Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Beartas imirce an Aontais agus Éire

Is saincheist chasta í an imirce nach mór a láimhseáil ar bhealach daonna cothrom agus an-tuisceanach.

Tá imircigh ag teastáil ón Eoraip chun dul i ngleic lena meath déimeagrafach ach is minic gurb é an imirce gan ord gan eagar is cúis le dúshaothrú, gáinneáil ar dhaoine agus scéalta tragóideacha.

Tráth géarchéime, cogaidh, nó gorta, tráth arbh éigean do líon mór daoine tearmann a lorg san Eoraip, bhí brú imirce ar na Ballstáit ag teorainneacha seachtracha an Aontais, brú a sháraigh a gcuid acmhainní.

Dá bharr sin fágadh go leor imirceach ag feitheamh i ndálaí faoi bhun caighdeáin ar feadh tréimhsí fada sula ndearnadh a n-iarratas a phróiseáil.

Chuir ionradh míleata na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022 iachall ar na milliúin duine teitheadh óna dtithe, léirigh sé cé chomh tapa agus is féidir le géarchéim dhaonnúil teacht chun cinn.

Leag sé béim freisin ar an ngá atá le córais a bheith i bhfeidhm lenar féidir cúnamh éifeachtúil a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil cúnamh de dhíth orthu agus chun anord a sheachaint ag teorainneacha an Aontais Eorpaigh.

Ghlac an Coimisiún Eorpach Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, comhaontú atá ag cuidiú chun cur chuige Eorpach cuimsitheach daonnúil i leith na himirce mar thoradh air chun cuidiú leo siúd is mó a bhfuil an chosaint de dhíth orthu agus chun cur le fás, nuálaíocht agus dinimiceas sóisialta na hEorpa.

Tá seantuiscint againn in Éirinn ar chúrsaí imirce agus déanfaidh Éire a cion chun an comhaontú nua a chur i bhfeidhm agus chun gníomhú i ndlúthpháirtíocht leis na Ballstáit eile.

Comhaontú maidir le hImirce agus Tearmann

Léiríodh le géarchéim na ndídeanaithe idir 2015-2016 agus leis na blianta ina dhiaidh sin go bhfuil easnaimh i gcóras imirce an Aontais. Is ar éigean a bhí na Ballstáit ar theorainneacha seachtracha an Aontais in ann déileáil leis na sreabha móra imirce agus san am céanna, ní raibh an comhordú ceart á dhéanamh ar na córais tearmainn éagsúla ar fud na hEorpa.

Illustrative image about the EU Migration and Asylum Pact

Faoin gComhaontú maidir le hImirce agus Tearmann, moltar córas bainistithe imirce intuartha iontaofa lena gcuirfear réitigh choiteanna Eorpacha ar fáil maidir leis an dúshlán Eorpach sin.

Tá tathantaithe go minic ag Éirinn go bhfuil gá le dlúthpháirtíocht agus comhroinnt an ualaigh níos mó idir na Ballstáit agus iad ag dul i ngleic le saincheist na himirce. Ní mór dúinn teacht ar níos mó réitigh inbhuanaithe, iad comhaontuithe idir na Ballstáit, agus ar réitigh iad a bheidh bunaithe ar chothromaíocht idir an dlúthpháirtíocht agus an fhreagracht.

Aire Gnóthaí Eorpacha na hÉireann, Thomas Byrne

Tagann an Comhaontú faoi thosaíocht an Choimisiúin Eorpaigh dar teideal Ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn arb é is aidhm di saoránaigh agus luachanna na hEorpa a chosaint. Neartóidh sé teorainneacha, déanfaidh sé córas tearmainn an Aontais a nuachóiriú agus cuirfidh sé leis an gcomhar le tíortha comhpháirtíochta chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce gan ord gan eagar.

Mar chuid den chur chuige imirce a leagtar amach sa chomhaontú, mhol an Coimisiún beartas arb é is aidhm dó scileanna agus tallanna a mhealladh chuig na Ballstáit tríd an imirce dhleathach, rud a chuideoidh le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair i roinnt earnálacha ar fud an Aontais.

Ina theannta sin, glacadh Straitéis de chuid an Aontais maidir le filleadh deonach agus ath-lánpháirtiú d’imircigh nach bhfuil aon cheart acu fanacht, mar aon le plean gníomhaíochta athnuaite de chuid an Aontais i gcoinne smuigléireacht imirceach arb é is aidhm dó dúshaothrú eagraithe imirceach a chosc.

Seo roinnt buntáistí eile a bhaineann leis an gComhaontú maidir le hImirce agus Tearmann:

Iontaoibh níos láidre: Le nósanna imeachta comhtháite gasta, cuideofar chun iontaoibh a chothú idir na Ballstáit.

Teorainneacha ar a ndéanfar bainistíocht níos fearr: Fágfaidh an Comhaontú go mbeidh teorainneacha Schengen agus teorainneacha seachtracha an Aontais dea-bhainistithe.

Dlúthpháirtíocht éifeachtach: Leagfaidh an Coimisiún amach an méid is gá do na Ballstáit a dhéanamh chun cuidiú le Ballstát eile a mbeidh géarchéim imirce ag bagairt orthu.

Scileanna agus Buanna: Trí bhealaí dleathacha a fhorbairt d’imircigh, meallfar daoine tréitheacha ó gach cearn den domhan, fágfar an Eoraip ina mór-roinn oscailte nasctha agus laghdófar an imirce neamhrialta.

Comhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta: Cuideoidh comhpháirtíochtaí nua a fhorbairt leis na príomhthíortha tionscnaimh agus idirthurais chun srian a chur le sreabha imirce neamhrialta.

Solúbthacht agus athléimneacht: Leis na hionstraimí sa Chomhaontú nua déanfar deimhin de fhreagairtí coiteanna a bheidh tapa éifeachtach ar ghéarchéimeanna imirce agus iad ag teacht chun cinn.

Ár ndóigh bheatha Eorpach a chur chun cinn

Comhaontú maidir le hImirce agus Tearmann

Straitéis an Aontais maidir le filleadh deonach agus athimeascadh

Scileanna agus tallanna a mhealladh chuig an Aontas Eorpach

Gníomhaíochtaí maidir le tearmann agus imirce

Tá an dlúthpháirtíocht agus an fhreagracht maidir le comhroinnt i gcroílár bheartais an Aontais maidir le himirce agus tearmann. Mar gheall ar aontacht an Aontais Eorpaigh, bhí an Coimisiún Eorpach in ann gníomhú go tapa nuair a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin agus nuair a cuireadh iallach ar na milliúin duine dídean a lorg.

Cuireadh Ardán Dlúthpháirtíochta ar bun chun cur ar chumas na mBallstát agus na ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais tacaíocht a chomhordú agus aistriú daoine chuig tíortha a bhfuil cumas glactha acu a eagrú.

Slógadh tacaíocht airgeadais go tapa do na Ballstáit a bhfuil dídeanaithe ón Úcráin á n-óstáil acu agus cuireadh tús leis an Treoir um Chosaint Shealadach, a glacadh tar éis na gcoinbhleachtaí san iar-Iúgslaiv, chun cúnamh tapa éifeachtach a thabhairt do dhaoine a bhí ag teitheadh ón gcogadh.

Refugees from Ukraine arriving in the EU

Laistigh de roinnt seachtainí ó cuireadh tús leis an ionradh, rinneadh bearta chun cabhrú leis na Ballstáit cosaint speisialta a chur ar fáil do leanaí, chomh maith le lóistín, rochtain ar oideachas, cúram sláinte agus poist d’Úcránaigh a bhí ar a dteitheadh ón tír.

Tá obair ar siúl faoi láthair maidir leis an gComhshocrú um Imirce agus Tearmann a chur chun feidhme, ach tá dul chun cinn déanta cheana féin ar féidir tógáil air.

Tá an tAontas Eorpach ag obair ar Chomhchóras Eorpach Tearmainn (CEAS) ó 1999 agus i mí na Bealtaine 2015 chuir an Coimisiún Clár Oibre Eorpach cuimsitheach maidir leis an Imirce i láthair mar fhreagairt ar an ngéarchéim imirce a bhí ann ag an am.

Leis an gChlár Oibre sin bhíothas in ann beart a dhéanamh láithreach chun dul i ngleic leis an tragóid dhaonna ar fud iomlán na Meánmhara agus bhí scéim éigeandála san áireamh chun 160,000 dídeanaí a athshocrú ón nGréig, ón Iodáil agus ón Ungáir chuig Ballstáit eile.

Ina theannta sin, tugadh isteach Plean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh smuigleáil imirceach chun daoine atá ar a dteitheadh ó chruachás a chosaint ar choirpigh a bheith ag teacht i dtír orthu.

Rinne an Coimisiún Eorpach claochlú ar Frontex chun go mbeadh sé ina Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, gníomhaireacht nua agus níos cumasaí ná an ghníomhaireacht a bhí ann roimhe, agus in 2020 chuir an Coimisiún moltaí nua i láthair maidir leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn a athchóiriú.

Is é an tAontas an deontóir is mó ar domhan sa chabhair dhaonnúil agus forbraíonn sé comhpháirtíochtaí le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad as a dtagann líon mór imirceach.

Comhchóras Eorpach Tearmainn

Frontex (An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta)

Gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach

Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

An Treoir um Chosaint Shealadach

Tackling root causes

The UN International Organization for Migration´s (IOM) Missing Migrants Project recorded more than 29,000 deaths during migration journeys to Europe between 2014 and 2021.

Tackling the root causes of irregular and forced migration is a key feature of the Pact on Migration and Asylum. The EU is already the world’s leading humanitarian aid donor but developing partnerships with non-EU countries where large numbers of migrants originate is also key to reducing disorderly migration.

One of these partnerships is with Türkiye, which has the largest refugee community in the world with over four million people, mostly Syrian, under international protection. Since 2015, the EU has mobilised over €9.5 billion for refugees and host communities in Türkiye.

This partnership provides basic support for refugees and has helped significantly reduce the number of illegal border crossings between Türkiye and Greece.

In June 2023, the EU and Tunisia agreed to work together on a comprehensive partnership package that includes a common priority to tackle irregular migration to and from Tunisia and prevent the loss of life at sea.

In October 2023, the European Commission presented an Action Plan for Eastern Mediterranean migration that includes measures to prevent irregular departures, combat smuggling and provide legal pathways for asylum seekers.

The plan complements EU Action Plans for the Western Mediterranean and Atlantic, Central Mediterranean and Western Balkan migration routes.

These targeted plans involve reinforced cooperation with partner countries and international organisations to ensure better border management and management of migration.

They also include measures to fight against people smuggling, create legal pathways to the EU and support refugees in partner countries.

EU Humanitarian aid to Türkiye

The European Union and Tunisia

Action Plan for the Western Mediterranean and Atlantic routes

EU Action Plan for Eastern Mediterranean migration

Ról na hÉireann

Faoi Bhealtaine 2022, tháinig os cionn 27,000 duine Úcránach a bhí ag teitheadh ón gcogadh go hÉirinn, agus theastaigh lóistín ó 18,000 díobh.

Mhol an Coimisiún Eorpach athruithe a dhéanamh ar Bhuiséad 2022 an Aontais lena méadófaí méid an mhaoinithe atá ar fáil le haghaidh bainistiú imirce agus teorainneacha go €400 milliún, rud a d’fhéadfadh na Ballstáit a úsáid chun costais glactha agus clárúcháin daoine atá ag teitheadh ón Úcráin a shásamh.

Thacaigh Éire le pacáiste cúnaimh mhíleata €1 bhilliún na Saoráide Síochána Eorpaí don Úcráin, ach mar Bhallstát neodrach, caitear an €22 mhilliún as Éirinn ar chabhair neamh-mharfach amháin.

Faoi láthair, níl aon oibleagáid ar Éirinn ón Aontas Eorpach tearmann a thabhairt do dhídeanaithe ar an ábhar gur cuireadh i gConradh Liospóin, ar iarratas uaithi, clásal a ligeann di bearta i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais a ghlacadh, cás ar chás.

Mar sin féin, roghnaigh Éire páirt a ghlacadh as a stuaim féin i scéimeanna athlonnaithe agus athshocraithe agus chuir sí Clár na hÉireann um Dhídeanaithe a Chosaint (IRPP) ar bun mar chuid dá freagairt ar an ngéarchéim imirce idir 2015-16.

Faoin gclár sin, gheall Éire go nglacfadh sí le suas le 4,000 duine isteach sa Stát trí Chláir Athlonnaithe Dídeanaithe an Aontais Eorpaigh agus UNHCR.

I mí na Nollag 2019 fógraíodh go raibh Éire le fáilte a chur roimh suas le 2,900 dídeanaí idir 2020 agus 2023 trí mheascán de chláir athlonnaithe agus tionscnamh nua tacaíochta dar teideal ‘Community Sponsorship Ireland’ [Urraíocht Phobail na hÉireann].

Fuair Éire maoiniú ón Aontas dar luach €68.6 milliún chun cuidiú le himirce a bhainistiú idir 2015 agus 2020. Is éard a bhí sa mhaoiniú sin €58.1 milliún ón gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) agus €10.5 milliún ón gCiste Slándála Inmheánaí (ISF).

Leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht tacaítear leis na Ballstáit sreabha imirce a bhainistiú agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí tacaítear le hiarrachtaí chun slándáil na saoránach a chosaint agus teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú. Beidh leithdháileadh iomlán AMIF an Aontais don tréimhse 2021-2027 cothrom le €9.9 billiún. Tuairim agus €1.9 billiún a bheidh sa bhuiséad foriomlán ISF don tréimhse.

An Ciste um Thearmainn, Imirce agus Lánpháirtíocht

An Ciste Slándála Inmheánaí

Community Sponsorship Ireland [Urraíocht Phobail na hÉireann]

Clár na hÉireann um Dhídeanaithe a Chosaint

Cabhlach na hÉireann i mbun tarrthála

Tá an líon mór dídeanaithe a bádh go tubaisteach ar cheann de na gnéithe is truamhéilí den imirce neamhrialta le blianta beaga anuas.

Is é a rinne an tAontas Eorpach nuair a tháinig an ghéarchéim imirceach chun cinn den chéad uair in 2015/16 buiséad ghníomhaireacht cosanta teorann an Aontais, Frontex, a mhéadú faoi thrí, ar gníomhaireacht í ar a bhfuil cúram oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála.

Rinne Éire a cion féin sna hoibríochtaí tarrthála daonnúla sin; cuireadh longa de chuid Chabhlach na hÉireann amach le cúnamh a thabhairt chun tarrtháil a dhéanamh ar imircigh a bhí ar bháid a bhí róphlódaithe de réir an dlí.

Idir 2015 agus 2017 tháinig Óglaigh na hÉireann i dtarrtháil ar bhreis agus 17,500 imirceach agus ghabh siad go leor daoine a rabhthas in amhras gur smuigléirí nó gáinneálaithe iad.

Migration - migrants being rescued at sea

Tugadh aitheantas d'Óglaigh na hÉireann nuair a bronnadh an gradam Daoine Éireannacha na Bliana orthu i mí na Nollag 2015 as an obair a rinne Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann ar mhisin dhaonnúla sa Mheánmhuir.

An bhliain ina dhiaidh sin, bhronn Gluaiseacht na hEorpa, Éire an gradam Eorpach na Bliana ar Óglaigh na hÉireann as a rannpháirtíocht i n-oibríochtaí idirnáisiúnta síochánaíochta agus obair dhaonnúil.

Fíricí faoin imirce

  • Braitheadh 199,900 thrasnú teorann mhídhleathacha ar fud na hEorpa in 2021, méid arb ionann agus méadú 60% le hais an líon trasnuithe a taifeadadh in 2020 nuair a bhí paindéim COVID-19 i mbarr a réime.
  • In 2020, rinneadh thart ar 9,100 duine a raibh gá acu le cosaint idirnáisiúnta a athlonnú ó thíortha lasmuigh den Aontas chuig na Ballstáit.
  • Faoi scéimeanna athlonnaithe comhpháirteacha de chuid an Aontais, tugadh cosaint san Aontas do 96,000 duine ó bhí 2015 ann. Faigheann na Ballstáit tacaíocht ó bhuiséad an Aontais do na hathlonnuithe sin.
  • In 2020, tugadh ordú do 396,400 duine nach saoránaigh den Aontas iad an tAontas a fhágáil, laghdú 19% i gcomparáid le 2019.
  • Faoi dheireadh 2020, bhí 19.6 milliún cead cónaithe bailí a deonaíodh san Aontas do dhaoine nach saoránaigh den Aontas iad. Athaontú teaghlaigh a bhí i gceist le 39% de na ceadanna a tugadh.
  • In 2021 bhí 183,600 de na daoine a bhí ag lorg tearmainn san Aontas faoi 18 mbliana d’aois – agus ba leanaí neamhthionlactha iad beagnach 13% acu (23,200).
  • An 1 Eanáir 2021 bhí cónaí ar 447.2 milliún duine san Aontas. Ina measc sin, ba dhaoine nach saoránaigh den Aontas iad 23.7 milliún (5.3%) díobh agus rugadh 37.5 milliún (8.4%) díobh lasmuigh den Aontas.

Latest news on migration

EU and Ukrainian flags
  • News article

Ukraine: EU steps up solidarity with those fleeing war

European solidarity in action is helping people fleeing war in Ukraine through direct humanitarian aid, emergency civil protection assistance, support at the border, as well as a clear legal status allowing them to receive immediate protection in the EU.