Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Cows grazing

Talmhaíocht agus forbairt tuaithe in Éirinn

Sula raibh Éire ina ball den Aontas Eorpach is beag nach spleáchas iomlán ar an talmhaíocht a bhí sa tír ó thaobh na heacnamaíochta de, ach faoin am seo tá geilleagar againn a bhfuil breis éagsúlachta agus breis oscailte ann.

Bíodh sin mar atá, talmhaíocht na tíre lenár linn féin, is de dhlúth agus d’inneach gheilleagair na hÉireann í agus is bagairt don fheirmeoireacht atá san athrú aeráide, sa mhéadú ar chostais fuinnimh, san easpa cinnteachta faoin soláthar bia agus faoi chaighdeán an bhia, i meath na tuaithe, agus go deimhin féin san éiginnteacht mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, ar phaindéim COVID-19 agus ar Brexit.

Ó tharla gur Ballstát den Aontas Eorpach í Éire, ní leo féin a bhíonn feirmeoirí agus pobail tuaithe na hÉireann ag déileáil leis na fadhbanna sin; tríd an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT), bíonn Éire obair i gcomhar leis na Ballstáit eile chun réiteach a lorg ar cheisteanna domhanda agus ar cheisteanna áitiúla araon.

Fócas bheartas talmhaíochta an Aontais

In 1962 tugadh isteach an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT), ar comhbheartas do gach Ballstát é, san Eoraip den chéad uair. Déantar é a nuashonrú go rialta chun deimhin a dhéanamh de go bhféadfaidh feirmeoirí a mbeatha a thabhairt i dtír go réasúnta agus go dtabharfar aghaidh ar earnáil na talmhaíochta, ar phobail tuaithe agus ar an gcomhshaol atá faoi bhagairt.

Infographic on the 10 objectives of the Common Agriculture Policy

Is le dhá chiste ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh a thacaítear le CBT; an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) a chuireann tacaíocht dhíreach ar fáil agus a mhaoiníonn bearta margaidh, agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).

Déanann na Ballstáit na híocaíochtaí a bhainistiú ar an leibhéal náisiúnta agus bíonn smacht acu ar an méid a leithdháiltear agus bíonn an rogha acu suas le 25% dá maoiniú a aistriú idir íocaíochtaí díreacha d’fheirmeoirí agus forbairt tuaithe.

Cuireann sin ar a gcumas dóibh cistiú a dháileadh ar bhealach atá ag teacht le tosaíochtaí a n-earnála feirmeoireachta féin, agus dul chun cinn a dhéanamh maidir le huaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip lena bhféachtar le geilleagar agus comhshaol an Aontais a dhéanamh níos inbhuanaithe.

Méadaíodh go mór an maoiniú don CBT is déanaí chun cuidiú leis an earnáil talmhaíochta téarnamh ó thionchar eacnamaíoch phaindéim COVID-19.

Leithdháileadh €387 mbilliún san iomlán, €8 mbilliún san áireamh ó Next Generation EU chun cabhrú le ceantair thuaithe na hathruithe struchtúracha is gá a dhéanamh chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an aistrithe dhigitigh a bhaint amach.

Creidim go bhfuil cumas mór in Éirinn, agus san Aontas Eorpach ina iomláine, a bheith ina gceannairí maidir le táirgeadh inbhuanaithe bia agus go mbainfidh ár bhfeirmeoirí leas as.
Janusz Wojciechowski, an Coimisinéir um Thalmhaíocht agus Forbairt Tuaithe

Tá an CBT nua á chur chun feidhme ag tíortha an Aontais ó mhí Eanáir 2023 ar aghaidh trína bpleananna straitéiseacha náisiúnta féin a d’fhormheas an Coimisiún.

Cuireann na pleananna ar chumas gach Ballstáit aghaidh a thabhairt ar a riachtanais féin agus torthaí nithiúla a bhaint amach freisin i ndáil le deich gcinn de chuspóirí CBT ar leibhéal an Aontais.

60 Bliain de CBT

Beartas CBT 2023-27

Talmhaíocht agus an Comhaontú Glas

Forbairt tuaithe

Tá cáil ar áilleacht dhúichí na hÉireann, agus tá cuidiú do chaomhnú na ndúichí sin sna Cláir um Fhorbairt Tuaithe atá in CBT (CFTanna).

Is comhaoinitheoir í Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann agus is í an tÚdarás Bainistíochta í do Chlár na hÉireann um Fhorbairt Tuaithe.

Is tosaíocht lárnach don chlár Éireannach éiceachórais a bhaineann leis an talmhaíocht a athbhunú, a chaomhnú agus a fheabhsú, portaigh agus foraois san áireamh.

Is de dhlúth agus d’inneach na sochaí na réigiúin tuaithe. Is iadsan cuisle an gheilleagair. Is dlúthchuid dár gcuid féiniúlachta agus dár bpoitéinseal eacnamaíoch atá san éagsúlacht sin. Is ceanúil agus is caithiseach a chaomhnóimid ár gceantair thuaithe, agus beimid ag infheistiú i dtodhchaí na gceantar sin.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Is é LEADER an sásra lena gcuirtear tacaíocht forbartha ar fáil do phobail tuaithe áitiúla agus is iad Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla a dhéanann an tacaíocht a riar, grúpaí ar comhpháirtíochtaí iad idir eagrais phoiblí agus phríobháideacha a roghnaíonn agus a fhaomhann tionscadail ina gceantair féin.

An cistiú atá in Éirinn don chlár, déantar é a leithdháileadh ar 28 bhfocheantar réigiúnacha, focheantair atá bunaithe ar na teorannacha riaracháin nó na teorannacha contae.

Tá fís fhadtéarmach leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach do cheantair thuaithe an Aontais suas go dtí 2040 agus tá sé ag obair i gcomhar le páirtithe leasmhara ar Chomhshocrú um an Tuath agus ar Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um an Tuath, a bhfuil sé d’aidhm acu pobail tuaithe láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla a fhorbairt.

Forbairt Tuaithe in Éirinn

Maoiniú Tuaithe in Éirinn 

Fís fhadtéarmach do Cheantair Thuaithe an Aontais

Plean Straitéiseach na hÉireann faoi CBT

Tá buiséad beagán faoi bhun €10 mbilliún ag Plean Straitéiseach na hÉireann don tréimhse 2023-27, agus thart ar 60% le leithdháileadh ar thacaíocht dhíreach ioncaim agus 40% ar bhearta forbartha tuaithe.

Tá sé mar aidhm ag Plean Straitéiseach na hÉireann an bhearna ioncaim idir earnáil na feirmeoireachta agus earnálacha eile den gheilleagar a laghdú agus tá €590 milliún den mhaoiniú dírithe ar dháileadh níos cothroime tacaíochta a chur chun cinn i dtreo feirmeacha beaga agus meánmhéide.

Tugann CBT nua spreagadh d’fheirmeoirí óga dul isteach sa ghairm agus déanfar beagnach €178 milliún de mhaoiniú a leithdháileadh ar thacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga na hÉireann.

San am i láthair is lú ná 7% líon na bhfeirmeoirí in Éirinn atá faoi bhun aois 35. Tá sé d’aidhm ag CBT borradh a chur faoin bhfigiúr sin agus cabhrú leis an gcéad ghlúin eile feirmeoirí, ar na bealaí seo a leanas:

  • Méadú ar mheantóireacht agus ar aistriú eolais
  • Breis solúbthachta maidir le rialacha cánacha oidhreachta
  • Rochtain níos éasca ar iasachtaí ar rátaí úis níos ísle agus i gcomhair tréimhsí aisíocaíochta níos faide

Tá dúshláin mhóra roimh Éirinn maidir le cuspóirí comhshaoil agus aeráide agus leis an bPlean Straitéiseach, bainfear úsáid as níos mó ná €1.5 billiún le haghaidh Scéim nua Agra-Comhshaoil-Aeráide Tuaithe (ACRES) lena ndíreofar ar 50,000 feirmeoir a bhfuil gníomhartha sonracha acu chun feabhas a chur ar thorthaí cáilíochta bithéagsúlachta, aeráide, aeir agus uisce.

Tabharfar cosaint níos fearr faoin bplean do bhogaigh agus do thailte portaigh trí úsáid a bhaint as gach cineál leasacháin agus táirgí cosanta plandaí a bhfuil srian orthu i gcriosanna maolánacha feadh sruthchúrsaí.

Tiomnófar os cionn €250 milliún chun limistéar na talún talmhaíochta atá faoi tháirgeadh orgánach a mhéadú faoi thrí agus gheobhaidh feirmeoirí na hÉireann a bheidh ag fás barra próitéine (amhail piseanna, pónairí, lúipíní, soighe) bónais chun a n-iomaíochas a fheabhsú.

Cuirfear cur chuige atá cothrom ó thaobh inscne de i bhfeidhm i dtaca le dáileadh chúnamh airgeadais an Phlean CBT agus gheobhaidh banfheirmeoirí bónais le haghaidh infheistíochtaí agus bainfidh siad tairbhe as grúpaí atá dírithe ar mhná le haghaidh aistriú eolais.

Plean Straitéiseach na hÉireann faoi CBT

Forléargas ar an talmhaíocht agus ar an bhforbairt tuaithe in Éirinn

Scéim ACRES

 

Infheistíocht agus nuálaíocht don talmhaíocht inbhuanaithe

Tugtar tacaíocht d'infheistíocht i dtodhchaí na talmhaíochta in Éirinn leis an gclár Fís Eorpach maidir le taighde agus nuálaíocht i gcúrsaí bia, talmhaíocht, forbairt tuaithe agus sa bhithgheilleagar.

Tá an Chomhpháirtíocht Eorpach Nuálaíochta um Tháirgiúlacht agus Inbhuaine Talmhaíochta (EIP-AGRI) cruthaithe ag an Aontas Eorpach freisin chun a chinntiú go bhfreagróidh an taighde do riachtanais na bhfeirmeoirí agus na bhforaoiseoirí go háitiúil.

Tá cur chuige dea-struchtúrtha agus idirghníomhach ag Éirinn maidir le heolas, an nuálaíocht agus an digitiú a chothú i réimse na talmhaíochta agus i gceantair thuaithe.

Faoi Phlean Straitéiseach na hÉireann, bainfidh thart ar 300,000 duine tairbhe as comhairle, oiliúint nó malartú eolais nó glacfaidh siad páirt i nGrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil, go príomha i réimse na feidhmíochta comhshaoil nó aeráide. Tacófar le breis agus 10,000 comhairleoir ina gcuid oibre chun an nuálaíocht a chur ar fáil d’fheirmeoirí.

Fís Eorpach – deiseanna don talmhaíocht

An Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach um Tháirgiúlacht agus Inbhuaine Talmhaíochta (EIP-AGRI)

Straitéisí an Aontais Eorpaigh maidir le bia agus an bhithéagsúlacht

Ghlac an Coimisiún Eorpach dhá straitéis nua a chuideoidh le CBT uaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach.

Tá sé d’aidhm ag an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ córais bhia a dhéanamh cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Leagtar síos spriocanna praiticiúla leis an straitéis, mar shampla an úsáid a bhaintear as lotnaidicídí a laghdú faoina leath, leasacháin a laghdú faoi 20% ar a laghad, an méid talún talmhaíochta atá faoi fheirmeoireacht orgánach a mhéadú go 25% agus frithmhiocróbaigh a úsáidtear i leith ainmhithe feirmshaothraithe a laghdú faoi 50%.

Infographic about the aims of the Farm to Fork Strategy

Leis an Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030, téitear i ngleic le príomhchúiseanna chailliúint na bithéagsúlachta, mar shampla úsáid neamh-inbhuanaithe talún, róshaothrú acmhainní nádúrtha, truailliú agus speicis choimhthíocha ionracha.

Moltar sa straitéis pailneoirí a thabhairt ar ais chuig talamh talmhaíochta, an fheirmeoireacht orgánach agus cleachtais eile atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht a fheabhsú agus spriocanna ceangailteacha a leagan síos chun éiceachórais dhamáistithe a athchóiriú.

An Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ 

An Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030

Tacaíocht d’fheirmeoirí le linn an chogaidh san Úcráin

Gníomhaíonn an Coimisiún Eorpach go tapa tráth géarchéime amhail an ghéarchéim airgeadais dhomhanda a tháinig chun cinn go déanach in 2008, paindéim COVID-19, agus an cogadh san Úcráin le déanaí.

I ngeall ar an mborradh a tháinig ar phraghsanna tráchtearraí domhanda sa chéad leath de 2022, rud ar chuir ionradh na Rúise dlús leis, d’fhreagair an Coimisiún le raon gníomhaíochtaí chun tacú le feirmeoirí an Aontais agus le slándáil bia do thomhaltóirí.

Cé nach bhfuil baol maidir leis an tslándáil bia roimh an Aontas, ní mór dúinn go fóill féin aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le hinacmhainneacht bia agus beart a dhéanamh chun go mbeidh ár slabhraí soláthair talmhaíochta agus bia níos athléimní agus níos inbhuanaithe, le go mbeidh siad in ann géarchéimeanna amach anseo a sheasamh.
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Valdis Dombrovskis

Ghlac an Coimisiún roinnt beart, lena n-áirítear pacáiste tacaíochta €500 milliún, chun tacú leis na feirmeoirí agus leis na táirgeoirí is mó atá thíos le hiarmhairtí an chogaidh san Úcráin.

I mí an Mhárta 2022 ghlac an Coimisiún freisin Creat Sealadach Géarchéime chun cur ar chumas na mBallstát leas a bhaint as solúbthacht rialacha na Státchabhrach chun tacú lena ngeilleagair tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Sa Sásra Eorpach um Ullmhacht agus um Fhreagairt i gcomhair Géarchéimeanna i ndáil le Slándáil Bia (EFSCM), rud a bunaíodh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, leagtar amach na rioscaí do shlabhra soláthair bia an Aontais agus comhordaítear an fhreagairt ar bhagairtí amhail na bagairtí sin arb é ionradh na Rúise ar an Úcráin is cúis leo.

Tráth géarchéime, féadfaidh na Ballstáit tarraingt ó chistí de chuid an Aontais amhail an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) lena dtacaítear le gníomhaíochtaí chun bia nó cúnamh ábhartha bunúsach a chur ar fáil do na daoine is leochailí.

Creat Sealadach Géarchéime

Soláthar domhanda agus slándáil bia a chinntiú

Gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh chun slándáil bia an domhain a fheabhsú

Ceisteanna agus Freagraí: Slándáil dhomhanda bia a chosaint agus tacú le feirmeoirí agus tomhaltóirí an Aontais

Talmhaíocht na hÉireann: fíricí agus figiúirí

  • Réigiúin tuaithe agus eatramhacha go príomha atá in 99% d’Éirinn, níos mó ná dhá oiread mheán AE-27.
  • Tá thart ar 135,000 feirm in Éirinn, agus tá thart ar 33.4 heicteár acu ar an meán.
  • Tá feirmeacha in Éirinn ag éirí níos speisialaithe i dtógáil stoic, stoc mairteola agus déiríochta go háirithe.
  • Tá 127,000 feirmeoir gníomhach in Éirinn agus tá táirgiúlacht oibre iomlán na hearnála sin ard. Mar sin féin, tá leibhéil ísle ioncaim ag fostaithe san earnáil seo i gcomparáid le hearnálacha eile den gheilleagar.
  • 4.3% de gheilleagar na tíre atá in earnáil agraibhia na hÉireann (Oll-bhreisluach iomlán).

Latest agriculture news

  • Alt nuachta

Agus é ag comhlíonadh a thiomanta atá sé an t-ualach riaracháin ar fheirmeoirí an Aontais a mhaolú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach inniu athbhreithniú a dhéanamh arfhorálacha áirithe den Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT), arb é is aidhm dóibh simplithe a chur ar fáil agus, ag an am céanna,beartas láidir, inbhuanaithe agus iomaíoch a choinneáilar bun le haghaidh thalmhaíocht agus bhia an Aontais.

  • Am léitheoireachta: 13 nóiméad