Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Is mór an clú agus an cháil atá ar Éirinn as a haer glan úr, a tírdhreach méith glas agus a cóstaí iontacha.

Mar sin féin, tá géarchéim dhomhanda os ár gcomhair, rud a fhágann go bhfuil ár dtimpeallacht álainn i mbaol agus nach féidir talamh slán a dhéanamh di a thuilleadh.

Is é an t-athrú aeráide dúshlán is mó ár linne agus tá gníomhaíocht phráinneach ag teastáil chun nach ndéanfar dochar gan leigheas don phláinéad, ar dochar é a bheidh ina chúis le cailliúint na bithéagsúlachta, tuilte cósta, bagairtí méadaithe ar an tsláinte agus go leor iarmhairtí eile.

Is príomhthosaíocht de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é dul i ngleic leis an athrú aeráide agus is é an Comhaontú Glas don Eoraip an plean uaillmhianach atá aige chun go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach ar domhan.

Iarmhairtí an athraithe aeráide

An Comhaontú Glas don Eoraip

Sa Chomhaontú Glas don Eoraip tá príomhbheartais a bhfuil sé d’aidhm acu laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach, comhshaol nádúrtha na hEorpa a chaomhnú agus infheistíocht a dhéanamh i dtaighde ceannródaíoch agus i nuálaíocht cheannródaíoch chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Leagtar amach ann treochlár insroichte chun a chinntiú go ndéanfar geilleagar inbhuanaithe de gheilleagar an Aontais trí dheiseanna a dhéanamh as dúshláin maidir leis an aeráid agus leis an gcomhshaol i ngach réimse beartais, ar deiseanna iad a mbeidh fás eacnamaíoch agus poist mar thoradh orthu.

Faoin gComhaontú Glas tugann an tAontas gealltanas go mbeidh sé ina mhór-roinn aeráidneodrach faoi 2050, agus go ndéanfar geilleagar ciorclach nua-aimseartha iomaíoch de gheilleagar an Aontais, ceann a bheidh tíosach ar acmhainní agus a bheidh cothrom agus a chuimseoidh gach duine agus gach creideamh.

Tá ról tábhachtach ag an gComhaontú Glas maidir leis an Aontas a threorú amach as iarmhairtí airgeadais ghéarchéim COVID-19 trí thús a chur le téarnamh, poist a chosaint agus fás inbhuanaithe a chruthú.

Tá an bealach a réiteach aige freisin i dtreo fuinnimh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe. Bhí fogha míleata na Rúise ar an Úcráin ina chúis le fadhbanna soláthair fuinnimh a léirigh an gá atá le haistriú tapa chuig foinsí fuinnimh ghlain san Eoraip.

Áirítear i bplean REPowerEU an Choimisiúin Eorpaigh bearta chun an Eoraip a dhéanamh neamhspleách ar bhreoslaí iontaise na Rúise a luaithe agus is féidir.

Is ceannaire domhanda é an tAontas sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide agus tá reachtaíocht leagtha síos aige a chlúdaíonn gach earnáil den gheilleagar chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, rud atá i gcomhréir le Comhaontú Pháras.

Mar sin féin, tá roinnt dúshlán le sárú má tá an Eoraip chun spriocanna an Chomhaontaithe a bhaint amach, agus beidh ról le himirt ag gach Ballstát.

An Comhaontú Glas don Eoraip

Plean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach

REPowerEU

Na tograí is déanaí maidir leis an gComhaontú Glas

Le dlí aeráide an Aontais, atá bunaithe ar thograí reachtacha ‘Oiriúnach do 55’ ón gCoimisiún, cuirtear oibleagáid dhlíthiúil ar na Ballstáit sprioc aeráide an Aontais do 2030 a bhaint amach, is é sin laghdú 55% ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí an Aontais i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann in 1990.

I measc na dtograí is déanaí ón gCoimisiún tá Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais atá ceaptha chun olltáirgeadh teicneolaíochtaí glana san Aontas a mhéadú. Cuirfidh an plean raon tacaíochtaí ar fáil do na nuálaíochtaí agus na táirgí glan-nialasacha a theastaíonn chun spriocanna uaillmhianacha aeráide na hEorpa a bhaint amach.

“Tá deis againn nach bhfaightear ach uair amháin sa saol a bheith inár n-eiseamláirí a mhéid a bhaineann le ceannaireacht thionsclaíoch an Aontais a chinntiú le luas, le huaillmhian agus le meon cuspóra in earnáil na teicneolaíochta glan-nialasaí atá ag fás go tapa. Tá rún daingean ag an Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta i réabhlóid na teicneolaíochta glaine.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Mhol an Coimisiún Eorpach freisin rialacha nua chun aer agus uisce níos glaine a chinntiú. Cé go bhfuil cáilíocht an aeir in Éirinn go maith den chuid is mó, tuairiscítear in Athbhreithniú 2020 Ghníomhaireacht na hÉireann um Chaomhnú Comhshaoil go bhfuil ábhar cáithníneach ó dhó breosla sholadaigh agus dé-ocsaíd nítrigine ó astaíochtaí tráchta ag cruthú droch-chaighdeán aeir i gceantair áirithe.

De réir na sonraí is déanaí a chuir an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil ar fáil, fuair thart ar 240,000 duine bás roimh am san Aontas Eorpach in 2020 i ngeall ar thruailliú an aeir.

Leis an athbhreithniú atá beartaithe ag an gCoimisiún ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh, déanfar athbhreithnithe rialta ar chaighdeáin cáilíochta an aeir chun iad a athmheasúnú i gcomhréir leis an bhfianaise eolaíoch is déanaí.

Socrófar caighdeáin eatramhacha 2030 maidir le cáilíocht an aeir, rud a fhágfaidh go mbeidh an tAontas Eorpach ar chonair chun truailliú nialasach a bhaint amach don aer faoi 2050 ar a dhéanaí.

Cinnteoidh an t-athbhreithniú ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir freisin go mbeidh sé de cheart ag daoine a ndéantar damáiste dóibh ó thruailliú aeir cúiteamh a fháil i gcás sárú ar rialacha an Aontais maidir le cáilíocht an aeir.

Tá athbhreithniú á dhéanamh freisin ar an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh ionas gur féidir le hEorpaigh tairbhe a bhaint as aibhneacha, lochanna, screamhuisce agus farraigí atá níos glaine, agus beidh cóireáil fuíolluisce níos costéifeachtaí.

Chomh maith leis sin tá an Coimisiún Eorpach ag moladh rialacha chun custaiméirí in Éirinn agus ar fud an Aontais a chumasú don aistriú glas.

Tabharfaidh na rialacha an ceart do shaoránaigh mionsonraí a fháil faoi mharthanacht agus indeisitheacht táirgí agus cuirfear cosc ar an ‘nglas-snasú’ mar a thugtar air – nuair a thugann cuideachta faisnéis mhíthreorach faoi cé chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol atá a cuid táirgí.

Moladh rialacha nua chun chóir a bheith gach earra ar mhargadh an Aontais a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, níos in-athchúrsáilte agus níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de feadh a saolré freisin.

Ar an meán, gineann gach Eorpach beagnach 180kg de dhramhaíl ó phacáistíocht in aghaidh na bliana, mar sin tá moltaí ann freisin chun roghanna pacáistíochta in-athúsáidte a chur ar fáil do thomhaltóirí, chun fáil réidh le pacáistíocht nach bhfuil gá léi agus chun lipéid shoiléire a chur ar fáil chun tacú le hathchúrsáil.

Cartoon showing woman trying to unpack a package with several layers of packaging

Ceisteanna agus Freagraí faoi Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais

Rialacha nua le haghaidh aer agus uisce níos glaine

Cearta tomhaltóirí agus cosc ar an ‘nglas-snasú’

Tograí maidir le táirgí inbhuanaithe

Ceisteanna agus Freagraí faoin Rialachán maidir le Dramhaíl ó Phacáistíocht

Gníomhartha de chuid an Aontais Eorpaigh in Éirinn

Tá an Coimisiún Eorpach ag obair le hÉirinn i dtreo uaillmhianta coiteanna a bhaint amach maidir leis an athrú aeráide agus bhí ról ríthábhachtach aige maidir le tacú le hÉirinn agus í a spreagadh chun beart a dhéanamh le gnáthóga portaigh móna na hÉireann a chosaint.

Tá portaigh ardaithe na hÉireann ar na cinn is sine ar domhan ach níl fágtha díobh ach 1% tar éis na mblianta de bhaint móna agus d’athghabháil talún.

Tá roinnt beart tugtha isteach ag údaráis na hÉireann chun portaigh a chosaint, lena n-áirítear cúiteamh chun lucht bainte móna a spreagadh chun deireadh a chur leis an gcleachtas díobhálach seo. Mar sin féin, leanann baint móna ar aghaidh agus is cosúil go bhfuil deireadh curtha le gníomh forfheidhmiúcháin.

Clara Bog and Nature Reserve in Co Offaly which received EU Cohesion funding

Thacaigh maoiniú ón Aontas le roinnt tionscadal athchóirithe portaigh ardaithe ach ní leor an obair sin chun an damáiste atá fós á dhéanamh a aisiompú mar gheall ar staid fhorbhásach na ngnáthóg tosaíochta sin. Léiríonn figiúirí ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta in Éirinn gur laghdaíodh 330 ceapach a bhí mar Limistéir Chaomhantais Speisialta (SACanna) in 2022, suas ó 290 in 2021.

D’iarr an Coimisiún Eorpach ar Éirinn beart a dhéanamh chun deireadh a chur le baint móna laistigh de Limistéir Chaomhantais Speisialta (SACanna). Má theipeann ar Éirinn freagra a thabhairt ar an nglao, d’fhéadfadh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh Éire a chur ar aghaidh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Tá an Coimisiún Eorpach freagrach as a chinntiú go gcuirtear reachtaíocht an Aontais i bhfeidhm i ngach Ballstát agus tá nósanna imeachta um shárú seolta aige cheana in aghaidh na hÉireann maidir le sáruithe ar dhlí an chomhshaoil.

Mar shampla, rinne sciorradh talún le linn obair tochailte d’Fheirm Ghaoithe Dhoire Bhriain damáiste mór don chomhshaol, rud a d’fhág gur thug an Coimisiún Éire chun na cúirte in 2008.

Chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur theip ar Éirinn measúnú tionchair ar an gcomhshaol a dhéanamh ar an bhfeirm ghaoithe agus gur fhorchuir sí smachtbhanna aonuaire airgeadais €5 mhilliún, sin agus d’ordaigh sí go n-íocfaí pionóis laethúla €15,000 go dtí go ndearnadh na sáruithe a cheartú.

I mí Mheán Fómhair 2022 d’iarr an Coimisiún ar Éirinn agus ar dheich mBallstát eile reachtaíocht náisiúnta a thabhairt isteach chun tionchar táirgí plaisteacha áirithe a chosc agus a laghdú, mar a cheanglaítear le Treoir an Aontais maidir le Plaistigh Aonúsáide.

I mí Eanáir 2023, chuir an Coimisiún Éire faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh as mainneachtain an Treoir Réime maidir le hUisce a thrasuí i gceart sa dlí náisiúnta.

Cuireadh Éire agus cúig Bhallstát eile faoi bhráid na Cúirte freisin toisc nár chuir siad cosc ar speicis choimhthíocha ionracha dochar a dhéanamh don dúlra.

Dlí Comhshaoil an Aontais a chur i bhfeidhm

Iarrtha ag an gCoimisiún ar Éirinn deireadh a chur le baint móna

Plaistigh aon úsáide

Aistriú na hÉireann a mhaoiniú

Tá gá le hinfheistíocht shuntasach ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach araon chun go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach faoi 2050.

Le Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip cuirtear creat ar bun chun sin a éascú agus chun infheistíochtaí inbhuanaithe dar luach nach lú ná €1 trilliún a spreagadh go ceann 10 mbliana.

Leis an Sásra um Aistriú Cóir cuirtear tacaíocht dhírithe ar fáil do na réigiúin agus do na hearnálacha is mó a ndéanann an t-aistriú chuig geilleagar glas difear dóibh.

Luaitear i measúnú a rinne an Coimisiún Eorpach ar Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (NECP) na hÉireann in 2020 go bhféadfadh maoiniú dar luach suas le €13.3 billiún ó fhoinsí san Aontas a bheith ar fáil d’Éirinn idir 2021 agus 2027, a d’fhéadfadh cuidiú leis an tír agus í ag aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin.

Cuirfidh Plean Téarnaimh agus Athléimneachta na hÉireann chun freagairt do ghéarchéim phaindéim COVID-19, arbh fhiú €989 milliún é, leis an aistriú glas freisin. Bainfear úsáid as beagnach 42 % den mhaoiniú chun tacú le hinfheistíochtaí agus athchóirithe comhshaoil, mar shampla €164 mhilliún chun iarnróid comaitéireachta Chorcaí a uasghrádú d’fhonn daoine a spreagadh lena ndroim a thiontú le carranna príobháideacha, agus €155 mhilliún i gcomhar beart éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh chónaithe agus phoiblí ar fud na hÉireann.

Bealach eile chun tacú leis an aistriú glas is ea an maoiniú trí chúig Mhisean an Choimisiúin. Tá Baile Átha Cliath agus Corcaigh i measc na gcathracha atá ag glacadh páirte i Misean na gCathracha, togra a fhéachann le 100 cathair aeráidneodracha chliste a chruthú faoi 2030.

Image with text EU Mission Cities: Dublin and Cork

Gheobhaidh Misean na gCathracha €360 milliún de chistiú Fís Eorpach a chlúdaíonn an tréimhse 2022-23, chun tús a chur leis na conairí nuálaíochta i dtreo na haeráidneodrachta.

Míniúchán: Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Sásra um Aistriú Cóir

Plean téarnaimh agus athléimneachta na hÉireann

Ceisteanna agus Freagraí faoi Mhisean na gCathracha

Maoiniú LIFE d’Éirinn

Is é clár LIFE clár suaitheanta maoiniúcháin an Aontais don nádúr, do chosaint na bithéagsúlachta agus don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Tá maoiniú sa chlár LIFE dar luach €5.4 billiún le haghaidh 2021 – 2027 do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite.

Seo a leanas roinnt samplaí de mhaoiniú an chláir LIFE in Éirinn:

  • An tionscadal Corncrake LIFE a fhéachann le feabhas a chur ar stádas caomhnaithe an Traonaigh in Éirinn thar ocht suíomh;
  • An tionscadal LIFE EMERALD a fhéachann le faisnéis faoi cháilíocht an aeir a fheabhsú agus cur le heolas an phobail faoi cháilíocht aeir na hÉireann;
  • An tionscadal WISER LIFE a rinne sean-fhoirgneamh téimh chathartha a athchóiriú i mBaile Munna, Baile Átha Cliath, agus é a thiontú ina ionad nua oideachais agus cultúir áit a gcuirtear béim ar an inbhuanaitheacht agus ar an athchúrsáil.
  • An tionscadal Living Bog ina ndearnadh obair athchóirithe ag 12 phortach ar fud seacht gcontae;
  • LIFE IP Wild Atlantic Nature - tionscadal 9 mbliana dar luach €20 milliún a fhaigheann maoiniú ón Aontas Eorpach chun an ghnáthóg bratphortaigh a chaomhnú agus a chosaint in iarthuaisceart na hÉireann;
  • An tionscadal Comhtháite LIFE, Peatlands and People ar fiú €10 milliún é, atá ag feabhsú thar níos mó ná 9,900 heicteár de thailte móna i lár na tíre.

Cláir LIFE rathúla in Éirinn

Éire, Glas go Buan – scéalta ratha maidir leis an gcomhshaol in Éirinn

Fíricí faoin gcomhshaol

  • Tháinig méadú 5.2% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GHG) na hÉireann in 2021. Léirítear an méadú ar astaíochtaí sa chuid is mó de na hearnálacha móra cé is moite de laghduithe sna hearnálacha cónaithe, dramhaíola, tráchtála agus seirbhísí poiblí.
  • Ba í an talmhaíocht ba chúis le 38% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) na hÉireann in 2021.
  • Tháinig méadú 6.7% ar astaíochtaí iompair in 2021. Ba é deireadh páirteach na srianta taistil COVID ba chúis leis an méadú den chuid is mó.
  • In 2021 ba í an earnáil cónaithe ba chúis le 11.1% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann, laghdú 6.0% i gcomparáid le 2020.
  • Tá Éire ar cheann de 187 bpáirtí a dhaingnigh Comhaontú Pháras ina dtugtar gealltanas an téamh domhanda a theorannú go maith faoi bhun 2°C agus iarrachtaí a shaothrú chun é a theorannú go 1.5°C.

Latest environment news

Bogland, Ireland
  • Alt nuachta

Rinne an Coimisiún cinneadh inniu Éire a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh toisc go bhfuil ag teip uirthi an Treoir maidir le Gnáthóga a chur i bhfeidhm chun láithreáin atá ainmnithe mar ghnáthóga portaigh ardaithe agus bratphortaigh a chosaint ar bhaint móna.

  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad
Tree planting event in Kilternan on 4 March 2024 - Commissioner McGuinness with pupils and teachers from C of I Kilternan NS, Ambassadors of EU countries and European Commission staff
  • News article

Commissioner Mairead McGuinness helped get National Tree Week off to a great start by at a tree planting event this morning with children from Kilternan Church of Ireland National School, ambassadors from a number of EU countries and European Commission staff.

  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad