoi go mbeidh na hardáin dhigiteacha níos sábháilte, níos cothroime agus níos trédhearcaí.
• Margaí digiteacha níos iomaíche, agus dá réir sin praghsanna níos fearr agus rogha níos leithne don tomhaltóir.
• Níos mó smachta ag úsáideoirí ar a gcuid sonraí pearsanta agus cosaintí níos fearr ar rianú nach bhfuil ag teastáil agus ar phróifíliú.
• Cosaintí níos fearr do leanaí, mar shampla srianta soiléire ar fhógraíocht arb iad na leanaí a sprioc.
• Córais níos éifeachtaí agus níos soláimhsithe chun ábhar mídhleathach nó dochrach a thuairisciú ar líne.
• Rochtain níos fearr ar an margadh ag FBManna agus ag gnólachtaí nuathionscanta, sa chaoi go gcothófar an nuálaíocht agus an fás.
• Breis iontaoibhe as seirbhísí digiteacha a bhuí le rialacha níos soiléire agus le cleachtais níos cothroime.
Le Gníomh an Aontais maidir le Sonraí, faigheann tomhaltóirí agus gnólachtaí cosaint bhreise sa réimse digiteach. Cuirtear ar chumas úsáideoirí smacht a choinneáil ar na sonraí a ghineann a gcuid gléasanna nasctha, ar nós carranna, teilifíseán cliste agus innealra tionsclaíoch. Tá sé fógartha ag an gCoimisiún freisin go bhfuil sé i gceist aige Gníomh um Chothroime Dhigiteach a chur chun cinn le cosaint na dtomhaltóirí ar líne a threisiú a thuilleadh.

Le Gníomh an Aontais maidir le Sonraí, atá i bhfeidhm ó mhí Mheán Fómhair 2025, faigheann tomhaltóirí agus gnólachtaí cosaint níos fearr sa réimse digiteach. Cuirtear ar chumas úsáideoirí smacht a choinneáil ar na sonraí a ghineann a gcuid gléasanna nasctha, ar nós carranna, teilifíseán cliste agus innealra tionsclaíoch.
Rialtóirí Digiteacha na hÉireann
Anseo in Éirinn atá ceanncheathrúna Eorpacha a lán de na comhlachtaí teicneolaíochta is mó ar domhan, agus dá réir sin tá ról lárnach ag Éirinn i gcur i bhfeidhm na rialacha faoi GSD, GMD agus RGCS. Tá gréasán de rialtóirí Éireannacha ag obair as lámh a chéile chun maoirseacht a dhéanamh ar an earnáil dhigiteach:
• Coimisiún na Meán: Is é Coimisiún na Meán Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na hÉireann, agus sa cháil sin is eisean atá freagrach as an GSD a chur i bhfeidhm. Tá sé freagrach as Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc a chur i bhfeidhm freisin. Rialaíonn an treoir sin ábhar ar an teilifís thraidisiúnta, ar sheirbhísí ar éileamh, agus ar ardáin comhroinnte físeán. I mí Dheireadh Fómhair 2024, thug an Coimisiún Cód nua Sábháilteachta ar Líne isteach chun leanaí a chosaint níos fearr ar líne.
• An Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí: Cuireann an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí na rialacha i bhfeidhm i réimsí ar nós margaí ar líne, sa chaoi go gcosnaítear cearta na dtomhaltóirí agus go ndéantar deimhin den iomaíocht chóir.
• An Coimisiún um Chosaint Sonraí: Is é an Coimisiún um Chosaint Sonraí an príomhúdarás le Rialachán Ginearálta an Aontais maidir le Cosaint Sonraí a chur i bhfeidhm. Déanann sé deimhin de go gcloíonn gach ardán ar líne le cearta príobháideachais a chuid úsáideoirí.
Eolas faoin nGníomh um Margaí Digiteacha
An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha
An intleacht shaorga
Tá sé d’aidhm ag an Aontas mol domhanda a chruthú le haghaidh intleacht shaorga atá iontaofa agus a thugann tús áite don duine daonna. Is é an Gníomh um an Intleacht Shaorga bunchloch an chur chuige sin, óir is é an chéad dlí cuimsitheach ar domhan maidir leis an intleacht shaorga é agus leagann sé caighdeán domhanda amach lena rialú.
Tá feidhm dhlí ag an nGníomh ó mhí Lúnasa 2024 agus tá sé á chur chun feidhme go céimnitheach. Úsáidtear cur chuige bunaithe ar an riosca ann lena chinntiú go mbeidh na córais intleachta saorga sábháilte agus go gcloífear le cearta bunúsacha. Dá réir sin, dá thromchúisí na rioscaí don tsochaí ó chóras intleachta saorga, is ea is déine na rialacha.
• Rioscaí do-ghlactha: Tá cosc ar gach cleachtas intleachta saorga atá ina bhagairt shoiléir ar chearta nó ar shábháilteacht daoine, ar nós scóráil shóisialta a dhéanann údaráis phoiblí.
• IS ardriosca: Maidir le córais a úsáidtear i réimsí íogaire amhail gléasanna leighis, bonneagar criticiúil, nó an earcaíocht, cuirtear riachtanais dhiana i bhfeidhm ina leith, mar shampla bainistíocht riosca, rialachas sonraí agus maoirseacht dhaonna.
• Oibleagáidí trédhearcachta: Ní mór do chórais intleachta saorga áirithe, leithéidí botaí comhrá nó ábhar a ghintear le hintleacht shaorga, úsáideoirí a chur ar an eolas go soiléir gur ábhar a gineadh le hintleacht shaorga é an t-ábhar a bhfuil siad ag plé leis nó ag féachaint air.
Is í an Oifig Eorpach um Intleacht Shaorga, cuid den Choimisiún, a dhéanann maoirseacht ar oibriú an Ghnímh um an Intleacht Shaorga agus a thacaíonn lena chur i bhfeidhm go leanúnach ar fud an Aontais.
“Is féidir sa lá atá inniu ann domhainbhrionnuithe hipear-réalaíocha agus feachtais bhréagaisnéise uathoibrithe phearsantaithe a chur ar siúl faoi luas agus ar scála nach bhfacthas go dtí seo. Sin é go díreach an fáth a bhfuilimid ag cur leis na cosaintí sa rialachas digiteach. Ní leis an nuálaíocht a phlúchadh a dhéantar rialachas, ach lena stiúradh.” Michael McGrath, an Coimisinéir um an Daonlathas, an Ceartas agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí
I dteannta obair rialachais an Choimisiúin, tá sé ag obair chun dlús a chur leis an nglacadh leis an intleacht shaorga. I mí Aibreáin 2025, sheol sé an Plean Gníomhaíochta um Mór-Roinn na hIntleachta Saorga chun acmhainneacht intleachta saorga na hEorpa a neartú. Cé go bhfuil fás ag teacht ar éiceachóras na ngnólachtaí nuathionscanta in earnáil na hintleachta saorga, níl an intleacht shaorga in úsáid ach ag 13.5% nó mar sin de ghnólachtaí an Aontais faoi láthair. Tá an plean dírithe ar an mbonneagar ríomhaireachta a mhéadú, an rochtain ar shonraí a fheabhsú agus scileanna intleachta saorga a fhorbairt chun tacú le cur in úsáid freagrach na hintleachta saorga.

Ina theannta sin, tá an AE ag tógáil éiceachórais le tacú leis an nuálaíocht san intleacht shaorga agus lena cur chun úsáide. Áirítear ar na príomthionscnaimh:
• An Pacáiste Nuálaíochta IS, rud a chuireann sár-ríomhairí an Aontais ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna Eorpacha chun a gcuid samhlacha a oiliúint.
• Déantar infheistíocht i dtalann, i scileanna agus in oideachas intleachta saorga ionas go mbeidh an lucht saothair is gá againn chun an intleacht shaorga a fhorbairt agus a chur in úsáid ar bhealach freagrach.
• Rialacha nuachóirithe maidir le dliteanas i leith táirgí chun a chinntiú gur féidir le daoine sásamh a lorg má dhéanann táirgí atá cumasaithe ag an intleacht shaorga díobháil dóibh.
In Éirinn, tacaíonn CeADAR, an lárionad náisiúnta intleachta saorga feidhmí atá ina Mhol Nuálaíochta Digití Eorpach, le gnólachtaí Éireannacha an intleacht shaorga a chur chun úsáide. Le straitéis náisiúnta dhigiteach agus IS na hÉireann, déantar comhlánú ar na hiarrachtaí sin i gcomhréir le cuspóirí an Aontais. Áirítear ar thionscnaimh intleachta saorga na hÉireann Comhairle Chomhairleach IS a bhunú, plean chun Comhaltacht Náisiúnta IS a sheoladh, agus bearta nua chun an chibearshlándáil a neartú.
Gníomhaíocht dhigiteach
Le bearta praiticiúla an Choimisiúin Eorpaigh, baineann daoine, gnólachtaí agus seirbhísí poiblí ar fud an Aontais leas go laethúil as ár mbeartais dhigiteacha. Seo roinnt samplaí:
• Fánaíocht ar tháille baile: Ó bhí 2017 ann, is féidir leat d’fhón póca a úsáid le haghaidh glaonna, téacsanna agus sonraí áit ar bith san Aontas gan aon chostas breise, agus is éasca dá réir sin an taisteal agus an chumarsáid trasteorann.
• Cosc ar gheobhlocáil: Cuireann rialacha an Aontais cosc ar idirdhealú gan údar ar bhonn áite le linn siopadóireacht ar líne, rud a chuidíonn le tomhaltóirí agus le gnólachtaí leas a bhaint as margadh aonair digiteach atá níos comhtháite.
• Cosaint níos láidre do shonraí: A bhuí leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), tá níos mó smachta ag daoine ar a gcuid sonraí pearsanta agus déantar deimhin de chaighdeáin sheasmhacha phríobháideachais ar fud an Aontais.
• An Tiachóg Eorpach Céannachta Digití: Leis an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, beidh daoine in ann a gcéannacht a chruthú ar bhealach slán chun rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha – cúrsaí riaracháin phoiblí, baincéireacht, oideachas agus cúram sláinte, cuir i gcás –ar fud an Aontais agus smacht fós acu ar a gcuid sonraí pearsanta.
• Fíorú aoise: Beidh aip Eorpach um fhíorú aoise ann lena mbeidh úsáideoirí in ann a n-aois a chruthú agus iad ag úsáid ardáin ar líne. Beidh an aip comhtháite i dTiachóg Céannachta Digití na hÉireann atá ar na bacáin.
• Rialacha an Omnibus Dhigitigh: Tá an Coimisiún i mbun oibre chun rialacha digiteacha an Aontais a shimpliú agus a chuíchóiriú, chun an forluí idir píosaí reachtaíochta a laghdú agus chun tacú le cur i bhfeidhm níos rianúla, go háirithe le haghaidh gnólachtaí agus fiontair bheaga agus mheánmhéide.
• An Gníomh um Líonraí Digiteacha: Tá rialacha nua molta ag an gCoimisiún chun tacú leis an infheistíocht sa nascacht den chéad ghlúin eile, chun feabhas a chur ar chur in úsáid líonraí agus chun bonneagar digiteach na hEorpa a threisiú de réir spriocanna nascachta na Deacáide Digití.
• An Gníomh Eorpach um Shliseanna: Gníomh chun tacú leis an infheistíocht i monarú leathsheoltóirí agus sa taighde maidir leo, sa chaoi go neartófar teacht aniar na hEorpa i dtaca le teicneolaíochtaí criticiúla a úsáidtear i gcarranna, i ngléasra leighis, i dtáirgí leictreonacha do thomhaltóirí, agus i dtáirgí nach iad.
• An Clár don Eoraip Dhigiteach: Clár chun infheistíocht a dhéanamh in ardteicneolaíochtaí digiteacha, sa chibearshlándáil, san intleacht shaorga agus i scileanna digiteacha, agus chun tacú le himlonnú na hacmhainneachta digití agus na nuálaíochta ar fud na mBallstát.
• An Gníomh um Chibear-Athléimneacht: Gníomh chun riachtanais chibearshlándála uile-Aontais le haghaidh táirgí digiteacha a thabhairt isteach le húsáideoirí a chosaint ar chibearbhagairtí ar feadh shaolré na dtáirgí.
• Cosaint leanaí: Tá plean gníomhaíochta AE in aghaidh na cibearbhulaíochta seolta ag an gCoimisiún agus tá sé ag tacú le bearta chun feabhas a chur ar an tsábháilteacht ar líne, chun rochtain atá oiriúnach ó thaobh aoise de ar sheirbhísí digiteacha a chur chun cinn, agus chun na cosaintí do mhionaoisigh a neartú.
• Luchtú uilíoch: Táthar ag glacadh le USB-C mar phort luchtaithe caighdeánach le haghaidh an-chuid gléasanna leictreonacha, rud a laghdaíonn an dramhaíl leictreonach agus a dhéanann an saol níos simplí do thomhaltóirí.
• WiFi4EU: Tá breis agus 90,000 pointe Wi-Fi WiFi4EU saor in aisce socraithe in áiteanna poiblí ar fud na hEorpa. Is féidir leat na pointí a aimsiú trí aip atá ar fáil ar aipmhargaí iOS agus Google.
Naisc ghaolmhara
Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach
Plean na hÉireann um Sheirbhísí Poiblí Digiteacha 2030
Digital Agenda news

- News article
The European Commission has presented an EU action plan aimed at bolstering the cybersecurity of hospitals and healthcare providers.

- News article
The European Commission has launched a package of measures to support European startups and SMEs in the development of trustworthy Artificial Intelligence (AI) that respects EU values and rules.

- News article
The European Commission has welcomed the political agreement reached between the European Parliament and the Council on the Artificial Intelligence Act (AI Act), proposed by the Commission in April 2021.

- News article
The European Commission services have signed administrative arrangements with the media regulators of France and Ireland to support its supervisory and enforcement powers under the Digital Services Act.