Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Buiséad an Aontais d’Éirinn

Le linn na tréimhse ó 1973 go dtí 2018 ba ghlanfhaighteoir, i dtéarmaí ainmniúla, í Éire de níos mó ná €40 billiún de chistí an Aontais. Anois, is glan-ranníocóir í i ngeall ar an bhfás eacnamaíoch suntasach atá tagtha uirthi.

An chaoi a bhfeidhmíonn buiséad an Aontais in Éirinn

Déanann buiséad an Aontais comhlánú ar bhuiséad náisiúnta na hÉireann agus baintear úsáid as nuair atá sé níos éifeachtaí airgead a chaitheamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh seachas ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta. In 2019 ba ranníocóir €2.3 billiún í Éire le hioncam iomlán an Aontais de €165 bhilliún, méid arb ionann agus timpeall 0.7% de gheilleagar na hÉireann.

Sa bhliain chéanna, i measc na n-infheistíochtaí a rinneadh in Éirinn bhí:

  • €1.5 billiún ar an bhfás inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha
  • €430 milliún ar an bhfás cliste cuimsitheach agus
  • €24 mhilliún ar an tslándáil agus an tsaoránacht

Anuas ar an infheistíocht in Éirinn, cuireann buiséad an Aontais tacaíocht ar fáil ar bhealaí eile, ina measc:

  • Forbairt eacnamaíoch a dhéanamh ar Bhallstáit den Aontas nach bhfuil chomh saibhir sin
  • Cúnamh a chur ar fáil nuair a tharlaíonn tubaistí nádúrtha
  • Cabhair forbraíochta agus cúnamh a chur ar fáil do comharsana an Aontais agus do thríú tíortha 

Cad iad príomhréimsí infheistíochta an Aontais i gcás na hÉireann?

Cuireann buiséad an Aontais tacaíocht airgeadais ar fáil d’fheirmeoirí, mic léinn, eolaithe, eagraíochtaí neamhrialtasacha, fiontair bheaga agus mheánmhéide, bailte, réigiúin agus go leor tairbhithe eile in Éirinn.

An chuid is mó de mhaoiniú na hÉireann ón Aontas, is ar an talmhaíocht, an fhorbairt tuaithe agus caomhnú an dúlra a chaitear í.

Chuir an tAontas maoiniú ar fáil do thionscadal €50 milliún chun athfhorbairt a dhéanamh ar an Ionad Iascaigh Cuain sna Cealla Beaga lena ndaingnítear áit na gCealla Beaga mar phríomhchalafort as na sé Ionad Iascaigh Cuain ainmnithe in Éirinn.

An dara sciar is mó de mhaoiniú an Aontais in Éirinn, caitheadh é ar an bhfás agus an fhostaíocht, an taighde agus an nuálaíocht san áireamh. Cuir i gcás, tá tionscadal atá á mhaoiniú ag an Aontas lonnaithe in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus d’aimsigh sé bealaí chun feabhas a chur ar radharc súl daoine trí úsáid a bhaint as príomhchothaithigh atá le fáil i dtorthaí agus i nglasraí. Is dea-scéala é an taighde d’othair a bhfuil luathchéimeanna an mheatha mhacúlaigh seanaoise ag cur orthu.

Beartas réigiúnach agus sóisialta, is é sin an tríú catagóir is mó ar ar caitheadh maoiniú an Aontais in Éirinn.

Tá na tionscadail seo a leanas i measc na dtionscadal a fuair tacaíocht ó mhaoiniú an Aontais:

Buiséad an Aontais Eorpaigh, 2021-2027

I ngeall ar phaindéim COVID-19, threisigh an tAontas an buiséad fadtéarmach 2021-2027 atá ann faoi láthair. In éineacht leis an ionstraim téarnaimh shealadach NextGenerationEU, cuireadh €1.8 trilliún ar fáil chun an dochar a rinne an phaindéim a mhaolú agus chun cuidiú leis an Eoraip teacht amach as an ngéarchéim agus í níos láidre agus níos athléimní.

Táthar ag súil leis go bhfaighidh Éire tuairim agus €1 bhilliún i ndeontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. In 2021 cuirfear €89 milliún ar fáil freisin faoi REACT-EU mar aon le €77 milliún ón gCiste um Aistriú Cóir.

Gheobhaidh Éire nach mór €1.2 billiún freisin i leithdháiltí beartais chomhtháthaithe ó bhuiséad fadtéarmach an Aontais (2021-2027), chomh maith le beagán níos mó ná €8.3 billiún in íocaíochtaí díreacha ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT). Cuirfear €2.25 billiún ar fáil freisin tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.

Plean téarnaimh an Aontais agus NextGenerationEU d’Éirinn

Buiséad an Aontais lena gcuirfear dlús leis an bPlean Téarnaimh don Eoraip

Tuilleadh eolais faoi bhuiséid na hÉireann (agus buiséid Ballstáit eile den Aontas)

Buiséad fadtéarmach an Aontais 2021-2027

Buiséad fadtéarmach an Aontais 2021-2027 agus NextGenerationEU Fíricí agus figiúirí

Cúlra

Cén chaoi a bhfeidhmíonn an buiséad ar fud an Aontais?

Le buiséad an Aontais, dírítear go príomha ar an infheistíocht agus dá thoradh sin, glactar plean fadtéarmach caiteachais ar feadh tréimhse idir 5 agus 7 mbliana, plean ar a dtugtar an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI). Is éard a shocraítear leis an CAI an t-uasmhéid airgid (uasteorainneacha) a chaithfidh an tAontas in aghaidh na bliana i ngach ceann de na catagóirí difriúla (ceannteidil).

Baineann gach duine leas as buiséad an Aontais: ón mbreisluach a bhaineann le bheith rannpháirteach sa mhargadh aonair, sin agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin i dteannta a chéile, cuir i gcás an t-athrú aeráide a chomhrac, an cheannasacht dhigiteach a threisiú agus freagra a thabhairt ar ghéarchéim COVID-19.

Déantar buiséad bliantúil an Aontais a chinneadh go daonlathach, próiseas a bhfuil an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit den Aontas (déantar ionadaíocht orthu sa Chomhairle) agus Parlaimint na hEorpa páirteach ann:

  • Molann an Coimisiún Eorpach dréachtbhuiséad bliantúil
  • Is féidir leis na rialtais náisiúnta (Comhairle an Aontais Eorpaigh) agus Parlaimint na hEorpa (thar ceann shaoránaigh an Aontais) é a leasú
  • Ní mór do na rialtais náisiúnta (Comhairle an Aontais Eorpaigh) agus Parlaimint na hEorpa (thar ceann shaoránaigh an Aontais) é a fhormheas
     

Cá as a dtagann an t-airgead?

Déantar an buiséad a mhaoiniú ó na foinsí seo a leanas:

  • Sciar d’ollioncam náisiúnta gach tíre (OIN) i gcomhréir lena shaibhre is atá siad
  • Dleachtanna custaim ar iompórtálacha lasmuigh den Aontas
  • Méid atá bunaithe ar an gcáin bhreisluacha a bhailítear i ngach Ballstát
  • Ó 2021 i leith, ranníocaíocht atá bunaithe ar mhéid na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte
  • Ioncam eile, ranníocaíochtaí ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad le cláir ar leith, ús ar íocaíochtaí déanacha agus fíneálacha, chomh maith le barrachas ón mbliain roimhe
  • Chun NextGenerationEU a mhaoiniú, déanfaidh an Coimisiún Eorpach airgead a thiomsú ar na margaí caipitil agus aisíocfar é thar thréimhse fhadtéarmach suas go dtí 2058

 

Cé a chinneann cén chaoi a gcaitear an t-airgead?

Le linn na tréimhse 2021-2027:

  • Is iad na húdaráis náisiúnta a dhéanann bainistiú ar thuairim agus trí cheathrú de chaiteachas an bhuiséid go comhpháirteach leis an gCoimisiún Eorpach (bainistiú comhroinnte)
  • Is é an Coimisiún Eorpach agus a chuid gníomhaíochtaí agus toscaireachtaí a dhéanann bainistiú ar thuairim agus 18% de bhuiséad an Aontais (bainistiú díreach)
  • Is iad eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, gníomhaireachtaí náisiúnta nó tíortha nach Ballstáit den Aontas iad a dhéanann bainistiú ar 8% de bhuiséad an Aontais (bainistiú indíreach)
  • I gcás NextGenerationEU, cuirfear 90% de na cistí chun úsáid tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF). Ionstraim dar luach €723.8 billiún is ea an RRF lena gcuirtear deontais agus iasachtaí ar fáil chun tacú le hathchóiriúcháin agus le hinfheistíochtaí sna Ballstáit.

Is ar an gCoimisiún atá an fhreagracht deiridh an buiséad a chur chun feidhme, agus ní mór dó a chinntiú go ndéantar taifead agus go gcoinnítear cuntas de gach euro a chaitear.

  • Ansin, déanann an Coimisiún, na rialtais náisiúnta agus eagraíochtaí eile iniúchadh ar na cuntais, agus déantar gníomh chun aghaidh a thabhairt ar aon laigí nó earráidí.
  • Sa deireadh, caitheann Parlaimint na hEorpa (thar ceann shaoránaigh an Aontais) vóta chun an chaoi ar chuir an Coimisiún an buiséad chun feidhme a fhormheas (nó ‘tarscaoileadh’).
     

An chaoi a bhfeidhmíonn saolré bhuiséad an Aontais

Tá roinnt gníomhaireachtaí agus uirlisí ag an Aontas chun úsáid mhíchuí chistí an Aontais a chur in iúl go trédhearcach, an úsáid sin a bhrath, imscrúdú a dhéanamh air agus pionós a ghearradh ina leith. Áirítear i dtaca leis an úsáid mhíchuí chéanna éilliú, imghabháil cánacha agus toibhithe gaolmhara, nó mí-iompar tromchúiseach laistigh d’institiúidí an Aontais.

Bearta frith-chalaoise an Aontais

An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) 

 

Naisc ghaolmhara

Sracfhéachaint ar bhuiséad an Aontais

Doiciméid reachtacha maidir le buiséad an Aontais

Féach cé in Éirinn ag a bhfuil maoiniú ón Aontas faighte