Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Beartas eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh agus Éire

De bharr gur geilleagar beag oscailte atá ag Éirinn, bíonn sí ag brath ar thrádáil le margaí idirnáisiúnta, agus dá réir sin is tír leochaileach í ó thaobh géarchéimeanna airgeadais domhanda.

Mar sin féin, toisc gur ball den Aontas Eorpach í, is féidir le hÉirinn leas a bhaint as comhchumhacht na 27 mBallstát ar mhaithe leis an gcobhsaíocht fhioscach agus fás eacnamaíoch fadtéarmach, sin agus le téarnamh ó shuaití airgeadais gan choinne.

Chuidigh ballraíocht an Aontais Eorpaigh le hÉirinn aistriú ó mharbhántacht eacnamaíoch i lár an chéid seo caite go tír a bhfuil geilleagar nua-aimseartha aici atá bunaithe ar an tsaorthrádáil, ar an infheistíocht choigríche agus ar an bhfás.

Seo trí ní a chinntíonn gur geilleagar seasmhach iomaíoch atá i ngeilleagar na hÉireann - Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh, airgeadra an euro, agus tacaíocht ó chomhordú bheartas eacnamaíoch agus fioscach an Aontais.

An fhreagairt eacnamaíoch do ghéarchéimeanna domhanda

Tá dúshláin nua ann do gheilleagar na hEorpa mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Cháin an tAontas agus a chomhpháirtithe idirnáisiúnta an t-ionsaí míleata éagórach sin agus d’fhorchuir siad smachtbhannaí diana eacnamaíocha ar an Rúis.

Is é David O’Sullivan as Éirinn Toscaire Smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh. Is iar-Ard-Rúnaí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é freisin. Is éard atá i gceist lena ról ná páirt a ghlacadh i bpléití ardleibhéil le tríú tíortha chun imghabháil nó imchéimniú na smachtbhannaí a sheachaint.

Thosaigh an t-ionsaí a rinne an Rúis ar an Úcráin díreach nuair a thosaigh an Eoraip ag teacht chun cinn as paindéim Covid-19 agus measadh gur tréimhse fhorleathnaitheach fhadtréimhseach a bhí le bheith roimh gheilleagar an Aontais Eorpaigh.

Ach mar thoradh ar an gcogadh, bhí brú aníos ar phraghsanna tráchtearraí, bhí suaitheadh soláthair ann, mar aon le héiginnteacht mhéadaitheach, rud a thug ar an gCoimisiún Eorpach ionchas fáis an Aontais a ísliú, cé gur sháraigh fás OTI na hionchais. Lean sé de bheith láidir sa chéad leath de 2022 agus de bheith dearfach sa tríú ráithe.

De réir mar a tháinig athrú ar an staid san Úcráin i rith an ama, ghlac an Coimisiún Eorpach Creat Sealadach Géarchéime chun é a chur ar chumas na mBallstát bearta teoranta Státchabhrach a úsáid chun tionchar eacnamaíoch an chogaidh a mhaolú trí thacaíocht airgeadais a thabhairt do chuideachtaí agus d’earnálacha a bhfuil difear mór déanta ag an gcogadh dóibh. De ghnáth, ní cheadaítear Státchabhair a úsáid faoi rialacha an Aontais toisc go dtugann sé buntáiste éagórach do chuideachtaí a fhaigheann tacaíocht rialtais thairis a gcuid iomaitheoirí.

I mí an Mhárta 2023 ghlac an Coimisiún Creat leathnaithe Sealadach Géarchéime agus Aistrithe chun bearta tacaíochta a chothú in earnálacha atá ríthábhachtach don aistriú chuig geilleagar glan-nialasach. Leis an gcreat sin, bhíothas in ann scéim Státchabhrach de chuid na hÉireann, dar luach €100 milliún, a chur ar fáil chun tacú leis an earnáil déantúsaíochta micrileictreonaice, earnáil a raibh tionchar ar leith ag iarmhairtí an chogaidh san Úcráin uirthi.

Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh le linn an chogaidh agus an téarnamh ó iarmhairtí airgeadais phaindéim Covid-19, tá siad sin ríthábhachtach d’Éirinn, go háirithe ós rud é go bhfuil tionchar ag Brexit ar an tír freisin.

D’fhreagair an tAontas Eorpach do ghéarchéim an choróinvíris le pacáiste téarnaimh ar luach €1.8 trilliún ina bhfuil buiséad fadtéarmach na hEorpa, is é sin an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), agus an ionstraim théarnaimh shealadach, Next Generation EU.

Tá an pacáiste ceaptha chun athbheochan eacnamaíoch a chumhachtú bunaithe ar threochlár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ar mhaithe le geilleagar inbhuanaithe, ar treochlár de chuid an Choimisiúin é, agus chun dlús a chur le digitiú gheilleagar na hEorpa.

Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an phríomhionstraim atá i gcroílár Next Generation EU. Chun tairbhe a bhaint as tacaíocht na Saoráide, bhí ar gach Ballstát pleananna náisiúnta a chur isteach chun a léiriú conas a thabharfadh siad aghaidh ar dhúshláin thírshonracha agus tacaíocht á tabhairt acu d’aistrithe glasa agus digiteacha an Aontais ag an am céanna.

“Tháinig geilleagar an Aontais slán ón iliomad suaitheadh le déanaí, idir an phaindéim go dtí an tionchar a bhí ag cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá sé in am anois ár n-aird a dhíriú ar an bhfás agus ar inbhuanaitheacht fiachais amach anseo.”

Valdis Dombrovskis, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Gheilleagar a Fhóireann do Dhaoine

Meastar go bhfaighidh Éire €989 milliún de dheontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus tacóidh 42% den mhéid sin le hinfheistíochtaí agus le hathchóirithe aeráide agus rachaidh 32% de chun tairbhe an aistrithe dhigitigh.

Bainfidh Éire tairbhe as thart ar €1.2 billiún freisin i leithdháiltí ón mBeartas Comhtháthaithe, agus beagán níos mó ná €8.3 billiún in íocaíochtaí díreacha ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT). Tá €2.25 billiún ar fáil tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) freisin.

Tá an méid seo a leanas i measc na bhfoinsí eile de chúnamh airgeadais ón Aontas atá ar fáil d’Éirinn i gcomhthéacs phaindéim Covid-19:

  • Beagnach €2.5 billiún i dtacaíocht airgeadais faoin ionstraim SURE chun cuidiú le costais a bhaineann leis an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá COVID-19;
  • Faoi rialacha Státchabhrach an Aontais, d’fhormheas an Coimisiún roinnt scéimeanna de chuid na hÉireann chun tacú le hearnálacha amhail turasóireacht, na healaíon agus cultúr, aerthaisteal, táirgeadh mairteola chomh maith le heintitis neamhbhrabúis agus oibreoirí tráchtála bus.
  • Cuireann an clár InvestEU maoiniú fadtéarmach ar fáil do na Ballstáit chun cabhrú le cuideachtaí agus chun tacú le beartais an Aontais a bhaineann le téarnamh ó ghéarchéimeanna eacnamaíocha agus sóisialta.

Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe

Next Generation EU

An Plean Téarnaimh don Eoraip in Éirinn

InvestEU agus an Téarnamh

Buiséad an Aontais 2021-2027

Plean téarnaimh agus athléimneachta na hÉireann

SURE, an ionstraim Eorpach le haghaidh Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála

Mionsonraí bhearta tacaíochta na hÉireann chun cabhrú le saoránaigh agus le cuideachtaí fad agus atá paindéim an choróinvíris ag imirt tionchar tromchúiseach ar an ngeilleagar.

Buiséad an Aontais Eorpaigh

De ghnáth, clúdaítear tréimhse suas le seacht mbliana le buiséad fadtéarmach an Aontais, ar a dtugtar an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI). Tá an buiséad bunaithe ar mholtaí ón gCoimisiún Eorpach a phléigh agus a chomhaontaigh na Ballstáit ag an gComhairle Eorpach agus ag Comhairle na hEorpa. Caithfidh Feisirí é a fhormheas freisin ag Parlaimint na hEorpa.

Úsáidtear an CAI chun beartais an Aontais a chur chun feidhme agus tá luach €1.074 billiún le buiséad 2021-2027, cé go gcuirfear an pacáiste téarnaimh sealadach Next Generation EU ar luach €750 billiún leis, chun cuidiú leis an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta a rinne Covid-19 a dheisiú.

Infographic detailing funding available under the MFF and NextGenerationEU

Déantar an méid atá le híoc ag gach tír leis an CAI a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Le linn an chéad 40 bliain d'Éirinn a bheith ina ball den Aontas, ba ghlanfhaighteoir de chuid an CAI í, agus tá an tír anois ina glan-ranníocóir.

Mar sin féin, ní hé is aidhm do bhuiséad an Aontais an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n-iomláine. Meastar gur fiú €30 billiún in aghaidh na bliana an rochtain atá ag Éirinn ar an Margadh Aonair, luach i bhfad níos mó ná na ranníocaíochtaí a dhéanann an tír.

Buiséad an Aontais d’Éirinn

An Seimeastar Eorpach

Is leis an Seimeastar Eorpach a chuirtear an creat ar fáil chun comhordú a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha ar fud an Aontais Eorpaigh. Cuireann an creat sin ar chumas na mBallstát a gcuid pleananna eacnamaíocha agus buiséadacha a achoimriú agus monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn ag pointí áirithe i gcaitheamh na bliana.

Tá an neamhspleáchas ag na Ballstáit a mbeartais airgeadais agus a gcórais chánach féin a chur chun feidhme ach cinntíonn an Seimeastar go gcloínn siad le sraith rialacha a comhaontaíodh, sraith a dtugtar an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF) uirthi.

Tugadh an Seimeastar isteach in 2010 mar fhreagairt ar an ngéarchéim eacnamaíoch dhomhanda a bhí ann ag an am. Tá sásraí ann chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don tseasmhacht a aithint, chomh maith le míchothromaíochtaí, mar shampla boilgeoga tithíochta cosúil leis an gceann a chuir leis an tobchliseadh eacnamaíoch in Éirinn in 2010.

I mí Aibreáin 2023 mhol an Coimisiún Eorpach rialacha nua maidir le rialachas eacnamaíoch lena dtabharfar aghaidh ar na heasnaimh sa chreat reatha a tháinig chun cinn i ndiaidh COVID-19.

Féachtar leis na tograí freagairt ar leibhéil shuntasacha níos airde fiachais phoiblí tar éis na paindéime, próisis rialachais eacnamaíoch an Aontais a dhéanamh níos simplí agus béim níos mó a leagan ar phleanáil fhioscach mheántéarmach.

Is iad bunchloch na dtograí ón gCoimisiún pleananna struchtúracha fioscacha náisiúnta ilbhliantúla ina leagfaidh na Ballstáit amach a spriocanna eacnamaíocha agus a mbearta athchóirithe thar thréimhse ceithre bliana ar a laghad.

Faoi láthair, maireann timthriall bliantúil an tSeimeastair ó mhí na Samhna go mí Dheireadh Fómhair, agus tosaíonn sé le Pacáiste an Fhómhair. Sa Phacáiste sin, leagann an Coimisiún amach tosaíochtaí ginearálta sóisialta agus eacnamaíocha an Aontais agus tugtar treoir bheartais ann do na Ballstáit don bhliain dár gcionn.

Tá tosaíochtaí Phacáiste an Fhómhair de chuid an tSeimeastair Eorpaigh 2023 bunaithe ar an Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe, ina leagtar amach beartas eacnamaíoch agus fostaíochta an Aontais do na 12-18 mí atá le teacht.

Tá na tosaíochtaí is déanaí dírithe ar na tionchair dhiúltacha a bhíonn ag suaití fuinnimh a mhaolú sa ghearrthéarma, arb é an t-ionradh ar an Úcráin is cúis leo, agus ag an am céanna leanúint d’fhás inbhuanaithe cuimsitheach a chothú sa mheántéarma chun dul i ngleic leis an mboilsciú agus chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.

De réir Réamhaisnéis Eacnamaíoch an Earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar go bhfanfaidh OTI na hÉireann ar chonair láidir fáis 5.5% in 2023 agus 5.0% in 2024 tar éis fás dúbailte digite in 2022. Is iad na glan-easpórtálacha príomhinneall na gníomhaíochta eacnamaíche, agus tomhaltas príobháideach athléimneach ag tacú léi freisin. Meastar gur bhain an boilsciú buaicphointe amach in 2022 ar 8.1% agus go maolóidh sé diaidh ar ndiaidh le linn 2023 chun ráta 2.6% a bhaint amach in 2024. Meastar go méadóidh an barrachas buiséadach a thuilleadh in 2023 agus 2024.

Spring 2023 Economic Forecast for Ireland: table showing the key figures for Ireland for 2022, 2023 and 2024 for GDP, inflation, unemployment, general government balance as a % of GDP, gross public debt as a % of GDP and current account balance as a % of GDP

Bhí ráta dífhostaíochta na hÉireann ag 4.3%, ráta arb ionann é agus nach mór an ráta is ísle ná riamh ag tús 2023 agus ráta folúntais os cionn na meán stairiúil, rud a léiríonn deacrachtaí suntasacha maidir le poist fholmha a líonadh. Ós rud é go meastar go bhfuil geilleagar na hÉireann i staid lánfhostaíochta, meastar go dtiocfaidh méadú suntasach ar an bhfíorphá.

Tugadh rabhadh sa tuarascáil réamhaisnéise, áfach, nach dócha go leanfar de na rátaí fáis is déanaí sna hearnálacha cógaisíochta agus faisnéise agus cumarsáide atá dian ar easpórtálacha, a d’eascair as an ardú le linn na paindéime.

Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach d’Éirinn 2023 i gcomhréir leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle Eorpach.

Cuimsíonn na nithe seo a leanas na tuairimí ón gCoimisiún maidir le dréachtphlean na hÉireann:

  • Ba cheart d’Éirinn a bheith réidh chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag athrú san Úcráin
  • Moladh d’Éirinn freisin an infheistíocht phoiblí a leathnú don aistriú glas agus don aistriú digiteach, agus don tslándáil fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh san am céanna chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. I ndáil leis an méid sin, mhol an Coimisiún d’Éirinn úsáid a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais.
  • Don tréimhse tar éis 2023, deir an Coimisiún gur cheart d’Éirinn beartas fioscach a shaothrú atá dírithe ar sheasaimh fhioscacha mheántéarmacha stuama a bhaint amach.

Rinneadh mion-athbhreithniú (IDR) ar Éirinn tar éis míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bheith aimsithe in 2021. Is é an Coimisiún Eorpach a dhéanann na hathbhreithnithe sin chun cuidiú leis na Ballstáit míchothromaíochtaí a cheartú agus is é an toradh a bhí ar an ngrinn-athbhreithniú a rinneadh in 2022 nach raibh aon mhíchothromaíochtaí ann.

An Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis

An Seimeastar Eorpach

An Réamhaisnéis Eacnamaíoch d’Éirinn

Suirbhé Bliantúil ar Fhás Inbhuanaithe 2023

Ceisteanna agus Freagraí: Rialacha rialachais eacnamaíoch nua an Aontais Eorpaigh

An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

Cuidíonn an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) le geilleagair an Aontais a chomhtháthú ionas go bhféadfaidh siad saol shaoránaigh an Aontais a fhorbairt ar bhealach níos seasmhaí, níos láidre, níos inbhuanaithe, níos cuimsithí.

Is é atá i gceist le AEA comhordú na mbeartas eacnamaíoch agus fioscach, comhbheartas airgeadaíochta, agus airgeadra coiteann, an euro.

Tá gach Ballstát ina bhall den aontas eacnamaíoch ach tugtar an Limistéar Euro ar na Ballstáit trí chéile a bhfuil an euro glactha acu, Éire ina measc.

Pléann airí ó Bhallstáit an Limistéir Euro gnóthaí a bhaineann leis an airgeadra sa Ghrúpa Euro, grúpa ar toghadh Aire Caiteachais Phoiblí agus an Phlean um Fhorbairt Náisiúnta in Éirinn, Paschal Donohoe, ina Uachtarán air.

Tá freagracht na mbeartas eacnamaíoch taobh istigh den AEA roinnte idir na Ballstáit agus Institiúidí an Aontais, mar shampla an Coimisiún Eorpach, a dhéanann monatóireacht ar fheidhmíocht agus comhlíonadh.

Is é an Banc Ceannais Eorpach an institiúid atá freagrach as beartas airgeadaíochta éifeachtach dlúthchomhordaithe a chur chun feidhme don limistéar euro, beartas a bheidh laistigh de chuspóirí an limistéir, is iad sin cobhsaíocht praghsanna agus cosaint luach an airgeadra.

Rialaíonn rialtais náisiúnta réimsí eile den bheartas eacnamaíoch, mar shampla beartas fioscach a bhaineann le buiséid rialtais, agus beartais chánach lena gcinntear an dóigh a dtiomsaítear airgead.

Leis an Aontas Baincéireachta, a bunaíodh mar fhreagairt don ghéarchéim airgeadais dhomhanda in 2008, neartaítear an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta. Cruthaíonn sé margadh atá trédhearcach, aontaithe agus sábháilte do bhainc, ina gcinntítear go mbeidh taisceoirí stuama críonna ar mhaithe lena gcosaint, agus go ndéanfar gníomhaíocht go tapa sa chaoi nach dteipfear ar na bainc.

Chuidigh sé sin le hearnáil baincéireachta an Aontais a bheith níos athléimní, agus institiúidí airgeadais san Aontas anois dea-chaipitlithe, an-leachtach agus déantar dlúthmhaoirseacht orthu.

I mí Aibreáin 2023 ghlac an Coimisiún togra chun creat bainistithe géarchéime banc agus árachais taiscí (CMDI) an Aontais atá ann cheana a neartú chun tuilleadh cosanta a thabhairt do cháiníocóirí agus do thaisceoirí ar bhainc mheánmhéide agus ar bhainc bheaga a bhfuil ag cliseadh orthu.

Is í an Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (DG FISMA) atá freagrach as an aontas baincéireachta agus beartais bhaincéireachta agus airgeadais an Choimisiúin a chomhlánú.

Faoi stiúir an Choimisinéara Éireannaigh Mairead McGuinness, ar a chuspóirí áirítear: margadh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais atá dea-rialáilte agus iomaíoch go domhanda a thógáil, agus straitéisí maidir le maoiniú inbhuanaithe a fhorbairt chun tacú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Déanfaidh Aontas na Margaí Caipitil (CMU) airgead a chur ar fáil san Eoraip do chuideachtaí, FBManna san áireamh, chomh maith le tionscadail bhonneagair chun cuidiú leo forbairt agus poist a chruthú.

An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

An dóigh a bhfeidhmíonn an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

Leathanach gréasáin Mairead McGuinness – An Coimisinéir Eorpach um Chobhsaíocht airgeadais, seirbhísí airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil

Stair an Euro

Ceard é an t-aontas baincéireachta?

Aontas na margaí caipitil

An Banc Ceannais Eorpach

Ceisteanna agus Freagraí: Athchóiriú ar an gcreat bainistithe géarchéime banc agus árachais taiscí

Latest economic news

Left to right: Dr Ruth Freeman, Mr Donal Sheehan, Cllr Frank O'Flynn, Mayor of the County of Cork, EU Commissioner Mairead McGuinness, Cllr Kieran McCarthy, Lord Mayor of Cork City, Noelle O'Connell, CEO of the European Movement Ireland and David Kelly, Director of the Southern Regional Assembly
  • News article

Commissioner Mairead McGuinness, the Lord Mayor of Cork City Kieran McCarthy and the Mayor of the County of Cork, Frank O’Flynn joined today an event that looked at what European co-operation means on the ground for Cork and discussed the future EU opportunities for the region.

  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad