Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Iascaigh in Éirinn

De bharr gur Ballstát den Aontas Eorpach í Éire, agus de bharr go mbíonn sí ag obair i gcomhar leis na Ballstáit eile chun ár bhfarraigí agus ár n-aigéin a chosaint, tugtar tacaíocht d’iascairí agus do phobail iascaireachta, don chomhshaol muirí agus do thomhaltóirí táirgí éisc na tíre sin.  

An Comhbheartas Iascaigh (CBI)

Buntáistí an Chomhbheartais Iascaigh

  • Leis an gComhbheartas Iascaigh, tá deireadh á chur le haischur, cleachtas lena gcaitear éisc nach bhfuil ag teastáil thar bord toisc iad a bheith róbheag nó toisc nach bhfuil aon chuóta don ghabháil ag an iascaire.
  • Leis an gComhbheartas seo, tá an tAontas ina cheannródaí sa chomhrac domhanda i gcoinne na hiascaireachta neamhthuairiscithe, neamhrialáilte agus neamhdhleathaí tríd an dlí idirnáisiúnta iascaigh.
  • Tá bearta á ndéanamh ag an Aontas chun dul i ngleic leis an ocht milliún tona plaisteach a thagann isteach san fharraige gach bliain, cuid mhaith de ó thionscal na hiascaireachta.

An Comhbheartas Iascaigh

Measúnú an Choimisiúin Eorpaigh ar an gComhbheartas Iascaigh

An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI)

Is é CEMI an ciste chun beartais mhuirí agus iascaigh an Aontais a chur chun feidhme. Úsáidtear é chun cabhrú le hiascairí aistriú chuig iascaireacht inbhuanaithe agus chun tacú le pobail chósta a ngeilleagair a éagsúlú.

Leis an gciste déantar cómhaoiniú ar thionscadail agus ar mhaoiniú náisiúnta, agus déantar sciar den bhuiséad a leithdháileadh ar gach Ballstát, bunaithe ar mhéid a thionscail iascaireachta.

Tá an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) nua á chur in ionad CEMI don tréimhse 2021-2027. Beidh buiséad €6.108 billiún aige a úsáidfear chun tacaíocht a thabhairt d’iascaigh chósta ar mhionscála agus do shoithí suas le 24 mhéadar go háirithe, agus chun an dobharshaothrú a chur chun cinn.

Leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe nua, beidh muid in ann infheistíocht a dhéanamh chun feabhas a chur ar an tsláinte, ar an tsábháilteacht agus ar dhálaí oibre ar bord soithí iascaireachta, agus a chinntiú san am céanna gur inbhuanaithe a bheidh cabhlach an Aontais.

Virginijus Sinkevičius, an Coimisinéir um an gComhshaol, um na hAigéin agus um an Iascach

Cuidíonn an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh le hÉirinn na hoibleagáidí atá uirthi ó thaobh iascach de go domhanda agus go háitiúil a chomhlíonadh agus is í Rannóg na nGníomhaireachtaí agus na gClár Mara sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a chuireann an ciste chun feidhme.

Bhí timpeall €239.2 milliún ar fáil d’Éirinn faoi CEMI 2014-2020 chun tacú le hiascairí, leis an tionscal bia mara agus le pobail cois cósta.

Tá maoiniú spriocdhírithe ón Aontas á úsáid chun tacú leis an tionscal iascaigh teacht slán ó phaindéim an choróinvíris, mar shampla:

• Cabhair éigeandála don iascach agus don dobharshaothrú

• Bearta nua uaillmhianacha CEMI

• Borradh €500 milliún ón Sásra um Aistriú Cóir

An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh in Éirinn 2014-2020

An Ciste Eorpach Muirí Iascaigh agus Dobharshaothraithe

An Sásra um Aistriú Cóir

Cabhair éigeandála le haghaidh na n-iasach agus an dobharshaothraithe

Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh (GÁGInna)

Samplaí de thionscadail GÁGInna in Éirinn

  • D’fhorbair bunadh Oileán Acla an Achill Experience, Uisceadán agus Ionad Cuairteoirí i bhfoirgneamh tréigthe, agus de thoradh an phróisis cruthaíodh sé phost lán-aimseartha agus trí phost pháirtaimseartha do dhaoine áitiúla, ar dhaoine muinteartha le hiascairí a bhformhór.
  • Bhunaigh daoine a bhí ina gcónaí agus ag obair gar do Chuan na Gaillimhe Cuan Beo chun an meath a tháinig ar chaighdeán na n-uiscí, ar a bhfuil cáil na sliogiasc, a chur ina cheart.
  • Thug GÁGI Iarthar na hÉireann cúnamh don ghnó feamainne Bláth na Mar aistriú ó fhiontar as a bhfuair duine amháin ioncam forlíontach go fiontar inmharthana a thugann fostaíocht lánaimseartha do cheathrar anois ar Inis Mór.

FARNET – an Líonra Eorpach de Limistéir Iascaireachta

Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh in Éirinn

Fíricí iascaireachta

Latest fisheries news